This is a Clilstore unit. You can .
A Anna, inis dom mar gheall ar an ról atá agatsa in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.
Bhuel, ar dtús, tá mé i mo stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha san Ollscoil, agus chomh maith leis sin, tá mé i mo Leas-Dhéan ar Dhámh na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na Fealsúnachta. Agus tá gné ana-láidir idirnáisiúnta ag baint le do phost mar stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha.
An bhféadfá cúpla focal a rá mar gheall air sin, le do thoil?
Is féidir. Tá muid ag múineadh na dteangacha – tá tuairim is dhá theanga dhéag á múineadh againn faoi láthair anseo. Is dócha go gcaitheann muid leath ár gcuid ama ag obair ar chúrsaí Gaeilge agus ansin an leath eile ag teagasc na dteangacha eile. Maidir leis na cúrsaí Gaeilge tá scrúduithe curtha le chéile againn do dhaoine fásta atá ag tabhairt faoin Ghaeilge agus atá ag iarraidh teastas a bhaint amach ag taispeáint go bhfuil leibhéal áirithe acu sa teanga, agus Teastas Eorpach na Gaeilge an t-ainm atá ar na scrúduithe sin nó ar an teastas sin. Agus tá ionaid bunaithe againn thar lear don teastas sin – ionaid scrúdaithe i bPáras, i bPrág, i Nua-Eabhrac, i Londain, chomh maith le in Éirinn féin. Agus beidh Ionad don Teastas Eorpach againn i mBéising na Síne faoi cheann bliana nó mar sin. Chomh maith leis sin, tá mé ag obair ag déanamh ionadaíochta ar son rialtas na hÉireann sa Bhruiséil ar thogra a bhfuil Surveylang air, atá ag déanamh measúnaithe ar chumas na mballstát sna teangacha iasachta. Agus sílim gur sin é go bunúsach an obair a bhíonn mé ag déanamh thar lear den chuid is mó.
An gceapann tú go bhfuil difríocht ana-mhór idir an dearcadh a fheiceann tú i measc mhuintir na hEorpa maidir leis an luach a bhaineann le teanga agus an dearcadh atá ag muintir na hÉireann?
Sílim go bhfuil. Is dócha gur ceann de na deacrachtaí atá againn, agus is buntáiste é ar ndóigh fosta, ar bhealach, ná go bhfuil an Béarla chomh láidir is atá sé sa tír seo. Is míbhuntáiste atá ann sa mhéid is go gciallaíonn sé go n-éiríonn daoine falsa mar go minic is féidir bualadh le daoine, cineál, ar fud an domhain a bhfuil Béarla acu. Ní hé sin le rá go bhfuil Béarla maith acu nó gur féidir cumarsáid an-mhaith a dhéanamh leo trí Bhéarla, ach mar sin féin is dócha go gceapann daoine mar go bhfuil Béarla acu nach bhfuil gá acu le teangacha ar bith eile. Daoine a thagann as cúlraí difriúla teanga tuigeann siadsan go gcaithfidh tú teangacha iasachta a bheith agat le cumarsáid cheart a dhéanamh le daoine. Agus mar shampla, tá sé cruthaithe anseo sa tír seo go bhfuil muid ag cailleadh oibre agus ag cailleadh tráchtála mar gheall ar nach bhfuil go leor cumas teanga againn. Tá obair déanta ag an Ollamh Deirdre Hunt as Ollscoil Chorcaí, mar shampla, a chruthaíonn nach bhfuil an cumas teanga againn, mar shampla, sa Ghearmáinis, nó sa Spáinnis, nó sa tSínis, is ba chóir a bheith againn.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8841