Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Cearrbhach Mac Cába

User 215884232 · An Cearrbhach Mac Cába

An Cearrbhach Mac Cába

 

Bhí cró agus giota beag talaimh ag an Chearrbhach Mhac Caba, cosúil leis an chuid eile den chomharsain, ach má bhí féin, bhí sé beo bocht. Ní raibh aon bhealach dá dtéadh sé nach mbíodh paca cártaí leis ina phóca, nó aon duine dá gcastaí air nach gcuireadh sé ceiliúr imeartha air. Bhíodh sé ina shuí san oíche ag imirt agus ina luí sa lá ina chodladh, agus ar an dóigh sin lig sé a chuid talaimh chun báine. De réir mar bhí a chomharsa ag bisiú sa tsaol, is é rud a bhí seisean ag dul ar gcúl.

Bhí sé oíche amháin ag imirt gur chaill sé an phingin dheireanach dá raibh ina sheilbh. Tháinig se chun an bhaile le bodhránacht an lae agus é briste, brúite, brónach, gan pingin ar a thús ná ar a dheireadh. Ar theacht a fhad leis an teach dó, fuair sé mná na comharsan cruinn ann ag freastal ar a bhean a bhí i bpriacal ó oíche (1:00). Rugadh mac óg di nuair a bhí sé as baile ag cearrbhachas.

D'iarr na mná ar an Chearrbhach sagart a fháil a bhaistfeadh an leanbh. Dúirt se gurbh é sin an saothar ba lú dó a dhéanamh. D'imigh sé, agus níorbh fhada a chuaigh go bhfaca sé fear óg ag tarraingt air. D'aithin sé ar chruthaíocht an fhir óig gur strainséir a bhí ann. Bhreathnaigh sé é ó mhullach a chinn go barr a chos, agus chonacthas dó ina dheilbh agus ina ghné nach bhfaca sé aon fhear riamh chomh dóighiúil leis. Bheannaigh an Cearrbhach don strainséir agus bheannaigh an strainséir dó.

"Tá tú ag dul fá choinne sagairt a bhaistfeas do leanbh," arsa an strainséir.

"Tá," arsa an Cearrbhach, "ach cad é mar tá a fhios agatsa cá bhfuil mé ag dul nó cad é mo ghnoithe?"

"Is mise Dia," arsa an strainséir. "Pill ar ais agus baistfidh mé an leanbh." (2:00)

"Cha phillim," arsa an Cearrbhach. "Más tú Dia, is olc an ceart atá tú a thabhairt dom. Nuair atá mo chomharsa ag bisiú sa tsaol, is é rud atá mise ag dul ar gcúl, agus ar an ábhar sin, ní bheidh baint agat le mo leanbh."

Shiúil sé leis, agus níorbh fhada go bhfaca sé strainséir eile ag tarraingt air. Creatlach d'fhear mhór fhada a bhí ann. Bhí sé dubh, buí, meirgeach, agus ní raibh ann ach na cnámha agus an craiceann. Dar leis an Chearrbhach: "Is neamhchosúil le chéile tusa is Dia." Bheannaigh siad dá chéile.

"Tá tú ag dul fá choinne sagairt a bhaistfeas do leanbh," arsa an strainséir.

"Tá," arsa an Cearrbhach, "ach ba mhaith liom fios a fháil cad é mar a aithníos tusa cá bhfuil mé ag dul."

"Is mise an Bás," arsa an strainséir. "Ní thig neach ar an tsaol agus ní fhágann neach an saol gan fhios dom (3:00). Casadh Dia ort romham agus thairg sé do leanbh a bhaisteadh. D'fhéad tú a chomhairle a ghlacadh. Pill anois agus beidh mise i mo charas Críost ag do leanbh."

