This is a Clilstore unit. You can .
Mac an Iascaire
Thiar sa tseansaol bhí mórán de na daoine ina gcónaí cois cladaigh agus iad ag baint a mbeatha as cnuasach na trá agus as iasc na farraige. San am a bhfuil mé ag trácht air, bhí buachaill san áit seo a chaith an mhórchuid dá shaol ag iascaireacht ar an fharraige. Mar go raibh se ina bhádóir aireach ghlic, bhí togha agus rogha de ógmhá na tíre ag brath air; agus bhí a shliocht air, phós sé an cailín ba dóighiúla sa pharóiste.
Bhí téagar agus carthannas idir an lánúin agus níor tháinig aon fhocal searbh riamh eatarthu. Bhí rath agus bláth orthu agus gach uile ní acu ar a dtoil féin, ach amháin go raibh siad ar easbhaidh clainne. Bhí siad corradh le fiche bliain pósta agus ní bhfuair siad aon duine de theaghlach, agus ansin (1:00) bhain siad dúil de shliocht.
Níor chothaigh sin míshásamh ar bith eatarthu. Bhí siad treallúsach críonna, agus leag siad thart a bheagán nó a mhórán i gcónaí fá choinne na coise tinne. Nó bhí a fhios acu go dtiocfadh an lá a n-imeodh an óige, agus mar dúirt an seanrann:
"...mura mbí sé agat féin,
Beidh tú fannlag is claon amuigh leis an ghréin."
D’oibir an t-iascaire a fhad is bhí sé in inmhe buille rámha a tharraingt agus eangach a chur. Is iomaí oíche anróiteach a chaith sé ar an fharraige le coscairt agus le fuacht, le dócúl iomartha agus le heasbhaidh bia. Ach nuair a bhí sé ró-aosta le lá oibre a dhéanamh ghlac sé a sciste agus lig a mhaidí le sruth.
Thosaigh siad ansin a bhaint as an lón a bhí déanta acu. Ach nuair a bhítear i gcónaí ag baint as agus gan ag cur ina cheann (2:00), ní mhaireann sé i bhfad. Nuair a bhí an t-airgead ar shéala bheith reaite, tháinig imní ar an iascaire go mbeadh drochdhóigh orthu i ndeireadh a saoil. Ní raibh de sheift aige ach dul i gceann na hiascaireachta arís.
Bhí a chuid eangach stiallta stróicthe agus b'éigean dó á gcóiriú. Nuair a bhí deis aige orthu, chuir sé isteach sa bhád iad agus d'iomair amach go béal an chuain. Chuir sé na heangacha le luí gréine agus thóg sé arís iad le bánú an lae, ach ní raibh dada iontu ach milfhéarach agus slata mara. Shuigh sé ar na rámhaí agus tharraing isteach ar an bhaile.
Leis sin, chí sé chuige an long faoi sheol agus í ag clasú na farraige ar mhéad is bhí de shiúl léi. Scanraigh an t-iascaire roimpi, nó smaoinigh sé gur bad sí a bhí inti. Luigh sé ar na rámhaí (3:00) féacháil an rachadh aige port a dhéanamh sula mbeireadh sí air, ach i bhfaiteadh na súl bhí an long fá fhad rámha dó.
Stad sé den iomramh agus bhreathnaigh sé an long ó thoiseach go deireadh. Ní raibh aon duine ar bord uirthi ach cailín óg. Chuir sí forrán ar an bhádóir agus d'fhiafraigh de ar mharaigh sé mórán éisc.
"Maise, níor mharaigh," ar seisean. "Agus chan é sin an rud a fhóirfeas dom, nó tá cos amuigh agus cos istigh san uaigh agam agus gan slí ar an domhan agam le greim bia a fháil ach ag feitheamh ar chabhair na farraige."
"Mo thrua thú, a dhuine bhoicht!" ar sise. "Thiocfadh Iiomsa cuidiú leat má tá tú sochomhairleach."
"Ní raibh mé dochomhairleach riamh, a bhean uasal," ar seisean, agus glacfaidh mé do chomhairlese anois más le mo leas í" (4:00)
“Ta tú pósta," ar sise.
"Tá," ar seisean.
