This is a Clilstore unit. You can .
Cainteoirí: Helen Ní Shé (RnaG); Daithí de Mórdha (Ionad an Bhlascaoid Mhóir)
Helen: Agus tá Dáithí de Mórdha tagtha chugam isteach, fáilte is fiche romhat, a Dháithí, conas atánn tú?
Daithí: Go raibh míle maith agat – táim iontach ar fad ar fad.
Helen: Is maith é sin, is maith é sin. Anois, bhíomar ag caint, bhíos ag caint le do Dhaid go deimhin féin, le Mícheál Ó Mórdha, an tseachtain seo caite mar gheall ar an aip nua so, aip athá seolta aige Institiúid Goethe i mBaile Átha Cliath. Deineadh an seoladh san an tseachtain seo caite agus is dócha, an ceangal idir, idir Éirinn agus an Ghearmáin athá i gceist ansan agus tá baint beag aige Ionad an Bhlascaoid nó aige an mBlascaod féin go deimhin féin leis an aip áirithe seo ná fuil?
Daithí: Tá, yeah, seoladh an an aip so Dé Máirt seo a d'imigh tharainn thuas i mBaile Átha Cliath agus an rud athá ann mar a deireann tú ná saghas aip bunaithe ar an gceangal, nó ar ar an gcaidreamh a bhí ag an dá thír le chéile, Éire agus an Ghearmáin, cuirim i gcás, is dóigh linn, abair, go, go raibh Éire saghas scoite amach i gcónaí ón Eoraip agus ná raibh aon bhaint puinn againn leis, leis an mór-roinn
Helen: Nach sinn a sheol na naoimh is na haingil ar fad sall chucu
Daithí: Mar sin é, bhíos díreach chun a rá
Helen: agus agus na leabhair bhreátha go léir in ainm Dé
Daithí: Agus é sin anuas go dtí, leithéidí abair (1.00), Ard na Croise, an áit san an, an, an tógaint, bhí ana-bhaint aige Gearmánaigh leis sin chomh maith. Agus ina dhiaidh san aríst abair thánn tú ag caint ar na, na eitleáin a tháinig anuas sa Dara Chogadh Domhanda is rudaí mar sin
Helen: Sea, sea
Daithí: Gach aon saghas rud mar sin so
Helen: Agus Aloys Fleischmann gan dabht mo dhuine a tháinig isteach
Daithí: Aloys Fleischmann agus... yeah
Helen: go dtí Ollscoil Chorcaí an tionchar a bhí aige siúd ar chúrsaí ceoil is mar sin do sa tír seo
Daithí: Go deimhin agus chaith sé laethanta saoire anso thiar ar an nGráig ach chomh maith leis sin Heinrich Böll a chaith a chuid ama thuas in Oileán Acla ach dhein sé sin aistriúchán ar An tOileánach go dtí go dtí Gearmáinis, so ar an aip é fhéinig saghas aip taistil is ea é, is féidir leat imeacht... íoslódáil...agus imeacht ar chonair saghas timpeall na tíre amach go dtí na háiteanna éagsúla so
Helen: Tuigim, tuigim
Daithí: Agus thá eolas ar an ar an aip mar gheall ar an, an ceangal agus rudaí beaga ar nós píosaí ceoil nó físeáin. Thá, thá físeán ana-dheas ann mar gheall ar tógaint Ard na Croise.
Helen: Ana-dheas.
Daithí: Sé ana-spéisiúil ar fad ar fad
Helen: Agus is dócha thá sé sin dírithe, cé air a mbeadh sé dírithe? Muintir na Gearmáine go mbeadh fonn orthu breis eolais do fháil fén gceangal (2.00), nó daoine a bheadh ag teacht go hÉirinn ar thuras cultúrtha b’fhéidir, ab ea?
Daithí: An dá rud, abair, bhí, cheapas abair nuair, nuair a bhíomar ag obair air ar dtús cheap nuair a bhíomar i dteangmháil leis an Goethe Institute, cheapas gur just do Ghearmánaigh ab ea é, ach, thá...bheadh ana-shuim ag Éireannaigh ann chomh maith
Helen: Sea
Daithí: Mar tugann sé léargas nua duit ar ana-chuid dos na rudaí athá ar eolas cheana againn saghas
Helen: Agus níl...agus níl faic ag teastáil uait ach an iPhone...
Daithí: Sin uile
Helen: an fón cliste, smartáltha san agus, cuir isteach air, agus an bhfuil sé saor in aisce? An bhfuil an aip saor in aisce?
Daithí: Saor in aisce, agus mar a deirim is iad an Goethe Institute. Thá siad san ar fud, fud an domhain chun cultúr na Gearmáine a chur chun cinn...
Helen: ...a chur chun cinn
Daithí: Agus thá ceann acu san i Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, agus is iad san a chuir le chéile é agus an ceangal a bhí ag an Ionad leis ná, má théann tú siar go dtí Kuno Meyer agus an staidéar a dheineadar san ar an, ar an teanga agus a spreag daoine ar nós Marstrandar teacht go dtí cósta Iarthar na hÉireann
Helen: Sea sea
Daithí: Agus as san ar fad...thosnaigh an
Helen: As san a thos...as san a tháinig an rud ar fad ina dhiaidh san?
