Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Clíona Ní Ghallachóir (2)

Colm - [00:05]: Cinnte. Labhair muid ní ba luaithe ansin fán Ghaeilg agus mar sin dó, Clíodhna, eh, tá an Ghaeilg mar chéad teanga agam fhéin, is é, tá an Ghaeilg agamsa ó dhúchas eh mar atá sé agatsa, em ach, is dócha ó thaobh eh… ó thaobh do shaoil fhéin dó. Eh, is as an Chraoslach do mháthair agus bím fhéin a’ labhart Gaeilg leithe thall is abhus fosta. Tuigeann sí an Ghaeilg, mar sin dó, ach creidim gur tógadh tusa, b’fhéidir le tuismitheoir amháin, b’fhéidir, a’ caint Béarla agus an tuismitheoir eile a’ caint Gaeilg don chuid is mó. Ehhh an ndéarfá gur rud maith sin? Níor chuir isteach … is léir nár chuir sin isteach ortsa cá bith ach sílim, m’orm, gur sin an treo a bheas cúrsaí a’ gabháil; beidh daoine a’ pósadh daoine as bailte isteach agus mar sin dó agus ní bheidh an Ghaeilg, eh, in achan theach. B’fhéidir go mbeadh sé ann ar dhóigh íneacht; b’fhéidir go mbeadh sé ag tuismitheoir amháin, eh, le cuidiú Dé. Is léir, mar a dúrt mé, nár chuir sé isteach ná amach ortsa.

Clíodhna -[00:54]: Ní shílim é, em, tá sé greannmhar ná bhí m’athair, eh, mór ar thaobh mo mháthara líofa sa Ghaeilge. Eh, b’as ceantar taobh amuigh da… den Fhal Carrach anseo, eh, in aice láimhe dó agus bhí Gaeilg acusan sa bhaile ach ansin nuair a phós sé mo mháthair mhór níor… níor, m’orm, chuir sé mórán béim ar a’ Ghaeilg sa teaghlach agus m’orm cionn is go rabh siad lonnaithe ar a’ Chraoslach, b’fhéidir nár shíl siad go rabh fiúntas ar bith leis agus ach fiú… labharainn fhéin Gaeilge leis, eh, nuair a bhí se beo agus, eh, bhí rannta beaga agus mar sin aigesean a bhí thar a bheith suimiúil ach eh, mar a dúrt mé, níor tógadh mo mháthair, eh, le Gaeilg. Tuigeann sí go maith í ach, em, corruair ní bhíonn sé de mhuinín aici í a labhairt. Em, ach, tógadh mise, m’orm, go dátheangach agus b’fhéidir nach rabh mórán Gaeilg sa teach go dtí go dteachaigh mé ‘ na scoile. Anois níl mórán cuimhne agam air sin ach déarfainn, bhí m’athair ag obair agus mar sin dó agus bhí mé fágtha agus bhí mo mháthair fágtha, eh, sa bhaile, eh, agus m’orm Béarla is mó a bhí sa teach go dtí go dteachaigh mé ‘na scoile ach ní shílim go dtearn sin dochar ar bith ná like corruair sílim go dtig le páistí drochnósanna a phiocadh suas, b’fhéidir focla nach bhfuil acu sa chaint nádúrtha, so, ansin má théann siad ‘na scoile, tá focal ceart ar an fhocal sin agus bíonn sé dailigh acu sórt dhul i gcleachtadh air sin. Ach em, bhí mhór ansin sa Ghaeilge, labhraim Gaeilg amháin le m’athair agus labharfainn Gaeilg le mo mháthair fosta, ach em, ach an dá theangaidh ann agus sílim go gcaithfidh an dá theangaidh a bheith ansin ar dhóigh amháin nó tá páistí a’ gabháil a phiocadh suas an Béarla cá bith, tá sé a’ gabháil a bheith thart orthu. Ach eh, m’orm, bhí mo mháthair agus m’athair iontach toilteanach go mbeinn, em, a’ cur na Gaeilge chun cinn agus go mbeinn, em m’orm, sáinnithe i rudaí cultúrtha mar go rabh an suim sin agam agus chuir siadsan na deiseanna sin ar fáil dom agus m’orm gur chuidigh sin liom feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus í a chleachtadh agus í a labhairt, eh, níos mincí ná b’fhéidir ná daoine eile atá tógtha go dátheangach ach em, tá, m’orm, an dúshlán sin ann go bhfuil tuismitheoir amháin agus b’fhéidir go mbeidh Béarla acu nó go… nach bhfuil siad líofa sa teanga agus duine eile ansin atá líofa agus tá sé dailigh an chothromaíocht sin a fháil ach em, sílim, em, i ndáiríre, nach míbhuntáiste atá ann agus tá go leor tacaíochtaí ar fáil do thuismitheoirí… rangannaí agus mar sin dó chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Colm - [03:27]: Agus tá rannóg bunaithe anois, a Chlíodhna, agus d’oibir tú fhéin, bhí tú ag caint air; ar socrúchán oibre agus mar sin dó ní ba luaithe. Cá háit ar oibrigh tusa, a Chlíodhna,  le just le cur i gcuimhne dár gcuid lucht éisteachta, eh, nach bhfuil a fhios acu. D’oibir tú do…do eagraíocht, eh, a bhíonn, eh.. a bhíonn, eh, eagraíocht nuabhunaithe, nár oibir?

