Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Alan Titley: An Scíthléitheoireacht

Tá sé feicthe agam san aerfort, tá sé feicthe agam ar an traein, tá sé feicthe agam ag daoine ag siúl na slí. Bheadh sé feicthe agam ar an trá, dá mbeinnse nó aon duine eile ann. Cad a dhéanfaimid feasta gan Harry Potter, mar tá ráite gurb é seo an deireadh. Éacht de chuid na foilsitheoireachta is ea na húrscéalta seo de chuid J.K. Rowling. Sásamh de shórt éigin is ea gur diúltaíodh ar dtús di leis an gcomhairle cháiliúil gur cheart di cloí leis an múinteoireacht. B’iad na léitheoirí óga a scaip an focal, go ciúin i dtosach agus ansin ina rabharta. Léiriú follas eile nach iad na bainisteoirí is fearr fios. Is annamh éileamh chomh fiata a bheith ar leabhar. Cruthúnas é Harry Potter gur caint amú agus brilléis bhaoth an trácht gan dealramh ar bhás an leabhair. Ní bhfaighidh an leabhar bás mar iompraíonn sé scéalta agus iontais agus is iad sin a dheineann daonna sinn. Ní bhfaighidh an leabhar bás mar ní ganntar plugóid ná sreang ná leictreachas chun é a oibriú. Is féidir é a léamh ag an linn snámha, sa leaba, sa leithreas. Dá gceapfaí an leabhar inniu bheadh sé ar an bhfionnachtain is míorúiltí amuigh. Ina choinne sin, don ghnáthphobal is rud nua ar fad é an leabhar. Bhíodh leabhair ann ar feadh cúpla míle bliain, ach leabhair iad do na sagairt, don chléirceacht, don drong dar dual a n-úsáid. Ach b’in mionlucht laistigh de mhionphobal de mhóruaisle, cléir nó tuata. Sibhse atá á léamh seo, má tá sibh fós liom chomh fada seo, is dream pribhléideach sibh. Ní pribhléid de thoisc go bhfuil na focail áirithe seo á léamh, gan amhras, bíodh gur mhaith liom saobhthuairimí samhalta mar sin a thabhairt chun m’aigne ó am go chéile. Is pribhléid é mar ar feadh an chuid is mó ar fad de stair an chine dhaonna ní raibh léamh ná scríobh ag an bhformhór mór mór de na daoine a tháinig, a chuir allas, is a d’imigh. Ní hea amháin nach raibh léamh ná scríobh acu, ach ní raibh a fhios acu léamh agus scríobh a bheith ann. Níor airigh siad pioc i dtaobh an leabhair, ní áirím ceann a léamh ná a láimhseáil. Chuala siad scéalta nach raibh neamhchosúil le héirim scéalta an draíodóra óig (atá ag dul in aois). Scéalta faoin olc agus faoin maith, scéalta nach bhfuil aon deighilt mhór iontu idir an saol crua réadach iarbhír agus an saol eile, bíodh an saol eile sin lastuas dínn le déithe na spéire, nó laistíos i measc na sióg, nó amuigh ansin san aimsir fháistineach, nó istigh ansin inár gcuid taibhrithe agus sníomhadóireachta intinne. Is iad scéalta Harry Potter scéalta Fiannaíochta na linne seo agus níor dheacair teacht ar abhlachas an Tiarna Voldemart agus Dumbledore ar shluaite na Féinne, faoi mar ba scéalta Rúraíochta iad eachtraí Tolkien timpeall ar Gandalf agus ar Galadriel. Oireann an díríocht mhorálta dúinn, agus an eachtra mhór agus an bua a bheith ag an taobh ceart. Chuala buachaill laistiar díom sa phictiúrlann lá agus mearbhall go brách air maidir le cén seasamh 6 a bhí ag na carachtair. ‘Is ea,’ ar seisean lena chompánach, ‘ach cé hé an goodie agus cé hé an baddie?’ Nuair a thosaigh daoine ag léamh go fairsing is scéalta mar iad seo a léigh siad, gan amhras. Is maith le daoine an tsimplíocht. Is maith leo a fhios a bheith acu cé tá leo agus cé tá ina gcoinne. Na húrscéalta ba mhó éileamh, lean siad an fhoirmle chéanna seo, agus d’fhág siad an chastacht meoin agus ilchúiseanna bhun an ghnímh lasmuigh san fhásach. Is iontach go bhfuil oiread daoine amuigh ansin an tseachtain seo ag léamh ar son an phléisiúir amháin. Ní chun an t-am a chur thart, ná an uain a chaitheamh, ach chun pléisiúr amh nochtaithe oscailte gan leithscéal a bhaint as leabhar. Níor chuige sin formhór mór na leabhar a foilsíodh suas go dtí uair éigin sa naoú haois déag sna tíortha a raibh litearthacht iontu. Leabhair teagaisc agus foirceadail ba ea an mhórchuid go dtí sin. Pléisiúr nua de chuid an chine dhaonna é pléisiúr na léitheoireachta. An mó duine a léigh leabhar Gaeilge roimh an bhfichiú haois ar son an taitnimh amháin? Oiread agus aon duine amháin? Agus a mhalairt sin timpeall. An mó leabhar Gaeilge atá ann arbh fhiú iad a dhó? Léigh daoine Séadna agus léadh é os ard go poiblí. Bhí daoine i dTír Chonaill ag fanacht leis an gcéad leabhar eile ó Mháire. Cheannaigh an pobal Duibhneach leabhair lena gcuid údar féin féachaint an raibh siad iontu. Is ann do phobal léitheoirí ach é a aimsiú agus tá foilsitheoirí áirithe ar an mbionda ag iarraidh teacht ar an bhfoirmle cheart. Ach an mó léitheoir a cheannaigh an Harry seo againn féin? Le caoinchead ó The Irish Times agus ón údar.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8872