Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Dá Chathal (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · An Dá Chathal

An Dá Chathal (Athinsint ar "Claus Mór agus Claus beag", Hans Andersen)

 

Bhí beirt fhear d'aon ainm amháin ina gcónaí ag taobh a chéile fada ó shin. An Dá Chathal a bheirtí orthu. Bhí fear acu bocht agus an fear eile saibhir. Bhaist na daoine Cathal Mór ar an fhear shaibhir agus Cathal Óg ar an fhear bhocht.

Bhí trí cinn chapall ag Cathal Mór agus ní raibh ag Cathal Óg ach aon chapall amháin. Nuair a tháinig an t-earrach chuaigh Cathal Mór a threabhadh, ach ní thiocfadh le Cathal Óg treabhadh a dhéanamh mar nach raibh aige ach capall corr. B'éigean dó margadh a dhéanamh le Cathal Mór. Agus ba é an margadh a rinne siad - Cathal Óg dul chuig Cathal Mór lena chapall ar feadh shé lá na seachtaine agus Cathal Mór teacht chuigesean lena thrí cinn chapall Dé Domhnaigh. Bíonn an chuid is fearr den mhargadh ag an fhear shaibhir i gcónaí.

Chuaigh Cathal Óg (1:00) agus a chapall chuig Cathal Mór ar maidin Dé Luain agus d'oibir sé dó go hoíche Shathairn. Tháinig Cathal Mór lena thrí cinn chapall chuig Cathal Óg ar maidin Dé Domhnaigh agus chuaigh siad a threabhadh leis an dá phéire i gcuibhreann a bhí chois an bhealaigh mhóir.

Bhí lá deas ann agus na sluaite ag tarraingt ar theach an phobail, agus bhí iontas ar na daoine cad é mar a fuair Cathal Óg an dá phéire beathach. Bhí bród mór ar Chathal é féin, agus scairteadh sé amach anois is arís:

"Maith mo chuid capaill!"

Fá dheireadh, d'iarr Cathal Mór air gan an focal sin a rá níba mhó:

"Níl agatsa ach aon chapall amháin," ar seisean, "is liomsa an chuid eile."

Dúirt Cathal Óg nach n-abródh sé an focal arís; ach rinne sé dearmad, agus an chéad scaifte eile a tháinig thart scairt sé amach:

"Maith mo chuid capall!"

Leis sin thóg Cathal Mór (2:00) casúr a bhí aige ag tiomáint geantrach sa tseisreach. Bhuail sé buille den chasúr idir an dá chluais ar chapall Chathail Óig agus thit an capall marbh in áit na mbonn. Thug sé a chuid beathach féin chun an bhaile agus d'fhág Cathal Óg ag borrchaoineadh fána aon chapall.

I gcionn tamaill smaoinigh Cathal Óg nach raibh maith a bheith "ag caoineadh fá bhainne dhoirte". Tharraing sé amach scian phóca agus d'fheann sé an capall. Chroch sé an tseithe ar triomú agus é cráite go leor fána bhris. Tráthnóna chuir sé an tseithe isteach i mála, chaith an mála ar a ghualainn agus d'imigh leis chun an bhaile mhóir.

Bhí deireadh an lae ann ag imeacht dó agus siúl fada le déanamh aige. Dar leis gurbh fhearr dó dul an t-aicearra tríd an choill. Ghearr sé an t-aicearra, ach chuaigh sé ar seachrán sa choill agus bhí an oíche dhubh ann nuair a tháinig sé a fhad (3:00) leis an bhealach mhór arís. Smaoinigh sé go mbeadh sé rómhall anois aige dul ar aghaidh nó pilleadh agus go n-iarrfadh sé dídean na hoíche sa chéad teach a chasfaí air.

Níorbh fhada a chuaigh sé go bhfaca sé teach ar fhód an bhealaigh mhóir. Chuaigh sé go dtí an doras agus d'iarr a oscailt. Rinne bean an tí leathoscailt ar an doras, chuir a ceann amach agus d'fhiafraigh de cad é bhí de dhíobháil air. Dúirt sé gur mhaith leis foscadh an tí a fháil go maidin.