Clíodhna - [03:44]: Bhuel, mar a dúrt mé, tá an Ghaeilge agus an t-aistriúchán ar bun agam agus bhí mé ag iarraidh, em, taithí a fháil ar a’ dá ábhar, agus mar sin dó, eh, chaith mé tréimhse i dhá áit dhifriúla, so, don aistriúchán bhí mé ag aistriú don Chomairle Condae, em, dhá lá sa tseachtain agus ansin chaith mé trí lá sa tseachtain, em, leis an, eh, phleanáil teanga anseo, eh, i gceantar an Iarthuaiscirt le Dónall Ó Cnáimhsí atá ceaptha anseo mar oifigeach pleanála teanga agus fuair mé léargas, em, i bhfad níos leithne ar a’ teangaidh agus mar atá stádas na teangaidh, eh, insa cheantar tríd an phleanáil teanga. Dar ndóigh, eh, bíonn an phleanáil teanga ag obair le daoine ar a’ talamh agus ag iarraidh daoine a spreagadh le rudaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Cuireann siad maoiniú ar fáil d’imeachtaí agus mar sin dó agus tá sé galánta, eh, foghlaimeoirí a fheiceáil ag teacht le chéile agus rudaí a’ gabháil ar aghaidh agus an, eh, an sórt.., an obair sin a’ gabháil ar aghaidh sa cheantar chun an Ghaeilge a neartú agus cúrsaí fógraíochta agus mar sin de. Tá an process thar a bheith fadálach agus tá seacht mbliana leagtha dó, mar sin dó, níl ann ach céimeanna beaga go dtí seo ach is fiú uilig iad nuair a tchíonn tú go bhfuil, eh, difear, eh, á dhéanamh insa cheantar.

Colm – [04:59]: So, mar sin, rud maith atá insa phleanáil teangaidh. Déarfadh go leor daoine, b’fhéidir, gur cur amú ama é fiú ach ansin déarfadh daoine eile, bhuel maith an rud é. Tá muid a’ déanamh riud ínteacht le dhul i ngleic leis an ghéirchéim atá againne, eh, insa Ghaeltacht agus insa tír. Do thuairim fhéin, ar ndóighe, is léir go dtacaíonn tusa go huile is go hiomlán leis an phróiseas pleanála teanga, Clíodhna?

Clíodhna - [05:19]:  Eh, níl dabht ach gur… gur ceist í atá ag dó na geirbe do go leor leor daoine ach ní shílim gur gur cur amú airgid atá ann. Bhí rud íneacht le bheith déanta agus níl maith a bheith, eh, a’ caint agus a’  cúiteamh fá, eh, plean eile ná rud íneacht eile a chur le chéile nó glacann sin am agus caithfear toiseacht anois sula mbeidh sé rómhall, agus mar sin dó, tá process i bhfeidhm insna Gaeltachtaí ar fad agus i gceantracha bailte seirbhíse agus tá obair, eh, á déanamh agus tá sé tábhachtach go bhfuil rud íneacht á dhéanamh insna réimsí éagsúla, oideachas, daoine óga, daoine fásta, scoltacha agus mar sin dó agus go bhfuil rud íneacht eh… dul chun cinn á dhéanamh cé nach bhfuil ann ach, b’fhéidir céim bheag mar a dúrt mé ach go bhfuil, go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil seo a’ tarlú agus go bhfuil siad toilteanach a bheith páirteach ann.

