Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Clíona Ní Ghallachóir (1) - annotated

Colm - [00:05]: Bhuel, a Chlíodhna; go raibh míle maith agat as a bheith i mo chuideachta anseo inniu don togra seo Taisce Bheo na nGael. Cad é mar atá tú, a Chlíodhna, go raibh maith agat arís as a bheith liom.

Clíodhna - [00:14]: Ah, tá mé go breá, a Choilm, go raibh maith agat as iarraidh orm a bheith páirteach sa togra. Tá lúcháir mhór orm a bheith anseo i do chuideachta.

Colm - [00:22]: Is maith sin. Bhuel, deas go bhfuil tú linn. A Chlíodhna, inis dom[1] rud beag fá dtaobh díot[2] féin[3]. Cárb as duit, agus cé leis tú mar a déarfá?

Clíodhna - [00:30]: So, is mise Clíodhna Ní Ghallchóir, eh, tá mé bliain is fiche de aois agus is as baile fearainn darbh ainm Mín an Chladaigh dom, eh, i nGaeltacht gheal Ghaoth Dobhair. Em, eh, Clann Uí Ghallchóir, em, is as Mín an Chladaigh do[4] m’athair agus, eh, mo sheanathair agus eh mar sin dó[5], em, ceangal thar a bheith láidir agam leis an cheantar sin agus is as an Ghalltacht, em, taobh amuigh den Ghaeltacht do mo mháthair, eh, ceantar darbh ainm an Craoslach, em, agus, eh, tá dúil mhór agam san áit a bhfuil mé ag cur fúm, eh, i láthair na huaire.

Colm - [01:03]: Agus cá háit a bhfuil tú ag cur fút, a Chlíodhna?

Clíodhna  - [01:05]: So, bím, eh, sa bhaile i Mín an Chladaigh de ghnáth ach mar gheall ar chúrsaí ollscoile, tá mé anseo i nGaillimh. Em, faoi láthair, tá mé i mbliain na céime; tá ceithre bliana caite agam anseo ag[6] déanamh staidéir ar an Ghaeilge agus Léann an Aistriúcháin, agus eh, tá mé ag tarraingt i dtreo dheireadh na céime anois. Agus, em, rudaí thar a bheith doiligh[7] le cúrsaí ar líne san am i láthair ach táimid ag treabhadh linn cá bith[8] agus eh ag súil go mór le bheith críochnaithe anois sa tsamhradh.

Colm - [01:34]: Chuirfinn geall. Tá am iontach cigilteach, am iontach saoithiúil ann, a Chlíodhna, nach bhfuil i láthair na huaire leis an víreas corónach seo?

Clíodhna - [01:41]: ah hem, tá, agus sílim gur chuir sé isteach ar achan ghné den saol, eh, agus m’orm[9], like, buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis cosúil le hachan rud eile ach, em, do shaol an mhic léinn ach go háirithe, tá sé thar a bheith diúltach i mo thuairimse; níl ranganna ar bith agamsa ar champas na hollscoile agus tá sé doiligh, em, dul[10] i ngleic le bliain na céime go háirithe agus gan teagmháil rialta agat le léachtóirí ná, eh, comhscoláirí.  Eh, ní fheicim duine a bith ach amháin mo chomrádaithe tí agus, eh, tá sé doiligh dul i ngleic leis an obair agus a bheith i do shuí os comhair scáileáin ó mhaidin go hoíche. Em, ach, níl neart air agus, em, m’orm[11] go bhfuil achan nduine ag iarraidh a seacht ndícheall a dhéanamh le é a dhéanamh chomh furasta[12] agus a thig.

Colm - [02:28]: So, tá na ranganna uilig ar líne, mar sin de; do chuid léachtaí ollscoile uilig. Tá tú… tá tú sa bhaile. Ó, gabh mo leithscéal, tá tú in do theach ansin i nGaillimh agus tá tú a’ déanamh do chuid léachtaí ar líne. Níl tú san ollscoil ar chor ar bith, an bhfuil?

Clíodhna - [02:41]: Níl… ach em…eh…  m’orm[13]… gur bhog mé ar ais go Gaillimh mar gheall, gur.., go raibh sé beartaithe acu roinnt léachtaí a bheith ar champas na hOllscoile, go háirithe na ranganna teagasc[14] agus bhí teach agus achan rud curtha in áirithe agam agus nuair a bhí mé ag taisteal go Gaillimh i mí Mheán Fómhair, fuair mé ríomhphost ag rá go raibh na ranganna uilig a’ gabháil a bheith ar líne. Bhí sé rómhall ansin domsa cinneadh a dhéanamh a dul ar ais chun an bhaile[15]. Agus chaith mé bliain sa bhaile anuraidh ar shocrúchán oibre agus bhí mé breá sásta bogadh ar ais go Gaillimh leis an bhliain dheireanach a chaitheamh anseo. Em, shíl mé, m’orm[16], go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí ach chan sin mar a tharla. Ach… ach, bhí…bhí rudaí fágtha iontach mall. M’orm[17] go raibh éiginnteacht mhór ag baint le cúrsaí ollscoile, em, agus tá achan rud ar líne, mar a dúirt[18] mé. Tá réimsí áirithe, mar shampla, leigheas agus dlí agus rudaí go dtig leo dul isteach agus, em, ranganna praiticiúla a dhéanamh ach níl an rogha sin ar fáil dúinne.

