Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Leanbán Chonaill Chearnaigh (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Leanbán Chonaill Chearnaigh

Leanbán Chonaill Chearnaigh (Athinsint ar Choimpeart agus Macghníomhartha Chú Chulainn)

 

Bhí sin ann más fada ó bhí. Dá mbínnse ann an uair sin, ní bheinn ann anois. Dá mbínn bodhar, ní chluinfinn é. Dá mbínn balbh, ní chanfainn é. Ach ní raibh mé riamh gan scéal úr nó seanscéal a bheith agam. Mura gcluininn aon scéal, chumfainn féin scéal, agus nach maith an chuid den scéal sin?

Teacht dheirge an dá néal maidin chiúin shamhraidh, d'éirigh Conall Cearnach agus scairt ar a cheithre feara déag a bheith de léim ina seasamh le haghaidh seilg a dhéanamh. Nuair a chuala siad iomra ar an tseilg ní raibh tnúth fir le chéile ann. Chuaigh achan fhear de léim ina cheirteach chomh tiubh téirimeach is a tháinig leis. Rinne siad réidh greim bia agus d'ith siad é, agus nuair a bhí siad réidh le haghaidh a n-aistir, amach leo.

Chuir Conall Cearnach a mhéar (1:00) ina bhéal agus rinne fead ghlaice ar a chonairt. Shín siad leo, seal ag sodar agus seal ag coisíocht, gur tháinig siad a fhad le maolchnoc beag glas a bhí amuigh go domhain sa tsliabh. Sheas siad ar mhullach an chnoic agus d'amharc uathu sna ceithre hairde fichead, ach ní raibh beo ná ceo le sonrú acu ar a n-amharc ná ar a n-éisteacht.

Fá dheireadh, tugaidh Conall Ceamach ruball a shúl thart ar an ghleann mhór fhada a bhí ina luí rompu agus ag titim le fána in aice na farraige. Tchí sé idir thú is léas an eilit mhaol ar cosa in airde, agus an gadhar droimshleamhain, cluasleathan donn ag tafann go géar ar a lorg. Mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, níor fhan fear i mbun an fhir eile. D'imigh siad, idir fhir agus chonairt, sa tóir ar an eilit mhaol.

Lean siad í, síos mala agus suas cnoc, trí choillte agus ghleanntáin sléibhe (2:00), seal go hioscaidí, seal go hascaillí, trí fhraoch agus chíb dhubh, agus níor stad an seáirse acu go ndeachaigh grian i bhfarraige an oíche sin. Chuir an eilit mhaol folach cnoc ar an iomlán acu. Ansin shuigh siad síos ar thortóga an tsléibhe, briste, brúite, brónach, tuirseach, ocrach i ndiaidh na seilge. Tháinig neal dubh ar muir agus ar tír, agus bhí cnapanna ceo ag dul thart sa spéir agus á socrú féin go sotalach ar mhullaí na gcnoc.

"Dar mo láimh," arsa Conall Cearnach, "ní tráth suí dúinn é. Má bheireann an ceo agus dorchadas na hoíche sa chnoc orainn, ní bhainfimid ár n-áit féin ná áit duine eile amach go maidin."

"Is fíor sin," arsa fear de na fir. "Ach níl sé inár gcumas an baile a bhaint amach anocht, agus cad é is fearr dúinn a dhéanamh?"

'Tá, maise," arsa Conall, "an chéad teach a dtiocfaimid (3:00) a fhad leis, bainfimid fúinn go maidin ann."

D'éirigh siad, ag imeacht as cosán an cheo, agus de réir mar bhí siad ag teitheadh, bhí an ceo ag teannadh leo. Níorbh fhada a chuaigh siad gur dhruid an ceo thart timpeall orthu. Bhain tuisle d'fhear acu agus síneadh ar a thaobh i slodán uisce é, agus níor luaithe a bhí seisean ar a bhonnaí ná bhí fear eile ina áit nó lena thaobh. Nuair a bhí siad ag baint deireadh duil' den tsliabh a fhágáil an oíche sin, chonaic siad solas i bhfad uathu agus i ndeas dóibh, agus tharraing siad air.