"Níl fear an tí sa bhaile agus ní thig liomsa strainséir a ligean isteach," ar sise, agus dhruid sí an doras ina éadan.

Chuaigh sé thart i gcúl an tí. Ní raibh dallóg ar bith ar fhuinneog na cistine agus chonaic sé cléireach agus bean an tí ina suí istigh ag déanamh a suipéir. Bhí bord bia agus dí leagtha fúthu nach bhfaca Cathal bocht a leithéid riamh: feoil rósta (4:00), fíon Spáinneach, bradáin úra, toirtíní milse, agus gan trácht ar mhíníneacht eile.

Fear muinteartha do bhean an tí a bhí sa chléireach. Tháinig sé a dh'amharc uirthi nuair a bhí a fear as baile, nó níor lig an eagla dó teacht am ar bith eile. Bhí fuath ainmheasartha ag fear an tí ar chléirigh, agus sin mar a bhí an cás.

Bhí Cathal Óg ina sheasamh amuigh ag an fhuinneog agus uisce lena chár ag amharc ar an bheirt ag ithe agus ag ól. Ach leis sin, mhothaigh sé trup marcaigh ag tarraingt ar an teach. Chomh luath is chuala an péire istigh trup an chapaill, d'oscail an bhean cófra a bhí i dtaobh an tí agus d'iarr ar an chléireach dul i bhfolach ann. Chuaigh an cléireach isteach sa chófra agus a sháith eagla air. Ansin réitigh sise an bia den bhord agus chuir i dtaisce i bprios é, agus níor luaithe a bhí sin déanta aici (5:00) ná a tháinig fear an tí go dtí an doras.

Chuaigh sé thart a chur an chapaill ar stábla agus casadh Cathal Óg air ag imeacht ón teach. D'fhiafraigh sé de Chathal cad é a bhí sé a dhéanamh ag a theachsan an uair seo de oíche agus d'inis Cathal dó go ndeachaigh sé ar seachrán sa choill agus go raibh sé ag iarraidh fárais go maidin.

"Gheobhaidh tú sin agus fáilte," arsa an fear, "agus greim le hithe sula dté tú a luí."

Chuaigh siad isteach agus bhí fáilte mhór ag bean an tí rompu, má b'fhíor di féin. Chuir sí mias bhracháin os a gcoinne agus thug gogán bainne d'achan fhear acu. Thosaigh fear an tí a dh'ithe go haimirneach, mar bhí ocras air, ach bhí Cathal Óg ag smaoineamh ar an bhia mhaith a chonaic sé ar bord ag an chléireach roimhe sin agus ní raibh toil don bhrachán aige. Bhí mála na seithe faoin tábla aige. Chuir sé a chos ar an mhála (6:00) agus bhain gliúrascnach as an tseithe istigh ann.

"Cad é atá sa mhála leat?" arsa fear an tí.

"Tá sióga sa mhála," arsa Cathal agus níl rud ar bith mór aigde le déanamh."

"Cad é atá sé a rá?" arsa fear an tí.

"Deir sé go bhfuil feoil agus iasc agus fíon agus toirtíní milse sa phrios," arsa Cathal, "agus gur chuir seisean ann iad dúinn nuair a chonaic sé nach raibh le hithe againn ach an brachán seo."

Chuaigh fear an tí chun an phrios agus fuair sé feoil, iasc, fíon agus na toirtíní milse ann. Chuir sé ar an bhord iad gur chaith sé fé agus Cathal a sáith. D'ól fear an tí neart den fhíon nuair a bhí sé soghluaiste aige, agus níorbh fhada go raibh sé súgach.

"An dtiocfadh leis an tsíogaí sin agat a dhath eile a thabhairt i láthair?" ar seisean.

"Cinnte," arsa Cathal, agus bhrúigh sé an mála arís.

"Cad é sin a deir sé?" (7:00) arsa fear an tí.

