This is a Clilstore unit. You can .
Fionnbhráid
Fada ó shin bhí rí agus banríon sa tír seo agus ní raibh de theaghlach acu ach aon iníon amháin. Fionnbhráid ab ainm di, agus bhí sé canta nach raibh aon chailín ar an domhan chomh dóighiúil léi. Bhí prionsaí agus ridirí as gach cearn den domhan ag teacht go cúirt an rí, ag súil go rachadh acu an mhaighdean óg a mhealladh. Ach ba sin a raibh ar a shon acu, ar an drochuair dóibh féin agus dise.
Lá dá raibh Fionnbhráid amuigh ag seilg lena cú bán agus lena capall, d'éirigh giorra rompu as faoi thom cuilinn a bhí ag fás ar bhruach na habhann. Lean an cú an giorria agus d'imigh Fionnbhráid ar an chapall sa tóir orthu, síos mala agus suas cnoc. Nuair a bhíodh an cú in íochtar gleanna (1:00) bhíodh an giorria ar bharr cnoic, agus nuair a bhíodh an cú ar bharr cnoic bhíodh an giorria in íochtar gleanna; agus d'ainneoin go raibh an cú agus an capall ba ghaiste in Éirinn ag Fionnbhráid, ní raibh siad ábalta greim a fháil ar an ghiorria.
Le coim na hoíche, nuair a bhí siad uilig tuirseach sáraithe, thug Fionnbhráid a haghaidh ar an bhaile. Ar thiontú thart di fuair sí seanchailleach liath ina seasamh ag a taobh. Baineadh stangadh as Fionnbhráid nuair a dhearc sí ar an chailleach. Chonacthas di nach raibh cuma shaolta uirthi. Thug sí iarraidh imeacht, ach sula raibh faill aice bogadh as áit na mbonn, dúirt an chailleach gur mhór an croí di bheith ag seilg ar an tsliabh i ndiaidh luí gréine.
"Mise Bean Chríonna na gCnoc," arsa an chailleach, "agus cuirim geasa ort gan aon fhear a phósadh choíche (2:00) ach an fear a bhainfeas Luibh na Draíochta agus a bhéarfas duit i do láimh í. Tá Luibh na Draíochta ag fás ar Uaigh na Rí sa domhan thoir agus sealán de leachtanna geala ina timpeall, agus an fear a rachas agus a bhainfeas í caithfidh sé an turas a dhéanamh idir éirí agus luí na gréine. B'fhéidir go mbainfeadh sin cuid den ghus asat," ar sise, agus d'imigh sí.
Thit lámha Fhionnbhrád fána crios nuair a chuala sí an manadh a bhí ag an chailleach di agus thug sí a haghaidh ar an bhaile go briste brónach.
Chuaigh na blianta thart agus níor pósadh Fionnbhráid. Ach lá amháin tháinig ridire óg as an Spáinn go cúirt an rí. Chonaic sé Fionnbhráid, agus dálta mar d'éirigh don chuid eile, thit sé i ngrá léi (3:00). D'fhiafraigh sé di an bpósfadh sí é. Chrom sí a ceann agus dúirt leis:
"Más fear thú a bhfuil cúram de do bheo agat, fan amach uaimse, nó tá geasa orm gan aon fhear a phósadh choíche ach an fear a rachas chun an domhain thoir agus a bhainfeas Luibh na Draíochta atá ag fás ar Uaigh na Rí agus a bhéarfas dom i mo láimh í, agus caithfidh sé an turas sin a dhéanamh idir éirí agus luí na gréine. Is iomaí gaiscíoch lúfar a sheol as an chuan sin thíos ag tarraingt ar an domhan agus nár phill arís lena scéala, agus níl a fhios ag neach dá maireann cad é is íde dóibh ón lá sin go dtí an lá inniu. Is leor a bhfuil caillte mar mhaithe liom. Mar sin de, tabhair d'aghaidh ar do leas agus do chúl le d'aimhleas, nó b'fhéidir go mbeifeá ag caí nuair nach mbíonn breith ar d'aithreachas agat." (4:00)
"Is cuma cé a chuaigh agus cé nár tháinig," arsa an ridire, "rachaidh mise chun an domhain thoir go mbaine mé Luibh na Draíochta duit."