Nuair a tháinig siad a fhad leis an teach a raibh an solas ann, chuaigh Conall Cearnach go dtí an doras, bhuail cnaigín ar an chomhla agus d'iarr oscailt. D'éirigh fear an tí agus d'oscail sé an doras. Chuir sé a cheann amach go fuar fadálach agus ní mó nár baineadh an anáil de nuair a chonaic sé an slua déanach, idir fhir is madaí, taobh amuigh den teach (4:00). Nuair a fuair sé an anáil leis, d'fhiafraigh sé cad é an seachrán sí a sheol an bealach sin iad an uair seo d' oíche.

D'inis Conall fán tseilg dó, mar a lean siad an eilit mhaol go dtí gur chuir sí folach cnoc orthu i ndiaidh luí gréine agus gur fhág sí sa tsliabh iad le ceo na hoíche.

"Agus anois tá na fir tuirseach, ocrach," ar seisean, "nó níor bhlais siad bia ó bhris siad na céadlonga, ar maidin, agus níl siad in inmhe an baile a bhaint amach anocht le dorchadas na hoíche. Ná heitigh sinn fá dhídean an tí go dtara solas an lae."

"Maise, tháinig sibh orm an oíche chorr chointinneach," arsa an fear. "Tá bean an tí tinn agus ní fhóireann sé troisneach a thógáil fán teach anocht. Ach is doiligh liom a iarraidh ar dhuine ar bith an tslí a bhualadh as áit ionadach ar an uair seo d'oíche. Tá scioból thíos ansin a bhfuil neart cocháin ann agus thig libh baint fúibh go maidin ann, más mian libh é." (5:00)

Thug sé amach eochair an sciobóil agus shín do Chonall Chearnach í. D'imigh Conall agus na fir, d'oscail siad doras an sciobóil, chuaigh isteach, chroch a gclaimhte thart ar na ballaí, chuir síos tine, chóirigh sráideoga thart ina timpeall, agus rinne réidh bia agus deoch. D'ith siad agus d'ól siad a sáith, agus é de dhíobháil orthu i ndiaidh a lae seilge, agus nuair a bhí siad sáthach, shín achan fhear é féin ar a shleasluí sa chochán agus thosaigh an scéalaíocht.

D'inis cuid acu fá na huafáis agus na hiontais ba mhó a chonaic siad riamh ina saol, cuid eile fá gach baol agus cruachás a raibh siad ann agus ar tháinig siad as gan tubaiste, go dtí gur thit fear thall agus fear abhus ina chodladh, agus i dtrátha an mheán oíche, bhí an fear deireanach acu ag srannfaigh agus ag brionglóidigh. Ansin, mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, níor fhan claíomh ina thruaill ar an balla (6:00) nár phreab in airde sna creataí agus nár thit go toll ar an urlár.

An trup agus an gliogar a rinne na claimhte ar urlár na leacacha, mhúscail sé iomlán a raibh sa teach. D'éirigh siad agus thug iarraidh ar na claimhte. Ansin, sheas achan fhear agus a chlaíomh ina dhorn agus a aghaidh ar an doras, ag feitheamh leis an namhaid a shíl siad a bhí ag teacht.

Seal gearr dóibh mar sin gur iarr Conall Cearnach ar fhear acu dul amach agus faisnéis a chur ar fhear an tí cad é ba chúis leis an iontas a tharla fána theach. Ní raibh an teachtaire i bhfad amuigh gur phill sé le scéala go raibh biseach anois ar bhean an tí, gur rugadh mac di ar uair an mheán oíche. Chroch Conall in airde a chlaíomh agus chuaigh amach a bhreathnú na spéire.

