Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Éiric Bhuille gan Chosnamh

User 215884232 · Éiric Bhuille gan Chosnamh

Éiric bhuille gan chosnamh

 

Bhí rí in Éirinn fada ó shin agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Buachaill doscaidh a bhí sa mhac agus ar an ábhar sin bhí drochtheacht le chéile aige féin agus ag an athair. Lá amháin dúirt se go raibh sé ag imeacht a dhéanamh as dó féin.

"Is iomaí grua thirim a bheas i do dhiaidh," arsa an t-athair.

D'imigh Mac an Rí agus níor stad gur casadh gabha dubh air. Rinne sé greamú leis an ghabha go ceann bliana. Seal gearr ina dhiaidh sin casadh buachaill drabhlasach eile ar an ghabha . Murchadh ab ainm dó. Rinne seisean fosta greamú bliana leis.

Lá dá raibh an gabha as baile thosaigh an bheirt bhuachaill a throid. "Rug Murchadh ar thairne cruach agus d'fhiafraigh de Mhac an Rí cad é an cúiteamh a bheadh aige uaidh as an tairne (1:00) a chaitheamh air.

"An chéad bhuille gan chosnamh as Éirinn amach," arsa Mac an Rí.

Chaith Murchadh an tairne agus chuir trí chroí a bhoise ag Mac an Rí é. Bhí an lámh ag cur fola nuair a tháinig an gabha chun an bhaile. D'oscail sé dhá dhoras an tí agus chuir fear acu amach ar gach doras.

Thóg Murchadh a chamán agus a chnag agus d'imigh leis, ag bualadh boc ar an chnag anois agus arís agus gan mórán ag cur bhuartha air. Chuaigh Mac an Rí a bhealach féin. Bhí cailín aimsire ag an ghabha a raibh Deirdre uirthi. D'imigh sise i ndiaidh Mhurchaidh. Shiúil sí mar bheadh an ghaoth Mhárta ann agus binn a cóta léi ina béal gur tháinig sí a fhad leis. D'fhiafraigh se di cá raibh sí ag dul.

"An áit a gcaillfear thusa caillfear mise in éineacht leat," ar síse.

"A bhean gan chéill," (2:00) arsa Murchadh, "níl áit ná ionad agamsa fá do choinne."

"Ní miste liom," arsa Deirdre. "Maith go leor," arsa Murchadh.

Thóg sé i ar bhacán a láimhe agus d'imigh leis ag bualadh na cnaige. Thug sé í san áit a raibh Fionn mac Cumhaill agus na Fianna, agus rinne sé greamú le Fiann ar feadh bliana.

San am seo bhí Fionn agus a mhórshluaite ag dul chun briste le rí a bhí ina chónaí sa domhan thoir. D'fhiafraigh sé de Mhurchadh an dtiocfadh sé chun an chatha. Dúirt Murchadh go dtiocfadh dá ligeadh Deirdre é.

"Ligfidh mise i ngach uile áit é ach gan a thabhairt as Éirinn amach," arsa Deirdre.

"Is ag dul as Éirinn amach atáimid," arsa Fiann. "Sin cead nach bhfaigheann sé," arsa Deirdre.

"B'fhéidir go dtiocfadh liom comhairle a chur uirthi," arsa Murchadh.

Bhí geasa ar Dheirdre gan achainí (3:00) ar bith a eiteach a fhad is bheadh sí ag cíoradh a cinn. An oíche sin nuair a bhí sí ag cíoradh a cinn fuair Murchadh achainí uaithi é a ligean le Fionn. Gheall Fionn do Dheirdre ansin, dá gcailltí Murchadh sa chogadh go gcuirfeadh sé brat dubh i mbarr an chrainn ar philleadh go hÉirinn dó, agus dá dtigeadh Murchadh slán go gcuirfeadh sé brat geal in airde.

D'imigh siad leo chun an chluain mar a raibh an soitheach réidh lena dtabhairt trasna na farraige.