Colm – [03:38]: Am iontach saoithiúil mar a dúirt muid,  Clíodhna, ach is maith go bhfuil na léachtaí ag gabháil ar aghaidh san am chéanna agus go bhfuil tú i gcuideachta do chuid comrádaí[19] tí mar a dúirt tú. Ar a laghad, tá sin agat, em, ach níl mórán eile i láthair na huaire. An bhfuil iomrá ar bith, cá huair a bheas sibh ar ais insa[20] seomra ranga, sa láthair sin, eh, ina mbíonn na léachtaí, eh, insan[21] ollscoil féin? Cá huair… a’ bhfuil iomrá ar bith cá huair a bheas sin a’ tarlú?

Clíodhna - [03:59]: Eh, is doiligh a rá; níl…níl cliú agam; níor tugadh eolas breise ar bith dúinn. Eh, ar dtús báire, bhí rogha, sórt, tugtha dúinn nuair a… nuair a bhí na ranganna teagasc[22] le bheith ar champas, tugadh rogha do mhic léinn, em, iad a dhéanamh ar líne nó a bheith ag freastal go fisiciúil ar na ranganna ar champas, mar sin de, cha raibh brú ar aon duine[23] freastal ar na ranganna muna[24] raibh siad ag iarraidh. Em, ach, bhí mise lán sásta dul isteach agus bualadh le daoine ná sílim go bhfuil an ghné chumarsáide iontach, iontach tábhachtach agus ó thaobh sóisialú agus do meabhairshláinte agus mar sin dó. Em, ach, níl an chuma air go bhfuil a fhios ag aon duine cad é atá a’ tarlú. Agus, dar ndóigh, tá go leor mac léinn idirnáisiúnta sna coláistí fosta agus ó thaobh cúrsaí taistil agus rud,  tá sé, eh, iontach éiginnte i láthair na huaire.

Colm – [04:45]: Tuigim. Tuigim. Luaigh tú ansin gurb[25] as Mín an Chladaigh duit. Inis dom cúpla rud faoin logainm sin, Mín an Chladaigh, do dhuine ar bith nach bhfuil a fhios acu. Cad é an chiall atá le Mín a’ Chladaigh,  Clíodhna?

Clíodhna - [04:53]: Ciallaíonn Mín an Chladaigh talamh mín atá, eh, in aice an cladaigh[26]. Agus, eh, duine ar bith, b’fhéidir, a bhfuil cur amach acu ar Mhín an Chladaigh, eh, tá muid buailte ar an fharraige ansin, agus tá tráigh[27] ghalánta, trá na duirlinge a tugaimid air[28]. Tá a lán clocha duirlinge, in.., i Mín an Chladaigh, agus, em, an ceantar suite , eh, idir Cnoc Fola agus Cnoc na Naomh, agus dar ndóigh, tá radharc againn ar an Eargail agus ar a’ Mhucais, fosta, agus, eh, tá muid buailte ar, em, cheantar Mhachaire Raibhartaigh agus Glaise Chú[29], agus ansin Mín na Leá agus, eh, Cnoc Fola ar an taobh eile.

Colm - [05:32]: Anois, a Chlíodhna; tá an Ghaeilge[30] anois i láthair na huaire, eh… tá sé deas ar dtús báire, go bhfuil tú féin mar dhuine óg, eh, liom anseo, eh, agus ag obair liom ar an togra seo, eh, is deas… agus is galánta an Ghaeilge atá agat féin. Tá Gaeilge ghalánta flúirseach[31] , eh, agat féin, a Chlíodhna mar dhuine óg agus is deas an rud é sin a fheiceáil agus rud iontach dearfach sin i mo thuairim féin. Cá háit a bhfeiceann tusa an Ghaeilge amach anseo, a Chlíodhna, em, ó thaobh teanga[32] bheo dó.

