Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Seán na Luaithe Buí (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Seán na Luaithe Buí

Seán na Luaithe Buí (lnsint eile ar an tseanscéal faoi mhac Ghruagaigh an Ghaiste, iníon Rí Gréag, agus an Crochaire Tarnocht.)

 

Bhí sin ann, más fada ó bhí. Bhí baintreach mhná ina cónaí sa tír seo agus ní raibh aici ach aon mhac amhain. Seán ab ainm dó. Ní dhearna sé faic riamh ach ina luí sa luaith, agus bhaist na daoine Seán na Luaithe Buí mar leasainm air.

Aon lá amháin dúirt a mháthair leis go raibh sé ina fhear mhór anois agus nár chuir sé a lámh in obair ar bith riamh go fóill, go raibh an teach gan chumhdach agus an tine ag dul as -má b'fhiúntach le rá é - agus eisean ina luí sa luaith.

D'éirigh Seán ina sheasamh agus chuaigh amach ar an doras. Nuair a bhí sé taobh amuigh den teach, chroith sé é féin. Chumhdaigh sé seacht n-acra roimhe, seacht n-acra ina dhiaidh agus seacht n-acra ar gach taobh de (1:00) leis an luaith a chuir sé as a cheirteach.

Bhain sé an garraí amach agus níor fhág sé sop cocháin ann nár thug sé leis in aon ualach amháin. Rinne an cochán díon don teach ar feadh seacht mbliain. Ansin chuaigh sé chun an phortaigh agus thug leis a oiread móna d'aon ultach is a choinnigh tine leis an teach ar feadh cúig mbliain. Ansin d'iarr sé ar a mháthair lón a dhéanamh réidh dó, go raibh sé ag imeacht a sheiftiú a fhortúin.

D'fhuin a mháthair dhá thoirtín, ceann beag agus ceann mór, agus d'fhiafraigh sí cé acu ab fhearr leis an toirtfn beag agus a beannacht nó an toirtín mór agus a mallacht. Dúirt sé go mb'fhearr leis an toirtín beag agus a beannacht, agus bhí sí ag cur beannacht leis go ndeachaigh seas a hamharc.

Níorbh fhada a chuaigh sé gur casadh ag ceárta é chois an bhealaigh mhóir. Chuaigh sé isteach agus d'iarr ar an ghabha claíomh a dhéanamh dó (2:00). Fuair sé an claíomh agus d'imigh sé leis.

Níorbh fhada eile a chuaigh sé go bhfaca sé bualtrach bó agus cúig chéad cuileog ina luí air. Tharraing sé bos an chlaímh orthu agus mharaigh sé an t-iomlán den bhuille sin. Ansin phill sé ar an cheárta agus d'iarr ar an ghabha a scríobh ar an chlaíomh gur mharaigh sé cúig chéad le aon bhuille amháin.

Shiúil sé leis ina dhiaidh sin gur casadh fear air. D'fhiafraigh an fear de cá raibh a thriall agus dúirt Seán go raibh sé ag cuardach oibre.

"Is maith mar a tharla," arsa an fear. "Tá mise ar lorg buachalla."

Rí a bhí san fhear seo. Rinne sé Seán a fhostú ar feadh bliana agus thug leis chun an bhaile é. An lá arna mhárach chuir sé amach a bhuachailleacht é agus d'iarr air gan aon cheann den eallach a ligean thar an chríoch, nó go raibh fathaigh sa chaisleán taobh thall di agus nach raibh acmhainn acu (3:00) beathach ceathairchosach a theacht dá gcóir.

Níor thug Seán aird ar an rí ach Iig sé cead a gcinn leis an eallach. Bhí a shliocht air, níorbh fhada go bhfaca sé fathach mór gránna a tarraingt air.

"Fúit, fúit, feasóg!" arsa an fathach. "Mothaím boladh an Éireannaigh bhradaigh bhréagaigh. Is mór liom i ngreim thú agus is beag liom i ndá ghreim thú, agus dá mbíodh gráinnín salainn agam, d'íosfainn in aon ghreim thú."

"Scread mhaidine ort, a ghogarlaigh ghránna!" arsa Seán.