Chroch siad suas a seolta móra geala go barr na gcrann. Níor fhág siad téad tíre gan tarraingt na maide rámha gan ríodh ag treabhadh na farraige, míolta mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dóibh, dhá dtrian den tsoitheach ag imeacht faoin toinn os coinne an trian a bhí ag imeacht os a ceann, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thoiseach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín (4:00) ag dul in íochtar agus an gaineamh garbh ag dul in uachtar, agus eascanna á gcur in ascaillí a chéile acu gur shroich siad cuan agus cladach sa domhan thoir. Tharraing siad suas an soitheach tóiníseal, ceannard, bhuail buille de shlat draíochta uirthi agus thug feistiú bliana di, mura mbeadh sí ann ach uair de lá.

Chuir siad Murchadh go teach an rí le teachtaireacht. Bhuail sé buille comhraic ar an doras agus níor fágadh uan i gcaora, lao i mboin, searrach i gcapall, meannán i ngabhar, pisín i gcat, nó aon leanbh i mbroinn a mháthar nár thiontaigh thart naoi n-uaire leis an tormán a rinne Murchadh le neart an bhuille sin. Tháinig doirseoir an rí amach agus d'fhiafraigh cad é a bhí sé a iarraidh.

"Tá mé ag iarraidh fárais tí dom féin agus do mo chuid fear," arsa Murchadh.

"Níl aon fharas (5:00) anseo fá bhur gcoinne ach teach na n-amhas," arsa an teachtaire.

Chuaigh Murchadh go teach na n-amhas. Bhí seacht bhfichid amhas istigh ann, agus aon amhas amháin a bhí chomh mór leis an iomlán eile. Rinne gach uile fhear acu gáire go bhfaca Murchadh an dúlagán dubh a bhí thíos ar thóin a ghoile. D'fhiafraigh sé cad é ábhar a ngáire. Dúirt siad gur bheag le gach duine acu a chuid féin de. Fuair Murchadh greim dhá chos ar amhas acu agus thosaigh a bhualadh na bhfear eile leis gur chaith sé go dtí an dá lorga é, agus mharaigh sé daichead acu leis na loirgneacha féin. Ghlan sé amach an teach agus thug sé Fionn agus a mhórshluaite ann.

Nuair a bhí siad socair síos i dteach na n-amhas dúirt Fionn go mbeadh siad go maith anois dá mbíodh tine acu. Chuaigh Murchadh go teach an rí agus bhuail ar an doras arís. (6:00)

"Cad é tá tú a iarraidh?" arsa an doirseoir.

"Gléas tine dom féin agus do mo chuid fear," arsa Murchadh.

"Chugat go cruach an chonnaidh agus gheobhaidh tú gléas tine ann," arsa an doirseoir.

Thug Murchadh leis téad chaol chnáibe, cheangail ualach adhmaid ann agus thug leis go teach na n-amhas é gur chuir sé síos tine do na Fianna. Nuair a bhí an tine dearg aige dúirt Fionn go mbeadh siad go maith anois dá mbíodh bia acu. Chuaigh Murchadh go teach an rí agus bhuail sé ar an doras athuair.

"Cad é atá tú a iarraidh anois?" arsa an doirseoir.

"Bia dom féin agus do mo chuid fear," arsa Murchadh.

'Téigh go dtí an stór, '' arsa an doirseoir, "agus gheobhaidh tú a bhfuil de dhíobháil ort."

Chuaigh Murchadh chun an stóir agus thug leis a sháith den bhia. Nuair a bhí a gcuid déanta acu dúirt Fionn go mbeadh 'achan rud i gceart anois (7:00) dá mbíodh leaba luí aige. Chuaigh Murchadh anonn an tríú huair agus bhuail ar an doras. Níor osclaíodh an doras dó an iarraidh seo, ach d'fhiafraigh an doirseoir istigh cé a bhí ansin agus cad é a ghnoithe.

"Mise grabaire Fhinn mhic Cumhaill agus tá mé ag iarraidh leapa dom féin agus do mo mháistir," arsa Murchadh.

"Níl leapacha le fáil anseo agat," arsa an doirseoir.

Chuir Murchadh isteach an chomhla lena chois, shiúil sé go seomra an rí, thug leis an dá leaba ab fhearr a bhí ann agus d'imigh go teach na n-amhas leo. Chodail sé féin agus Fionn an oíche sin ar na leapacha agus chodail sluaite na bhFiann ar an urlár.