Colm - [06:12]: Cinnte agus gura fada buan é. Sílim fhéin gur… gur smaointiú maith atá ann agus caithfear, i ndáiríre, rud ínteacht a dhéanamh mar em, bhfuil a fhios agat, is am iontach cinniúnach atá anseo sna blianta atá amach romhainn anois, a Chlíodhna, agus is maith go bhfuil an…an…an próiseas pleanála teanga i bhfeidhm ar fud fad na tíre agus go bhfuil oifigigh fostaithe ar fud fad na tíre agus obair mhór á dhéanamh anseo i nGaoth Dobhair agus i gCloich Cheann Fhaola leis a’ phróiseas pleanála teanga agus gura fada buan sin. Labharfaidh mé rud beag fá do shaol anois arís. Cén chéad chuimhne atá agatsa, eh, agus tú a’ fás aníos? Cén chuimhne is luaithe atá agat, eh, agus tú a’ fás aníos, a Chlíodhna? Maith ná olc.

Clíodhna - [06:48]: Eh, tá cuimhne agam ar, eh, mo breithlá dhá bhliain de aois. Tá cuimhne agam chuaigh muid amach, b’fhéidir go rabh tú fhéin san áit seo, em, Bananas i nDoire agus tá cuimhne agam fhéin a bheith ansin agus mo chuid col ceathracha thart orm agus cáca ann agus deireadh ach níl mórán de chuimhne agam, b’fhéidir ansin go dtí an naíonra nó thart fán aois sin nuair a bhí mé b’fhéidir trí bliana de aois. Tá cuimhne agam ar rudaí áirithe, sa naíonra agus a’ painteáil agus rudaí mar sin agus ansin dar ndóigh tá cuimhne mhaith agam ar mo shaoltaí… ar mo shaol ar a’ bhunscoil, agus dar ndóigh agus ansin a’ mheánscoil agus mar sin dó ach sin an chuimhne, em, is faide siar atá agam cá bith.

Colm - [07:30]: Is é, a’ bhfuil… a’ bhfuil a dhath ar bith a dhéanfá difriúil i do shaol go dtí seo, Tá a fhios agam nach bhfuil tú ach óg, a Chlíodhna. Cén aois atá tú?

Clíodhna - [07:38]: Bliain is fiche de aois.

Colm - [07:39]: Bliain is fiche.. a dhath ar bith difriúil; dá mbeadh sé le déanamh arís agat ó thaobh… abair… cinneadh ar bith a rinn tú go dtí seo… abair… cinneadh ollscoile nó cinneadh ar bith, cinneadh ó thaobh cúrsaí ceoil dó ná, ná aon rud mar sin. An ndéanfá a dhath ar bith arís, a Chliodhna?

Clíodhna - [07:53]: Níl a fhios agam. Níl áiféala orm fá rud ar bith, fá chinneadh ar bith atá déanta agam i mo shaol, ná, dar ndóigh, creidim, m’orm, an áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa tú agus, em, creidim insa nath sin. Ba bhreá liom an consairtín a fhoghlaim, em, agus mo athair mór ar thaobh mo mháthara, go ndéanaidh Dia mhaith air, deireadh sé liom i gcónaí “cá tuighe nach bhfoghlaimíonn tú an consairtín ná dúirt sé “Tá sé furast a iompar thart agus ní bheidh tú, bhfuil a fhios agat, ní bheidh… tá sé cosúil le nach bhfuil sé leat ar chor ar bith “ agus dúirt mise leis “Bhuel má cheannaíonn tusa ceann domhsa, you know, foghlaimeoidh mise é” ach, eh, chan fhuair mé an deis sin a dhéanamh ach tá an t-am ann go fóill b’fhéidir go bhfoghlaimeoinn é. Tá a fhios agam cúpla poirt símplí air ach níl ceann agam mé fhéin. Agus eh, cha rabh mé ariamh gníomhach i gcúrsaí spóirt ná a dhath. Tá dúil mhór agam a bheith a’ leanstan, em, go háirithe an club áitiúil agus chondae agus mar sin dó ach… ach cha rabh mé ariamh páirteach, em, sa spórt mar gheall go rabh go leor rudaí eile a’ gabháil ar aghaidh agam agus bhí sé thar a bheith dailigh achan tráigh a fhreastal, em. Agus mar sin dó, ba mhaith liom b’fhéidir, you know, bheadh sé deas a bheith gníomhach sa spórt agus rud beag peile nó rud íneacht a imirt, ach em, ní rudaí móra iad sin. Em, tá mé lán sásta go dtearn mé an cinneadh freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus ansin bhí a fhios agam go rabh mé ag iarraidh, em, a dhul ar aghaidh agus, eh, leanstan den… den fhoghlaim, em, trí mheán na Gaeilge agus go leor cúrsaí ar fáil anseo i nGaillimh trí mheán na Gaeilge agus, em, tá mé iontach sásta gur roghnaigh mé an chéim seo agus, eh, bhain mé sult as mo thréimhse anseo agus, eh, tá mé thar a bheith sásta gur phioc mé an ollscoil seo agus, agus gur phioc mé an cúrsa.