Clíodhna -[05:58]: Bhuel, níl dabht ach go bhfuil muid sórt ag tairseach chinniúnach maidir leis an Ghaeilge sa cheantar, eh, ó thaobh teanga labhartha an phobail de. Em, tá go leor Béarlachas[33] le cloisteáil agus go leor daoine tagtha ón taobh amuigh; mo mháthair, em, insan áireamh. Agus, em, cuireann sin brú ar an theanga, ar a’ teanga mar theanga chumarsáide agus… em, ach tá mé dóchasach ná[34] tá go leor iarrachtaí ar bun leis an Ghaeilge, eh, a bhuanú agus a neartú insa cheantar, le cúrsaí pleanála teanga i mbarr a réime i láthair na huaire agus go leor, em, tacaíocht[35] ar fáil do ghrúpaí agus do choistí atá ag cur, eh, béim ar, eh, chúrsaí teanga go háirithe i measc an aosa óig. Em, dar ndóigh, cuidíonn sé go mór, eh, go bhfuil an t-oideachas uilig trí mheán na Gaeilge agus go bhfuil deiseanna ar fáil, eh, do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gcúrsaí ceoil, spóirt agus drámaíochta agus macasamhail trí mheán na Gaeilge agus sílim féin mar dhuine óg… em, bíonn an Béarla ann go háirithe b’fhéidir le linn tréimhse[36] na meánscoile ach nuair imíonn tú ansin b’fhéidir go dtí an choláiste[37] nó má imíonn tú ansin ar feadh seal[38] go dtuigeann tú sórt an tseoid luachmhar sin atá agat agus go bpilleann[39] tú ar a’ teanga arís agus ag iarraidh do chuid páistí a thógáil le Gaeilge agus mar sin dó. Mar sin dó, ní shílim go bhfuil muid, eh, i mbaol, eh, mhór[40], eh, ná a dhath ach sílim go gcaithfimid tacú lena chéile agus cinnte a dhéanamh[41], eh, go bhfuil an Ghaeilge ag gabháil a mairstin[42] mar theanga labhartha an phobail.

Colm - [07:33]: An bhfuil tú ag déanamh go bhfuil an t-aos óg, t-aos óg an cheantair seo, agus t-aos óg an chontae seo… an bhfuil siad ag labhairt na Gaeilge go laethúil lena cuid[43] cairde, mar a déarfá.  Tá a fhios againn, ar ndóigh, em, go bhfuil an Ghaeilge… eh… is… is teanga í, is teanga bheo í; tá sí ina hábhar scoile fosta ach an bhfeiceann an t-aos óg anois… gur… eh… gurb ann don Ghaeilge, gur, gur teanga bheo atá insan Ghaeilge agus go bhfeiceann siad é[44] níos mó ná ábhar scoile. Cad é do thuairim ghinearálta fá seo i láthair na huaire, a Chlíodhna, ó thaobh staid na Gaeilge i measc an aois óg[45] dó.

Clíodhna - [08:05]: Bhuel, níl dabht ach go bhfuil daoine áirithe ann agus cosúil liom féin, eh, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí taobh amuigh den scoil agus an Ghaeilge, eh, mar phríomhtheanga iontu agus tá daoine ann agus níl dabht ach go bhfuil siad ag déanamh iarracht, em, an Ghaeilge a labhairt lena gcairde agus mar sin dó, ach, tá brú an Bhéarla ansin go cinnte agus, dar ndóigh, baint, eh, mhór ag na meáin shóisialta agus mar sin de, eh, agus an tionchar atá acu ar, m’orm[46], chinneadh an aosa óig maidir le, eh, teanga chumarsáide de, ach, em, sílim go bhfuil rud íneacht[47] eile de[48] dhíobháil… go bhfuil… sórt… go bhfuil em… go bhfuil glór de dhíobháil ó na daoine óga seo iad féin go dtig leo a rá, seo an rud ba mhaith linn a dhéanamh ach go mbeadh sé trí mheán na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil easpa deiseanna ansin.  B’fhéidir go bhfuil easpa áiseanna ansin; níl a fhios agam go cinnte, ach sílim go gcaithfear b’fhéidir, níos mó feasachta, eh, a bhunú thart ar an ábhar sin, eh, ná, is… m’orm[49], is iadsan blianta tábhachtacha, em, i saol, eh, duine óg ar bith agus tá sé cinnte go ndéanfaidh siad an Ghaeilge a shealbhú mar theanga, eh, labhartha s’acu, go háirithe i measc a gcairde.

Colm - [09:19]: Tá an Ghaeilge rud beag níos nua-aimseartha anois i measc… eh… eh… ar na meáin shóisialta mar shampla. Tá an Ghaeilge níos feiceálaí ar na meáin shóisialta, dar liom féin dó; ar Twitter, agus ar Facebook agus ar Instagram. Tá níos mó daoine ag úsáid na Gaeilge, eh, ar na meáin shóisialta, dar liom féin. Tá an teanga níos nua-aimseartha; giota maith níos nua-aimseartha ná mar a bhí agus sílim gur rud ciallmhar é sin, gur tharla sin, a Chlíodhna, agus is rud dearfach é gan amhras ar bith, nab[50] é?