Nuair a mhúscail Murchadh ar maidin, chuimil sé bos den urla agus bos den éadan agus dúirt go raibh an t-am acu a dhul chun catha. Chuaigh sé anonn go teach an rí agus bhuail buille (8:00) comhraic ar an doras. D'fhiafraigh an doirseoir cad é a bhí sé a iarraidh.

"Seacht mile romham, seacht míle i mo dhiaidh agus seacht míle ar gach taobh díom, sin nó fear mo theagmhála," arsa Murchadh.

"Gheobhaidh tú sin!" arsa an doirseoir.

Cuireadh chuige na fir ba láidre a bhí ag an rí. Chuaigh sé tríothu, fúthu agus tharstu, mar a rachadh seabhac trí éanlaith nó faolchú trí scaifte caorach. Rinne sé trí cnapanna díobh - cnap dá gcloigne, cnap dá n-éide agus cnap dá n-airm - agus bhuaigh sé an lá.

D'imigh siad as an oilean ansin, Murchadh agus Fionn agus a mhórshluaite, agus tharraing siad ar Éirinn arís. Ba ghearr a sheol siad go bhfaca siad chucu bád, í ag teacht mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann (9:00) agus gan inti ach aon fhear amháin.

"Tá mise caillte anois," arsa Murchadh. "Sin mac rí as Éirinn ata ag teacht sa tóir orm, agus tá an chéad bhuille gan chosnamh aige orm as Éirinn amach."

Nuair a tháinig Mac an rí a fhad leo d'iarr sé ar Mhurchadh a gheall a sheasamh. Sheas Murchadh ag bun chrainn na loinge gur bhain Mac an Rí an cloigeann de le buille dá chlaíomh.

Caitheadh corp agus cloigeann Mhurchaidh ar bhaláiste na loinge agus sheol siad leo gur tháinig siad ar amharc na hÉireann. Ansin chuir Fionn an brat geal i mbarr an chrainn. Bhí Deirdre ag feitheamh leo os cionn an chuain. Nuair a chonaic sí an brat geal in airde rith sí go dtí a coim amach san fharraige ina n-araicis. Bhreathnaigh sí isteach sa long.

"A Fhinn mhic Cumhaill," ar sise, "shíl mé nach ndéanfa bréag liom (10:00). Cad é an fáth nach é an brat dubh a chuir tú in airde?"

"Shíl mé dá bhfeicfeá an brat dubh go gcuirfeá ceo draíochta orainn agus nach mbainfaimis an cuan amach," arsa Fionn.

"Dá mbíodh an brat dubh in airde agat, a Fhinn, ní Iigfinn go talamh na hÉireann thú gan Murchadh a bheith slán leat," arsa Deirdre. "Ach anois nuair atá sé marbh Ieat, tabhair dom féin an long agus rachaidh mé chun na farraige léi."

Fuair sí an long agus sheol sí léi gur tháinig sí go hoileán sa domhan thóir. Ba le beirt dheartháir an t-oileán seo ach bhíodh dream daoine ag troid leo gach oíche ag iarraidh a gcur as a ríocht. An méid acu a mharódh na deartháireacha san oíche, bheadh siad beo arís ar maidin. An lá seo chonaic siad Deirdre chucu agus corp a fir léi ar a droim agus a cheann ina glaic.

"Seo bean a bhí i mbriseadh," (11:00) ar siadsan, "agus siúd a fear atá ar a droim léi, agus ba ghaiscíoch é. Dá mbíodh a chuidiú againn ba mhór an gar dúinn é, agus dá mbíodh sé inár n-éadan ba mhiste dúinn é."

Bhí siad ag comhrá mar sin nuair a tháinig Deirdre i láthair. D'fhiafraigh siad cá raibh stag dul. Dúirt sí gur maraíodh a fear i mbriseadh agus gur mac rí as Éirinn a mharaigh é. D'fhiafraigh siad ar mhaith léi a dhéanamh beo arís, agus dúirt Deirdre gurbh é sin fáth a turais.

Thug na deartháireacha leo buidéal íocshláinte agus chuimil siad de Mhurchadh é. D'éirigh sé ina sheasamh chomh slán folláin is a bhí sé riamh. Ansin d'inis siad fána gcruachás dó agus d'fhiafraigh an mbeadh a chuidiú acu.