"Mharaigh mise cúig chéad le aon bhuile amháin, agus maróidh mé thusa fosta."

"Cé acu is fearr leat," arsa an fathach, "sceana géara geala in easnacha a chéile nó coraíocht ar leacacha dearga?"

"Is fearr liom coraíocht ar leacacha dearga," arsa Seán, "an áit a mbeidh do chosa móra gránna ag dul in íochtar agus mo chosa beaga míne ag dul in uachtar."

Thosaigh an bheirt a choraíocht, aníos agus anuas, anonn agus anall (4:00) go ndearna siad bogán den chreagán agus creagán den bhogán, tobar glan fíoruisce i lár na gcloch glas, agus dá dtaradh éan beag ó iochtar an domhain go huachtar an domhain an uair sin gur a dhéanamh amhairc aoire agus iontais ar Sheán agus ar an fhathach mhór a thiocfadh sé. Bhí siad mar sin go raibh an neoin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag gearú agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul ar scáth dídine agus foscaidh. Ansin chuimhnigh Seán go mbeadh imní ar an rí cionn is nach raibh sé ag pilleadh leis an eallach. Thug sé teannadh amháin ar easnacha an fhathaigh agus chuir go na rúitíní sa talamh é. Ar an dara teannadh chuir sé go dtí na glúine é, agus ar an tríú teannadh go dtí na hascaillí

"Fóill! Fóill! Is an gaiscíoch is fearr a casadh riamh orm," arsa an fathach. Má ligeann tú mo cheann liom, bhéarfaidh mé m'each caol dubh, mo chlaíomh solais agus mo chulaith ghaiscígh duit." (5:00)

"I ndiaidh do lae is liom uilig iad," arsa Seán. "Tá buille claímh le bualadh anois agam, agus cén crann sa choill a mbuailfidh mé air é?"

"Buail do bhuille ar an chrann is míofaire a tchí tú," arsa an fathach.

"Sin tú féin," arsa Seán.

Tharraing sé an claíomh i mbac a mhuiníl ar an fhathach agus chuir sé a cheann ag feadalaigh seacht bpéirse sa spéir. Thug an ceann iarraidh dul ar an cholainn arís, ach bhuail Seán an dara buille air agus chuir an cosán céanna é.

''Níor bhac duit!" arsa an ceann. "Dá mbeinnse ar an cholainn arís, ní bhainfeadh Feara Fáil anuas mé."

"Bhí a fhios agam féin sin," arsa Seán. "Ach tá tú lá mall anois."

Thiomáin sé an t-eallach chun an bhaile agus bhain a leaba amach, agus bhí a chodladh tuillte aige. Ba ghnách leis na fathaigh trí feada a dhéanamh gach uile oíche, agus níor chuala an rí an oíche seo ach dhá fhead. Chuir sin iontas air, ach níor inis Seán gur mharaigh sé féin duine acu (6:00). Ar maidin lig sé amach an t-eallach arís agus thug cead a gcinn dóibh.

Níorbh fhada gur tháinig fathach chuige a bhí dhá uair chomh mór leis an chéad fhathach. Chuir siad an forrán céanna ar a chéile agus chuaigh a choraíocht. Nuair a bhí an neoin bheag agus deireadh an lae ann agus éanacha na coille craobhaí ag dul ar scáth dídine agus foscaidh, tháinig spideog agus Iuigh sí ar ghualainn Sheáin.

"A Sheáin, a chladhaire, ná fágtar leis an fhathach mhór thú," ar sise. "Má fhágtar, is í leaba do mháthar anocht slodán na ngéanna."

Chuir seo fearg ar Sheán. Ar an chéad fháscadh a thug sé don fhathach chuir sé go dtí an dá ghlúin sa talamh é, ar an dara fascadh go dtí an básta agus ar an tríú fáscadh go húll na scornaí.

"Fóill! Fóill! Ná bain an ceann díom," arsa an fathach. "Tá dhá chófra agam laá óir bhuí agus bhéarfaidh mé duit iad."(7:00)

"I ndiaidh do lae is liom uilig iad," arsa Seán.