Clíodhna - [09:42]: Ó nach cinnte, agus tá, eh, m’orm[51], athrú taoide i ndiaidh tarlú ar…ar na meáin agus go háirithe agus muid, eh, le linn Seachtain[52] na Gaeilge i láthair na huaire agus cuid mhór airde tarraingthe ar an teanga… em… tá go leor tionchairí ar Instagram agus a leithéidí agus tá siad ag cur na Gaeilge chun cinn. Agus dar ndóigh, agus tú ag éirí aníos, bíonn tú, sórt, ag amharc ar na daoine seo mar, em, eiseamláir agus tá tú ag iarraidh a bheith cosúil leo, mar sin de, tá sé tábhachtach go mbeidh siadsan ag cur na Gaeilge chun cinn agus tá siad a’ déanamh, eh, jab ar dóigh, mar sin, tá sé thar a bheith dearfach go bhfuil an Ghaeilge feiceálach agus go bhfuil sí, sórt, cool, mar theanga ar na meáin shóisialta ach chan ionann sin agus… chan ionann na meáin shóisialta agus teanga labhartha an duine, mar sin dó, b’fhéidir go gcaithfear oibriú níos mó ar an teanga mar theanga chumarsáide.

Colm - [10:34]: uh hem, bhuel is maith do leithéid ann… is maith do leithéid féin ann, mar a dúirt mé a Chlíodhna, agus eh, tá tú breá ceolmhar fosta, ar ndóighe, eh. Inis dom rud beag fá do shaol ceoil agus mar sin dó. Tá a fhios agam go bhfuil tú breá siúlach agus mar sin dó agus go bhfuil cuid mhór bainte amach agat, agus sin an fáth, i ndáiríre, go raibh mé féin ag iarraidh labhairt[53] leat… em… is duine óg thú ach tá cuid mhór bainte amach agat. Inis dom cuid de na rudaí atá bainte amach agat. Ar dtús báire ó thaobh an cheoil dó.

Clíodhna - [11:01]: bhuel, tá an ceol ar a’ dá thaobh den teaghlach.. em… m’athair mór ar thaobh m’athara[54], em, ba bhreá a bheith ag seinm an bosca ceol[55] agus bheadh sé ag seinm do[56] na céilithe a bhíodh sa choláiste, em.. do na… do na páistí a thug… a thagann sa tsamhradh ar chúrsaí samhraidh. Bheadh sé ag seinm ag na céilithe sin agus, em, ansin ar thaobh mo mháthara[57], bhí mo mháthair …eh… i mbuíon ceoil í féin nuair a bhí sí níos óige agus, eh, a deifiúracha agus ansin m’athair agus mo mháthair mhór ar thaobh mo mháthara, eh, damhsóirí set a bhí iontu, mar sin, tá, m’orm[58], an cultúr go láidir, eh, agus bhí i gcónaí ar an dá thaobh den teaghlach, agus mar sin dó, m’orm[59] gur[60] iadsan a spreag mise ó thaobh an cheoil dó, em ach, bhí muid i gcónaí ag déanamh ceol[61] ar an scoil agus mar sin dó ach sílim go raibh mé ceithre bliana de aois nuair a theagasc m’athair an chéad amhrán dom, eh, Thíos cois na trá dom, ceo… eh… amhrán iomráiteach de chuid Chlannad, agus theagasc sé an chéad trí véarsa dom agus ansin bhí mé á gceol ar feadh tréimhse agus ansin d’fhoghlaim mé rud íneacht[62] eile agus, eh, bhí muid ag foghlaim, mar a dúirt mé, amhráin ar an scoil agus ansin thoisigh[63] mé ag freastal ar rangannaí ceol[64] ansin sa Chrannóg agus bhí mé ag gabháil don fhídeog fosta, em, agus bhí dúil mhór agam sna huirlisí ceoil agus bheinn páirteach, eh… eh,  i mbannaí ceoil agus grúpaí ceoil, em... agus ansin, eh, m’orm[65] gur ghlac mé suim insan amhránaíocht ar a’ tsean-nós ach go háirithe eh, ag éisteacht le..eh.. ceoltóirí ón cheantar. Dar ndóigh, tá plúr na gceoltóirí sean-nóis, eh, i gceantar Ghaoth Dobhair agus na ceantracha[66] máguaird agus mar sin dó eh, bhí tionchar mór acusan ormsa agus bhí dúil agam insna hamhráin ach go háirithe, na seanamhráin seo a raibh scéaltaí[67] grá, scéalta béaloidis, scéalta..eh… báis ag baint leofa[68] agus go raibh an stair sin insa cheantar agus go raibh, m’orm[69], na scéalta sin á gcur ar aghaidh ó ghlúin go glúin tríd na amhráin.  Agus mar sin dó, em, bheartaigh mé dul ag ceardlann ansin le Nóirín Ní Cholla agus Dominic, Brian Danny Minnie agus tá go leor leor ceoltóirí eile a chuaigh go mór i bhfeidhm orm agus em,  m’orm[70], ansin thosaigh mé ag cur isteach  ar na fleánna ceoil, insa comórtais comhrá[71] Gaeilge agus, eh, aithriseoireacht ar dtús agus  bheinn ag glacadh páirt insna grúpaí ceoil agus mar sin dó agus ansin..eh… d’éirigh liom, eh, an chéad chraobh na hÉireann a bhaint nuair nach raibh mé ach ocht mbliana de aois agus m’orm[72] gur thug sin spreagadh mór dom agus tógáil croí go raibh, em, m’orm[73], aitheantas tugtha don mhéid a bhí déanta agam agus cé nach é sin an rud is tábhachtaí ná dar ndóigh bhí sé galánta a bheith páirteach ann agus a bheith ag.. ag Fleadh Ceol na hÉireann agus tú ag déanamh ionadaíochta do do cheantar, ach em, leis an duais sin a thabhairt chun an bhaile[74] agus gan tú ach ocht mbliana de aois, bhí sé dochreidte agus ó shin ar aghaidh, mhúscail[75] mo suim insna hamhráin agus sa cheol agus, eh, bhí mé gníomhach sa chomhaltas i nGort a’ Choirce fosta agus, eh, chuaigh mé ar aghaidh le uirlisí difriúla a fhoghlaim, eh. An fhídeog eh… thosaigh mé ar an fhídeog agus ansin an fhidil agus an bosca ceol[76] mar go raibh mé ag iarraidh, em, m’orm[77]… an bosca ceol[78] a fhoghlaim mar gheall go raibh m’athair mór á sheinm ar feadh, eh, na mblianta agus, eh, tá sé galánta an nasc agus an ghné sin de stair an teaghlaigh a bheith agam agus go dtig liom é a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile fosta. Ach, tá mé ag ceol liom go fóill… bhí mé ag an Oireachtas agus páirteach i[79] rudaí éagsúla agus ócáidí agus go leor leor deiseanna tugtha dom fríd an cheol agus fríd an amhránaíocht agus tá mé iontach buíoch dó sin.

