Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Gobán Saor (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Gobán Saor

Gobán Saor

 

Bhí sé canta gurbh é Gobán Saor an foirgeantóir ab fhearr ar an domhan. Ba mhór an gháir a bhí leis, ach má théid sé amach ar dhuine a bheith ina mhochóirí mhaith, níl dochar dó codladh go headra. Mar sin féin, is cosúil go raibh lámh ar leith ar an obair aige, nó ní raibh aon áit ar fud na ríochtaí nár cuireadh fána choinne gur thóg sé teach mór nó caisleán inti.

I dtús a shaoil bhí sé i gcónaí ag saothrú agus ag cur i dtaisce, mar nach raibh de chúram air ach é féin. Ach fá dheireadh tharraing sé air bean. Agus leoga, b'fhurasta dó sin, nó bhí siad ag briseadh na gcos ina dhiaidh. Bhí taobh tíre de thalamh aige, foirgneamh mór títhe agus sparán fada airgid. Bhí sé ina shuí go te.

Nuair a bhí aon duine amháin de theaghlach acu, (1:00) fuair a bhean bás. Fágadh é féin agus an dílleachta gasúir fán mhuineál ar a chéile. Chuir sé ar oiliúin é ar feadh cúig mbliain, agus i gceann an ama sin thug sé leis chuige féin é.

Ní raibh aon áit dá dtéadh Gobán Saor ina dhiaidh sin nach mbíodh an gasúr leis - fliuch, fuar an lá. ls iomaí duine a d'eiligh air fán draoidín sin a bheith amuigh faoin aimsir aige i ndúlaíocht an gheimhridh, ach is é an freagra a bheireadh se orthu gur namhaid an cheird gan a foghlaim.

Bhí a shliocht ar an ghasúr. Nuair a tháinig ann dó, chuaigh sé féin a leagan cloch i gcuideachta an athar. Nuair a tháinig sé i mbun a mhéide bhí go leor a deireadh go raibh sé tiubh ag an athair ag saoirsineacht. Ach níorbh fhíor sin; bhí rún na ceirde ag Gobán Saor, rud nach raibh ag a mhac. (2:00)

D'oibir an bheirt as láimh a chéile ar feadh fada buan, ag éirí ar maidin agus ag déanamh réidh greim bia sula dtéadh siad i gceann a lae oibre, ag teacht chun an bhaile le coim na hoíche agus teach fuar folamh rompu, tine le deargadh acu, a gcuid a dhéanamh réidh agus a mbratóga éadaigh le ní. Bhí siad anásta go leor, do bheirt mar iad a bhí neamhairchiseach agus a raibh gléas orthu a seacht sáith a chaitheamh.

Fá dheireadh, dálta an tsaoil, bhuail galar na mban an fear óg. Aon oíche amháin bhí sé féin agus a athair ina suí de chois na tine go tostach, mar ba ghnách leo i ndiaidh a lae oibre, ar seisean:

"Tchítear dom, a athair, go bhfuil drochdhóigh orainn."

"Cad chuige a n-abair tú sin, a mhic?" arsa an t-athair.

"Teach bocht teach gan bhean," arsa an mac. "Cad é an mhaith dúinn airgead a bheith againn (3:00) nuair nach bhfuil só againn? Táimid ag giollacht orainn féin maidin agus tráthnóna, ag teacht chun an bhaile san oíche fliuch, fuar, tuirseach, ocrach, gan chomh beag le beo tine romhainn, agus nár mhaith ár margadh bean a bheith againn a mbeadh teach téagrach aici fánár gcoinne?"

"Ná bíodh sé le rá, a mhic, gur choinnigh mise cúl ar do chleamhnas," arsa an t-athair. "An bhfuil bean ar bith áirid agat faoi do shúil?"

"Tá," arsa an mac, "agus bheinn toilteanach mo shaol a chaitheamh léi dá measainn go raibh iarraidh agatsa uirthi."

"Tabhair chugainn ar cuairt Dé Domhnaigh í go gcuire mé aithne uirthi," arsa an t-athair.

Thug an fear óg cuireadh don chailín a raibh sé ag brath uirthi, agus ba sin an guth a fuair a fhreagra. An Domhnach ina dhiaidh sin, bhuail sí isteach chucu ar cuairt. Bhí fíorchaoin fáilte roimpi agus rinneadh a mhór di (4:00). Tráthnóna, nuair a bhí sí ag imeacht, d'oscail Gobán Saor cófra óir agus d'fhiafraigh di cad é a barúil de sin.