"Agus níl clann agaibh," ar sise.
"Níl," ar seisean.
"Trí ráithe ón oíche anocht," ar sise, "beidh mac óg ag do bhean. Má bheir tú chugamsa é an oíche a thiocfas sé ar an tsaol, bhéarfaidh mé lasta do bháid de ór duit."
Rug sí ar sparán ina láimh agus chaith isteach sa bhád chuige é. Chrom sé síos i ndiaidh ansparáin agus nuair a thóg sé a cheann arís bhí an long fad a amhairc uaidh.
Tharraing sé ar an chuan agus bhain a theach féin amach chomh tapa is tháinig leis. Nuair a tháinig sé chun an tí, d'fhiafraigh a bhean de an raibh mórán éisc leis. Chuir sé a Iámh ina phócaagus chaith sé an sparán ina hucht.
"Seo dhuit," ar seisean. "Cuntais an t-ór sin; agus nuair a bheas sin déanta agat tá dea-scéal (5:00) agamsa le hinsint duit."
"Fáilte roimh an éadáil agus is é beatha an dea-scéal," ar sise.
Nuair a bhí an scéal inste aige rinne a bhean gáire faoi.
"Tá sé rómhaith le bheith fíor," ar sise.
I gceann na dtrí raithe rugadh mac don bhean. Thug an t-iascaire leis an leanbh ar bhacán a láimhe agus níor stad go raibh sé sa chladach leis. Chuir sé an naíonán isteach i ndeireadh anbháid agus d'iomair sé amach go béal an chuain. Bhí an long ansin roimhe agus an cailín óg ina seasamh ar bord. Bhí fallaing uirthi a bhí breactha le hórshnáithe ó chúl a muiníl go dtí na sála. Dar leis nach bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh bean chomh dóighiúil léi.
"Céad míle fáilte romhat," ar sise. "Tchím gur fear de d'fhocal thú (6:00) tá an leanbh leat."
"Tá," arsa seisean, "cé go bhfuil mo chroí cráite ag scaradh leis."
"A dhuine chóir," ar sise, "tá a fhios agam gur doiligh leat scaradh leis. Ach dá mbíodh fios mo rúinse agat ní bheadh gruaim ar do shúil." Shín sé an leanbh di, agus nuair a chuir sí síos i leataobh é, thosaigh sí a charnadh óir isteach sa bhád go dtí go raibh sí luchtaithe go slat an bhéil.
"Bhfuil tú sásta anois?" ar sise.
"Tá," ar seisean, "agus mura mbínn, fear doshásta a bheadh ionam."
Chrom se a cheann a shocrú an óir sa bhád, agus nuair a thóg sé a shúil arís, ní raibh amharc le feiceáil aige ar an long.
Bhain sé an cladach amach fá dheifre agus bhí obair mhór aige an t-ór a thabhairt chun an bhaile. Thug sé leis é beagán ar bheagán, mar d'ith an cat an meascán, agus deirtear (7:00) nuair a tháinig an t-ór isteach ar an doras go ndeachaigh cumha an linbh amach ar an tsimléir!
Nuair a fuair an cailín óg an leanbh faoina cúram thug sí aire mhaith dó, agus an biseach nach dtigeadh sa lá air thigeadh sé air san oíche. Nuair a bhí sé bliain is fiche d'aois, bhí gach uile ealaí dá raibh ag baint le seoltóireacht báid aige, agus i rith an ama sin níor tháinig támh ar shúil an chailín ach ag freastal na Ioinge agus ag tabhairt aire do Mhac an Iascaire.
Lá amháin d'iarr sí air freastal a dhéanamh ar an long go bhfaigheadh sise néal a chodladh. Shuigh sé ar an stiúir, fuair greim ar scód an tseoil agus d'imigh an long léi ag treabhadh na mara. Nuair a bhí sé sásta den chúrsa, cheangail sé an scód agus chuaigh síos in íochtar na loinge. Fuair sé an cailín ina coladh agus fallaing óir dá folach (8:00). Chrom sé anuas agus thug póg di.
Níor luaithe a thug ná d’éirigh sí ina seasamh de léim.