Colm - [14:46]: Cinnte.. An bhfuil tú ag déanamh go dtiocfaidh an tOireachtas ar ais am ar bith feasta?

Clíodhna - [14:50]: Eh, níl a fhios agam é.. is doiligh a rá.. ní bheidh sé ar ais i nGaoth Dobhair cibé, tá sé i bhfad rómhór anois, em, níl a fhios agam an mbeidh sé ar ais, eh, i mbliana, eh, ní… ní dóigh liom é ach tá mé ag súil go mór le.. le bheith ar ais arís i measc na nGael ag féile mhór na nGael.

Colm - [15:08]: Cén t-amhrán is fearr leat, a Chlíodhna?

Clíodhna - [15:11]:  Ó tá sin thar a bheith doiligh, eh. Is maith liom amhráin áitiúla, em, agus bhéarfaidh mé sampla, eh, “An Mhaighdean Mhara” leagan a tháinig as Oileán Thoraí a bailíodh mar chuid de Bhailiúchán na Scol, dar ndóighe, a bhí ag gabháil ar aghaidh agus, em, tá dúil mhór agam san amhrán sin faoin mhaighdean mhara, eh, a thit i ngrá le fear agus ansin scairteadh ar ais uirthi chun pilleadh[80] ar an fharraige agus d’fhág sí a fear agus, eh, beirt pháistí ina diaidh agus ba bhreá leo dul síos go dtí an abhainn ansin achan lá chun labhairt léi[81] agus insan amhráin, cluinimid an comhrá a bhíonn aici lena fear céile agus leis na páistí. Eh, mar sin de, draíocht sórt ag baint leis an amhrán sin agus, eh em… fréamhaithe sa bhéaloideas, em, na scéalta béaloidis, em, ach dá mbeinn le hamhrán[82] eile a phiocadh b’fhéidir, em,  “Bean an fhir ruaidh” mar gurb é ceann de na  chéad amhráin sean-nóis a d’fhoghlaim mé agus, em, an ceann a cheol mé nuair a d’éirigh liom, eh, Craobh na hÉireann a bhaint insan amhránaíocht ar an tsean-nós den chéad uair.

Colm - [16:10]: An gceolfá véarsa amháin dó sin dúinn, a Chlíodhna?

Clíodhna - [16:13]: Eh, bainfidh mé triail as cibé.. tá tamall[83] ó cheol mé é.

Colm - [16:16]: Cinnte. Maith thú féin. In d’am féin; go raibh maith agat.

Clíodhna - [16:20]: Ó is táilliúr óg aerach mé a’ deanamh éadaigh i dtigh an fhir ruaidh

                  nó go dtug mo chroí spéis dona béilín meala gan ghruaim

                  agus thug mo chroí spéis dona béilín ba bhinne ná an chuach,

                  is a charad mo chléibh’, dá n-éalófa liom ón fhear rua.