Phill an Cearrbhach agus an Bás gur tháinig siad a fhad leis an áit a raibh Dia ag fuireacht leo. Chuaigh an triúr go teach an Chearrbhaigh agus bhaist Dia an leanbh agus bhí an Bás ina charas Críost aige. Ansin d'imigh Dia.

Arsa an Bas leis an Chearrbhach: "Níor chóir duit Dia a ligean uait gan achainí a iarraidh air."

D'imigh an Cearrbhach i ndiaidh Dé, agus nuair a tháinig sé a fhad leis, d'fhiafraigh Dia cad é bhí sé a iarraidh.

"Tá mé ag iarraidh achainí ort," arsa an Cearrbhach. "Cad é an achainí i?" arsa Dia.

"Bua chearrbhach an domhain a thabhairt dom," arsa an Cearrbhach.

"Gheobhaidh tú sin," arsa Dia.

Phill an Cearrbhach ar an bhaile go sásta (4:00). Casadh an Bás dó ar an bhealach agus d'fhiafraigh an bhfaca sé Dia.

"Chonaic me Dia agus fuair mé achainí," arsa an Cearrbhach.

"Cad é an achainí í?" arsa an Bás.

"Achainí mhaith," arsa an Cearrbhach, "bua chearrbhach an domhain a bheith agam. Agus anois bainfidh mé an méid airgid a chaill mé riamh, agus tuilleadh lena chois."

"Is dona d'achainí," arsa an Bás. "Lean arís é agus iarr achainí mhaith air."

D'imigh an Cearrbhach arís gur tháinig sé a fhad le Dia agus gur iarr achainí eile air.

"Cad é an achainí í?" arsa Dia.

"Bua dhochtúirí an domhain a bheith agam," arsa an Cearrbhach.

"Gheobhaidh tú sin," arsa Dia.

Phill an Cearrbhach fá lúcháir, agus nuair a casadh an Bás air, d'inis sé dó fán achainí eile a fuair sé.

"Is dona an achainí í," arsa an Bás. "Lean arís é agus iarr achainí mhaith air (5:00) an iarraidh seo."

D'imigh an Cearrbhach i ndiaidh Dé gur iarr sé an treas achainí air.

"Cad é an achainí í?" arsa Dia.

"Tá crann úll ag fás sa gharraí agam," arsa an Cearrbhach, "agus nuair a bhím ar shiúl ag imirt san oíche, thig páistí na comharsan go ngoideann siad na húlla de. larraim achainí do dhuine ar bith a leagfas lámh ar úll ann a lámh greamú den úll agus an t-úll greamú den chrann go dtí gur mian liomsa a scaoileadh."

"Gheobhaidh tú an achainí," arsa Dia.

Ansin chuaigh an Cearrbhach chuig an Bhás agus dúirt leis go bhfuair sé achainí mhaith an iarraidh seo.

"Cad é an achainí í?" arsa an Bás.

"Chan insím sin do dhuine ar bith," arsa an Cearrbhach.

"Maith go leor," arsa an Bás. "Tá bua dhochtúirí an domhain agat agus is olc a fhóireas sin domsa (6:00). Déanfaidh mé margadh fán achainí sin leat. Nuair a rachas tú i dteach ina bhfuil duine tinn, má bhímse i mo shuí ar cosa na leapa, déan a leigheas, agus má bhím ag ceann na leapa lig liom é, nó beidh tú féin agam ina áit."

"Margadh é," arsa an Cearrbhach.

D'imigh an Bás i gceann a ghnoithe agus d'imigh an Cearrbhach a dh'imirt cártaí mar ba ghnách leis. Bhain sé an méid airgid a chaill sé riamh agus tuilleadh lena chois, go dtí sa deireadh nach bhfuair sé duine ar bith le himirt leis. Ansin thosaigh sé a dhochtúireacht.

Bhí an Cearrbhach Mac Cába ag leigheas daoine tinne go dtí go raibh a shaibhreas déanta aige. Chuaigh a gháir níb fhaide ná a chuaigh a chos agus bhí clú air go raibh bua dhochtúirí an domhain aige.