Colm - [09:31]: Bhuel, is léir mar a dúrt tú, go bhfuil go leor ar bun agat agus tú sáite in go leor rudaí; i gcúrsaí ceoil ina measc ach char labhair muid ar chor ar bith… tá tú bainteach, eh, i gcúrsaí drámaíochta fosta agus, eh, aithne mhór ort ar ndóigh, eh, i gcúrsaí drámaíochta. An maith leat fhéin cúrsaí drámaíochta agus an maith leat a bheith páirteach ann, a Chlíodhna?

Clíodhna - [10:21]: Tá dúil mhór agam sa drámaíocht. Tá mo chroí istigh ann…inti.. agus em, m’orm, bhí béim mhór ar chúrsaí drámaíochta sa bhunscoil. Eh, cha rabh ach thart fá fiche scoláire i mo bhunscoil. Bunscoil iontach, iontach beag a bhí inti agus ba bhreá linn drámaí a léiriú i gcónaí ag an Nollaig agus do na féilte scoildrámaíochta agus, em, bhí, bhí m’orm, muscladh an suim sin… ná spreagadh mé ó thaobh na drámaíochta de comh hóg sin agus chuidigh sin go mór le mo chuid fhéinmhuiníne agus bheinn, dar ndóigh, a’ glacadh páirt i gcomórtaisí aithriseoireachta agus mar sin dó ach bhí siad sin uilig fite fuaite ina chéile nó chuidigh siad liom, em, dhul suas ar an ardán agus gan faitíos a bheith orm a bheith, eh, a’ cur i láthair os comhair daoine eile agus, eh, cuimhne amháin atá agam ó, em cúrsaí drámaíochta ar an bhunscoil ná bhí muid ag féile…eh.. Uladh, em, bliain amháin; cha rabh mise, b’fhéidir, ach thart... bhí mé sé bliana d’aois cá bith, so, b’fhéidir go rabh mé sna naíonáin mhóra ná i rang a haon, níl mé ró… níl mé róchinnte fá sin ach, em, bhí páirt agam mar seort, eh, girseach óg a tháinig isteach ar cuairt chuig Peigí; “Peigí an Phram” an t-ainm a bhí ar a’ drama agus bhí bruscar uilig caite ar an urlár ná bhí sí sórt, eh… duine iontach salach a bhí inti agus bhí cuid mhór bruscair caite, eh, sa teach. Agus bhí sin uilig ar an ardán sa set. Agus tháinig mise isteach cá bith ar an ardán agus bhí ceann de na buidéil dhá lítear 7-Up sin caite ar an ardán mar chuid den set agus chan fhaca mise an, eh, an buidéal ar chor ar bith agus an chéad rud eile d’imigh mise suas san aer agus síos ar mo thóin, ar eh, ar an ardán agus mé uilig gearrtha anseo… Tá cuimhne mhaith agam air uilig. Bhí uilig gearrtha ansin; mo smig a’ cur fola agus tá cuimhne agam gur dhúirt an mháistreás “Má tharlaíonn a dhath ar bith… lean ar aghaidh, lean ar aghaidh” Agus tá cuimhne agam… d’éirigh mé i mo sheasamh agus dúrt mé mo líne ná cá bith rud agus sílim go rabh orm bogadh go dtí an taobh ansin, like, mar chuid de na gníomhaíochtaí agus bhog mé go dtí an taobh agus tá cuimhne agam dúirt ceann de girseachaí liom “Oh my God, an bhfuil tú ceart go leor” agus dúrt mise “Yeah, tá mé i gceart.. tá mé i gceart” Agus ach bhí sé nimhneach, like.

Colm -[12:00]: Is é; chuirfinn geall.