Colm - [17:06]: Maith thú féin. Bhí sin iontach iontach maith. Maith thú féin. Go raibh míle maith agat, a Chlíodhna as sin agus tá mé cinnte go mbainfidh go leor, eh, den lucht féachana a bheas ag amharc air seo agus go leor de na mic léinn agus mar sin dó sult, eh, as sin. Luaigh tú, eh, scéalaíocht ansin fosta. Eh, agus sula mbogfaimid ar aghaidh go dtí scéalaíocht, b’fhéidir, go gcuirfidh tú isteach, tá mé cinnte, ar Chorn Uí Riada sna blianta atá amach romhat, tá guth iontach deas agat ar fad, so, comhghairdeas leat agus tréaslaímid leat as sin. Eh, scéalaíocht anois, a Chlíodhna, luaigh tú ,eh, scéal galánta ansin agus, eh, is dócha insa cheantar seo tá… tá traidisiún mór pisreogaí[84] ann, eh, go háirithe i measc na nGael agus mar sin dó. An ritheann scéal ar bith ,eh, leat ó thaobh... an bhfuil scéal ar bith, eh, a dtarraingíonn tú air mar a déarfá agus cén scéal is ansa leat… tá a fhios agam go bhfuil tú iontach mór le Bríd Anna Ní Bhaoill, dar ndóigh, agus bean mhór scéalaíochta atá in Bríd[85] Anna agus tá me cinnte gur eh… gur theagasc sí go leor scéalta duit. An bhfuil scéala ar bith faoi leith a ritheann leat, a Chlíodhna, eh, agus muid ag caint?

Clíodhna - [18:04]: Eh, cha ritheann a dhath liom anois, eh, scéal, eh, a bheadh ag Bríd Anna ach, em, tá go leor scéalta áitiúla fán cheantar agus dar ndóigh fán cheantar seo bhí go leor leaganacha éagsúla de scéalta fá Chú Chulainn ná, eh, Fionn Mac Cumhaill agus a leithéidí agus tá cúpla scéal foghlamtha[86] agam don Oireachtas agus mar sin dó ach, em, is banlaoch í Bríd Anna… tá na scéalta uilig[87] ar eolas aici agus tá sí ag iarraidh sin a chur ar aghaidh ag an chéad ghlúin eile agus ag éirí go maith léi. Ach, tá dúil mhór agamsa i gcúrsaí aimsire agus sórt scéalta a bhaineann le cúrsaí aimsire agus  eh, m’orm[88] em… fadó nuair ba bhreá leo a bheith ag brath ar an aimsir, eh, ó thaobh, b’fhéidir, cúrsaí bidh[89] nó cúrsaí farraige agus a leithéidí ach, em, ó tharla muid ag caint ar béaloideas[90] agus mar sin dó, eh, bheartaigh mé béaloideas agus scéalta beaga a cluineadh ó mo, eh, garthuismitheoirí i Mín an Chladaigh, em, agus ansin cúpla mí ó shin ná bhí mé ag iarraidh sórt stóir a chur le chéile ná tá go leor… tá a fhios agat féin do em.. dó sin ag imeacht, eh, ón chaint agus, eh, ó stair na ndaoine agus cha raibh mé ag iarraidh, eh, go mbeadh sé imithe agus gan na scéalta sin a bheith ag an chéad ghlúin eile agus mar sin de chaith mé lá iomlán leis an bheirt acu ag tógáil nótaí agus seanfhocla[91] agus mar sin dó. Ach bhí sé féin ag insint scéil dom fána óige. Ba bhreá leo caoirigh a bheith acu em… i Mín an Chladaigh, em, eh, thuas ar an chnoc agus cha dtugadh na caoirigh… cha dtagadh síos aníos ar chor ar bith, eh, ón chnoc. Bheadh sé i gcónaí, em, eh, thuas ar an chnoc agus dúirt eh… bhí m’athair mór óg ag an am agus dúirt sé lena athair, eh, lá amháin “Ó,  is iontach nach dtagann siad sin aníos” agus dúirt sé “Ó  ní thiocfaidh siad sin aníos a choíche” agus ansin bhí siad ansin lá amháin ag suí ag ag tábla agus an chéad rud eile chonaic sé scaifte caoirigh[92] ag gabháil síos ag bealach mór agus dúirt sé, dúirt mo sheanathair ,eh, le m’athair “Ó sílim gur sin caoirigh s’againne; caithfidh sé go dtáinig[93] siad aníos ón chnoc agus dúirt sé “Ó” dúirt sé… dúirt sé “Caithfidh sé go bhfuil drochaimsir ar an bhealach nó”, dúirt sé “ ní thiocfadh siad sin anuas ach ab é go raibh drochaimsir ar an bhealach” agus an mhaidin lá anra mháireach[94], bhí sé orlach[95] sneachta acu.