"Ní bhfhaighfear caite choíche é," ar sise.

"Ní bheifí i bhfad a chaitheamh dá dtéadh scallán ann," ar seisean.

Dhruid sé an cófra agus d'iarr ar an fhear óg í a chomóradh chun an bhaile. Ar philleadh don mhac, dúirt sé leis go gcaithfeadh sé a sheift a dhéanamh in áit inteacht eile. Bhuail buaireamh an mac, ach ní raibh gar ann. Nuair a tháinig sé chuige féin thóg sé suas le cailín eile.

D'iarr an t-athair air an cailín seo a thabhairt ar cuair chucu mar a rinne sé leis an chéad cheann. Tháinig sí go lúchaireach ar a chuireadh. Chaith siad an lá go haoibhinn sásta, ach nuair a tháinig an tráthnóna d'oscail Gobán Saor cófra an óir di agus dúirt sí an chaint chéanna a dúirt an chéad bhean. Nuair a chuala an mac (5:00) breithiúnas an athar uirthi bhí a chroí thíos ag bun a mhurnáin.

"Seo, seo," arsa an t-athair, "ceil do ghreann ar mhná go ceann tamaill eile."

Go gearr ina dhiaidh sin, d'iarr sé ar an mhac caoirigh a bhí acu a thabhairt chun an aonaigh. D'fhiafraigh an mac de cad é an margadh a raibh sé ag dúil leis orthu.

"Na caoirigh agus a luach a bheith leat chun an bhaile," arsa Gobán Saor.

"Go bhfóire Dia orm!" arsa an mac. "Is tú riamh a chuir sa chrua-eagar mé."

D'éirigh sé go luath ar maidin, ghléas é féin go míshásta agus thiomáin leis na caoirigh go baile an aonaigh. Ag dul isteach i gceann an bhaile dó, casadh ceannaitheoir air. D'fhiafraigh an ceannaitheoir cad é a bhí sé a iarraidh ar na caoirigh.

"Tá," arsa an fear óg, "iad féin agus a luach a bheith liom chun an bhaile." (6:00)

Rinne an ceannaitheoir gáire faoi agus bhog leis. Istigh i lár an aonaigh casadh ceannaitheoir eile air agus rinne siad an chaint cheanna. D'fhiafraigh an fear seo go feargach cé acu bhí sé ag magadh air féin nó ag magadh airsean, agus shiúil sé uaidh.

Bhuail náire mac Ghobáin tSaoir leis féin agus sheas sé anonn i leataobh na sráide. Chuaigh an scéal ó dhuine go duine fán fhear a tháinig chun an aonaigh leis na caoirigh agus a bhí ag iarraidh iad féin agus a luach a bheith ar ais chun an bhaile leis. Bhí sé ina ealaí mhagaidh ag lucht an aonaigh.

Fá dheireadh tháinig cailín óg dá raibh ann anall chuige agus d'fhiafraigh sí de cad é luach na gcaorach. Dúirt sé gur chuma di cad é a luach, nach a gceannach a dhéanfadh sí ar scor ar bith.

"Inis dom," ar sise, "agus b'fhéidir go rachaimis sa mhargadh," (7:00)

"Beag, mór a bhfaighidh me orthu," ar seisean, "caithfidh me na caoirigh agus a luach a bheith liom chun an bhaile."

"Maith go leor," ar sise.

Cuireadh na caoirigh isteach i scioból. Tharraing an cailín uirthi deimheas agus thosaigh á lomadh. Nuair a bhí siad lomtha aici, thomhais sí an olann. Thug sí luach na holla do mhac Ghobáin tSaoir agus d' iarr air na caoirigh a thabhairt leis chun an bhaile.

D'imigh mo dhuine bocht go lúcháireach ag tarraingt ar an bhaile, na caoirigh á dtiomáint roimhe aige agus luach na holla leis ina sparán.

"Tchím, a mhic, gur éirigh leat," arsa an t-athair.

"Má d'éirigh féin, chan i nganfhios dom," arsa an mac. "Bhí mé i m'ealaí mhagaidh ag lucht an aonaigh i rith an lae."

"Ag magadh orthu féin a bhí siad," arsa an t-athair. "Casadh duine ort i ndeireadh an lae a thuig do scéal."

"Casadh cailín óg orm (8:00) agus rinne sí margadh fán olann liom," arsa an mac.

"An aithneofá an cailín sin arís dá bhfeicfeá í?" arsa an t-athair.

