Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Iníon Rí an Dúin Bháin (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Iníon Rí an Dúin Bháin

Iníon Rí an Dúin Bháin

 

Fada ó shin, agus is fada é, bhí rí agus banríon ina gcónaí ar an Dún Bhán. Ní raibh díth na díobháil, airc ná anás orthu. Bhí bólacht ar cnoc agus suaimhneas ar sop acu, ór agus airgead, ríocht mhór agus maoin shaolta. Ní bréag a rá go raibh siad ina suí go te.

Bhí dáréag mac acu agus gan iníon ar bith, agus chan sásta a bhí an rí. Lá amháin, nuair a bhí an bhanríon ag dúil leis an treas duine déag clainne, dúirt sé léi dá mba iníon a bheadh ann an uair seo go gcuirfeadh sé na mic chun báis i ngeall ar an ríocht a fhágáil aici.

Bhí an bhanríon buartha, ní nach ionadh, ach ní raibh maith di bheith leis. Fuair sé dhá chónair dhéag agus chuir isteach i seomra iad agus chuir an glas ar an doras. (1:00)Thug sé an eochair don bhanríon agus d'iarr uirthi ar a bhfaca sí riamh gan tracht le duine ar bith ar na cónracha go dtí go dtaradh an leanbh ar an tsaol.

Bhí an mac ab óige ar chlann an rí ina ghasúr bheag bhídeach dá aois, agus ar an ábhar sin bhaist a dheartháireacha an "Dúiricín" air. Bhíodh an Dúiricín i gcónaí ag siúl lena mháthair. Má bhí sé beag féin bhí sé géarchúiseach agus thug sé fá dear go raibh a mháthair ag iompar bróin uirthi féin. Chuir sé ceist uirthi cad é bhí ag déanamh buartha di. Dúirt sí nach raibh cead aici sin a insint dó, ach níor thug sé suaimhneas di go dtí gur oscail sí doras an tseomra agus gur thaispeáin sí na cónracha dó. D'inis sí ansin dó fán rún oilc a bhí ag an rí.

"A mháthair," ar seisean, "ná cuireadh sin buaireamh ar bith ort (2:00). Imeoidh mise agus mo dheartháireacha fán choill agus ní bhfaighidh sé greim choíche orainn lenár gcur chun báis."

"Déanaigí sin," arsa an bhanríon. "Gabhaigí go dtí an crann is airde sa choill agus bíodh duine agaibh ar a sheal ag coimheád an chaisleáin as barr an chrainn. Má tchí sibh brat geal in airde ar an chaisleán, thig libh pilleadh chun an bhaile. Ach má tchí sibh brat dearg in airde, téigí amach ar fud an domhain mhóir, agus go gcumhdaí Dia sibh!"

Tháinig an dáréag mac ansin chuig an bhanríon go bhfuair siad a beannacht. Thug achan fhear acu leis a sciath agus a lann, a bhogha saighead agus a dhola, agus i nduibheagán na hoíche d'imigh siad amach chun na coille móire. Shiúil siad leo gur tháinig siad a fhad leis an chrann darach ab airde a bhí ann, agus bhain siad fúthu ag bun an chrainn sin go maidin. (3:00)

Ba é an socrú a rinne siad ansin an mac ba sine dul go barr an chrainn agus an caisleán a choimheád an chéad lá, an dara mac an dara lá, agus dá réir sin, agus an chuid eile a bheith ag seiftiú bia. Rinne siad faire ar an chaisleán ar feadh aon lá dhéag gan comhartha ar bith a fheiceáil, agus ar an dara lá déag tháinig sé ar sheal an Dúiricín dul go barr an chrainn.

Níorbh fhada a bhí an Dúiricín i mbarr an chrainn go bhfaca sé an brat dearg in airde ar an chaisleán. Chuaigh an daréag i gcomhairle le chéile ag bun an chrainn agus rinne siad uacht: ó tharla go raibh siad ag dul i mbéal a gcinn ar fud an domhain mhóir ar mhaithe le cailín, go gcuirfeadh siad chun báis mar chúiteamh an chéad chailín a chasfaí orthu.

Bhailigh siad leo a mbagáiste agus d'imigh leo isteach i ndoimhneacht na coille go dtí gur éirigh na crainn chomh dlúth (4:00) is nach mó ná gur tháinig leo siúl eatarthu. Ansin tháinig siad amach ar réiteach úrghlas agus chonaic siad teach beag deas seascair ina shuí ina lár. Bhí an doras oscailte agus tine mhaith ar an teallach.

Chuaigh siad isteach. Bhí bord fada idir dhá cheann an tí agus togha gach bia agus rogha gach dí leagtha air. Shuigh siad thart gur ith siad agus gur ól siad a sáith. Nuair a bhí a gcuid déanta acu chuaigh siad isteach i seomra agus fuair siad sé leapacha cóirithe ann. Chuaigh siad a luí agus chodail siad an oíche go sámh.