Colm - [20:21]: Ó, anois, anois, anois, so comhartha drochaimsire.

Clíodhna - [20:24]: Bhí a fhios ag na caoirigh go raibh drochaimsir ar an bhealach, agus m’orm[96], iadsan ar an chnoc go mbeadh siad, b’fhéidir, i gcontúirt nó mar sin dó, agus, eh, tháinig siad anuas agus m’orm[97] go raibh bóitheach nó rud éigin acu fána gcoinne agus bhí a fhios acu lá roimh ré go raibh drochaimsir ná go raibh sneachta ar an bhealach.

Colm - [20:41]: But, cha raibh sé soiléir go raibh, but, bhí a fhios acu ar dhóigh íneacht[98] go raibh sé ag teacht.

Clíodhna - [20:45]: Go raibh rud íneacht, ach, cha raibh a fhios acu go cinnte ach em, deir siad sin fá ainmhithe i gcónaí, bíonn siad sórt chun tosaigh orainne agus go mbíonn a fhios acu, eh, b’fhéidir ón ghealach, nó ón ghréin[99] nó ón ghaoth go bhfuil… eh… cén sórt aimsire a bheas ann.

Colm - [21:00]: Is é, tá sin iontach suimiúil anois. Eh, mhothaigh mé féin sin roimhe[100] fosta, em, fá chaoirigh, go…go bhfuil a fhios acu fán aimsir agus mar sin dó agus cad é atá ag teacht. Tá sin iontach suimiúil. Agus ar choinnigh sé mórán caoirigh[101], eh, sin do sheanathair a bhí tú ag caint air, nab[102] é?

Clíodhna- [21:14]: Is é, em, m’orm[103] go raibh, go raibh caoirigh acu agus bhí asal acu, em ach, chaith sé an chuid is mó den am ar an phortach, agus ansin, dar ndóigh, em, ghlac m’athair seilbh air sin ansin nuair a… a bhí m’athair mór a’ gabháil siar i mblianta… agus eh… tá sé deas an traidisiún sin a choinneáil ná tá siad sórt, eh, ag imeacht agus anois níor chaith mé féin lá ar a’ phortach ach, em, ba bhreá le m’athair a bheith thuas achan samhradh, agus eh,  deir sé gur sin an áit is fearr atá ann nádúr a fháil , so em, chaith sé blianta ar an chaorán, ach em tá sé i ndiaidh anois sórt, eh, deireadh a chur leis, ná, deir sé go bhfuil sé iontach trom ar an chorp agus mar sin dó agus nuair atá rudaí eile ag gabháil ar aghaidh agat, em,  dúirt sé go raibh sé níos fearr as é a fhágáil ansin, so

Colm - [22:07]: An mbeadh barúil ar bith aige ó thaobh…tá cuid mhór cainte anois ar athrú aeráide agus mar sin dó, eh, agus tá go… fiú caint b’fhéidir... go gcaithfidh siad, b’fhéidir, déanamh ar shiúl le móin agus mar sin dó leis an timpeallacht a shábháil agus mar sin dó. Agus tá a fhios agam go bhfuil, go bhfuil páirtithe faoi leith cosúil leis an Chomhaontas Glas agus mar sin dó, tá siad i bhfách le, b’fhéidir, níos mó eh… m’orm[104].. níos mó rudaí le... le cuidiú leis an timpeallacht agus tá mé ag déanamh go bhfuil… go bhfuil móin iontach b’fhéidir olc  don timpeallacht, níl sé chomh maith sin don timpeallacht agus don aeráid agus mar sin dó. Eh, an mbeadh barúil ar bith agat féin fá sin agus leithéidí d’athair atá ag brath ar mhóin agus muid féin ar ndóighe. Cad é mar a… cén tionchar a bheas ag[105] sin, eh, ar… ar mhuintir na tuaithe ach go háirithe, a Chlíodhna, má dhéanann siad, má dhéanann siad ar shiúl le móin agus má dhéanann siad ar shiúl leis na.. leis na gnáthchustaim, eh, atá againn féin, eh, cosúil le móin mar shampla.