Chuaigh na fir a shocrú eatarthu féin cad é ba chúis leis na claimhte titim ón bhalla. Cuid a dúirt nach eilit shaolta a bhí siad a sheilg ó mhaidin (7:00) ach cailleach fá dhraíocht, agus nach raibh anseo ach boc eile dá cuid geasróg. Cuid eile a dúirt go raibh an scioból déanta ar áit uasal agus go raibh an slua sí ag doicheall rompu bheith ann go maidin. Bhí siad ar an chomhrá sin, fear ag cur faoi agus fear os a chionn, go dtí gur phill Conall Cearnach ó bheith ag breathnú na spéire.

"A Chonaill, cad é chonaic tu?"

"Chonaic mé réalta idir dall is dorchadas ag cur a cinn amach as an cheo, agus má chonaiceas féin, ba ghruama a dreach."

"Agus cad é an bheartaíocht a bhaineas tú as sin?"

"Is mór m'eagla go ndoirtfear fuil go fras ar féar le linn an ógánaigh a tháinig ar an tsaol anocht. Beidh sé ina laoch neartmhar thréan. Nuair nach mbíonn ann ach mullachán gasúir, beidh gaiscígh go leor in Éirinn a mb'fhearr dóibh dul ar a thaobh na ina dheabhaidh, agus nuair a thiocfas sé ina neart, ní bheidh aon ghaiscíoch fá cheithre cearna (8:00) na hÉireann a bheas in inmhe a dhul chun spairne leis. Ní bréag a rá, an té a mbeidh sé leis gur fearrde dó é, agus an té a mbeidh sé ina aghaidh, gur miste dó é."

Ansin chuaigh na fir a shocrú cad é ab fhearr a dhéanamh dó le go mbeadh sé ag cuidiú leo nuair a thiocfadh sé ina neart, agus dúirt Conall nach raibh an dara dóigh air ach an leanbh a thabhairt leo agus a thógail ina measc féin. Ní raibh de ach sin go maidin agus chodail siad an chuid eile den oíche go sámh.

Má ba luath a d'éirigh an lá, ba luaithe a d'éirigh Conall Cearnach, agus d'iarr sé ar na ceithre feara déag a bheith de léim ina seasamh nó go mbeadh brón agus buaireamh ina ndiaidh sa bhaile nuair nar phill siad an oíche roimh ré. D'éirigh na fir agus chaith siad greim bia agus ghléas iad féin fá choinne an aistir, agus amach leo.

Chuir Conall an glas ar dhoras an sciobóil agus thug an eochair chuig fear an tí (9:00). Mhair sé an mac óg dó féin agus dá bhean agus dúirt, dá ligeadh siad leisean an leanbh go dtabharfadh sé modh agus urraim dó, bia agus éadach, oideachas agus foghlaim, agus go mbeadh sé leis mar a dhuine clainne féin go dtí go dtaradh sé i méadaíocht, agus ansin go dtiocfadh leis a rogha féin a bhaint as an tsaol.

Bhí Conall ina fhear thréan san am seo agus thoiligh an lánúin an leanbh a thabhairt dó.

D'imigh Conall Cearnach agus a chuid fear leis an leanbh, agus nuair a tháinig siad ar amharc na Craobh Rua, fuair siad fir agus mná amuigh ar na hairde ag feitheamh leo. Bhí luchair an tsaoil ar a muintireacha nuair a chonaic siad go raibh na fir slán, agus bhí dhá lúcháir orthu nuair a chonaic siad ábhar an ghaiscigh le Conall bhacán a láimhe.

Fuarthas banaltra don leanbh agus cuireadh ar oiliúin é. Bhí cion mór ag Conall air agus bhí an leanbh mar an gceanna leis. Ní raibh áit ar bith dá dtéadh Conall (10:00) nach mbíodh an leanbh ina chosamar ó fuair sé na cosa leis, agus baisteadh Leanbán Chonaill Chearnaigh air.