An lá arna mhárach rinne siad comhairle le chéile fán ghléas beatha a bheadh orthu sa choill. Shocair siad cúram an tí a fhágáil ag an Dúiricín agus an chuid eile a bheith ag soláthar a gcodach. Mharaigh siad an cairria agus an giorria, an crotach agus an colmán (5:00), an Ion dubh agus an smaolach, agus gach éan fiáin dár casadh ina mbealach, agus bhí an Dúiricín ag cócaireacht agus ag níochán, ag duscaireacht agus ag timireacht dóibh. As a chéile rinne siad dearmad den bhaile agus bhí siad beo mar nach mbeadh aon duine ar an tsaol ach iad féin amháin.

Bhí lúcháir mhór ar an rí nuair a tháinig an iníon ar an tsaol. Baisteadh Nóirin mar ainm uirthi. D'fhás sí aníos go talpartha, agus nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois bhí sí ina cailín álainn.

Lá amháin, nuair a bhí níochán mór déanta ag cailíní aimsire an chaisleáin, bhí Nóirín ag siúl thart agus thug sí fá deara dhá léine dhéag gasúr ar an tuar i gcuideachta an éadaigh eile. Chuaigh sí isteach chuig a máthair agus d'fhiafraigh sí di cé ar leis na léinte beaga gasúr a bhí amuigh a ngealadh. (6:00)

"Le do dheartháireacha iad," arsa an bhanríon.

"Char chuala mé riamh go raibh deartháireacha agam," arsa Nóirín.

D'inis an bhanríon ansin di cad é mar a chuaigh a deartháireacha i mbéal a gcinn ar fud an domhain mhóir nuair a tháinig sí féin ar an tsaol, agus dúirt nach raibh a fhios aici cá raibh siad anois, má bhí siad beo ar chor ar bith.

"Má tá siad beo ó cheann go ceann an domhain gheobhaidh mise iad," arsa Nóirín.

Rinne sí beartín de na léinte beaga, thug léi faoina hascaill iad agus d'imigh i mbéal a cinn nuair a bhí an saol fá shuaimhneas. Thug sí a haghaidh isteach ar an choill agus shiúil léi ar feadh na hoíche agus go meán lae arís, go dtí go bhfaca sí an teach beag deas istigh i gcroí na coille. Tharraing sí air. Bhí buachaill óg ina sheasamh sa doras ag stánadh go géar uirthi, agus cé bhí ann ach an Dúiricín (7:00). Bheannaigh sé di agus bheannaigh sí dó.

"An miste dom a fhiafraí cé thú féin nó cá bhfuil do thriall?" ar seisean.

''Ní miste," arsa Nóirin. "ls mé inion Rí an Dúin Bháin atá ar lorg mo dháréag deartháireacha a díbríodh as an bhaile nuair a rugadh mé agus nach bhfuarthas scéala riamh ó shin orthu."

Thaispeáin sí na léinte dó agus d'aithin sé iad. Bhí lúcháir mhór ar an Dúiricín roimpi, nó chonacthas dó nach bhfaca sé riamh cailín chomh dóighiúil léi. D'inis sé di gurbh eisean a deartháir agus go raibh an t-aon fhear déag eile amuigh ag seilg sa choill, ach gurbh é seo a dteach cónaithe agus gur ghairid go bpillfeadh siad air.

Ansin smaoinigh sé ar an uacht a rinne siad ag bun an chrainn darach an lá a cuireadh in airde an brat dearg ar an chaisleán agus bhuail eagla é go gcuirfeadh na deartháireacha chun báis i nuair a thiocfadh siad (8:00) ón tseilg. D'inis sé an scéal di.

"Tá mise toilteanach bás a fháil le sibhse a ligean ar ais chun an bhaile," arsa Nóirín.

''Ní bhfaighidh tú bás má thig liomsa do shábháil," arsa an Dúiricín.

Bhí dabhach mhór ina suí taobh amuigh den doras. Thiontaigh sé an dabhach ar a béal agus chuir sé Nóirín isteach fúithi. Nuair a phill na deartháireacha d'fhiafraigh sé an raibh scéal nua ar bith leo.

"Cá bhfaighimis scéal nua," ar siadsan, "nuair nach bhfaca muid fear na bean le dhá bhliain déag ach sinn féin?"

"ls fearr mise ná sibh nár fhág an teach ar chor ar bith," arsa an Dúiricín.

"Cad é an scéal nua atá agat?" ar siadsan.

"Chan insím daoibh é," ar seisean, "go dtuga sibh gealltanas nach maraíonn sibh an chéad chailín a thiocfas chun an tí."

"Bíodh sé agat," ar siadsan.