“Tá na geasa briste anois,” ar sise, “agus caithfidh mise agus tusa scaradh ó chéile. Ach sula n-imí mé is cóir dom a insint duit cé mé féin. Is mise Banríon na Mara atá faoi gheasa le naoi gcéad déag bliain, agus ní raibh sé i ndán dom fuascailt a fháil go bhfaighinn póg ón bhéal nár phóg aon bhéal riamh, agus dá bpógtaí thusa an oíche a tháinig tú ar an tsaol, níor chabhair anois dom do phóg. Bronnaim an long seo ort, agus fágaim de bhua agat nach féidir do mhúchadh ná do bhá go deo. B’fhéidir go bhfeicfeá arís mé, agus níl ann ach b’fhéidir.”
Leis sin rinne sí colmán geal bán di féin, d’éirigh sí in airde sa spéir agus d’imigh as a amharc. (9:00)
Nuair a fágadh Mac an Iascaire leis féin, bhuail cumha é i ndiaidh an chailín a thug aire dó ó laige go neart. B’uaigneach leis bheith ag imeacht ar bharr na mara leis féin, agus leag sé amach nuair nárbh fhéidir a bhá go rachadh sé go híochtar na farraige go bhfeicfeadh sé cad é an cineál áite a bhí ansin. Chuaigh sé de léim san fharraige agus síos go grinneall.
Ní dheachaigh sé i bhfad ar thóin na farraige gur casadh mactíre agus seabhac agus seangán air agus iad ag troid fá spóla feola. Ní raibh dul ag aon cheann acu an bua a fháil. Tharraing Mac an Iascaire amach a scian agus rinne sé trí chuid den spóla. Thug sé an ailp mhór don mhactíre, agus an ailp bheag don seabhac, agus oiread fríde don tseangán, mar gurbh eisean an gaiscíodh ba lú goile. Bhí an triúr sásta (10:00) den roinn agus dúirt nár chóir an buachaill a ligean ar shiúl gan luach saothair a thabhairt dó as an réiteach a dhéanamh.
"Bheirimse bua duit," arsa an mactíre, "go dtig leat tú féin a chur i gcumraíocht mactíre agus nach mbíonn aon mhactíre ar an domhan inchurtha leat."
"Bheirimse bua duit," arsa an seabhac, go dtig leat seabhac a dhéanamh díot féin agus dul thart ar an domhan gan scíste."
"A chara mo chléibh," arsa an seangán, "bheirimse bua duit, an uair is lú a bheas tú i ngéibheann go dtig leat seangán a dhéanamh díot féin agus dul i bhfolach san áit nach bhfeicfear thú."
Thug Mac an Iascaire bhuíochas don triúr agus d'imigh leis go huachtar na mara. Nuair a chonaic sé blár folamh na farraige thart air dúirt sé gur mhaith leis bheith ina sheabhac go n-imeodh sé isteach ar tír mór. Ní raibh an focal as a bhéal gur éirigh sé in airde sa spéir ar eiteoga (11:00) agus ní raibh aon seabhac ar an domhan chomh gasta leis.
Le coim na hoíche tháinig sé os cionn coille, agus istigh i lár na coille chonaic sé caisleán ar bharr aille agus cailín óg ina suí ar chathaoir óir taobh istigh den fhuinneog ann. Thuirling an seabhac ar urlár na fuinneoige taobh amuigh. Chuir an cailín amach a lámh agus thóg isteach ina hucht é agus thosaigh á shlíocadh.
I bhfaiteadh na súl chuaigh Mac an Iascaire ina chruthaíocht féin arís. D'aithin sí é agus d'aithin sé í. Ba sin an áit a raibh an lúcháir. Chuir sí ina shuí ina cathaoir é agus shuígh sí féin i gcathaoir airgid lena thaobh. D'inis gach duine acu a scéal féin don duine eile.
Níorbh fhada gur chuala siad uaill mhillteanach ag tarraingt ar an chaisleán. D'fhiafraigh Mac an Iascaire cad é ba chiall don uaill sin. Dúirt Banríon na Mara (12:00) gurbh é sin an fathach a raibh sí gaibhte aige ó thréig sí réigiúin na mara, agus go raibh sé ag dréim le gealltanas pósta uaithi, ach gur sin rud nach bhfaigheadh sé a fhad is bheadh sí beo.
