Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Triail Chluastuisceana

User 215884232 · IRS148.Cluastuiscint

Bríd: An bhfuil suim agat sa ríomhaireacht a Oisín?

Oisín: Tá cinnte, tá sé iontach praiticiúil dom. Tá mo dhaidí ag obair thar lear agus is féidir liom labhairt leis ar-líne.

Bríd: Tuigim.

 Is mór an trua nach dtuigeann mo mhamaí. Níl sí sásta ar chor ar bith.

Bríd: Cad chuige?

Deir sí go gcaithim barraíocht ama ar an ríomhaire. Caithim a lán airgid ar chluichí ríomhaire agus is maith liom iad a imirt i ndiaidh na scoile. 

Bríd: An bhfuil scileanna maithe ríomhaireachta ag do mháthair?

Níl. Is féidir léi rudaí simplí a dhéanamh, ach ba mhaith léi níos mó scileanna a fhoghlaim.  Dúirt mé léi dul chuig ranganna.

Bríd: Bíonn ranganna ríomhaireachta ar siúl san ionad pobail gach oíche Mháirt.

Tá sé sin ar fheabhas. Sílim go bhfuil scileanna ríomhaireachta úsáideach ag gach duine. 

Bríd: Aontaím leat.

 

Ruairí: A Nuala, cad é a tharla duit?

Nuala: Thit mé ag deireadh na seachtaine agus ghortaigh mé mo ghualainn.

Ruairí: An bhfuil sí briste?

Nuala: Níl sí briste ach tá sí iontach nimhneach.

Ruairí: Cad é a tharla?

Nuala: Thit mé nuair a bhí mé féin agus mo thuismitheoirí amuigh sna sléibhte Dé Sathairn. Thosaigh sé ag cur fearthainne agus d’éirigh an talamh fliuch. Ní raibh bróga maithe orm agus an chéad rud eile thit mé.

Ruairí: Ar bhuail tú do cheann?

Nuala: Níor bhuail, buíochas le Dia. Bhí carraig mhór ina luí ar an talamh romham agus nuair a thit mé bhuail mé mo ghualainn ar an charraig. Bhí mé i bpian ach bhí mé in ann siúl. 

Ruairí: Cad é mar atá tú anois?

Nuala: Tá biseach ag teacht orm ach níl mé ar ais ar scoil go fóill.

Ruairí: Cad é a rinne do thuismitheoirí nuair a thit tú?

Nuala: Thosaigh siad ag argóint.

 

Clilstore CeisteannaCeisteanna + Freagraí

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8839