Clíodhna - [22:56]: Yeah, is cinnte go mbeidh drochthionchar ag[106] sin ar mhuintir na tuaithe ach cha dtiocfadh liomsa mo theach a shamhlú gan móin, gan tine[107] oscailte a bheith againn agus go háirithe le linn, eh, mhíonna an gheimhridh, eh, agus chan amháin, em, sin ach baineann sé leis an dúchas. Baineann sé leis na seantraidisiúin mar a luaigh tú a bhí, eh, insna ceantracha sin, em, leis na bliantaí agus an stair teaghlaigh sin mar, shampla, em, m’athair mór agus ansin m’athair agus bheadh sé thar a bheith, em, brónach sin a fhágáil i do dhiaidh ar mhaithe le rud íneacht fá chúrsaí aeráide, eh, tá go leor rudaí eile ag cur isteach ar chúrsaí timpeallachta agus aeráide ach amháin móin ach, em, baineann sé níos mó leis an dúchas agus leis an traidisiún sin agus, eh, go háirithe do cheantracha[108] tuaithe agus, em, an oiread, m’orm[109], eh, portach… portaigh ansin agus iad ábalta leas a bhaint as agus coinníonn sé daoine, em, gnoitheach[110] i rith an tsamhraidh agus caithfidh tú smaointiú[111] nach raibh a dhath ag gabháil, eh, san am a chuaigh thart ach amháin móin agus cúrsaí iascaireachta agus mar sin dó agus sin an rud a choinnigh ag gabháil iad; sin an teacht isteach a bhí acu agus, em, sílim go bhfuil sé i bhfad níos doimhne ná go díreach go bhfuil sé ag cur isteach ar an timpeallacht.

 

 

[1] ‘domh’ a deirtear tríd síos

[2] ‘duit’ a deirtear

[3] ‘fhéin’ a deirtear tríd síos

[4] ‘da’ a deirtear

[5] ‘de’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[6] ‘a’ deirtear in áit ‘ag’ go minic

[7] ‘dailigh’ a deirtear

[8] ‘cibé’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[9] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[10] ‘dul’ sa chaighdeán Oifigiúil

[11] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[12] ‘furast’ a deirtear tríd síos

[13] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[14] ‘teagaisc’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[15] ‘ ’na bhaile’ a deirtear

[16] ‘Gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[17] Gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[18] ‘dúrt’ a deirtear den chuid is mó

[19] ‘comradaithe’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[20] ‘sa’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[21] ‘san’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[22] ‘teagaisc’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[23] ‘aon nduine’ a deirtear tríd síos.

[24] ‘mura’ sa Chaighdeán Oigifiúil

[25] ‘gur’sa Chaighdeán Oifigiúil

[26] ‘an Chladaigh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[27] ‘trá’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[28] ‘a dtugaimid uirthi’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[29] ‘Ghlaise Chú’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[30] ‘Gaeilg’ a deirtear bunús an ama

[31] ‘fhlúirseach’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[32] ‘teangaidh’ a deirtear bunús an ama

[33] ‘Béarlachais’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[34] ‘nó’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[35] ‘tacaíochta’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[36] ‘thréimhse’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[37] ‘an coláiste’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[38] ‘seala’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[39] ‘bhfilleann’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[40] ‘mór’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[41] ‘déanamh cinnte de’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[42] ‘a mhaireachtáil’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[43] ‘’lena gcuid’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[44] ‘í’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[45] ‘I measc an aosa óig’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[46] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[47] ‘éigin’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[48] ‘a dhíobháil’ a deirtear tríd síos

[49] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[50] ‘nach’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[51] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[52] ‘Sheachtain’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[53] ‘labhart; a deirtear

[54] ‘m’athar’ sa Chaighdeáin Oifigiúil

[55] ‘an bhosca ceoil’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[56] ‘da’ a deirtear

[57] ‘mháthar’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[58] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[59] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[60] ‘gurb’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[61] ‘ceoil’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[62] ‘éigin’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[63] ‘thosaigh’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[64] ‘rangannna ceoil’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[65] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[66] ‘ceantair’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[67] ‘scéalta’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[68] ‘leosan’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[69] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[70] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[71] ‘chomhrá’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[72] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[73] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[74] ‘na bhaile’ deirtear

[75] ‘mhuscail’ a deirtear

[76] ‘bosca ceoil’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[77] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[78] ‘bosca ceoil’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[79] ‘in’ a deirtear

[80] ‘filleadh’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[81] ‘léi’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[82] ‘amhran’ a deirtear

[83] ‘tamalt ’a deirtear

[84] ‘piseog’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[85] ‘i mBríd’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[86] ‘foghlamthaí’ a deirtear

[87] ‘uile’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[88] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[89] ‘bia’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[90] ‘bhéaloideas’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[91] ‘seanfhocal’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[92] ‘scáta caorach’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[93] ‘gur tháinig’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[94] ‘arna mhárach’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[95] ‘sé orlaí’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[96] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[97] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[98] ‘éigin’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[99] ‘ón ghrian’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[100] ‘aroimhe’ a deirtear

[101] ‘caorach’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[102] ‘nach é’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[103] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[104] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[105] ‘aige’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[106] ‘aige’ sin sa Chaighdeán Oifigiúil

[107] ‘tinidh’ a deirtear

[108] ‘ceantair’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[109] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[110] ‘gnaitheach’ a deirtear

[111] ‘smaoineamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil

Clilstore Plain versionTaisce Bheo na nGaelSoillse

Short url:   https://clilstore.eu/cs/9453