Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Slán Aodha Rua (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Slán Aodha Rua

Slán Aodha Rua

 

I ndiaidh bhriseadh Chionn tSaile, d'imigh Aodh Rua ó Dónaill i gceartlár an gheimhridh chun na Spáinne a dh'iarraidh cuidithe ar Rí Pilib, agus ba seo na focail a dúirt sé nuair a bhí sé ag fágáil slán ag Éirinn:-

"Tá an seol ag bagar, tá na téada á scaoileadh, tá an long ag bogadaigh agus beidh tonn chórach linn gan mhoill. Mo bheannacht agat, a Éire: a oileáin naofa, a oileáin na gcraobh nglas agus na ngarbhchnoc. Mo bheannacht ag do chnoic agus ag do shléibhte, ag do bhánta úra agus ag d'airde glórmhara. Mo bheannacht ag do choillte agus ag do ghleannta.

"Faraor! Ó Fhanaid go Bearbha, ó Bhinn Éadair go Gaillimh, níl brí ná cabhail ionat. Níl slua le do chosnamh (1:00) ar an hamhais allúrtha atá ar tí do scrios agus do stialladh óna chéile. Tá an lá le Carew agus le Mountjoy, le gliceas agus le láimh láidir.

"Ní fada a sheasfas na Spáinnigh i gCionn tSáile. ls baolach go mbuailfear buille tubaisteach orthu, agus ansin beidh Mountjoy ró-ullamh lena chuid airm a thiontú ar Thír Chonaill agus ar Thír Eoghain.

"Chan gan briseadh croí a smaoiním i m'aigne ar thuras na n-allúrach go Cúige Uladh. Beidh plá is gorta ina lorg. Beidh uaill ban is leanbh ann, ag screadaigh le pian is le dochar ina ndiaidh. Is fada ó bhaile a bheas mise agus mo chuid tithe á leagan, ag smaoineainh ar mo mhuintir a sheas liom i ngach cruatan agus a dhoirt a gcuid fola go foighdeach ar mo shon. Beidh siad á ruaigeadh i measc na gcnoc uaigneach nó ar farraigí fuara (2:00), an méid acu nach dtiteann le tóir is treascair faoi chlaimhte na n-eachtrannach.

"Tchím cheana féin díle fola ag leathnú ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, ó Bhaile Átha Cliath go Fánaid, ag bailiú gach ní roimpi, ag briseadh ina tuilte dearga isteach ar chlár leathan Néill, ag éirí ina cnoic thar mhullach na ndaoine, ag reabadh agus ag briseadh i gcathracha na n-aingeal. Ó, nach craosach an taoide í, más í fuil na ndaoine atá ag leathnú mar seo os coinne mo shúl!

"Amharc arís an tine úd a bhfuil an bladhaire mór uirthi, atá ag síor-rith thar ghoirt agus gharranta, ag dó an arbhair agus ag déanamh luaithrigh den tír go léir. Ó, a dhaoine, is é méid bhur ndóláis a bhreos mo chroí. Amharc na fir óga chalma atá traoite le hocras (3:00), ag titim ar thaobh na mbóithre: na mná agus na páistí laga atá ag screadaigh le hanghuais agus le pian, gan duine lena gcosnamh nó le díoltas a imirt ar na hamhais atá á maslú is á ngortú.

"A Dhia na bhfeart, an bhfuil aon leigheas ar an bhreoiteacht seo atá ar mo thír dhúchais? Níl rí cumhachtach na Spáinne chomh truamhéileach sin nach n-éisteann sé le mo scéal agus nach dtugann sé cuidiú dom i m'anbhuain. Creidfidh sé go bhfuil mé dáiríre, ar tí cogadh a chur ar bun arís go lánmhisniúil gan beann ar chumann na Sasanach. Tiocfaidh me ón Spáinn le fiche míle fear calma, lánoilte i gcleasa na treise, le loingeas Ián de lón is d'airm ar bharr na dtonn. Seolfad go Loch Súilí, mo bhratach ag gluaiseacht (4:00) le gaoth, na píoba ag séideadh agus ag broslú mo dhaoine chun coimheascair.

"Beidh na cnoic ó Fhánaid go hArd Mhacha trí thine. Ní bheidh fear ná buachaill i dTír Chonaill, ná fosta i dTír Eoghain, nach rithfidh i m'araicis, nach seasfaidh i mo threasa go neamheaglach agus go dána. Beidh seilg ag síorbhascadh ar na scriosadóirí. Ní díon dóibh aill ná cnoc na daingean. Cluinfear a liú ag dul trasna na gcnoc, agus is róbheag an trua a bheas don liú sin.

Glanfar an treibh bhradach, a mbaineann leo agus ar thaobhaigh leo, go huile le faobhar agus le tine as Béal Átha Seanaigh, as Dún na nGall, as Dún Geanainn agus as Ard Mhacha. Amach leis na bodaigh chiardhubha chruptha ar an fharraige fhiáin fhuar-fhairsing. Rachaidh tóir agus loscadh ina ndiaidh agus beidh Éire bhocht chráite (5:00) réidh feasta leis an cháin sin.

"Ach cad é seo a deirim? Níl sé i ndán dom pilleadh ón Spáinn. Tá tubaiste de mo chóir agus tá mo chroí á tuar dom. Tchím romham slaoda de gharbhcheo ag cumhdach na spéire i mo thimpeall agus ag socrú anuas ar an fharraige an bealach a bhfuil agam le dul ann. Amharc na dúscamaill úd gan splanc tríothu, gan bhriseadh gan mhionú. Tá rud éigin a rá i mo chroí gurbh é tuar mo bháis sa Spáinn é agus níl a fhios agam cad chuige.

"Tá na Sasanaigh róghlic, rómhioscaiseach, róbhréagach agam. Gheobhaidh siad ar airgead croí le feall a dhéanamh orm agus lámh le mo scornach a ghearradh. B'fhéidir go bhfuil anois sa long seo Béarlach éigin (6:00), gan eagla air roimh Dhia ná dhuine, ar tí mo mharú. Samhlaítear dom nach bhfeicim go deo arís mo thalamh dúchais, nach bhfeicim Dún Geanainn ná Doire Cholm Cille, ná Fánaid, ná Suibhneach.

"Tá ceo dubh dorcha ag leathnú ar mo radharc. Ní fheicim trá ná cnoic, ná bailte. Ach cibé scéala a thiocfas, fágaim mo chúig chéad slán agat, a Éire úr, a bhorboileán na nduilliúr síorghlas agus na srutháin geala ceolmhara, a oileán na bhfear calma agus na mban náireach. Slán fada fonnmhar agat agus nuair a bheas mise i mo thámhchodladh i bhfad ó do ghlasucht i dtír choimhthíoch, go dtige séan agus sonas agus rath i ndiaidh gach géarchatha ort nach scarann leat go bráth na breithe".

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8812