Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Aindí na hArdteiste

A chara,

Ba mhaith liom gearán a dhéanamh faoi Aindí na hArdteiste. Sílim féin go bhfuil Aindí leisciúil. Ní scríobhann sé alt i Foinse gach seachtain. Tagann sé agus imíonn sé ar nós na gaoithe, ar luas lasrach. Bhí mé ar deargbhuile, chomh crosta le mála easóg agus feargach nuair nach raibh colún Aindí sa nuachtán arís an tseachtain seo caite. Ar dtús ba chóir dom mé féin a chur in iúl. Is mise Aisling agus táim cúig bliana déag d’aois. Tá cúigear i mo theaghlach – m’athair, mo mháthair, mo bheirt deirfiúracha, Siobhán agus Póilín agus mé féin. Is í Siobhán an duine is óige, tá sí ceithre bliana d’aois. Tá mé i mo chónaí i Mainistir Bhuithe, Co. Lú. Is í fadhb na dífhostaíochta ceann de na fadhbanna is mó i gCo. Lú. Sílim féin go mbeidh Aindí féin dífhostaithe go luath muna ndéanann sé a chuid oibre. Ach b’fhéidir go bhfuil Aindí faoi strus nó faoi bhrú uafásach nó spíonta caite agus é ag staidéar le haghaidh scrúduithe praiticiúla na hArdteiste. Cinnte déanann rás na bpointí dochar mór don intinn agus don gcorp. Cuirtear brú ar dhaltaí agus uaireanta tosaíonn siad ag ól. Is fadhb mhór í fadhb an óil sa tír seo agus tá an fhadhb seo ag dul in olcas. Feictear páistí chomh hóg le deich mbliana d’aois agus cannaí beorach ina seilbh i bpáirceanna poiblí agus iad ag slogadh astu. Bhuel tá súil agam nach bhfuil Aindí tar éis an trá sin a fhreastal. Inis dom do chuideachta agus inseoidh mise duit cé thú féin. Is é mo thuairimse nó dar liom féin nó is é mo thuairim phearsanta muna mbíonn Aindí ar ais go luath go mbeidh orm féin an colún a scríobh.  Aithníonn ciaróg ciaróg eile!

Le meas,

Aisling Nic an Ríogh, Baile na Páirce, Mainistir Bhuithe, Co. Lú.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8840