Nuair a bhí an Leanbán trí bliana d'aois, chuir Conall chun na scoile é, agus chan a fhoghlaim léinn is litríochta ach a chluichíocht agus a chleachtaíocht agus a fhoghlaim gaiscidh. Ní raibh an leanbán i bhfad ar an scoil gur chuir sé gasúr chun an bhaile inniu agus creamhán air, agus gasúr eile amárach agus dhá chreamhán air.

Rinneadh casaoidí le Conall ar an Leanbán, ach ní raibh gar ann. Níor stad sé gur chuir sé na gasúir eile faoi smacht. Is minic, nuair a bhíodh siad ag imirt cluiche nó ag iomáin, a théadh na gasúir uile d'aontaobh ar Leanbán Chonaill Chearnaigh, agus is minic agus is rómhinic a chuir sé cluiche ar an iomlán acu d'ainneoin chnámh a ngaosáin.

Bhí gabha dubh ann san am sin darbh ainm Culann agus bhí iníon speiriúil aige a rinne cleamhnas (11:00) le ridire san áit. Tugadh cuireadh do ridirí na Craobh Rua teacht chun na bainise. Ní raibh Leanbán Chonaill Chearnaigh an uair seo acht seacht mbliana d'aois, agus níor smaoinigh an teachtaire cuireadh a thabhairt dósan.

Trathnóna an lae a bhí ridirí na Craobh Rua ag dul chun na bainise, chonaic an Leanbán na gíománaigh ag úmadh na gcapall agus ag gléasadh na gcarbad agus d'fhiafraigh sé de Chonall cá raibh siad ag dul. D'inis Conall dó fán bhainis.

"Beidh mise libh," ar seisean.

"Ó, ní bheidh," arsa Conall. "Níl gasúir ar bith ag dul ann agus bheifeá tuirseach de do shaol sula mbeadh an oíche leathchaite."

"Ní bheinn," arsa an Leanbán. "Ba mhaith liom éisteacht leis na laochra ag aithris a n-éachtaí agus Culann a fheiceáil i gcionn oird ar inneoin."

Nuair a chonaic Conall nach raibh maith a bheith leis, dúirt sé:

"A thaisce, ní thig leat dul ann nuair nach bhfuair tú cuireadh. Ní théid (12:00) duine ar bith chun coirme gan cuireadh a fháil ach stocaire."

Níor labhair an Leanbán níba mhó.

Le coim na hoíche d'imigh Conall Cearnach agus na fir go teach na bainise. Bhí fáilte mhór rompu ansin. Tugadh isteach iad agus druideadh fuinneoga agus doirse. Leagadh tráth bia agus dí rompu nach bhfaca siad a leithéid riamh roimhe, agus d'ith siad agus d'ól siad a sáith agus bhí siad ar a sáimhín suilt.

Nuair a fuair an Leanbán ar shiúl iad, thug sé leis a chamán agus a chnag agus lean sé lorg na rothaí. Chaitheadh sé an chnag ar an talamh anois agus arís agus bhuaileadh sé boc uirthi leis an chamán; ansin ritheadh sé ina dhiaidh. Bhí sé ag imeacht leis ar an dóigh sin go raibh sé féin ag dún Chulainn i ndiaidh na bhfear.

Bhí cú amuigh ag Culann, agus nuair a mhothaigh sí an Leanbán ag teacht lig sí trí ghlam nimhe aisti agus thug iarraidh air lena craos oscailte (13:00) go slogfadh sí d'aonghreim é. Chaith seisean a chnag ar an talamh agus bhuail boc uirthi. Chuir sé isteach ar bhéal na con í agus amach fríd a corp agus thit sí in áit na mbonn.

Chuala lucht na bainise an tamhach taisc a bhí amuigh. Dúirt Culann, cibé creatúr mífhortúnach a bhí ag an chú, go mbeadh sé stróicthe ina ghiotaí sula mbíodh tarrtháil air. Amach leis na fir, agus ba mhór a n-iontas nuair a chonaic siad an Leanbán ag teacht aníos an cabhsa go neamhbhuartha agus an cú ina luí i ndiaidh an smeach deireanach a tharraingt.

