Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Amhránaíocht ar an sean-nós (An Dr Síle Denvir ón suíomh www.ainm.ie)

Amhránaíocht ar an sean-nós

An Dr Síle Denvir, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU)

Ón suíomh https://www.ainm.ie/diolamai/sean-nos

 

Áirítear an amhránaíocht ar an sean-nós mar dhlúthchuid d’oidreacht chultúrtha na Gaeilge agus tá sí ar cheann de na gnéithe is bisiúla de na healaíona béil in Éirinn go fóill. Is traidisiún í an amhránaíocht ar an sean-nós a d’fhorbair de réir a chéile leis na céadta bliain anuas. Bíonn an téarma féin ‘sean-nós’, a tháinig chun cinn ag tús an fichiú haois, ina chnámh spairne ó am go chéile ag lucht cleachtaithe an tsean-nóis mar nach gcuireann an téarma san áireamh gur traidisiún gan briseadh atá sa gcineál seo amhránaíochta agus go bhfuil sí beo beathach i suímh éagsúla láithrithe sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, baintear úsáid as an téarma ‘sean-nós’ le cur síos a dhéanamh ar stíl shainiúil amhránaíochta dúchasaí a bhfuil tréithe faoi leith ag baint léi.

Tá fréamhacha an tsean-nóis le fáil i dtraidisiún na filíochta Gaeilge a théann siar chomh fada le haimsir na mbardscoileanna. D’fhorbair an traidisiún de réir a chéile agus glacadh le forbairtí éagsúla in imeacht aimsire mar is dual do thraidisiún beo ar bith. Tá foinn agus focail na n-amhrán sean-nóis ceangailte go dlúth lena chéile agus bhí, agus go deimhin tá fós, an-tóir ag pobal na Gaeilge agus ag daoine eile nach iad ar fhilíocht agus ar scéalta na n-amhrán seo. Cuimsíonn na hamhráin sean-nóis téamaí uilíocha an eispéiris dhaonna – an grá, an gol, an greann agus rudaí eile nach iad. Is ó bhéal agus ó ghlúin go glúin a seachadadh na hamhráin go traidisiúnta ach tá pobal na hamhránaíochta sean-nóis faoi chomaoin freisin ag bailitheoirí amhrán a chaomhnaigh oidhreacht luachmhar cheol agus amhránaíocht na Gaeilge, leithéidí Edward Bunting (1773–1843), George Petrie (1790–1866), PW Joyce (1827–1914), Dubhghlas de hÍde (1860–1949), Eileen Costello (1870–1962) (Eibhlín Bn. Uí Choisdealbha) agus Séamus Ennis (1919–1982), gan ach cúpla duine a lua.

Go traidisiúnta, is iondúil gur amhránaíocht aonair gan tionlacan atá i gceist leis an amhránaíocht ar an sean-nós agus is iomaí cineál stíle a bhíonn le cloisteáil, idir stíleanna réigiúnacha agus stíleanna aonaracha. Cé go bhfuil sé deacair traidisiún amhránaíochta a chuimsiú taobh istigh de rialacha faoi leith, tá iarrachtaí fiúntacha déanta ag scoláirí éagsúla anailís a dhéanamh ar thréithe an tsean-nóis, Carl Hardebeck (1869–1945), Liam de Noraidh (1888–1972), Breandán Breathnach (1912–1985), Seán Ó Riada (1931–1971), agus Tomás Ó Canainn (1930–2013) ina measc. Mar chuid den anailís chéanna tugtar suntas faoi leith do na tréithe seo a leanas: ornáidíocht, breacnú, úsáid ghutha (ton, srónaíl, tuinairde, stop glotais) agus frásaíocht (rithim, guta cúnta, fadú nótaí faoi leith).

Is iomaí cineál amhrán sean-nóis ann – amhráin ghrá, amhráin oibre, amhráin ghrinn, suantraithe, amhráin thragóideacha, amhráin stairiúla, amhráin pholaitiúla agus amhráin óil ina measc. Tá cuid acu meidhreach agus bríomhar agus cuid eile acu mall agus dubhach. Braitheann stíl an amhránaí ar ábhar an amhráin féin, ar thraidisiún réigiúnach an cheantair as a dtagann sé nó sí, agus ar chumas nádúrtha agus ar rogha choinsiasach cheolmhar an amhránaí féin. A bhuíochas d’fhorbairt teicnící taifeadta sa bhfichiú haois, tá samplaí taifeadta d’amhránaithe eiseamláireacha fágtha mar oidhreacht ag glúnta nua amhránaithe sean-nóis. Ina measc siúd tá Róise Mhic Ghrianna (1894–1962) ón gClochán Liath i nDún na nGall, Seán de hÓra (1908–1989) ó Bhaile an Fheirtéirigh i gCo. Chiarraí, Seosamh Ó hÉanaí (1919–1984) ó Charna i gConamara, Darach Ó Catháin (1922–1987) ó Ráth Chairn i gCo. na Mí, Nioclás Tóibín (1928–1994) ón Rinn i gCo. Phort Láirge agus Diarmuid Ó Súilleabháin (1947–1991) ó Chúil Aodha i gCo. Chorcaí.

Tá traidisiún na hamhránaíochta sean-nóis beo fós i gceantair Ghaeltachta na tíre agus cuirtear i láthair na hamhráin sean-nóis ag ócáidí pobail mar a tharla riamh anall. Tá comhthéacsanna nua aimsithe ag an amhránaíocht ar an sean-nós freisin, idir chomórtais, cheolchoirmeacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, chlubanna amhránaíochta agus ranganna foirmeálta amhránaíochta. Tugann comórtais bhliantúla Oireachtas na Gaeilge stáitse náisiúnta d’amhránaithe sean-nóis agus tá an-mheas ag amhránaithe sean-nóis ar na comórtais seo, go háirithe ar an bpríomhchomórtas, Corn Uí Riada. Bíonn áit lárnach ag an amhránaíocht ar an sean-nós ag féilte éagsúla ar fud na tíre agus tugann clubanna amhránaíochta ar nós An Góilín i mBaile Átha Cliath deis d’amhránaithe sean-nóis a gcuid amhrán a chasadh go poiblí. Mar gheall ar an athrú atá tagtha ar sheachadadh na n-amhrán, tá eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre a chabhraíonn le daoine óga an amhránaíocht ar an sean-nós a shealbhú, An Gaelacadamh i gConamara, Aisling Gheal i Múscraí agus An Crann Óg i nGaoth Dobhair ina measc.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8471