Tharraing sé an claíomh i mbac a mhuiníl ar an fhathach agus chuir sé a cheann naoi n-iomaire agus naoi n-eitre óna cholainn. Ansin chuaigh sé de léim eatarthu agus níor lig don cheann teacht ar ais ar an cholainn.

Thiomáin sé an t-eallach chun an bhaile agus bhain a leaba amach, agus a chodladh tuillte aige. Níor chuala an rí ach aon fhead amháin an oíche seo agus bhí iontas mór air.

Ar maidin scaoil Seán amach an t-eallach mar ba ghnách leis agus thug cead a gcinn dóibh. Níorbh fhada gur tháinig fathach chuige ba mhó agus ba ghráice ná ceachtar de na fathaigh eile. Bhí siad ag coraíocht go raibh an neoin bheag agus deireadh an lae ann, agus ansin smaoinigh Seán nach mbeadh sé ag leamhaireacht leis níb fhaide. Thóg sé a mhisneach i mbeannán a chléibh agus ar an chéad fháscadh a thug sé don fhathach níor fhág sé aon easna ina chorp gan briseadh (8:00). Tharraing sé a chlaíomh agus chaith an ceann de agus bhí an lá leis.

Thiomáin sé an t-eallach chun an bhaile, agus ní raibh ann ach go raibh sé sínte ar a leaba nuair a bhí sé ina chnap chodlata. An oíche sin níor chuala an rí fead ar bith, agus níor mhothaigh sé na fathaigh ón lá sin amach.

An lá arna mhárach thug Seán faoi deara go raibh smúid ar an rí. D'fhiafraigh sé de cad é bhí air. Dúirt an rí go raibh ollphéist le teacht i dtír an lá sin agus go gcaithfeadh sé a iníon a thabhairt di le hithe. Níor lig Seán air féin go raibh mórán suime aige sa scéal. Chuaigh sé amach a bhuachailleacht, thug cead a gcinn don eallach agus d'imigh leis go raibh sé ag caisleán na bhfathach.

Chomh Iuath is a dhall sé an doras i gcaisleán na bhfathach d'éirigh cat mór ón teallach ina araicis. Bhí achan ribe fionnaidh dá raibh ar an chat sin trí slata ar fad. D'éirigh cailleach (9:00) ina dhiaidh a raibh achan fhiacail aici seacht slata ar fad agus ní raibh a cuid iongan a dhath níba lú. Thosaigh siad ar Sheán agus thosaigh Seán orthu. Níor fhág siad aon bhall ó mhullach a chinn go bonn a choise nár stiall siad agus nár stróic siad, ach fá dheireadh fuair sé buille le barr a bhróige ar an chailleach agus chuir sé in airde ins na creataí í. Ar theacht anuas di, thit sí ar an chat agus leathnaigh sí é go raibh sé chomh leathan le toirtín.

Thug Seán leis an chulaith ghaiscígh agus an claíomh solais a gheall an chéad fhathach dó, chuaigh a mharcaíocht ar an each chaol dubh agus níor stad go raibh sé ag bruach na farraige, Bhí iníon an rí ina suí ansin ag fuireacht leis an ollphéist teacht, agus bhí an ríocht uilig ina seasamh thart ag coimheád uirthi. Chuaigh Seán a fhad léi agus chuir forrán i gcomhrá chiúin uirthi.

"Anois," ar seisean, "lig dom néal a chodladh i d'ucht (10:00) agus nuair a tchífeas tú an phéist ag teacht, múscail mé."

Nuair a fuair an bhean óg Seán ina chodladh ghearr sí dlaoi dena chuid gruaige agus chuir ina brollach í. Níorbh fhada go bhfaca sí an ollphéist ag teacht agus mhúscail sí é. D'amharc sé uaidh go fiata feargach, bhí de léim ina sheasamh agus casadh an ollphéist i mbéal na trá air ag teacht i dtír di.

Chuaigh an dís le chéile agus bhí siad ag troid gur tháinig an oíche ach ní bhfuair ceachtar acu an bua. Dar leis an ollpheist go mbeadh lá eile ann.

Chuaigh Seán go caisleán na bhfathach, bhain an chulaith ghaiscígh de, chroch suas an claíomh solais, chuir an t-each caol dubh ar stábla agus thiomáin a chuid eallaigh chun an bhaile.