"Deir sé go dtiocfadh leis an diabhal a thabhairt i láthair," arsa Cathal, ach go bhfuil an diabhal cosúil le cléireach agus go bhfuil eagla air nach dtiocfadh leat amharc air."

"Tá uchtach maith anois agam," arsa fear an tí, "Abair leis é an diabhal a thabhairt chun tosaigh."

Chuir Cathal a chos ar an mhála.

"Cad é deir sé anois?" arsa fear an tí.

"Deir sé go bhfuil an diabhal istigh sa chófra, ach gan é a ligean amach as nó go ndéanfaidh sé olc," arsa Cathal.

Chuaigh fear an tí anonn go dtí an chófra, thóg an clár rud beag agus d'amharc isteach. Baineadh béic as agus dhruid sé an cófra go tapa.

"Bhí a fhios agam i gcónaí go raibh an diabhal cosúil le cléireach," ar seisean. "Bhéarfaidh mé mála óir duit ar an tsíogaí sin má chuireann sé an t-ainspiorad amach as mo theach."

"Deir sé go gcaithfear é a choinneáil sa chófra (8:00), nó go ndéanfaidh sé olc má ligtear a cheann leis," arsa Cathal.

"Tabhair leat mo chapall agus mo charr agus bronnfaidh mé ort iad ach an diabhal agus an cófra a thabhairt leat as mó theach," arsa fear an tí.

Chaith siad an oíche sin ag faire an chléirigh sa chófra agus le bánú an lae thug Cathal leis an capall agus an carr agus chuir sé an cófra agus mála an óir isteach ar an charr. Cheangail sé sreang mhaith láidir ar bhéal an mhála a raibh an tseithe ann, thug don fhear é agus d'iarr air gan an síogaí a ligean amach as nó nach bhfeicfeadh sé an dara hamharc air. D'fhág sé slán acu agus d'imigh leis ag tarraingt ar an bhaile.

Bhí abhainn mhór roimhe ach bhí droicheadh uirthi, agus thiomáin sé leis gur tháinig sé go lár an droichid. Ansin scairt sé amach:

"Ní thabharfaidh mé an cófra seo liom níos faide. Caithfidh mé thar an droichead é agus báfaidh mé an diabhal."

Leis sin (9:00), labhair an cléireach istigh sa chófra:

"Ná déan sin," ar seisean. "Lig cead mo chinn liom agus bhéarfaidh mé Ián mála óir duit."

"Maith go leor," arsa Cathal.

Thiomáin sé leis go teach an chléirigh, fuair Ián mála óir uaidh as an scéal a choinneáil ceilte, agus d'fhág aige an cófra. Chuaigh sé chun an bhaile agus chuir teachtaire chuig Cathal Mór ag iarraidh iasacht pigín air go dtomhaiseadh sé a chuid óir.

Chuimil Cathal Mór bealadh de thóin pigín agus thug don teachtaire é. Nuair a bhí an t-ór tomhaiste ag Cathal Óg chuir sé an pigín ar ais leis an teachtaire. Ach ghreamaigh bonn óir de thóin an phigín agus níorbh fhada gur tháinig Cathal Mór chuig Cathal Óg a fhiafraí Cá háit a bhfuair sé an t-ór.

"Tá an leathar chomh gann sin ar an bhaile mhór gur thug lucht gréasaíochta lán mála óir dom ar sheithe mo chapaill," arsa Cathal Óg. (10:00)

Bhain Cathal Mór a theach féin amach fá dheifir. Mharaigh sé capall dá chuid, d'fheann sé é, agus d'imigh chun an bhaile mhóir leis an tseithe. Shiúil sé aníos agus síos an tsráid ag scairtigh seanard a chinn:

"Cé bhéarfas mála óir dom ar an tseithe seo?"

Chruinnigh lucht gréasaíochta an bhaile mhóir thart air, bhain díobh a gcuid náprún leathair, agus ní raibh ann ach cé a gheobhadh buille air gur ruaig siad amach ar an tsráid é cionn is go raibh sé ag iarraidh luach na seithí a ardú orthu. Phill sé ar a bhaile féin agus rún díoltais ina chroí aige do Chathal Óg.