''Nach bhfuil dóigh ar bith a dtiocfadh linn ceal a chur ann?" arsa Mac an Iascaire.
"Sin eolas nach bhfuil agam go fóill," ar sise.
Nuair a bhí an fathach ag teacht chun an dorais rinne Mac an Iascaire seangán de féin agus chuaigh i bhfolach i gcoirneál den tseomra. Labhair Banríon na Mara go caíúil leis an fhathach, agus tríd an chomhrá dúirt sí go bpósfadh sí é ach go raibh eagla uirthi go bhfaigheadh sé bás agus go mbeadh sí ina baintreach. Rinne an fathach gáire fúithi.
"Ní féidir mise a chur chun báis," a'r seisean, "go dtí go ngearrtar an crann darach sin amuigh agus go ndóitear sa tine í."
Chodail an fathach an oíche sin, agus ar maidin d'imigh sé a sheilg arís (13:00). D'éirigh Banríon na Mara agus scríob sí an caonach den chrann darach agus chuidigh Mac an Iascaire léi e a chóiriú go deas.
Nuair a tháinig an fathach chun an bhaile trathnóna, bhí lúchair mhór air.
"Tchím anois go bhfuil tú dáiríre," ar seisean. "Ach chan sa chrann darach atá m'anam ar chor ar bith. Ta mactíre sa domhan thoir a bhfuil trí cloigne air agus is ins an chloigeann láir atá mo bheosa. Níl aon mhactíre ar dhroim an domhain atá chomh láidir leis, agus níl baol báis ormsa go dtara gaiscíoch a chloífeas é."
"Más fíor sin," arsa Banríon na Mara, "bliain ó inniu, pósfaidh mise thú. Ach níl cead agat buaireamh a chur orm go dtí sin."
"Maith go leor," arsa an fathach, agus d'imigh sé.
Le banú an lae ar maidin, rinne Mac an Iascaire seabhac de féin agus d'éirigh in airde sa spéir. Ní dhearna sé stad ná cónaí (14:00) gur shroich sé an domhan thoir. Ansin chuaigh sé i gcruthaíocht fir aris agus d'imigh a chuardach oibre.
Níorbh fhada a chuaigh se gur casadh fear uasal dó. Chuaigh an bheirt chun comhrá agus d'fhiafriagh an fear uasal de cá raibh a thriall. Dúirt Mac an Iascaire go raibh sé ar lorg oibre.
"Is maith mar tharla," arsa an fear. "Tá mise ar lorg buachalla agus déanfaidh mé thú a fhostú go ceann míosa."
"Tá mé sásta," arsa Mac an Iascaire.
"Anois," arsa an fear, "ta cead muc agam, agus ar maidin amárach, bhéarfaidh tú leat amach chun na coille iad. Déanfaidh tú a rnbuachailleacht i rith an lae, agus má bhíonn siad uilig chun an bhaile leat gach trathóna go ceann na míosa, bhéarfaidh mé luach saothair maith duit, ach má bhíonn aon mhuc amháin ar iarraidh, caillfidh tú do cheann."
"Déanfaidh mise mo dhícheall agus sílim nach mbíonn ábhar gearáin ar bith agat," (15:00) arsa Mac an Iascaire.
Nuair a bhí an socrú déanta acu chuaigh siad chun an tí agus fuair siad a suipéar. Luigh Mac an Iascaire an oíche sin ar leaba chluimhrí agus chodail sé go sámh. D'éirigh sé le banú an lae, fuair sé a bhricfeasta agus sheol se na muca amach chun na coille. D'imigh siad soir is siar tríd an choill air. Bhí sé chomh dorcha faoi na crainn is nár léir dó a mhéar a chur ina shúil. Shuigh sé síos ag bun crainn, agus ní raibh sé i bhfad ansin nuair a chuala sé an bhúirfeach ag tarraingt air. Dar leis nár thráth suí níb fhaide dó é. Léim sé ina sheasamh, rinne mactíre de féin agus chuaigh in araicis an bheithígh a bhí ag búirfigh.
