Déan iarracht na bearnaí a líonadh gan amharc ar an bhuntéacs

 


 


Tá sé i gceist [rebranding ] a dhéanamh ar sheirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo go ceann trí bliana féachaint le freastal ar phobal éisteachta na Gaeilge [outside of the Gaeltacht ]. Is cuid é de phlean straitéiseach [of the station ] do na blianta 2014 go 2017 an athbhrandáil. Dúirt ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Churraín, nach bhfuil sé i gceist ag an stáisiún a dhul i dtreo [bilingual broadcasting ].


Is é Tuairisc.ie a d’fhoilsigh an scéal seo faoi phlean straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta, do na bliantaí 2014 go 2017. D’éirigh leis an nuachtán ar líne theacht [on a copy of the plan ] nach bhfuil ar fáil [publically ].


Is é an rud is mó uathu ná go ndéanfar freastal [more comprehensive ] ar phobal na Gaeilge [throughout the country ], ní amháin sa Ghaeltacht, ach lasmuigh de freisin, agus lena chois sin go ndéanfaí freastal níos fearr ar an aos óg, sin iad an dá rud is mó atá ann, agus luaitear freisin go bhfuil [a lack of resources ] ann faoi láthair agus go mb’fhéidir go dtabharfar [sponsorship ] isteach sa scéal chun é sin a chur ina cheart.


I bhfianaise na dtagairtí don [bilingualism ] atá i dtuarascáil ghrúpa oibre RTÉ ar an Ghaeilge, cén tionchar a bheidh ag an phlean seo ar pholasaí craolta RnaG?


Bhuel, níl dátheangachas luaite uair amháin i Straitéis RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus níl baint ná páirt ná suim ag Raidió na Gaeltachta i ndátheangachas.


Tá [the document ] feicthe ag Nuacht TG4. Moltar go ndéanfaí forbairt ar pháirtíochtaí straitéiseacha mar a bheirtear orthu le hábhar breise a aimsiú agus a chothú agus le [publicity opportunities ] úra a fhorbairt.


Deirtear sa straitéis go dtabharann (dtugann) an branda Raidió na Gaeltachta le fios fá láthair gur ar phobal na Gaeltachta atá an tseirbhís ag freastal. Moltar athbhrandáil a dhéanamh ar an ainm sin. Deir an cháipéis go bhféadfadh sé gur [a reimagining ] ar an bhrí atá leis an fhocal Gaeltacht a bheadh taobh thiar den athbhrandáil sin.


Scrúdú atá ann ar an bhranda agus ag amharc go bhfeice muid an bhfuil siad uilig ag teacht le chéile agus an bhfuil siad ag teacht le [objectives  ] an raidió agus an bhfuil siad in oiriúint don tseirbhís atá muid ag cur ar fáil.


Deir RTÉ Raidió na Gaeltacht gur cáipéis [internal ] atá sa phlean agus nach bhfuil sé i gceist é a fhoilsiú go poiblí.


Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht TG4.