Bhí a mháthair mhór ina cónaí le Cathal Óg. Bhuail tinneas í agus fuair sí bás. Chóirigh Cathal ina leaba féin sa chistin í, chuir síos tine mhaith di mar i ndúil go dtiocfadh sí chuici féin arís leis an teas, agus chuaigh sé féin a luí sa tseomra. Níorbh fhada gur tháinig Cathal Mór isteach agus tua leis ina láimh (11:00). Shíl sé gurbh é Cathal Óg a bhí ina luí i leaba na cistine. Thug sé buille den tua don chorp a bhí sa leaba, agus dúirt:

"Cha bhíonn tú ag bobaireacht ormsa níos mó."

Ansin thug sé léim amach ar an doras. D'éirigh Cathal Óg anuas as an tseomra nuair a mhothaigh sé an tormán. Chonaic sé a mháthair mhór ina luí sa leaba agus a cloigeann scoilte.

"Is maith duit go raibh tú marbh anocht, a mháthair mhór," ar seisean. "Ach ab é go raibh, mharódh Cathal Mór thú".

Le banú an lae chuir sé an capall sa charr agus thug leis a mháthair mhór chun na reilige. D'fhág sé ina suí suas sa charr í mar nach raibh áit luí aici ann gan a cosa bheith crochta amach ar deireadh. Bhí cosán fada roimhe agus chuaigh sé isteach i dteach tábhairne ar a bhealach go n-óladh sé deoch. D'iarr sé gloine uisce beatha dó féin agus gloine fíona dá mháthair mhór a bhí ina suí amuigh (12:00) sa charr. Chuaigh fear an tábhairne amach le gloine an fhíona chuig an bhean mharbh. Bhí a cochall amach fána ceann agus gan bogadh aisti.

"Seo gloine fíona duit a chuir d'ua amach chugat," arsa fear an tábhairne.

Níor labhair sí.

"Tá sí bodhar," arsa Cathal sa doras. "Caithfidh tú labhairt go hard léi."

''Seo gloine fíona duit ... " arsa fear an tábhairne.

Scanraigh sé an capall leis an bheic a lig sé as. D'imigh an beathach ar cosa in airde agus thit an tseanbhean maol marbh den charr. Léim Cathal Óg amach agus fuair greim brollaigh ar fhear an tábhairne.

"Mharaigh tú mo mháthair mhór agus beidh daor ort," ar seisean. "Gheobhaidh mise crochta thú."

"Ná déan sin," arsa fear an tábhairne, "agus bhéarfaidh mé a bhfuil d'airgead i mo theach duit. Cuirfidh mé féin an tseanbhean sa reilig agus ní bheidh a fhios ag duine ar bith (13:00) gur bhain taisme di."

"Maith go leor," arsa Cathal.

Fuair sé lén mála airgid ó fhear an tábhairne agus phill sé chun an bhaile. Chuir sé teachtaire chuig Cathal Mór a dh'iarraidh an phigín a thomhaisfeadh a chuid airgid. Ní chreidfeadh Cathal Mór an teachtaire agus tháinig sé féin go bhfeiceadh sé an raibh Cathal Óg beo go fóill. Nuair a tháinig sé chun an tí ba é an chéad fhocal a dúirt sé:

"An ea nár mharaigh mise aréir thú?"

"Ní mé a mharaigh tú ach mo mháthair mhór," arsa Cathal Óg.

"Agus cad é rinne tú léi?" arsa Cathal Mór.

"Dhíol mé le dochtúir í agus fuair mé mála airgid ar a son," arsa Cathal Óg.

Bhí a mháthair mhór féin istigh ag an Chathal eile. D'imigh sé chun an bhaile an méid a bhí ina chnámha agus mharaigh sé í. Thug sé leis a corp chun an bhaile mhóir, chuaigh go teach an dochtúra léi agus d'fhiafraigh de cá mhéad a bhéarfadh sé uirthi. (14:00)

"Cá huair a fuair sí bás?" arsa an dochtúir.

"Tá sí úr," arsa Cathal. "Inniu a mharaigh mé í."

