This is a Clilstore unit. You can .
Conn Mac An Fhíodóra
Bhí tiarna ann fada ó shin a raibh dúiche mhór talaimh aige agus bhí sé an-saibhir. Bhí fear bocht ina chónaí ar an dúiche chéanna a raibh an fhíodóireacht mar cheird aige, agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Conn ab ainm don mhac. Gach uile oíche nuair a bhíodh an tiarna ina chodladh ghníodh sé brionglóid gurbh é Conn mac an fhíodóra a bheadh ina oidhre ar an dúiche.
Chuir an bhrionglóideach seo imní mhór ar an tiarna. Leag sé amach go ndíbreodh sé Conn as an tír. Chuaigh sé chuig an fhíodóir agus dúirt leis go gcaithfeadh sé an mac a chur ar shiúl, agus nach mbeadh cead aige baint faoi in aon áit ar dhócha dó pilleadh ar an dúiche.
Chuir an scéala seo brón mór ar an fhíodóir agus ar a bhean, nó bhí an mac an-chúramach acu (1:00) mar nach raibh de theaghlach acu ach é féin. Ach ní raibh gar a bheith ag caint.
Ar maidin lá arna mhárach, d'imigh an fiodóir agus Conn, agus bhí siad ag siúl leo gur casadh fear beag ribeach rua orthu. D'fhiafraigh sé cá raibh siad ag dul. Dúirt an fiodóir nach ligfeadh an tiarna don mhac baint faoi san áit.
"Bhéarfaidh mise liom é," arsa an fear rua, "agus múinfidh mé asarlaíocht agus geasa dó. Ansin beidh sé ar an neamhacra ar an tiarna."
Thug an fear beag ribeach rua leis Conn agus phill an fíodóir ar an bhaile. Ar feadh cúig bliana ní bhfuair sé tuairisc ar bith ar an mhac, agus ansin dúirt sé lena bhean gur mhithid dó dul ar a lorg.
D'imigh sé leis agus shiúil sé thoir agus thiar gur tháinig spuaiceacha ar a bhonnaí. Fá dheireadh casadh capall dó ag innilt ar thaobh an bhealaigh (2:00). Labhair an capall agus dúirt:
"Cé acu is fearr leat marcaíocht nó siúl ar do chois?"
"B'fhearr liom marcaíocht dá mbíodh sí agam," arsa an fíodóir.
"Gabh ar mo dhroim," arsa an capall.
Chuaigh an fíodóir ar dhroim an chapaill agus d'imigh an capall ar cosa in airde agus níor stad go raibh sé ag bruach na farraige. Chuaigh sé ar an tsnámh agus thug isteach ar oileán é a bhí go domhain san fharraige. Ansin labhair sé arís:
"Tá tú ag cuardach do mhic," ar seisean. "Tá sé faoi gheasa ar an oileán seo ag an fhear bheag ribeach rua. Gheobhaidh tú i measc na gcolmán é atá ar an chaisleán sin thall, agus aithneoidh tú é leis an chleite cham atá ina eireaball. Ní maith leis an fhear rua scaradh leis, mar go bhfuil sé an-chliste, ach gabh thusa agus faigh greim air agus abair gur leat féin é (3:00) agus gur tháinig tú fána choinne. Ní thig leis an fhear rua é a choinneáil uait."
Nuair a chuaigh an fíodóir go dtí an caisleán, bhí an fear beag ribeach rua ag tabhairt bia do na colmáin. Chonaic sé an colmán a raibh cleite cam ina ruball agus fuair sé greim air.
"Seo mo cholmánsa agus tháinig mé fána choinne," arsa an fíodóir.
"Beir leat é," arsa an fear rua, "ach beidh daor ort."
Thug sé leis an colmán faoina ascaill, agus nuair a bhí siad as amharc an chaisleáin chuaigh an colmán i riocht a mhic féin agus chuir fáilte roimhe. Ansin rinne sé capall de féin agus d'iarr ar an athair dul ar a dhroim. Shnámh sé chun na tíre agus d'imigh leis ar cosa in airde gur bhain sé an baile amach. Tháinig se ina chruth féin arís agus bhí lúcháir mhór ar a mháthair roimhe.
Ní raibh Conn mac an fhíodóra i bhfad sa bhaile (4:00) go raibh rásaí beathach san áit. D'iarr sé ar a athair bheith leis chuig na rásaí. Rinne sé capall de féin agus d'imigh siad leo. Reath sé an chéad rás agus bhain sé an duais. Le scéal fada a dhéanamh gairid, ní raibh aon rás ó Iorras go Málainn nár bhain sé ina dhiaidh sin go dtí nach raibh i mbéal na tíre ach capall rása an fhíodóra.
D'éirigh an fíodóir saibhir leis an méid duaiseanna a bhain sé. Ba é an deireadh a bhí air gur thosaigh sé a dh'ól. Aon lá amháin nuair a bhí sé ar meisce tháinig an fear beag ribeach rua agus cheannaigh sé an capall uaidh.
Thug an fear beag ribeach rua leis an capall go dtí an abhainn go dtugadh sé deoch dó. Rinne an capall breac de féin agus d'imigh san abhainn. Ba mhaith an mhaise don fhear rua é, rinne sé madadh uisce de féin agus d'imigh sa tóir ar an bhreac. Nuair a bhí sé ag cur géar air (5:00), rinne an breac colmán de féin agus d'imigh ar eiteoga sa spéir. Rinne an madadh uisce seabhac de féin agus lean sé é, agus nuair a bhí an seabhac ag cur crua ar an cholmán chuaigh sé isteach ar bharr na fuinneoige i dtigh an tiarna.
Rinne an colmán fáinne de féin agus chuaigh suas ar mhéar an tiarna. Rinne an seabhac fear de féin agus d'iarr sé an fáinne ar an tiarna. Tháinig a oiread feirge ar an tiarna is gur chaith sé an fáinne sa tine. Thug an fear rua leis boilg agus teanchair agus thosaigh a shéideadh na tine leis na boilg agus a chuardach an fháinne leis an teanchair. Rinne an fáinne drithleog de féin agus d'imigh amach ar an tsimléir agus isteach i scioból an choirce úir. Rinne sé gráinnín de féin agus chuaigh i bhfolach i gcroílár an choirce a bhí ina mholl ar an urlár.
Rinne an fear beag ribeach rua (6:00) turcaí de féin agus chuaigh isteach sa scioból agus thosaigh a dh'ithe an choirce go haimirneach. Bhí sé ag ithe gur tachtadh é. D'éirigh Conn aníos ina chruth féin ansin, fuair greim dhá lorga chaola ar an turcaí, thóg leis ina láimh é agus thug mar bhronntanas don tiarna é le hithe.
Bhí bród mór ar an tiarna as asarlaíocht Choinn mhic an fhíodóra. Thug sé a iníon dó le pósadh agus rinne sé oidhre de ar a dhuíche óna lá féin amach.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8797