Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Mac na Baintrí (Scéalta Johnny Shéamaisín)

User 215884232 · Mac na Baintrí

Mac na Baintrí

 

Bhí baintreach mhná ina cónaí san áit seo fada ó shin agus ní raibh de theaghlach aici ach aon mhac amháin. Diarmaid ab ainm dó. As siocair nach raibh ann ach é níor cuireadh srian ar bith air ina óige, agus bhí a shliocht air: nuair a tháinig sé i méadaíocht bhí sé ina sheádaí dhéanta. Ba mhinic a dúirt a mháthair leis go gcuirfeadh a shrón féin comhairle go fóill air. Ach ní raibh gar a bheith ag caint leis: níor léir dó a locht.

Oíche Shamhna amháin bhí sé amuigh  go mall. Bhí oíche smúidghealaí ann agus í chomh ciúin is nach mbogfadh ribe ar do cheann. Chuala sé gleo ag tarraingt air. D'éist sé agus níorbh fhada go bhfaca sé an slua sí ag nochtadh chuige. Bhí ceathrar ar a dtús agus toirt cosúil le cónair (1:00) ar a nguaillí leo. Nuair a tháinig siad a fhad le Diarmaid d'fhág siad síos an chónair, agus ach oiread is dá slogadh an talamh iad, ní raibh an dara hamharc le feiceáil aige orthu.

Bhí Diarmaid móruchtúil riamh. Níor tháinig cearthaí ná driopás ar bith air. Chuaigh sé go dtí an chónair agus d'amharc sé isteach inti. Bhí cailín óg doighiúil ina luí sa chónair. Leag sé a lámh ara héadan agus d'aithin sé nach raibh sí marbh ach gur ina codladh a bhí sí. Smaoinigh sé go ndeachaigh an slua sí a bhobaireacht air, agus dar leis go mbuailfeadh seisean bob orthu. Thog sé an cailín idir a dhá láimh agus chaith ar a ghualainn í. Thug sé leis chun an bhaile chuig a mháthair í.

Bhí sí ansin gan chaint, gan choisíocht, gan och, gan mhairg ar feadh bliana. I rith an ama sin, thug an bhaintreach modh agus urraim di (2:00), ach mar sin féin ní raibh sult ná sásamh aici bheith ina cuideachta nuair a bhí sí balbh.

Bhí go maith is ní raibh go holc gur tháinig oíche Shamhna arís. Le clapsholas d'imigh Diarmaid agus níor stad go raibh sé ar Chnoc an Dúin Bháin, áit a raibh bruíon sióg. Bhí doras na bruíne oscailte agus an áit folamh. Chuaigh Diarmaid isteach agus d'fholaigh é féin i gcul na comhla, agus níorbh fhada gur tháinig an slua sí isteach agus gur shuigh siad thart ag comhrá.

"Bliain is an oíche anocht a ghoid Diarmaid an cailín uainn," arsa bean de na mná.

"ls beag a bhí ar a shon sin aige," arsa an dara bean. "Ar ndóigh, tá sí bodhar, balbh, gan lúth gan láthair, ón lá sin go dtí an lá inniu."

"Cha bheadh sí mar sin dá dtarraingeodh sé an biorán suain atá sáite ina gruaig (3:00) ar chúl a cinn agus a chaitheamh sa tine," arsa an tríú bean.

Níor éist Diarmaid leis an dara focal. Bhí léim an dorais aige agus an slua sí sa tóir air. Nuair a tháinig sé go dtí an abhainn in íochtar an ghleanna léim sé amach san uisce agus shiúil sé trasna. Bhí sé de gheasa ar an tslua sí nach dtiocfadh leo dul thar uisce sa tóir ar dhuine agus b'éigean dóibh pilleadh ar an bhruíon.

Bhain Diarmaid an baile amach. Tharraing sé an biorán suain as gruaig an chailín agus chaith sé sa tine é. B'fhíor don bhansióg an méid a dúirt sí: d'éirigh an cailín ina seasamh chomh folláin is bhí sí riamh.

Seal aimsire ina dhiaidh sin, pósadh í féin agus Diarmaid. Rinne siad bainis mhór a mhair seacht lá agus seacht n-oíche. Ní raibh duine sa phobal, idir bheag agus mhór, shean agus óg, nach bhfuair cuireadh (4:00). Fuair mé féin cuireadh mar dhuine, agus a leithéid de bhainis ní fhaca mé riamh i mo shaol.

Bhí togha gach bia agus rogha gach dí ann agus mhair an ceol agus an damhsa agus an chuideachta ar feadh na seachtaine go an dtí go raibh formhór na ndaoine chomh cloíte is gur thit siad thart chun suain. Nuair a fuair mise an t-áiméar, d'éirigh mé agus bhain mé an baile amach agus mé chomh tuirseach is nach ndéanaim dearmad go deo de bhainis Dhiarmaid na Baintrí.

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8799