Clíodhna - [12:01]: Agus tá cuimhne agam tháinig mé ón ardán agus bhí achan duine buartha fá dtaobh dom agus mar sin dó ach nuair a tháinig, eh, na torthaí amach, nó nuair a bhí sí a’ tabhairt seort aiseolas, an moltóir, nuair a bhí sí a’ tabhairt aiseolas ar a’ dráma, dúirt sí “Cá bhfuil a’ ghirseach bheag sin a tháinig isteach agus thit ar an ardán” dúirt sí “Caithfidh sé gur chleachtaigh tú sin míle agus céad uair”. Shíl sí go rabh sé mar chuid den dráma.

Colm - [12:20]: Den drama.

Clíodhna - [12:21]: So, m’orm gur thug sin seort misneach domh. Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil caill orm ar an ardán,

Colm -[12:27]: is é, is é, chuaigh tú ar aghaidh ansin agus…

Clíodhna -[12:28] Ach m’orm chuaigh mé ar aghaidh as sin agus, eh, bhí mé páirteach i ndrámaí sa Phobalscoil agus ansin, em, thosaigh mé a’ freastal ar rangannaí le hEoghan Tom Eoghain sa Chrannóg, eh, do dhéagóirí agus, em, is sórt é… is céim thar a bheith …eh… tábhachtach a bhí ansin domhsa ná bhuail mé le daoine eile a rabh na suimeanna céanna acu, eh, agus a bhí agamsa agus rinne muid cairdeas buan, an grúpa sin. Chuaigh muid ar aghaidh le Craobh na hÉireann agus scoithléiriú, eh, na féile a bhaint amach ag an Fhéile Scoildrámaíochta. Nuair a bhí mise a’ déanamh na hardteiste ag an am agus cha rabh sé i gceist agam a bheith páirteach sa dráma ach dúrt mé liom fhéin “Tá mo chroí istigh ann; caithfidh mé a bheith páirteach ann”. Agus bhí mé comh sásta go rabh ansin ná d’éirigh linn, eh, tréimhse a chaitheamh i mBaile Átha Cliath ansin ag bronnadh na nduaiseanna agus rinne mé cairdeas iontach sa ghrúpa sin agus ar ndóigh, eh, do dhálta fhéin, gníomhach anois in aisteoirí Ghaoth Dobhair agus, em, fiú bhí mé a’ teagasc drámaíochta ansin anuraidh do pháistí bunscoile sa Chrannóg, bhí ó…ó na naíonáin  suas go dtí rang a ceathair agam agus bhí sé galánta, eh, a bheith a’ teagasc drámaíochta agus na scileanna sin atá foghlamthaí agamsa a chur, eh, chun tosaigh agus a theagasc daofasan agus léirigh mé mo chéad dráma, eh, anuraidh mar chuid den Fhéile Scoildrámaíochta; ceann nua-aimseartha a scríobh mé fhéin agus Gráinne, eh, Ní Ghallchóir agus le cuidiú ó Aisling Mhic Cumhaill; scríobh muid ceann, eh, do na páistí, a bhí oiriúnach don aois sin agus, eh, bhí craic ar dóigh againn á dhéanamh agus d’éirigh leo fáil fríd chuig an Fhéile Uladh, cé nár tharla an fhéile ansin ach, em, bhí sé galánta an deis sin, em, a fháil a bheith páirteach agus a bheith a’ teagasc, eh, na bpáistí agus, em, eh, a bheith a’ léiriú drámaí fosta, ná níor shíl mé ariamh go mbeinn fiú ábalta sin a dhéanamh, so em, tá deiseanna go leor ar fáil anois go háirithe agus an amharclann úr tógtha i nGaoth Dobhair.

Colm - [14:22]: Cinnte. Comhghairdeas ó chroí, a Chlíodhna. Is maith go bhfuil an taithí sin agat, chan amháin ar an stáitse ach tá tú a’ fáil taithí anois, eh, ar chúl an stáitse agus mar a dúrt tú, thug sé misneach go leor duitse, is léir sin agus, eh, go leor muiníne is cinnte. Is anois, tá tusa a’ tabhairt a’ rud a d’fhoghlaim tusa, eh, don chéad ghlúin eile atá ag teacht i do dhiaidh agus is maith sin. Tá sin tábhachtach, a Chlíodhna, nach bhfuil?