Bhí fear saibhir ina chónaí sa Spáinn agus bhuail breoiteacht é. Bhí dochtúirí na Spáinne ag freastal air, ach ní raibh dul acu (7:00) biseach a dhéanamh de. Tháinig a ghaolta agus chomhairligh siad dá bhean scéala a chur chuig an Chearrbhach Mhac Cába a theacht chuige. Ghléas siad long is foireann agus sheol siad go hÉirinn gur thug anonn an Cearrbhach leo chun na Spáinne.

Nuair a chuaigh an Cearrbhach isteach sa tseomra a raibh an fear tinn ina luí ann fuair sé an Bás ina shuí ag ceann na leapa. Chuir an Bás cár ar an Chearrbhach agus chuir an Cearrbhach cár air.

"An dtig leat m'fhear céile a leigheas?" arsa an bhantiarna.

"Ní thig liom," arsa an Cearrbhach.

"Is mairg a chuir go hÉirinn fá do choinne," ar sise, "más anall a chur cáir air a tháinig tú."

Thaispeáin sí cófra dó.

"Bhéarfaidh mé a bhfuil d'ór ansin duit má leigheasann tú é," ar sise.

Shantaigh an Cearrbhach an t-ór. D'iarr sé uirthi ceathrar de bhuachaillí gasta a thabhairt isteach chuige. Nuair a tháinig siad (8:00) d'iarr sé orthu breith ar cheithre postaí na leapa agus í a thiontú thart. Rinne siad sin agus d'fhág siad an Bás ina shuí ag cosa na leapa. Ansin thug an Cearrbhach luibh íce don fhear thinn agus d'éirigh sé amach chomh slán folláin is a bhí sé riamh.

Thug na buachaillí an cófra óir chun na loinge don Chearrbhach, ach tháinig an Bás ina ndiaidh ar an bhealach agus fuair greim sceadamáin ar an Chearrbhach.

"Tá tú agam anois in áit an fhir a leigheas tú," ar seisean.

"A charas Críost dílis," arsa an Cearrbhach, "tá mé ag iarraidh achainí ort mo ligean go hÉirinn go dtuga mé an t-ór do mo theaghlach agus go ndéana mé tiomna eatarthu sa dóigh nach mbíonn siad ag troid mar gheall air."

"Gheobhaidh tú an achainí," arsa an Bás, "ach ní fada go mbí mise chugat arís."

Sheol an Cearrbhach go hÉirinn lena chuid óir. An oíche a bhain sé an baile amach bhí sé ag caint agus ag comhrá ar a (9:00) eachtra gur chaith sé an choinneal go dtí an t-orlach. Ansin thug sé orlach na coinnle go colbha na leapa leis agus chuaigh a luí. Nuair a bhí sé sínte sa leaba, fuair an Bás greim sceadamáin air.

"A charas Críost dílis," arsa an Cearrbhach, "níl mo thiomna déanta go fóill agam. Iarraim spás ort go raibh orlach na coinnle dóite."

"Gheobhaidh tú sin," arsa an Bás.

Chuir an Cearrbhach séideog ar an choinneal agus chuir as í.

"Sin orlach nach ndóitear go ceann seacht mbliana," ar seisean.

Níor tháinig an Bás chuig an Chearrbhach go raibh na seacht mbliana istigh. Ach más fada an lá tig an oíche sa deireadh. Oíche cheann na seacht mbliana, nuair a bhí an Cearrbhach ina luí ar a leaba, fuair an Bás greim sceadamáin arís air.

"Caithfidh tú teacht liom anois, a Chearrbhaigh," ar seisean.

"A charas Críost dílis," arsa an Cearrbhach (10:00), "is mór an tart atá tú a chur orm. Dá mbainteá úll as an gharraí dom sula dtuga tú leat mé, b'fheidir go leigheasfadh sé m'íota."

