Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Ilchultúrachas agus Ilteangachas

Alex Hijmans

An ceithre theanga atá agam ar mo thoil ná an Ollainnis (sin í mo theanga dhúchais), an Béarla, an Ghaeilge agus ansin an Phortaingéilis – agus sin an t-ord inar fhoghlaim mé iad. Agus d’fhoghlaim mé gach ceann acu ar bhealach difriúil – ar ndóigh tá Ollainnis agam ón gcliabhán. So d’fhoghlaim mé í sin agus mé i mo pháiste. Thosaigh mé ag foghlaim Béarla nuair a bhí mé b’fhéidir aon bhliain déag d’aois – sa bhliain dheireanach den bhunscoil thosaigh siad ag múineadh rud beag Béarla dúinn ach thosaigh mé ar na ceachtanna Béarla i gceart sa mheánscoil. Anois níl oiread difir idir an Ísiltíris agus an Béarla – bheadh siad níos gaire dá chéile ná an Ghaeilge agus an Béarla, mar shampla. So bhí sé sin éasca go leor agus cuid mhór de na cláracha teilifíse san Ísiltír is cláracha i mBéarla iad – as Sasana, as Meiriceá – agus cuirtear fotheidil ar na cláracha seachas athghuthú a dhéanamh orthu. Agus ceapaim go gcuidíonn sé sin go mór leis an rath is dócha a bhíonn ar mhuintir na hÍsiltíre ag foghlaim Béarla.

 

Ó thaobh na Gaeilge de rinne mé go leor féinstaidéir leis an nGaeilge ach d’úsáid leabharthaí gramadaí – rinne mé roinnt mhaith cúrsaí samhraidh. Ach d’fhoghlaim mé go leor Gaeilge freisin ó chairde. Nuair a bhog mé go Gaillimh an chéad lá riamh i ’95 bhí an t-ádh orm gur tugadh áit dom i mbloc na Gaeilge – sin áit ar champas Ollscoil na Gaillimhe. Níl a fhios agam an bhfuil sé ann a thuilleadh ach bhí daoine gur spéis leo an Ghaeilge ina gcónaí le chéile agus bhí an t-ádh liomsa go bhfuair mé seomra i gceann de na hárasáin seo agus d’fhoghlaim mé go leor Gaeilge ó na daoine a bhí sa teach liom. Anois an Phortaingéilis – bhí mé b’fhéidir...bhí mé os cionn tríocha is dócha nuair a thosaigh mé á foghlaim i gceart agus ní dhearna mé aon chúrsa oifigiúil Portaingéilise riamh. Agus is dócha, b’in an dóigh, b’in an difear ba mhó idir an chaoi gur fhoghlaim mé na teangacha éagsúla. D’fhoghlaim mé mo chuid Portaingéilise ar fad, nach mór, ó bheith ag caint agus ag éisteacht le muintir na háite. Tá canúint láidir go leor den réigiún Bahia agam agus mé ag labhairt i bPortaingéilis. Anois tá mé in ann í a scríobh agus a léamh mar léim na nuachtáin agus táim in ann...abair... teachtaireacht shimplí ríomhphoist a chur ach ní bheinn ag scríobh aon altanna i bPortaingéilis mar a dhéanaim i nGaeilge, i mBéarla agus in Ísiltíris. Ach tá mé in ann comhrá a bheith agam faoi rud ar bith. Ach bhí sé tábhachtach dom leis an bPortaingéilis go dtugfainn caint na ndaoine liom in ionad caint na leabhar agus na nuachtán mar shíl mé...thug mé faoi deara go bhfuil difear an-mhór idir an Phortaingéilis oifigiúil scríofa agus teanga na ndaoine agus nach seasfadh i ndáiríre...nach ndéanfadh an teanga oifigiúil cúis mar gheall nach í an teanga choitianta a labhraítear. So shocraigh mé cineál neamhairde a dhéanamh di ar bhealach. Céard a chiallaíonn sé dom go bhfuil an ceithre theanga ar mo thoil agam? Is dócha go gciallaíonn sé go bhfuil ceithre leagan díom féin ann. Nó ceithre bhealach chun mé féin a chur in iúl.

Mothaím, mar shampla, má labhraím...má labhraím i mBéarla nó i nGaeilge – sin an dá theanga ina raibh mé ag obair mar thuairisceoir teilifíse, mar iriseoir, go bhfuil níos mó údaráis ag baint le mo ghlór. Labhraím an Ghaeilge agus an Béarla ar bhealach iomlán difriúil ón mbealach ina labhraím Portaingéilis. Mar nuair a labhraím Portaingéilis níl an t-údarás sin ag baint le mo ghlór ná le mo phearsantacht. Táim níos cosúla le gnáthdhuine agus chomh maith leis sin, in Ísiltíris ceapaim má labhraím Ísiltíris gur cosúla mé le gnáthdhuine ar bhealach. Baineann sé sin is dócha le nach raibh post agam in Ísiltíris nó san Ísiltír riamh ar an leibhéal ag a raibh mé ag obair nuair a bhí cónaí orm in Éirinn.

Agus is dócha go bhféadfaí a rá gur leaganacha éagsúla de mo phearsantacht a thagann amach sna teangacha éagsúla. So braitheann sé...fágann sé sin gur duine ilchultúrtha mé ach tá mé sásta faoi sin, go bhfuil mé in ann...go bhfuil fuinneog agam ar cheithre chultúr an-éagsúil agus go bhfuil mé in ann cuid den saibhreas cultúrtha sin a thógáil isteach i mo shaol féin, i mo phearsantacht féin.

Clilstore Blag Alex Hijmans

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8827