Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Dónall Gorm (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Dónall Gorm

Dónall Gorm

 

Nuair a bhí mise óg, bhí fear ina chónaí ar an bhaile seo arbh ainm dó Dónall Gorm. Comhráiteach mór a bhí ann agus ar an ábhar sin, ghníodh sé áirnéal fada.

Oíche amháin bhí sé ag tarraingt ar an bhaile i dtrátha an mheán oíche. Bhí oíche réabghealaí ann agus gan tuaim le cluinstin ach crónán na mara i mbéal na trá. Bhí sé ag tógáil na mala fá ghiota den teach nuair a mhothaigh sé an marcshlua ag teacht ina dhiaidh. Amharcaidh sé thart agus tchí sé na marcaigh ag déanamh air ar cosa in airde. Sheas Dónall gur tháinig siad a fhad leis. Thuirling an ceannfort a bhí orthu agus d'fhiafraigh de an mbeadh sé leo go Connachta, go raibh siad ag dul a fhuadach cailín a pósadh an mhaidin sin. Dúirt Dónall nach raibh capall ar bith aige agus nach dtiocfadh leis a bheith leo. (1:00)

Bhuail an ceannfort buille de shlat na draíochta ar bhuachallán bhuí agus rinne sé each caol dubh de. Ansin chuir sé duilleog chopóige mar dhiallait air agus d'iarr ar Dhónall dul a mharcaiocht.

Ní raibh Dónall i gConnachta riamh roimhe agus ba deas leis ruaig a thabhairt siar. Chuaigh sé de léim a mharcaíocht ar an each chaol dubh. Shín siad leo agus níor tharraing srian go raibh siad i gConnachta.

Thuirling siad fá ghiota de theach na bainise. Nuair a bhí siad ag druidim leis an teach d'iarr an ceannfort ar Dhónall, ar a bhfaca sé riamh, gan ainm Dé ná Muire a Iua a fhad is bheadh siad istigh.

Chuaigh siad chun an tí. Sheas siad seal bomaite taobh istigh den doras. Ansin chuaigh an ceannfort de léim san anraith agus lean an chuid eile é. Ní fhaca aon duine iad.

Bhí tábla mór (2:00) fada fairsing i lár an urláir agus coimhthiolán mór daoine ina suí thart air. Bhí togha gach bia agus rogha gach dí ar an tábla agus na daoine ag ithe agus ag ól. Bhí Dónall ina shuí i nglaic an chúpla agus uisce lena chár ar mhéad is bhí de chíocras air ag amharc ar an iolmhaitheas ar bord.

Fá dheireadh rinne an bhrídeog srónfach. An slua a bhí sna creataí, bhruid achan fhear acu an fear eile. Rinne an cailín an dara srónfach, agus sular chuimhnigh Dónall ar an chomhairle a thug an ceannfort dó, dúirt sé go leathíseal:

"Dia is Muire leat!"

Leis sin, mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, thit sé anuas ar an tábla. Scaipeadh an bia agus doirteadh an bhiotáilte. Thit an bhrídeog i laige agus thug an chuid eile a bhí istigh iarraidh ar an doras.

Bhí an doras róchúng (3:00) leis an iomlán a ligean amach i gcuideachta. Bhí siad cruinn ansin i lár an dorais ag brú agus ag streachailt, achan duine ag iarraidh amuigh ar tús. Loiteadh cuid acu sa chúnglach, ach de réir a chéile bhuaigh leo dul amach.

Nuair a fuair Dónall Gorm an bealach réitithe, thug sé léim amach ar an doras. Bhí sé stróicthe, gearrtha, nimhneach ón leagan a baineadh as anuas ar thábla na bainise. D'amharc sé sna ceithre hairde fichead ach ní raibh an marcshlua ná a each caol dubh le feiceáil aige. Bhain sé na bonnaí as chomh tiubh téirimeach agus a tháinig leis ar eagla go bhfeiceadh aon duine é fán áit.

Shiúil sé ar feadh trí lá agus trí oíche ag tarraingt ar an bhaile. Fá dheireadh bhain sé a theach féin amach, agus go dtí an lá a chuaigh sé i dtalamh thug sé faichill mhaith nár bheir an slua sí arís air amuigh go hantráthach san oíche.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8801