Clíodhna - [14:44]: Tá, iontach tábhachtach ná m’orm na daoine sin, eh, a bhí ár dteagasc, mar shampla, Eoghan, atá i mbun gnó, d’fhoghlaim seisean óna athair fhéin agus ó na haisteoirí a bhí ansin le linn bliantaí órga na hamharclainne agus na n-aisteoirí agus tá sé tábhachtach go bhfuil an traidisiún sin, em, á chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Colm - [15:03]: Cinnte. Cinnte. Anois ó thaobh traidisiúin dó agus mar sin dó, agus eh, insa cheantar dó, tá go leor traidisiún, mar dúrt mé, cúrsaí drámaíochta, eh, cúrsaí ceoil agus mar sin dó; bhí muid a’ caint ar mhóin ní ba luaithe agus ar a hoidhreacht agus mar sin dó. Rud eile atá iontach tábhachtach, m’orm, sa cheantar seo ná cúrsaí creididh, a Chlíodhna, agus mar sin dó, agus eh, agus an Eaglais Chaitliceach agus mar sin dó agus bunús na ndaoine anseo is é Caitlicigh atá iontu. Cá háit a bhfeiceann tusa, eh, an Eaglais Chaitliceach agus m’orm cúrsaí creididh, eh, insna blianta atá amach romhainn anseo insa cheantar seo, a Chlíodhna?

Clíodhna - [15:38]: Eh, sílim, eh, go bhfuil, eh, sé breá láidir anseo i láthair na huaire. Tógadh mise, em, agus tá creideamh láidir ag mo theaghlach ar a’ dá thaobh agus tá sin agamsa agus tá mé iontach buíoch dó sin. Eh, cha dtiocfadh liom mo shaol a shamhlú.., a shamhlú gan, eh, an Chríostaíocht ná gan cúrsaí creididh, em, ach tá go leor daoine i ndiaidh dhul treonna eile agus tá sin ceart go leor fosta ach, em, m’orm go bhfuil ceist mhór faoi, em, thábhacht  an chreididh i measc an aosa óig agus eh, m’orm go dtí.. tú fhéin fosta… go bhfuil, b’fhéidir meath tagtha ar an chreideamh i measc, em, daoine óga  agus em, tá an t-ádh orainn anseo go bhfuil, em, cúpla teach pobail againn agus go bhfuil sagairt agus, em, daoine thar a bheith díograiseach ansin agus go bhfuil siad eh… go dtarraingíonn siad an pobal le chéile; go háirithe anois le linn na saoltaí saoithiúla seo, em, tá sé galánta go bhfuil an áis sin againn agus go bhfuil go leor daoine a’ tarraingt ar sin, em, ach dar ndóigh, nuair a éiríonn siad sin as, níl go leor daoine sórt a’ gabháil, eh, i dtreo na sagartóireachta agus mar sin dó, b’fhéidir go gcuirfeadh sin cúrsaí faoi bhrú. Rinne mé fhéin seort taighde ar an ábhar seo tá cúpla bliain ó shin agus labhair mé, eh, le cúpla sagart, eh, insa pharóiste agus na paróistí eile atá thart orainn agus bhí siad den tuairim, b’fhéidir, go rabh, em, meath tagtha ar líon na ndaoine a chuir suim sa tsagartóireacht agus go mbeadh, b’fhéidir, gnáthdhaoine i mbun na seirbhísí nó go mbeadh mná.. go dtiocfadh an lá, is go mbeadh na mná ábalta aifreann a rá na cá bith rud.  Tá sé iontach éiginnte i láthair na huaire agus em, ach, tá súileas agam go mbeidh, eh, neartú agus buanú, eh, déanta, eh, uirthi, ná is cinnte gur cuid tábhachtach de shaol an pharóiste seo í agus, eh, mo shaol, eh, pearsanta fhéin.

Colm -[17:37]: Cinnte. Cinnte. Agus, eh, is maith sin agus is maith…sílim gur... go bhfuil sé tábhachtach creideamh a bheith agat agus, eh, bhí muid a’ caint ar na custaim atá thart anseo agus is cinnte go bhfuil creideamh, eh, mar chuid dó sin. So, sílim le cuidiú Dé go mbeidh… gurb ann don chreideamh agus go mbeidh an t-aos óg, dálta an Ghaeilge, go mbeidh siad a’ leanstan leis an chreideamh, gur… sílim go bhfuil a’ creideamh iontach tábhachtach ar ndóigh, Tá…eh…tá.. sé i ndiaidh rith… bhí me just a’ smaointiú ansin, a Chlíodhna, tú i nGaillimh ansin agus mar sin dó agus mar chainteoir dúchais Gaeilg. Eh… An aithneofá…. An mbíonn deacrachtaí choíche agat le.. leis na canúintí agus mar sin dó agus tú ar a’ choláiste a Chlíodhna?