"Sílim go n-aithneoinn," ar seisean.

An t-aonach ina dhiaidh sin, d'éirigh an bheirt acu, theann orthu agus bhain an t-aonach amach. Chruinnigh na sluaite isteach as an tír go baile an aonaigh. Bhí Gobán Saor agus a mhac  ag siúl aníos agus síos an tsráid i rith an lae ach ní fhaca siad an ógbhean. Trathnóna, nuair a bhí siad ar shéala an baile a bhaint amach, leag an fear óg ruball a shúile uirthi ag dul thart coirnéal. Chuaigh siad a fhad léi agus d'fhiafraigh Gobán Saor arbh í a cheannaigh an olann ón fhear óg an t-aonach roimhe sin. Dúirt sí gurbh í. Rinne siad tamall cainte.

"Ba mhaith liom," arsa an Gobán Saor, "tú teacht ar cuairt chun mo thí chugam go ndéana mé mo chomhrá mar is ceart Ieat."(9:00)

"Rachaidh agus míle fáilte," ar sise.

"Well," arsa an Gobán Saor -

Ná tar san oíche ná sa lá,

Ná tar ar farraige ná ar talamh,

Ná bíodh leat aoinneach dá maireann beo,

Agus ná bí leat féin ag tarraingt orm.

Bhain siad an baile amach ina dhiaidh sin, agus bhí uchtach mór ag Gobán Saor go rachadh aige cleamhnas a dhéanamh don mhac an iarraidh seo.

Aon mhaidin amháin le scaradh oíche agus lae, chonaic siad chucu an ógbhean agus i ag siúl ar bharr na gclaíocha agus coileán madaidh lena cois. Chuir Gobán Saor fáilte roimpi agus rinne sé a mhór di ar feadh an lae. Trathnóna, nuair a bhí sí ag imeacht, d'oscail sé cófra an óir agus chuir ceist uirthi cad é a barúil de sin.

"Is maith ann é le bheith ag cur leis," ar sise. (10:00)

"Is tú ábhar na mná tí is fearr dár casadh orm," arsa Gobán Saor.

"Agus ceist agam anois ort, an roghain leat mo mhac mar chéile?"

"Níor chuir do mhac an cheist sin orm," ar sise. "Is leor do gach uile dhuine labhairt ar a shon féin."

In am agus i dtráth, chuir an fear óg an cheist mhór uirthi agus thoiligh sí, agus rinneadh an cleamhnas. Pósadh an lanúin agus bhí dóigh mhaith orthu as sin amach. Ag imeacht do Ghobán tSaor agus don mhac ar maidin, bhíodh a gcuid réidh ag an ógbhean, agus ag teacht chun an bhaile trathnóna dóibh bhí teas agus téamh ins an teach fána gcoinne.

Fá dheireadh, chuir rí i Sasana anall long agus teachtaire ag iarraidh ar Ghobán tSaor teacht agus caisleán a dhéanamh dó. Chuaigh an saor agus a mhac i gceann an aistir chun an chuain, ag siúl ar a gcois . Bhí aois mhór ag Gobán san am seo, agus nuair a bhí siad leath bealaigh chun an chuain (11:00) dúirt sé leis an mhac go raibh sé tuirseach.

"Cad é dhéanfaimid anois ?" arsa an mac.

"Caithfidh tú an bealach a ghiorrú dom," arsa Gobán Saor.

Shíl an mac gurbh é rud a bhí sé ag iarraidh air an cosán a ghiorrú fríd an choill dó, agus dúirt sé go raibh sé chomh maith acu pilleadh ar an bhaile mar sin.

Le coim na hoíche bhí siad ar ais sa bhaile. Nuair a fuair bean an mhic faill air, d'fhiafraigh sí de cad é thug orthu pilleadh. D'inis sé di fán chaint a rinne an seanduine leis nuair a bhí siad Ieath bealaigh chun an chuain.

"Agus má bhí sibh leath bealaigh nach raibh sé chomh furasta agaibh dul ar fad le pilleadh?" ar sise. "Rachaidh sé i gceann an bhealaigh amárach arís agus dhéanfaidh sé an chaint chéanna (12:00), ach nuair a iarrfas sé ort an bealach a ghiorrú dó tarraing thusa scéal ort agus bí ag siúl leat."

D'éirigh an bheirt ar maidin agus chuaigh siad i gceann an tsiúil arís . Nuair a bhí siad leath bealaigh chun an chuain dúirt Gobán Saor go raibh sé tuirseach. Níor lig an fear óg air féin gur chuala sé, ach tharraing air scéal agus níor mhothaigh siad an chuid eile den aistear orthu .

