This is a Clilstore unit. You can .
Sliocht 1:
Bhí Tessa ina luí ar an mbóithrín, a lámha agus a cosa spréite ar an talamh. Ba dheacair í a fheiceáil in aice leis an mballa ard cloiche. Bhí an oíche ag titim agus bhí na cnoic máguaird ina scáileanna dorcha ar gach taobh. Chas Aoife solas a tóirse uirthi go mall. Bhí cloigeann Tessa leathchasta ina treo. Bhí a béal ar oscailt. Thug Aoife faoi deara go raibh an smideadh dearg ar a beola smeartha ag prislíní seile. Bhí fonn uirthi béal Tessa a ghlanadh le ciarsúr, mar a dhéanfaí le leanbh. Ach bhí otharcharr agus na gardaí ar a slí. Chaithfí gach rud a fhágáil mar a bhí.
“Féach, ansin, ar a ceann. An bhfeiceann tú an gortú?”
“Ach níl sí ag cur fola anois, an bhfuil? Nó an raibh dóthain solais ann nuair a chonaic tú ar dtús í?
“Tá cloch nó dhó ar an talamh in aice léi, ach níl a fhios agam . . .”
Bhí gach duine ag labhairt ag an am amháin. Bhí Sal, iníon Aoife, cromtha in aice léi mar aon le Neansaí, comharsa leo a bhí amuigh ag siúl nuair a chonaic sí duine sínte tamall uaithi.
(as Caibidil 1 Buille Marfach le hAnna Heussaff)
Nó
Sliocht 2:
Bhí sioc san aer, sioc a rith isteach fríd na seancheirteacha a bhí á gcaitheamh ag an fhear liath, fríd a chraiceann agus isteach go smior a chnámh. D’amharc sé ar an spéir a bhí ag dorchú os a chionn agus lig sé osna as. Bhí turas cúig mhíle roimhe agus bhí an oíche ag tarraingt air. Bhí na cosa ag éirí trom faoi agus mhothaigh sé pianta na spuaiceanna a bhí ag greadadh in éadan leathar garbh a bhuataisí. Dá bhféadfadh sé suí agus a scíste a dhéanamh. Ní ligfeadh an eagla dó. An fuacht agus an dorchadas, ba iad na naimhde ba mhó a bhí aige riamh ina shaol. Lean sé air ag spágáil fríd an chlabar de chosán a bhí ag síneadh amach roimhe.
Fa cheann tamaill, chonaic sé roimhe cineál de mharbhsholas ag lonrú fríd na crainn. Theann a chroí. Tharraing an solas a shúil. Thit a raibh thart air in éagruth sa dorchadas. Baineadh a aird ón uile rud a bhí ina thimpeall. Bhí an solas á tharraingt chuige. Níor thuig sé cad a bhí roimhe. Tine ghealáin? Scáil ar lochán? Taibhse? Stán sé ar an tsolas lag, caillte ina loinnir.
(as Caibidil 1 Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird)
Short url: https://clilstore.eu/cs/8477