This is a Clilstore unit. You can .
Ceamach na Luatha (Athinsint ar scéal Cinderella)
Bhí fear saibhir ann fada ó shin agus fuair a bhean bás agus ní raibh fágtha aige ach aon iníon amháin. Cailín maith, cneasta, macánta a bhí inti. Ní raibh lá ar bith nach dtéadh sí go huaigh a máthar go n-abradh sí a hurnaí agus go gcaoineadh sí a sáith. Le teacht an gheimhridh chumhdaigh sneachta an uaigh, agus le teacht an earraigh d'imigh an sneachta agus d'fhás nóiníní ina áit, agus le teacht an tsamhraidh pósadh an fear saibhir ar bhaintreach a raibh beirt iníon aici.
Níorbh fhada gur thug an leasmháthair droch-cheann don dílleachta. Bhain sí di an t-éadach maith a bhí aici agus chuir seanéadach uirthi ina áit. An méid d'obair a bhí le déanamh fán teach, is í an leasiníon a chaitheadh a déanamh. Ní raibh leaba aici le luí uirthi (1:00). B'éigean di í féin a shíneadh cois na tine san oíche, agus as sin baisteadh Ceamach na Luaithe Buí uirthi.
Lá amháin bhí an t-athair ag dul chun an aonaigh agus chuir sé ceist ar na leasiníonacha cad é na féiriní a bhéarfadh sé chucu. D'iarr bean acu gúna síoda, agus d'iarr an bhean eile bróga is hata.
"Agus cad é bheas liom chugatsa?" ar seisean lena iníon féin.
"An chéad chrann a bhuailfeas in éadan do hata, bris craobh de agus tabhair chugam í ," ar sise.
Bhí na rudaí seo leis chucu mar a d'iarr siad. Chuaigh an Cheamach amach chun na reilige agus chuir sí an chraobh in uaigh a máthar. D'fhás an chraobh bheag ina crann mhór ard agus tháinig colmán geal bán gur chónaigh sé thuas i mbarr an chrainn. Achainí ar bith dá n-iarradh an Cheamach ar an cholmán bhí sí le fáil aici. (2:00)
Thug rí na tíre cuireadh do na daoine uaisle ar fud na ríochta a theacht chuige chun féasta a mhairfeadh trí lá agus trí oíche, agus d'fhógair sé go dtoghfadh an prionsa óg céile mná do féin as measc na gcailíní a bheadh i láthair. Bhí lúchair mhór ar na mna óga uilig, agus go háirid ar leasdeirfiúracha na Ceamaí. B 'éigean don Cheamach a mbróga a ghlanadh, a gceann a chíoradh agus iad chóiriú fá choinne an fhéasta. Ach nuair a d'iarr sí féin cead dul dúirt an leasmháthair nach raibh éadach aici, agus nach raibh bróga aici agus nach raibh damhsa aici, agus nach dtiocfadh léi a dhul chun an fhéasta.
Thosaigh an Cheamach a chaoineadh, agus dhoirt an leasmháthair scála pónairí sa teallach agus dúirt léi na pónairí sin a bheith cruinnithe as an luaith aici sula mbeadh an chuid eile réidh le himeacht (3:00) agus go bhfaigheadh sí cead teacht leo. Chuaigh an Cheamach amach go huaigh a máthar agus d'iarr sí cuidiú ar an cholmán. I bhfaiteadh na súl ní raibh aon éan san ealtán nach raibh istigh ar an teallach ag piocadh na bpónairí as an luaith di. Ach ní raibh gar ann: ní thabharfadh an leasmháthair cead di dul leo chuig an fhéasta.
Nuair a d'imigh an leasmháthair agus a hiníonacha chuaigh an Cheamach amach arís chun na huaighe agus d'inis sí don cholmán fán diúltú a fuair sí. Chuir an colmán culaith de shíoda dhearg agus péire de bhróga dearga anuas as an chrann chuici. Ansin chóirigh sí i féin go galánta agus d'imigh léi chuig an fhéasta.
Níor aithin duine ar bith an Cheamach, ach shíl siad uilig gur iníon rí a bhí inti a tháinig as i bhfad ó bhaile. Chuir an prionsa óg sonrú inti agus thug leis a dhamhsa í (4:00). Dhamhsaigh siad i rith an tráthnóna, agus le teacht na hoíche dúirt an Cheamach gur mhithid di imeacht. Dúirt an prionsa go mbeadh sé léi, nó gur mhaith leis fios a fháil cá raibh sí ina cónaí. D'imigh an bheirt leo go raibh siad in aice le teach a hathar. Ansin phreab an Cheamach ar shiúl ón phrionsa agus ní bhfuair sé an dara hamharc uirthi.