Chuaigh an Dúiricín amach gur thóg sé an dabhach (9:00) de Nóirín agus thug isteach chun an tí í. Níl scríobh ná léamh ná insint bhéil ar an ollghairdeas a bhí orthu uilig roimpi nuair a chuala siad gurbh í a ndeirfúir í. D'fhan sí acu sa choill ag coinneáil an tí dóibh in éineacht leis an Dúiricín, agus as sin amach bhí siad mar d'iarrfadh a

mbéal a bheith.

Bhí garraí deas in aice an tí agus gach uile chineál tortha is blátha ag fás ann. Bhí dhá rós déag ar aon chrann ann, agus lá amháin smaoinigh Nóirín go mbainfeadh sí iad agus go dtabharfadh sí ceann acu d'achan fhear dá cuid deartháireacha. Bhain sí na rósanna den chrann, ach níor luaithe a bhí sin déanta aici na thiontaigh a deartháireacha ina bpréacháin dhubha agus d'imigh ar eiteoga sa spéir.

"Ní raibh riamh an mheidhir mhór nach dtiocfadh ina diaidh an dúbhrón," (10:00) a deir an seanfhocal. Ba é a dhálta sin ag Nóirín é.

Shuigh sí síos a dhéanamh tuirse agus buartha i ndiaidh a cuid deartháireacha agus ar thógáil a cinn di fuair sí seanchailleach liath ina seasamh ag a taobh.

"Cad chuige ar bhain tú na rósanna?" arsa an chailleach. "Ba sin do chuid deartháireacha agus tá siad anois faoi gheasa agat."

"An bhfuil dóigh ar bith a dtig liom a saoradh arís?" arsa Nóirín.

"Níl ach aon dóigh amháin agat lena saoradh," arsa an chailleach "agus tá sin doiligh a dhéanamh. Caithfidh tú suí thuas i mbarr an chrainn mhóir sin agus gan gáire na focal a ligean asat go ceann seacht mbliain, nó má ligeann, gheobhaidh do dheartháireacha bás."

Thug Nóirín léi tuirne agus tlámán barraigh agus chuaigh suas i mbarr an chrainn mhóir agus thosaigh a shníomh. Bhí sí mar sin gach uile lá (11:00) ar feadh shé mbliain agus níor tháinig duine ar bith dá cóir i rith an ama sin.

Lá amháin i gceann an séú bliain tháinig prionsa óg an bealach, a chú lena chois, a sheabhac ar a bhois, agus é ag marcaíocht ar each caol dubh. Thosaigh an cú a thafann agus a dhéanamh roithleagáin ró ag bun an chrainn mhóir, agus nuair a chuala an prionsa an gháir a bhí ag an chú, tharraing sé ar an áit. Amharcaidh sé suas agus tchí sé an cailín ba deise a chonaic sé riamh ina suí i mbarr an chrainn ag sníomh. Labhair sé léi ach níor thug sí freagra ar bith air. Chuaigh sé in airde ar an chrann agus thóg anuas í agus thug leis ar a chúlaibh chun an bhaile í.

Pósadh an prionsa agus Nóirín, ach ní raibh bainis ar bith acu mar nach raibh máthair an phrionsa sásta leis as bean a phósadh nach raibh caint aici (12:00). Bliain ón am sin rugadh duine clainne do Nóirín agus ghoid máthair an phrionsa an leanbh agus dúirt gur chuir Nóirín ceal ann.

Cuireadh cúirt ar Nóirín agus teilgeadh chun bais í. Ba é an bás a cuireadh uirthi a ceangal de chrann agus tine a chur sa bhrosna.

Rinneadh amhlaidh.

Nuair a bhí an bladhaire ag éirí timpeall ar Nóirín chuala a raibh i láthair trup eiteog in airde sa spéir. Amharcaidh siad suas agus tchí siad dhá phréachán déag ag tarraingt orthu. Níor luaithe a shroich na préacháin an talamh ná a d'athraigh siad a gcumraíocht agus rinneadh daréag fear díobh. Lá cheann na seacht mbliain a bhí ann agus bhí deartháireacha Nóirín saor ar a ngeasa.

Scaip siad an tine agus scaoil siad Nóirín den chrann. Ansin d'inis sí a scéal don phrionsa agus ba mhór an lúcháir a bhí air (13:00) cionn is go raibh an chaint aici. B' éigean do mháthair an phrionsa a insint cad é a rinne sí leis an leanbh agus é a thabhairt ar ais do Nóirín.

Rinne siad bainis a mhair lá agus bliain, agus b'fhearr an lá deireanach ná an chéad lá. D'ól siad agus cheol siad agus dhamhsaigh siad gur thit siad thart ina gcodladh, agus nuair a fuair mise i suan iad, bhain mé na bonnaí as!

 

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8802