Le banú an lae ar maidin chuaigh sé go dtí an áit a raibh a bhád feistithe. Scaoil sé an ceangal a bhí uirthi. Ansin thóg sé a cheann agus chonaic sé an cailín beag ina seasamh idir é agus an bád. Ní raibh sí ní ba mhó ná troigh ar airde. Bhí clóca glas uirthi ó mhullach a cinn go barr a coise agus slat ina láimh léi.
"Cá bhfuil do thriall, a mhic an rí?" ar sise.
"Tá mé ag dul chun an domhain thoir go mbaine mé Luibh na Draíochta," ar seisean.
"Ní féidir leat bua a fháil ar Bhean Chríonna na gCnoc gan mo chuidiúsa," ar sise.
"Agus cé thusa?" ar seisean.
"Mise Banríon na Sióg," ar sise. "Ní ghéillim daoibh," arsa an ridire. (5:00)
Thug sé iarraidh dul isteach sa bhád ach bhuail an bhanríon buille den tslat ar an charraig agus rinne míle píosa de. Léim triúr fear amach. Bhí gach fear acu tuairim ar throigh go leith ar airde, agus éide ghlas orthu mar bhí ar an bhanríon. Bhí greim ag an chéad fhear ar a chois chlé lena láimh chlé.
"Sin Cos Cheangailte," ar sise.
Bhí bogha is saighead faoina ascaill leis an dara fear.
"Sin Aimsiú Fíor," ar sise.
Bhí péire bolg ina láimh leis an tríú fear.
"Sin Gála Tréan," ar sise.
D'umhlaigh na fir bheaga ghlasa don bhanríon. D'inis sise dóibh go raibh an ridire óg ag imeacht chun an domhain thoir a bhaint Luibh na Draíochta.
"Anois," ar sise, "féachaigí nach mbacann Bean Chríonna na gCnoc leis."
"Tá Bean Chríonna na gCnoc láidir, ach tá na fir bheaga ghlasa (6:00) níos láidre," ar siadsan.
"Bígí ar shiúl anois agus cruthaigí sin," ar sise; agus ach oiread is dá slogadh an talamh í, ní raibh an dara hamharc le feiceáil ag an ridire uirthi.
"Cad chuige a bhfuil greim ar do chois agat?" arsa an ridire le Cos Cheangailte.
"Murab é go bhfuil ní choinneodh aon duine cos liom." ar seisean, agus chuaigh se de léim isteach sa bhád.
Lean Aimsiú Fíor agus Gála Tréan é. D' iarr siad ar an ridire a bheith de léim istigh, agus níor luaithe a bhí ná a thosaigh Gála Tréan a shéideadh na mbolg.
I bhfaiteadh na súl d'éirigh gála gaoithe móire a shíob an bád trasna na farraige go dtí an domhan thoir. D'fheistigh siad an bád i gcasla fhoscaíoch agus chuaigh i dtír.
Bhí gleann fada ina luí rompu agus abhainn mhór leathan ag caismearnaigh trína lár, cnoic arda (7:00) cumhdaithe le fraoch agus feannán ar an dá thaobh agus srutháin gheala ag titim le fána anuas sleasa na gcnoc.
"An gcaithfimid dul go barr na gcnoc sin?" arsa an ridire.
"Caithfidh tusa dul suas," arsa na fir bheaga ghlasa. "Níl sinne ag dul níos faide."
"Níl eolas an bhealaigh a fhad leis na leachtanna agam," arsa an ridire.
"Caithfidh tú an bealach a chuardach," ar siadsan, "nó an fear a bhainfeas Luibh na Draíochta níl cead ag aon duine bheith leis."
Ní raibh níb fhearr le déanamh ag an ridire ach an cnoc a ionsaí. Lár an tsamhraidh a bhí ann agus bhí an aimsir te; ach bhí an ridire láidir do-chloíte agus chuaigh sé ar aghaidh coiscéim ar choiscéim go raibh sé in aice le barr an chnoic. Ansin, mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, tháinig cnap ceo air agus níor léir dó cá raibh a thriall (8:00).