"Beidh mo chuidiú agaibh nó go mbaintear an ceann arís díom," arsa Murchadh.

Chuaigh siad isteach agus leagadh (12:00) bord bia agus di rompu nach bhfaca siad a leithéid riamh. Bhí blas na meala ar gach greim agus ní raibh aon ghreim gan a anlann féin leis. Nuair a bhí a sáith ite acu, chuir gach fear de na deartháireacha a chulaith ghaiscígh air. D'fhiafraigh Murchadh cá raibh siad ag dul san éide sin.

"Táimid ag dul a choimheád go maidin," ar siadsan.

"Tá sibh rófhada ag coimheád," arsa Murchadh. "Is mithid daoibh codladh a fháil. Fanaigí sa bhaile anocht agus rachaidh mise in bhur n-áit go maidin."

Rug se ar a chlaíomh agus chuir faobhar air. Chuaigh sé amach chun an chnoic ar ghnách an briseadh a throid air gach uile oíche, agus níorbh fhada a bhí sé ann gur tháinig na sluaite timpeall air. Bhí sé a n-ionsaí go dtí nár fhág sé ceann ar bhráid acu. Ansin d'fholaigh sé é féin agus dúirt go mbeadh a fhios aige anois cad é mar thigeadh a mbeo iontu arís. (13:00)

Níorbh fhada a bhí sé i bhfolach go bhfaca sé cailleach chuige. Bhí pota léi ina láimh chlé agus cleite a bhí seacht bpéirse ar fad ina láimh dheis. Thom sí an cleite sa phota, agus chroith ar na mairbh é, agus d'eirigh siad ina seasamh beo slán arís. D'ionsaigh Murchadh iad agus mharaigh sé an t-iomlán acu athuair. Throid an chailleach go dian leis, ach fá dheireadh bhuaigh sé uirthise fosta agus d'fhág i riocht bháis í. Sular éag sí, chuir sí d'fhiacha air dul ar an taobh thiar den tulach agus a fhógairt do Chat na nOcht gCos gur mharaigh sé Cailleach an Chleite agus a clann.

Rinne Murchadh mar d'iarr an chailleach air, agus níorbh fhada go bhfaca sé chuige an cat agus é ag cur bladhairí tine amach ar a bhéal. Ní raibh aon ionsaí (14:00) dar thug sé ar Mhurchadh nar stróic sé ó mhullach a chinn go barr a choise é, nó gur shíl sé a bheith cloíte aige. Ansin d'oscail sé a bhéal lena shlogadh, ach rug Murchadh greim carbaid íochtaraigh agus greim carbaid uachtaraigh air agus tharraing sé as a chéile siar go dtí an ruball é. Ansin thriall sé ar theach na ndearthár agus fuair sé ina gcodladh iad.

"A dhaoine suaracha," ar seisean, "is mairg a thug gaiscígh riamh oraibh. Tá an ríocht agaibh anois agus féadaidh sibh bhur sáith a chodladh."

"Ó, a ghaiscígh is fearr a bhí in Éirinn riamh," ar siadsan, "fan againn agus roinnfimid an ríocht leat."

"Dá bhfaighinn an domhan cláir," arsa Murchadh, "ní bheinn sásta go mbaininn éiric bhuille gan chosnamh as mac rí in Éirinn."

D'imigh sé féin agus Deirdre chun an chuain, chuaigh isteach sa long agus thóg a seolta móra geala (15:00) go barr na gcrann. Ní dhearna siad stad mara ná  mórchónaí gur shroich siad talamh na hÉireann. Ansin bhí Murchadh ag siúl, siúl, siúl gur casadh Mac an Rí dó agus gur fhógair sé troid air.

Throid siad aníos agus anuas, anonn agus anall, go ndearna siad bogán den chreagán agus creagán den bhogán, tobar glan fioruisce i lár na gcloch glas, agus dá dtaradh éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain an uair sin gur a dhéanamh amhairc aoire agus iontais ar Mhurchadh agus ar Mhac an Rí a thiocfadh sé. Nuair a bhí an neoin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag meadú agus clocha ag géarú agus éanacha na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, bhuail Murchadh buille claímh ar Mhac an Rí, chaith an ceann de agus bhí éiric an chéad bhuile gan chosnamh aige.

 

 

 

 

 

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8794