"Bí ar shiúl nó gheobhaidh mé crochta thú," arsa an dochtúir.

D'imigh Cathal Mór agus ba mhaith an reathaí é, agus níor stad go raibh sé sa bhaile. Thug sé a mhionna agus a mhóid nach mbeadh Cathal Óg ag bobaireacht air níba mhó. Thug sé leis mála agus chuaigh go teach Chathail Oig. Fuair sé greim ar Chathal, chuir isteach sa mhála é, cheangail sreang air agus thug leis ar a ghualainn é ag brath a bhá san abhainn.

Bhí teach an phobail roimhe ar an bhealach chun na habhann. Nuair a bhí sé ag dul thart leis, mhothaigh sé na horgáin ag seinm agus smaoinigh sé go mb'fhéidir gur istigh anseo a bhí na flaithis. D'fhág sé síos an mála ar thaobh an bhealaigh mhóir agus chuaigh isteach go bhfeiceadh sé cad é mar a tháinig an ceol.

Níorbh fhada gur tháinig buachaill thart agus tréad eallaigh leis (15:00). Shaltaigh ceann den eallach ar an mhála agus scairt Cathal óg amach as:

"Ná baineadh duine ar bith liomsa. Tá mé ag dul chun na bhflaitheas."

"Nach méanair duit!" arsa an buachaill. "Tá mise ag iarraidh dul chun na bhflaitheas le fada agus ní fhaca mé iad go fóill."

"Lig mise amach as an mhála seo agus gabh féin isteach i m'áit, agus is gairid go bhfeice tú iad," arsa Cathal.

Scaoil an buachaill an tsreang den mhála. Lig sé amach Cathal Óg agus chuaigh sé féin isteach ina áit. Cheangail Cathal an tsreang ar an mhála agus thiomáin sé an t-eallach chun an bhaile leis.

Nuair a tháinig Cathal Mór amach as teach an phobail chuir sé an mála ar a ghualainn agus thug leis chun na habhann é. Chaith sé amach i lár an tsrutha é.

"A Chathail Óig, beidh tú suaimhneach go Ieor feasta," ar seisean.

An lá arna mhárach chuir Cathal teachtaire chuige ag iarraidh pigín (16:00) a thomhaisfeadh bainne a chuid bó dó. Tháinig Cathal Mór chuige le deargiontas.

"An ea nár bháigh mise inné thú?" ar seisean.

"Bháigh cinnte," arsa Cathal Óg. "Ach nuair a chuaigh mé go grinneall na habhann, bhí an cailín óg ba deise a chonaic mé riamh ansin romham. Cheap sí idir a dá láimh mé agus chuir céad míle fáilte romham chun an domhain thíos. Thug sí dúiche talaimh agus eallaigh dom agus dúirt liom go raibh cead agam an t-eallach a thabhairt chun an bhaile liom dá mb'fhearr liom é."

"Agus dá mbínnse thíos, an bhfaighinn féin dúiche talaimh agus eallaigh?" arsa Cathal Mór.

"Gheobhadh cinnte, agus ba mhaith léi aithne a chur ort," arsa Cathal Óg.

"Cuir isteach sa mhála mé agus caith amach san abhainn mé," arsa Cathal Mór.

"Ó, ní bheinn ábalta thú a iompar an fad sin," arsa Cathal Óg. "Ach siúil féin Ieat go dtí an abhainn agus gabh isteach sa mhála, agus ceanglóidh mise a bhéal agus ligfidh mé sa tsruth thú." (17:00)

"Cuir cloch mhaith sa mhala a bhearfas go tóin go gasta me," arsa Cathal Mór.

Shiúil an bheirt go dtí an abhainn. Chuaigh Cathal Mór isteach sa mhála agus chuir Cathal Óg cloch mhór isteach ina chuideachta. Cheangail sé sreang mhaith láidir ar bhéal an mhála agus chaith amach san abhainn é.

Níor tháinig Cathal Mór ar ais riamh le scéala a thabhairt cad é mar a d'éirigh leis sa domhan íochtarach.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8804