Bhí lúcháir mhór ar Chonall Chearnach nuair a chonaic sé go raibh an Leanbán sábháilte; ach charbh ea sin do Chulann é.

"Mo chreach is mo chrá anocht nár fhan tú sa bhaile," ar seisean. "is tú a rinne mo chabhóg."

"Cé roimhe a bhfuil eagla ort?" arsa an Leanbán.

"Trí fathaigh atá ina gcónaí ar oileán ghlas ar an loch sin thall," arsa Culann (14:00), "agus is minic a thug siad iarraidh creach agus ár a dhéanamh orm féin agus ar mo mhuintir. Ba í an cú an cosnamh a bhí agam orthu, agus is mé atá san ionad nach baol dom só ó chaill mé mo chul báire."

"Ba dona an cúl báire a bhí agat," arsa an Leanbán, "nuair a mharaigh mise é le cnag."

Thug siad isteach é agus thug iarraidh a chur chun bia, ach dúirt sé nach a stocaireacht a tháinig sé agus sháraigh sin orthu. Níl sa tsaol ach duine ag gol agus duine ag gáire agus duine ag fágáil an anama, agus ba é sin ag lucht na bainise é. Má bhí Culann buartha, ní raibh siadsan. Thosaigh siad a dh'ól agus a ghabháil cheoil agus a dhamhsa, agus nuair a fuair an Leanbán a n-umhail ar an spórt, sciord sé amach go formhothaithe. Chuaigh sé síos go bruach an locha, bhain a cheirteach de, shnámh isteach chun an oileáin agus chuaigh go dtí an uaimh a raibh na fathaigh ag baint fúthu inti. (15:00)

Bhí na trí fathaigh ina gcodladh agus trí beara deargtha sa tine acu, fá choinne dul chun spairne le lucht na bainise nuair a gheobhadh siad braon ólta ar maidin acu. Shiúil an Leanbán chucu go fáilí, mar a bheadh sé ag gabháil éin ar nead, fuair sé greim ar dhá bhior as an tine, agus chuir sé an dá fhathach ba deise dó chun báis leis an chéad sá. An uaillfeartach a thóg na fathaigh sin nuair a mhothaigh siad na beara ag dul tríothu, mhúscail sí an tríú fathach. Thug seisean iarraidh ar an bhior eile agus sheas ag amharc ar an Leanbán.

"Do dhonas is do dhoghrainn ort, a mharla bhig bhradaigh,"' ar seisean, ''nach mór an croí a fuair tú ár a dhéanamh ar mo dheartháireacha nuair a bhí siad ina luí ina gcodladh? Is mór liom i ngreim thú agus is beag liom i ndá ghreim thú, agus dá mbíodh gráinnín salainn agam, d'íosfainn in aon ghreim thú."

"Nuair a bheas mise ite agat, beidh do bholg lán," arsa an Leanbán. (16:00)

Theilg sé an bior ar an fhathach agus chuir sé isteach ar a shiúil agus amach ar chúl a chinn é, agus thit an fathach in áit na mbonn. Bhain an Leanbán na cloigne de na trí fhathach agus rinne gallach díobh, chaith an gallach as a ghualainn agus shiúil leis go dtí an loch agus shnámh sé trasna. Níor chrothnaigh lucht na bainise as an dún é gur tháinig sé isteach ar fud chlár is fhuinneog chucu agus go ndearna sé carnán de na cloigne i lár an ur!áir.

"Sin ábhar do bhróin anois,''' ar seisean le Culann. "Ní dhéanfaidh na fathaigh lá dochair duit feasta, agus ó tharla gur mharaigh mise do choileán beag con ort, beidh mé féin i mo chú agat ina hionad."

"Is maith agus is ionraic do bhreithiúnas, a mhic," arsa Conall Cearnach. "Agus ó tharla go bhfuil a chosnamh ort feasta ionad na con, ní bheidh aon ainm ort as seo amach ach Cú Chulainn."

 

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8806