Bhí lúcháir mhór ar an rí nár cailleadh a iníon. D'inis sé do Sheán gur tháinig gaiscíoch óg a cosnamh agus gur sháraigh sé an ollphéist an lá sin. Níor lig Seán dada air, ach rinne a shuipéar (11:00) agus bhain a leaba amach.

Ar maidin scaoil sé amach an t-eallach, thug cead a gcinn dóibh, chuaigh go caisleán na bhfathach, chuir air an chulaith ghaiscígh, thug leis an claíomh solais, chuaigh a mharcaíocht ar an each chaol dubh agus níor stad go raibh sé ag bruach na farraige. Bhí iníon an rí ansin roimhe agus lig sí dó néal a chodladh ina hucht. Mhúscail sí é nuair a chonaic sí an ollphéist ag teacht.

D'amharc sé uaidh go fiata feargach, thug léim ina sheasamh agus casadh an ollphéist air i mbéal na trá ag teacht i dtír di. Throid siad gur tháinig an oíche ach ní bhfuair ceachtar acu an bua, agus dar leis an ollphéist go mbeadh lá eile ann. Chuaigh Seán go caisleán na bhfathach, bhain an chulaith ghaiscígh de, chroch suas an claíomh solais, chuir an t-each caol dubh ar stábla agus thiomáin a chuid eallaigh chun an bhaile.

Bhí dhá lúcháir ar an rí nuair a chonaic sé go raibh a iníon cosnaithe an dara lá (12:00). Níor lig Seán dada air ach a shuipéar a dhéanamh agus a leaba a bhaint amach. D'éirigh sé go luath an tríú lá, lig an t-eallach ar féarach, ghléas é féin mar a rinne sé an dá lá eile, chuaigh go bruach na farraige agus chodail néal in ucht na mná óige gur tháinig an ollphéist. D'éirigh sé ina sheasamh go fiata feargach, chuaigh go béal na trá ina haraicis agus mharaigh sé í leis an chlaíomh solais. Ghearr sé an teanga as a ceann agus thug leis í.

Ní raibh insint ar áthas an rí nuair a chonaic sé go raibh a iníon saor ar an ollphéist. Rinne sé féasta a mhair seacht lá agus seacht n-oíche. Thug cuireadh do mhaithe agus do mhóruaisle na ríochta agus dúirt sé cé ar bith fear a thiocfadh agus teanga na hollphéiste leis do dtabharfadh sé an iníon le pósadh dó.

Ní raibh aon ghaiscíoch sa tír nár tháinig agus teanga mhairt leis. Ach (13:00) dúirt iníon an rí go raibh comhartha aici féin ar an fhear a mharaigh an ollphéist agus nach bpósfadh sí ach an fear a bhfóirfeadh an comhartha sin dó. Tháinig siad uilig ina láthair ach ní raibh bearna ghruaige i gceann aon duine acu.

Ansin smaoinigh an rí gur thug sé cuireadh do gach uile fhear sa ríocht ach a bhuachaill bó féin agus go ndearna sé dearmad airsean. Chuir sé teachtaire fá choinne Sheáin, agus nuair a chonaic an iníon é, d'aithin sí gurbh é a shábháil a beo.

Thug sí amach dlaoi na gruaige agus leag i dtaobh a chinn í agus d'fhóir sí sa bhearna.

Thug Seán amach teanga na hollphéiste agus thaispeáin don rí í. Ansin d'inis sé do lucht na coirme cad é mar a mharaigh sé na trí fathaigh agus an chailleach agus an cat.

"Agus ba mheasa an chailleach na an t-iomlán," ar seisean, "ach b'fhiú mo shaothar uilig é, nó is liom féin caisleán na bhfathach (14:00) agus a saibhreas as seo amach."

Pósadh an lánúin agus rinne siad bainis a mhair lá agus bliain. Bhí mise ar an bhainis mar dhuine, agus d'ól muid agus cheol muid agus dhamhsaigh muid agus bhí muid ar ár sáimhín suilt. Nuair a bhí an bhainis thart thug muid uilig iarraidh ar an bhaile. Chuaigh siadsan an t-áth agus mise an clochán. Bádh iadsan agus tháinig mise.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8809