Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Murchadh na Cointinne (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Murachadh na Cointinne

Murchadh na Cointinne

 

Ní raibh ag Murchadh na Cointinne agus ag a bhean ach aon mhac amháin. Murchadh beag ab ainm dó. Ní thabharfadh a athair leithead pionna ar ór dó. Agus i dtaca lena mháthair de, bhí sé chomh cúramach aici leis an tsúil a bhí ina ceann.

Níor mhór agus níorbh ann gur bhuail tinneas Murchadh beag agus go bhfuair sé bas. Bhí a mháthair chomh cráite ina dhiaidh gur chaill sí a meabhair. Ní raibh as a béal ó lá go lá ach a Murchadh beag, agus chuaigh an scéal ar fud na comharsan gur tháinig seachrán uirthi.

Charbh é sin don athair é. Nuair a fágadh gan mhac é a bheadh ina chuidiú aige i ndeireadh a shaoil, thosaigh sé a bhailiú agus a chruinniú fá choinne na coise tinne. Thaisc sé riamh go dtí go raibh lán leathstoca de ór aige. (1:00)

D'inis bean an tí do bhean na comharsan go raibh an t-ór ag Murchadh. "Ní scéal rúin é ó chluineas triúr é." Níorbh fhada go raibh a fhios ag an tír thalaimh fá ór Mhurchaidh na Cointinne.

Bhí buachaill bealachtach san áit a lig é féin le drabhlás. Nuair nach bhfuair sé Iámh scaoilte ag Murchadh leis an ór, ní raibh faoi ná thairis ach cad é mar ghoidfeadh sé air é. La amháin a chonaic sé Murchadh ag dul chun an mhargaidh chuaigh sé chuig an bhean simplí agus thosaigh a chomhrá léi fána mac.

"Maise, níl aithne agam ort," ar sise. ''An miste dom a fhiafraí cárb as thú?"

"Ní miste,'' arsa an cleasaí. As na flaithis mé."

"Orú,''' ar sise, ''an bhfaca tú mo Mhurchadh beag?"

"Chonaic," ar seisean. "Is mise comrádaí Mhurchaidh bhig."

 "Cad é mar tá mo leanbh?" ar sise.

"Tá, go hocrach," (2:00) ar seisean. "Níl ceachtar againn ag fáil a sháith le hithe."

"Agus nach bhfuil bia sna Flaithis ach mar sin?" ar sise.

"Tá," ar seisean, "ach níl ór againn lena cheannach."

"Ó, cha bhíonn ocras ar Mhurchadh bheag agus ór agamsa," arsa an bhean bhocht. Tharraing sí an leathstoca anuas as cúl na crúibe agus shín don chleasaí í. Ansin chuir sí a raibh de earra sa teach i mála agus d'iarr air sin a thabhairt leis fosta.

"Tá bealach fada chun na bhflaitheas," ar seisean. "Ní thiocfadh liom an mála sin a iompar."

"Tabhair leat an capall atá sa stábla agus iompróidh sé thú féin agus an mála,''' ar sise.

Chuaigh an cleasaí chun an stábla, chuir srian agus diallait ar an chapall, chaith an mála trasna ar thoiseach na diallaite agus chuaigh de léim a mharcaíocht. As go brách leis amach an cnoc (3:00), ag brath imeacht as an tír nuair a fuair sé an t-ór agus an capall agus an lón leis.

Nuair a tháinig Murchadh na Cointinne chun an bhaile ón mhargadh, d'inis a bhean dó cad é a tharla. Chuaigh sé ar an daoraidh fána sholáthar saolta a bheith scaipthe aici. Fuair sé iasacht capaill ó fhear na comharsan agus d'imigh sa tóir ar an chleasaí.

Nuair a mhothaigh an diúlach an tóir ina dhiaidh chuaigh sé isteach i gcoill agus cheangail an capall de chrann. Ansin shiúil sé leis agus chaith é féin ar chúl a chinn i lár an bhealaigh mhóir mar bhéadh sé ar meisce. Nuair a tháinig Murchadh a fhad leis bhí a dhá shúil ag dul amach ar a cheann ag amharc in airde sa spéir.

"An bhfeiceann tú iontas ar bith thuas ansin is mó ná thú féin i do luí i gcosán an tsaoil?" arsa Murchadh na Cointinne.

"Well, anois féin bhí mé ag amharc ar an iontas ba mhó a chonaic mé riamh i mo shaol,'' arsa an cleasaí (4:00). "Chonaic mé fear ar dhroim capaill agus mála ar thoiseach na diallaite leis ag dul as m'amharc in airde sa spéir."

Phill Murchadh chun an bhaile agus é creidte aige gurbh é comrádaí a mhic a chonaic an cleasaí ag dul chun na bhflaitheas.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8803