An lá arna mhárach chuaigh an leasmháthair agus a hiníonacha chuig an fhéasta arís. Chuaigh an Cheamach amach go huaigh a máthar. Labhair sí leis an cholmán sa chrann agus chuir sé anuas culaith de shíoda gheal chuici agus péire bróg a raibh deatach airgid orthu. Nigh sí, ghlan sí agus chóirigh sí í féin agus chuaigh chuig an fhéasta.
Níor luaithe a tháinig sí chun an tí ná a d'aithin an prionsa óg í agus thug leis a dhamhsa í. Dhamhsaigh siad i an trathnóna (5:00) gur dhúirt an Cheamach go raibh an t-am aici imeacht. Chuaigh an prionsa léi go raibh siad in aice le teach a hathar. Ansin chuaigh si i bhfolach air, agus ach oiread is dá slogadh an t-aer nó an talamh í, ní raibh an dara hamharc aige le feiceáil uirthi.
An tríú lá chuaigh an leasmháthair agus a hiníonacha chuig an fhéasta arís, agus nuair a bhí siad as baile, chuaigh an Cheamach go huaigh a máthar agus labhair leis an cholmán sa chrann. Chuir sé anuas chuici culaith a bhí fite fuaite le hórshnáithe agus péire bróg a raibh deatach óir orthu.
An lá seo nuair a tháinig sí chun an fhéasta d'iarr an prionsa ar a ghiollaí dul go dtí an áit ar imigh sí air an dá oíche eile agus tarra a dhortadh ar an bhealach mhór ann. Dhamhsaigh sé féin léi i rith an tráthnóna gur dhúirt sí go raibh an t-am aici imeacht (6:00). Shiúil an bheirt leo go raibh siad ag an áit chéanna arís, agus nuair a thug an Cheamach iarraidh imeacht air, ghreamaigh ceann de na bróga sa tarra uirthi. Thóg an prionsa an bhróg, thug leisi agus phill ar an chaisleán.
An lá arna mhárach, tháinig an prionsa ar dhroim capaill go teach an duine uasail go bhfeiceadh sé arbh í bean ar bith dá chuid iníonacha a chaill an bhróg. Dúirt sé go bpósfadh sé an bhean a bhfóirfeadh an bhróg di.
Thug an leasmháthair léi isteach i seomra an iníon ba sine agus d'fhéach leis an bhróg a chur uirthi. Ach bhí cos na hiníne rómhór agus réab sí an tsáil á cur isteach sa bhróg. Thug an prionsa leis ar a chúlaibh í, agus nuair a bhí siad ag dul thart leis an reilig scairt an colmán anuas as barr an chrainn:
"Amharc 'do dhiaidh,
Amharc 'do dhiaidh,
Tá fuil ar bhróg do mhná; (7:00)
Tá a sáil rómhór,
Nó an bhróg róbheag,
Is ní léi atá tú i ngrá. "
D'amharc an prionsa thart agus chonaic sé an fhuil ag titim ar chul na bróige. Phill sé ar theach an duine uasail agus dúirt nárbh í seo an bhean cheart. Thug an leasmháthair léi an dara hiníon isteach i seomra agus d'fhéach leis an bhróg a chur uirthi, ach bhí cos na hiníne rófhada agus réab sí an ladhar mhór á cur sa bhróg. Thug an prionsa leis ar a chúlaibh í, agus nuair a bhí siad ag dul thart leis an reilig scairt an colmán as barr an chrainn:
"Amharc 'do dhiaidh,
Amharc 'do dhiaidh,
Tá fúil ar bhróg do mhná;
Tá a ladhar rómhór,
Nó an bhróg róbheag,
Is ní léi atá tú i ngrá. "
D'amharc an prionsa thart agus chonaic sé an fhuil ag titim as béal na bróige. Phill sé ar theach (8:00) an duine uasail agus d'iarr sé Ceamach na Luaithe a thabhairt i láthair. Nigh sí, chíor sí agus chóirigh sí í féin, tháinig i láthair agus chuir uirthi an bhróg go sásta. Chomh luath géar is a chonaic an prionsa sa bhróg í, d'aithin sé í.
Pósadh an lanúin agus rinneadh bainis a mhair seacht lá agus seacht n-oíche. Cibé nach bhfuair cuireadh fuair mise cuireadh, agus a leithéid de bhainis ní fhaca mé riamh. D'ól siad agus cheol siad, agus dhamhsaigh siad uilig ach leasdeirfiúracha na Ceamaí. Bhí siadsan bacach agus níor tháinig leo damhsa.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8800