Chuaigh an Bás amach go crann na n-úll ach nuair a leag sé a lámh air, ghreamaigh sí den úll agus ghreamaigh an t-úll den chrann. D'éirigh an Cearrbhach amach de léim.

"Beidh tú ansin gur mian liomsa do scaoileadh," ar seisean.

"Sin an treas achainí a fuair tú ó Dhia agus níor inis tú dom í," arsa an Bás. "Lig saor anois mé agus ní thiocfaidh mé chugat go ceann seacht mbliana eile."

Lig an Cearrbhach lámh shaor leis an Bhás agus ní fhaca sé arís é ar feadh seacht mbliana. I gceann an ama sin tháinig an Bás agus chuir a ghlac lena sceadamán agus thug tachtadh maith dó.

"A charas Críost dílis," arsa an Cearrbhach, "tá tú ag cur crua orm. Tá mé ag iarraidh aon achainí amháin eile ort, agus chan achainí bheo í (11:00). Lig dom paidir urnaí a rá, rud nár dhúirt mé riamh go fóill ó thosaigh mé a chearrbhachas."

"Gheobhaidh tú an achainí," arsa an Bás.

"Sin paidir nach n-abraim go deo," arsa an Cearrbhach.

"Tchím," arsa an Bás. "Is mian leat a bheith beo i mo dhiaidhse agus i ndiaidh an tsaoil."

D'imigh an Bás agus chuaigh seacht mbliana thart agus bhí an Cearrbhach ag déanamh a shaibhris achan lá. Bhí sé lá amháin ag siúl amuigh le pléisiúr dó féin agus chonaic sé gasúr ina shuí ag caoineadh ar ghruaibhín an bhealaigh mhóir.

"Cad é tá ort?" arsa an Cearrbhach leis.

"Ní ligfear chun comaoine mé," ar seisean, "cionn is nach bhfuil m'urnaí agam."

"Cad cuige nach dtugann d'athair agus do mháthair d'umaí duit?" arsa an Cearrbhach.

"Tá m'athair agus mo mháthair marbh agus tá mise i mo dhílleachta," arsa an gasúr.

Tháinig trua ag an Chearrbhach dó.

"Bhéarfaidh mise d'urnaí duit," ar seisean. (12:00)

Thosaigh an Cearrbhach ar an Phaidir agus an gasúr á rá ina dhiaidh. Nuair a bhí an Phaidir ráite aige, d'éirigh an Bás ina sheasamh as cruthaíocht an ghasúir agus fuair greim sceadamáin air.

"Ní bheidh tú ag cleasaíocht ormsa níos faide," ar seisean, agus thacht sé tirim é.

Thug an Cearrbhach a phaca cártaí go hifreann leis. Bhí sé féin agus na diabhail ag imirt go dtí nár fhág sé aon bhall seilbhe ar ifreann acu. Ansin chruinnigh siad air agus dhíbir siad amach as ifreann é lena phaca cártaí.

D'imigh an Cearrbhach leis go raibh sé ag geataí na bhflaitheas, ach bhí na geataí druidte air agus níor ligeadh isteach é. Shuigh sé amuigh ar charraig agus thosaigh a dh'imirt leis féin. Chuir sé trua ar Pheadar na nEochracha.

Fá dheireadh d'oscail Peadar an geata agus d'iarr air a theacht isteach ar son na trua a bhí aige don dílleachta ar shíl sé nach raibh (13:00) a urnaí aige. Chaith an Cearrbhach uaidh na cártaí le lúchair agus shiúil sé isteach ar gheata na bhflaitheas.

Tá cártaí an Chearrbhaigh Mhic Caba spréite ar charraig ag geataí na bhflaitheas ón lá sin go dtí an lá inniu, agus tá siad le feiceáil ag duine ar bith a rachas an bealach.

 

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8796