Ní dheachaigh sé i bhfad go bhfaca se mactíre na dtrí gcloigeann ag tarraingt air agus solas ina shúile a bhéarfadh amharc don dall. D'ionsaigh an bheirt a chéile agus throid siad go fíochmhar ar feadh an lae. Le titim na hoíche (16:00) bhí an cloigeann colbha scoite ag Mac an Iascaire de mhactíre an domhain thoir. Chuaigh an solas as ina shúile agus d'éalaigh sé trí dhorchadas na coille.
Chuaigh Mac an Iascaire i gcruthaiocht fir arís agus shiúil amach as an choill go bhfaigheadh sé a scíste a dhéanamh ar fhionnuaracht an trathnóna. Tháinig na muca amach as an doiléireacht de réir ceann is ceann. Chuntais sé iad agus bhí an céad ann. Thiomáin sé leis chun an bhaile iad.
Leis an scéal fhada a dhéanamh gairid, an lá arna mhárach bhain se an dara cloigeann den mhactíre, agus an tríú lá bhain sá an treas ceann de. Thug sé leis buidéal dá chuid fola, agus ansin thiomáin sé na muca chun an bhaile. D'inis se don mháistir nach dtabharfadh an mactíre níba mhó trioblóide dó.
"Maith thú," arsa an máistir, "is tú an buachall is fearr a bhí riamh agam. Agus anois bhéarfaidh mé m'iníon (17:00) le pósadh duit agus deanfaidh me oidhre díot ar mo ríocht ó mo lá féin amach."
"Tá brón orm nach dtig leis sin a bheith amhlaidh," arsa Mac an Iascaire. "Tá lámh is focal idir mé féin agus cailín eile."
"ls maith liom gur fear de d'fhocal thu," arsa an máistir. "Agus anois, tuarastal ar bith dá n-iarrfaidh tú orm, gheobhaidh tú é."
"Tá mé buíoch díot," arsa Mac an Iascaire, "ach ní ghlacfaidh mé dada. Má thigim an bealach seo choíche arís beidh tú i do chara agam agus is leor sin."
Rinne Mac an Iascaire seabhac dé féin; d'éirigh sé sa spéir agus níor stad gur sheas se ar urlár na fuinneoige ag Banríon na Mara.
Bhí lúchair mhór uirthise roimhe. D'inis sí dó gur bhuail taom tinnis an fathach an lá a chaill mactíre an domhain thoir an chéad chloigeann agus go raibh sé sa smeach dheireanach anois. Chuaigh Mac an Iascaire isteach i seomra an fhathaigh agus dúirt leis gur lia (18:00) a bhí ann agus gur tháinig sé aistear fada lena leigheas.
"Má ghní tú sin," arsa an fathach, "ní bheidh tú aon lá bocht le do sholas."
D'fhiafraigh Mac an lascaire de cá háit a raibh an phian air.
Dúirt an fathach gur faoina ascaill chlé. Tharraing Mac an Iascaire amach buidéal na fola a thóg sé nuair a mharaigh se an mactíre sa domhan thoir agus dúirt gur seobuidéal íocshláinte a leigheasfadh é.
Thóg an fathach in airde a sciathán go dtí go raibh an ball nimhneach nochta: Dhoirt Mac an lascaire braon den fhuil ar chroí an fhathaigh. Chuir an fathach uaill as féin; dhruid sé a shúile agus d'fhág an anáil é.
Bhí léim an dorais ag Mac an lascaire agus ag Banríon na Mara, agus char bhac dóibh. Ní raibh siad taobh amuigh de mhaide an dorais ar dóigh nuair a chuala siad trup mar bheadh toirneach ann ar a gcul. Níor fhan cloch (19:00) ar an chaisleán nár thit go talamh.
Bhain siadsan na bonnaí as agus níor stad gur shroich siad an cuan. Bhí a long féin ansin rompu. Chuaigh siad ar bord agus d'ardaigh a gcuid seolta go barr na gcrann. Ní dhearna siad stad mara na mórchónaí gur shroich siad cuan agus calafort in Éirinn. Pósadh an lánúin agus bhí bainis acu nach raibh a leithéid riamh sa tír.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8792