"Maith thú, a mhic," arsa Gobán Saor. "Ghiorraigh tú an bealach an iarraidh seo dom."

Chuaigh siad ar bord na loinge agus sheol Ieo go Sasana. Bhí cóiste ag an chuan thall fána gcoinne agus níor Iigeadh a gcosa ar an talamh go raibh siad istigh i gcúirt an rí. Nuair a bhí siad ag cur dúshraithe an chaisleáin ina suí tháinig an rí é féin chuig Gobán Saor agus d'iarr air an obair a dhéanamh leis ba bhreathá ar chaisleáin an domhain.

"Dhéanfad, má bhíonn tú fearúil liom (13:00)," arsa Gobán Saor.

"Bhéarfaidh mé lán do chráige d'ór duit os coinne achan lá dá n-oibreoidh tú," arsa an rí.

"Bhí go maith agus ní raibh go holc. Chuaigh an obair ar aghaidh ó la go lá, fliuch nó tirim an aimsir, go dtí go raibh an caisleán déanta agus nach raibh an dara caisleán ar an domhan inchurtha leis.

Ba í an intinn a bhí ag an rí Gobán Saor a chur chun báis nuair a bheadh an caisleán críochnaithe, ar eagla go ndéanfadh sé caisleán ar bith eile a bheadh chomh breá leis. Ach níor luaithe a rinne sé an smaoineamh ná a d'aithin Gobán Saor é. An tráthnóna deireanach tháinig an rí chucu nuair a bhí siad réidh leis an obair.

"Sílim," ar seisean, "go bhfuil sé ar chaisleáin bhreátha an domhain."

"Tá locht amháin air," arsa Gobán Saor.

"Cad é an locht sin?" arsa an rí.

"Tá barr na binne ina luí amach," arsa Gobán Saor (14:00). "Dá mbíodh an locht sin cóirithe, ní bheadh aon chaisleán eile ar an domhan inchurtha leis."

"Maise, ní léir domsa aon chamadh sa bhinn," arsa an rí.

"Cuir do shúil dheas le bun an bhalla agus druid an tsúil eile agus tchifídh tú é," arsa Gobán Saor.

Rinne an rí mar a hiarradh air. Bhí an bhinn iontach ard agus nuair a chuir sé a shúil lena bun shíl sé cinnte go raibh sí ag luí amach ina barr. D'fhiafraigh sé arbh fhéidir an locht a leigheas. Dúirt Gobán Saor go raibh ball uirlise aige féin in Éirinn a leigheasfadh é.

"C'ainm atá air?" arsa an rí.

"Cor in aghaidh an chaim agus cam in aghaidh an chóir," arsa Gobán Saor.

"Cuirfidh mé teachtaire fána choinne ar béal maidine," arsa an rí.

"Ní bhfaighidh aon duine é ach mo mhac féin (15:00) agus do mhacsa," arsa Gobán Saor.

Tháinig mac an rí agus mac an tsaoir go hÉirinn fá choinne na huirlise a réiteodh cás an Ghobáin. Dúirt mac an tsaoir Iena bhean má bhí a leithéid de rud fán teach nach bhfaca seisean riamh é.

"Maise," ar sise, "níl mise anseo a leathfhad leat agus chonaic mé go minic é."

Bhí cófra mór domhain ina shuí i gcoirnéal dhorcha thíos i gceann an tí. Thóg sí an clár den chófra agus d'iarr ar mhac an rí an uirlis a thógáil as, nach raibh sí féin ábalta a Iámh a chur a fhad léi. Nuair a chrom mac an rí síos a chuardach na hurlise fuair sí greim dhá chois air agus chuir ar mhullach a chinn isteach sa chófra é.

"Beidh tú ansin," ar sise, "go dtara Gobán Saor chun an bhaile agus an cion atá cosanta aige leis."

Chuir sí teachtaireacht anonn go Sasana (16:00), agus nuair a chuala an rí cad é mar a bhí, d'athraigh sé a intinn fá Ghobán tSaor a chur chun báis.

"Bhí tú róchliste agam, a Ghobáin tSaor," ar seisean, "agus tá bean chomh cliste leat i do dhiaidh in Éirinn."

Thomhais sé a chuid óir do Ghobán tSaor agus Iig slán chun an bhaile é.

 

 

 

 

 

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8808