This is a Clilstore unit. You can .
Cainteoirí: Helen Ní Shé (RnaG); Seán Ó Suilleabháin (Mionmharatón na mBan)
Helen: Agus tá Seán Ó Suilleabháin, príomheagraí Mhionmharatón na mBan anso i gCorca Dhuibhne tagtha chugam isteach mar thá tarrac, crannchur le déanamh againn anso ar an gclár inniubh mar bíonn crannchur speisialta i dtaca seo bhliain aige Seán maidir le daoine a bhíonn cláraithe go luath chun páirt a ghlacadh i Mionmharatón na mBan agus fáilte is fiche romhat, a Sheáin, inniubh.
Seán: Go raibh maith agat, a Helen
Helen: Anois, níl, tháim ag faire an chloig agus dá réir sin, an mionmharatóin i mbliana cathain athá sé ar siúl sa Daingean?
Seán: Seachtú lá déag de mí, mí Bealtaine
Helen: Mí Bealtaine
Seán: Satharn
Helen: Mná...ar fad
Seán: Mná agus fear dá mbeidís gléasta
Helen: i gceart?
Seán: i gceart...go díreach
Helen: Dá mbeidís fé cheilt, ab ea?
Seán: Go díreach é
Helen: Tá cead acu san a bheith ag rith chomh maith. Ambaist, má dhíolann siad an t-airgead, is dócha, féadfaidh siad a bheith ag rith leo.
Seán: Go díreach é.
Helen: Mionmharatón athá i gceist más ea. Cén cúrsa a thógann sibh anso?
Seán: Tosóimid sa Daingean, siar an bóthar fada, suas Baile Íochtarach agus isteach ansan Cnoc na hAbha, isteach an Daingean arís.
Helen: Isteach an Daingean arís
Seán: Go díreach
Helen: Ana-dheas, sin cúrsa ana-dheas, níl aon droch-chnoic ná airde ann
Seán: Níl níl níl, go díreach, deich, agus deich...deich K
Helen: Anuraidh an chéad bhabhta agat a leithéid a dhéanamh agus, an mó duine a rith anuraidh é?
Seán: Bhí os cionn sé chéad anuraidh againn agus...
Helen: Is mór an chuid é
Seán: Bhailíomar aon míle déag agus so roinneadh é sin idir an Pobalscoil agus National Breast Cancer, so i mbliana tháimid, tá an Pobalscoil againn, againn arís mar thá an, ní, níl an páirc críochnaithe is an raon reatha agus thá an...thá carthanacht breise againn i mbliana thá an an an National Breast Cancer ann aríst ach thá carthanacht nua againn an an Saoirse Foundation an Liam’s Lodge Project a ghlaonn siad air. Is é seo áis athá...thá...thá siad ag tógaint i gCathair Uí Mhóráin i gcomhair leanaí le breoiteacht fadtéarmach
Helen: Faoiseamh a thabhairt dos na tuismitheoirí agus mar sin dó
Seán: na tuismitheoirí is is is a clann agus...
Helen: Ana, ana-riachtanach, ana-, agus áitiúil chomh maith
Seán: Bhí, abair bhí tragóid ag an clann a thosnaigh é seo bhíodar, n’fheadar, bhíodar ar an Late Late Show ansan cúig bliain ó shin agus B is for Batten b’fhéidir go gcuimhneodh...
Helen: ...a bunaíodh, sea sea go deimhin, sea go deimhin agus is fiú an t-airgead a a chur ina threo san ach go háirithe. Anois an crannchur a theastaíonn uaitse a dhéanamh anso ar an gclár inniubh, seo na daoine athá cláraithe cheana fhéin chun páirt a ghlacadh sa mhionmharatón.
Seán: Go díreach, go díreach é.
Helen: Cén duais athá agat, agus cad is fiú é?
Seán: Yeah, tháimid ana-bhuíoch den Skeillig sa Daingean
Helen: Óstán na Sceilg
Seán: Óstán na Skeillig yeah, óstán ceithre réalt agus thá dhá oíche, oíche roimh ré agus oíche an mharathon i gcomhair beirt, leaba is bricfeasta san óstán san.
Helen: Saor in aisce
Seán: Agus tháimid ana-bhuíoch leis...le Louis Mulcahy, thá siad súd ag cur na duaiseanna ar fáil i gcomhair lá an marathon
Helen: Don lá...an mharatóin fhéinig. Más ea, cad, cén uimhir atháim ag glaoch amach, óna haon go dtí an cad é?
Seán: So, caithfidh tú glaoch uimhir idir a haon agus a seasca naoi
Helen: Thánn tusa go maith ar na huimhreacha, a Sheáin. Más ea, déarfaimid m’aois fhéinig is dócha, déarfaimid, fiche naoi
Seán: Fiche naoi, fiche naoi. Thá sé ag imeacht go dtí Trá Lí. Sarah Bergin, 9 Front Field, Oak View Village Trá Lí
Helen: Ana-dheas. Comhghairdeachas le Sarah Bergin agus tá dhá oíche leaba is bricfeast saor in aisce fachta aici fhéin is a páirtí, nach ea? In Óstán na Sceilg, sa Daingean, oíche roimh an mharatón agus an oíche ina dhiaidh
Seán: Go díreach é
Helen: Ana-dheas. Go raibh míle maith agatsa, a Sheáin, agus le cúnamh Dé go mbeimid ag caint air seo arís de réir mar a druidimid níos cóngaraí beidh a thuilleadh duaiseanna le tabhairt amach do dhaoine ná beidh?
Seán: Tá mé ana-bhuíoch duitse agus do Raidió na Gaeltachta
Helen: Thá fáilte is fiche romhat, a Sheáin, a bhuachaill mar thá gaisce á dhéanamh agat a leithéid de rud a eagrú in aon chor. Is maith ann a leithéidí agus airgead ag teastáil ós na heagraíochtaí sin go léir gan dabht
Short url: https://clilstore.eu/cs/8513