Shuigh sé síos a dhéanamh a scíste. Bhí an teanga ramhar ina bhéal leis an tart agus na cos a nimhneach aige leis an tsiúl. Smaoinigh sé nach raibh tásc na tuairisc le fáil ar na fir bhreátha a tháinig an bealach céanna roimhe a bhaint Luibh na Draíochta agus gur dhócha go bhfágfaí eisean mar a fágadh iadsan.
Leis sin, thóg se a cheann agus bhí an ceo glan de bharr an chnoic. Tugaidh sé thart a shúil agus tchí sé leachtanna na ríthe fá ghiota de agus Luibh na Draíochta ag fás istigh i gcroilár an tsealáin.
D'éirigh a chroí agus a aigne. Lig sé é féin chun reatha agus níor stad go raibh sé istigh sa tsealán agus bhain sé an luibh. Ach níor luaithe a bhain ná a bhuail eagla é, agus ar thiontú thart dó, chonaic sé prionsa óg ina luí ina chodladh ag bun achan leachta (9:00), biorán suain de ór bhuí trína ghruaig ar chúl a chinn agus barr an bhioráin sáite sa talamh.
Bhí sé ina sheasamh ansin a mbreathnú nuair a tchí sé an tseanchailleach liath chuige agus corn fíoruisce ina láimh léi.
"Seo dhuit a mhic an rí," ar sise, "tá aistear fada déanta agat agus tá tú tuirseach."
Fuair sé greim ar an chorn agus d'ól sé deoch as, ach chomh luath is a bhí an deoch ólta aige, tháinig !agar air agus thit sé in áit na mbonn. Chuir an chailleach a lámh ina brollach, tharraing sí amach biorán suain den ór loiscthe, agus chuir i bhfostú ina ghruaig é agus a bharr sa talamh.
"Tá tú i do luí anois," ar sise, "agus is fada go n-éirí tú." Nuair a bhí an gníomh sin déanta aici bhog sí léi.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin (10:00) gur nocht Cos Cheangailte aníos taobh an chnoic agus Aimsiú Fíor ar a dhroim leis. Rinne achan fhear acu racht mór gáire nuair a chonaic siad an ridire óg ina luí ina chodladh.
Lig Cos Cheangailte síos Aimsiú Fíor ar an talamh. Tharraing seisean a bhogha as faoina ascaill agus scaoil sé saighead leis an bhiorán suain a bhí i ngruaig an ridire. Shíob sé an biorán sa spéir. D'éirigh an fear óg de léim ina sheasamh agus greim an duine bháite aige ar Luibh na Draíochta. Thug se buíochas do na fir bheaga as tarrtháil a thabhairt air.
"Is fearr duitse imeacht le mo dheartháir," arsa Aimsiú Fíor leis an ridire. "Caithfidh mise na fir seo eile a mhúscailt agus sibh a chosnamh ar Bhean Chríonna na gCnoc."
Cé gur bheag é féin agus gur mhór an fear eile, chuir Cos Cheangailte an ridire ar a dhroim. Lig sé a dhá chois ar an talamh (11:00) agus níor luaithe an ghaoth Mhárta ag dul le fána an tsléibhe ná é gur shroich sé an cuan agus an long. Bhí Gála Tréan ansin rompu. Chuaigh siad ar bord agus shéid Gála Tréan na boilg gur thóg sé réablacha gaoithe móire a shíob trasna na mara go hÉirinn iad.
Chuaigh an ridire go cúirt an rí agus thug sé Luibh na Draíochta do Fhionnbhráid ina láimh. Shnaidhm sí í féin ann agus phóg sí é. Pósadh an lánúin ina dhiaidh sin agus rinne siad bainis a mhair lá agus bliain.
I lár an ghleo agus na cuideachta tháinig éan beag de rúchladh isteach ar an doras agus amach ar an fhuinneog; agus dá mbíodh ruball ar an éan, bheadh an scéal níb fhaide!
Short url: https://clilstore.eu/cs/8798