Clíodhna - [18:14]: Cha bhíonn leoga. Eh, tá cleachtadh mhaith agam ar na canúintí, eh, difriúla m’orm go rabh an radio a’ gabháil againne i gcónaí sa bhaile agus dar ndóighe, nuair a bheifeá a’ fanacht le nuaíocht a’ tuaiscirt nó nuaíocht a’ deiscirt nó nuaíocht an iarthair ar siúl roimh ré agus m’orm, eh, go rabh cleachtadh ansin agat ná go rabh cluas, eh, ag éisteacht leis na canúintí sin. Em, níl deacracht, em, agam i ndáiríre iad a thuigbheáil. Bíonn deacracht acusan mise a thuigbheáil, eh, deir siad go labhrann muidne i bhfad róghasta ach, em, tá go leor cainteoirí dúchais anois i mo chúrsa ollscoile agus, eh, insa Chumann Gaelach a bhfuil mé páirteach ann anseo ach, eh, tá sé deas an cairdeas sin a bheith ann agus an nasc sin a bheith ann ná tá.. m’orm, go dtagaimid… cé go dtagamid ó cheantracha éagsúla, tá an dúchas céanna ann, mar a déarfá agus go dtig linn sin a roinnt lena chéile agus, eh, ag iarraidh ar ndóigh cúrsaí teanga ach chur ar aghaidh ach sílim gur… gur cheist iontach, eh, shuimiúil í, em, sórt ná an difreacht atá idir na canúintí agus focla áirithe. Eh, is as, em, Ciarraí do mo chomrádaí tí agus dar ndóigh bíonn go leor frásaí agus focla difriúla aicise agus bímid seort á roinnt sin lena chéile corruair…agus fiú, eh…

Colm - [19:37]: Déarfainn go mbeadh sibh a’ foghlaim óna chéile…

Clíodhna - [19:39]:  Bíonn. Go díreach. Agus is rud galánta sin fosta, em, cé go bhfuil muid… tá muid lonnaithe m’orm giota óna chéile ach cé go bhfuil muid taobh istigh den oileán, eh, bheag céanna, tá difríochtaí ann idir na canúintí agus foclaí áirithe agus, eh, m’orm gur…go bhfuil sin iontach, iontach suimiúil.

Colm - [19:55]: Cinnte. Agus a’ mbíonn tú a’ tiomáint, ná an mbíonn tú ar a’ bhus. Cén dóigh a dtéann tú síos go Gaillimh, a Chlíodhna, mura miste leat. An bhfuil carr agat fhéin?

Clíodhna - [20:03]: Eh, níl carr agam fhéin, em, go fóill ach, em, bím ar bhus Feda; seirbhís den chéad scoith, eh, tá mé leofa ó bhí mé sa chéad bhliain agus go háirithe anois le linn na paindéime, em, tá siad… níonn siad obair den scoth. Tá an tseirbhís go fóill ar fáil agus tá siad ansin le daoine a thabhairt, eh, ó áit amháin go háit eile, ó Dhún na nGall go Gaillimh agus, em, caithfidh mé a rá gur.. go rabh siad ina chuidiú mhór domhsa, agus em, iontach iontach furast deileáil leo agus, eh, is maith ann iad cé go bhfuil an turas measartha fada ach ,em, níl neart air sin; dá mbeadh aerfort againn ach níl faraor, ach, em, tá sé deas go bhfuil siad ann agus is maith go bhfuil siad ann.

Colm - [20:45]: Cinnte, agus is dóiche go mbeidh tú an croithniú do mháthair agus d’athair, a Chlíodhna.

Clíodhna - [20:48]: Á, bím, ach tá an teicneolaíocht againn agus tá facetime agus tá dhá chat agam sa bhaile fosta, so bím a gcroiniú fosta ach…

Colm - [20:59]: Cá hainm atá ar na cait?

Clíodhna - [21:01]: Tomas agus Toby. Em, is cat baineann í Tomas ach ní rachaidh muid isteach sa scéal sin.em…

Colm - [21:07]: is cat baineann í Tomas. Cén dóigh… cén dóigh ar oibir sin amach?