Daithí: Céim ar chéim, saghas (3:00)
Helen: Agus gradam fachta agaibh ó Trip Advisor
Daithí: Tá yeah
Helen: Cad is fiú é sin?
Daithí: Feadraís, n’fheadar mar tháinig sé sa phost chugainn agus ní raibh a fhios againn faic mar gheall air ach thá sé...gradam barrfeabhais is ea é bunaithe ar na léirmheasanna a bhí fágtha aige daoine
Helen: Cuairteoirí a thagann isteach
Daithí: Cuairteoirí a thagann agus, cur síos ar ar an ionad agus just tháinig sé sa phost chugainn agus mar a deirim tháimid ana-...ana-shásta linn fhéinig
Helen: Féadabhair é a chrochadh in airde ar an bhalla
Daithí: Chrochamar in airde é agus, mar bheifeá ag féachaint ar na na léirmheasanna agus yeah baineann daoine sásamh as
Helen: Deineann
Daithí: Agus
Helen: Agus nach mar sin athá a cuid áirithintí á dhéanamh aige daoine fé láthair
Daithí: Ó, sea, yeah
Helen: Agus de réir mar atháid ag déanamh a n-aigne suas fé cá raghaidh siad ar saoire
Daithí: Gan dabht, yeah
Helen: Cá raghaidh siad ag ithe béile, gach aon rud, thá tá ana-chuid
Daithí: Nó ostán nó aon rud, ...deinim féin é, deinim féin é, téim ar Trip Advisor, conas mar athá ag an áit so nó ag an áit siúd agus ana-, ana-thionachar ag an suíomh san
Helen: Tá, agus fós bheifeá a rá leat fhéinig bíonn áiteanna eile a bhíonn go maith leis agus ní fhaigeann siad an moladh
Daithí: yeah, yeah
Helen: An bhfuil a fhios agat?
Daithí: yeah is dócha, bhuel is dócha (4:00) toisc, abair bíonn, bíonn áiteanna, thá seodra timpeall na tíre anseo agus b’fhéidir ná beadh an an oiread san daoine ag tabhairt cuairt ortha
Helen: Sea sea
Daithí: Ach
Helen: Ach tá daoine ag tabhairt cuairt ar Ionad an Bhlascaoid
Daithí: Tá
Helen: Agus an aimsir athá againn fé láthair anois is dócha gur isteach ar an oileán is mó athá daoine imeacht
Daithí: Ó, sea, yeah, yeah, bíonn, bíonn m’athair ag paidreoireacht do bháisteach an t-am so bliana mar bíonn an áit ana-chiúin nuair a bhíonn an aimsir breá so, má, má fhliuchann sé anois amáireach thá a fhios agat cé...
Helen: Ní dóigh liom go bhfuil aon, ní dóigh liom go bhfuil aon chomhacht sa Flaithis aige
Daithí: Ní dóigh liom é, ach má fhliuchann sé amáireach anois thá a fhios agat cé...cé is bun leis
Helen: Ní...thá sé ródheireanach aige, thá sé ródheireanach aige. Ach ná bádóirí, caitheadh go bhfuilid siúd ana-shásta?
Daithí: Ah tá yeah agus abair bíonn, bíonn gá leis mar bíonn bliain ana-ghearr acu san agus thá a fhios agat fhéin le ceathair nó a cúig de bhliantaibh anuas ní raibh aon samhradh in aon chor againn so ní mór dhuit aimsir, breá agus laethanta fada chun chun aon, aon phingin a dhéanamh...
Helen: ...aon phingin a dhéanamh. Go n-éirí san leotha. Go raibh míle maith agat, a Dháithí, agus chomhghairdeachas le Dáithí, nach é a bhuaigh Comórtas an Phráta chomh maith nach ea thiar i nDún Chaoin? An mó duine a bhí istigh ar an gcomórtas san?
Daithí: Ocht, naonúr is dóigh liom
Helen: Th'anam don Diabhal! An bhfuil naonúr ag cur phrátaí i nDún Chaoin, an bhfuil? (5:00)
Daithí: Tabhair fé ndeara go bhfuil!
Helen: An raibh muintir Bhaile an Ghleanna Uachtarach istigh air?
Helen: Sea, ní dheineadar
Daithí: Ní dheineadar aon aon mhaitheas in aon chor
Helen: Bhíodar go maith curtha agatsa, a Dháithí?
Daithí: Feochadáin is copóga is dócha a bhí acu san
Helen: N’fheadar aon ní, thá siad amuigh ag féachaint isteach anois ort is níl siad róshásta leat.
Daithí: Ah, gan dabht
Helen: Bí id’ gharsún maith anois bí ansan, go raibh míle maith agat, a Dháithí.
Daithí: Thá fáilte romhat
Short url: https://clilstore.eu/cs/8476