Clíodhna - [21:12]: So, bhí… bhí dhá chat againn, cúpla, em, Tomas agus Charlie agus shíl muid gur, eh, cait fireann a bhí insa bheirt acu. Eh, seo bliantaí ó shin. Agus ansin, eh, thug muid iad go dtí an tréadlia lá amháin agus dúirt sí linn “Oh no, chan fhuil, seo cat baineann agus bhí Tomas em ….

Colm - [21:31]: So, shíl sibh gur cat fireann a bhí ann. Ní rabh barúil de chineál ar bith agaibh go dtí go dteachaigh sibh a fhad leis a’ tréadlia.

Clíodhna - [21:34]: Agus ansin cuireann daoine ceist “Ó, ab é…ab é Charlie an cat baineann agus deirim “Oh no, ní hé, Tomas atá ann agus, eh, bhí sé rómhall an t-ainm a athrú ansin ná bhí sí cleachtaithe leis ach, em, fuair Charlie bás ar a’ drochuair nuair a bhí mise sa chéad bhliain ar an Ollscoil ach, em, tháinig cat stray againn ansin roimhe Nollaig agus ,eh, agus tá sí istigh anois agus a’ bheirt a’ fáil ar aghaidh go maith lena chéile, so thug muid Toby uirthise, ceann deas dubh so tá an bheirt acusan agam ach nuair a bhog mé go dtí an Ollscoil ar dtús bhí sé dailigh ar mo thuismitheoirí mar is páiste aonair mé, em, ní shílim gur dhúirt mé sin so bhí sé dailigh orthusan gabháil i ngleic, eh, leis sin. Bheinn i gcónaí thart fán teach agus eh bhí sé… bhí sé dailigh, m’orm an chéad chúpla seachtain le dhul i dtaithí ar sin ach thoisigh.. bhí m’athair ag obair cá bith ach mo mháthair, thosaigh sí freastal ar rangannaí agus ar scioból na mban a’ castáil le daoine úra agus chuidigh sin go mór leithe ach, em, dar ndóigh leis a’ phaindéim anois tá deireadh curtha leis sin uilig, so, m’orm go mbíonn sí mo chroithniú fosta i mbliana. Bhí sé deas go rabh sa bhaile leofa anuraidh agus gur bhris sé seort, eh, a’ tréimhse sin ar an Ollscoil.

Colm -[22:46]: Cinnte. Á, is maith sin a Clíodhna. Bhuel, go rabh míle maith agat, a Chlíodhna, eh, as do chuid ama inniu agus caithfidh mé tú.. ní thig liom tú a ligint ar shiúl gan cheist amháin a chur ort, bhí mé marbh ag iarraidh seo a chur ort anois, eh, ó thoisigh muid  an agallamh. Eh, dá mbeadh.. dá mbainfeá an Lotto, a Chlíodhna, dá mbainfeá an crannchur náisiúnta, cad é a dhéanfá leis eh.., leis an airgead sin?

Clíodhna - [23:07]: Em, bhuel,  bhéarfainn cod dó do charthanacht, em, go háirithe carthanachtaí áitiúla ná tchíonn tú an obair a níonn siad insa cheantar agus sílim go bhfuil sin thar a bheith tábhachtach. Eh, chuirfinn cuid dó i dtaisce dar ndóigh don todhchaí, eh, agus m’orm ansin go gceannóinn rud íneacht deas domh fhéin, b’fhéidir carr nó rachainn ar laethanta saoire nó rud íneacht ach, em, char mhaith liom an Lotto a bhaint le bheith ionraice. Déarfainn go mbeadh..

Colm - [23:36]: D’athródh sé do shaol go mór, b’fhéidir go mbeadh buntáistí agus míbhuntáistí leis, d’athródh sé do… do chur chuige, mar a déarfá, a’ bhfuil a fhios agat agus b’fhéidir…

Clíodhna - [23:42]: Agus go háirithe más rud é go bhfuair daoine amach gur bhain tú é, go mbeadh daoine ag iarraidh a bheith mór leat agus daoine b’fhéidir eile a’ titim amach leat agus mar sin dó ach sílim, you know, is fearr an tsláinte ná an táinte agus go háirithe go bhfuil sin fíor, eh, san am i láthair.

Colm - [23:54]: Is fíor do foclaí ansin. A Chlíodhna Ní Ghallchóir, go rabh míle maith agat as a bheith i mo chuideachta anseo inniu.

Clíodhna - [23:59]: Go rabh míle maith agat fhéin.

Clilstore Annotated versionTaisce Bheo na nGaelSoillse

Short url:   https://clilstore.eu/cs/9454