Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Muintir na n-oileán ag iarraidh vótáil ar an lá céanna le tír mór

Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Daithí Alcorn (Comhairleoir Contae)

Áine:  Dúirt an Comhairleoir Contae, Daithí Alcorn ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Contae Dhún na nGall, gur cheart go mbeadh an vótáil do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar na hoileán an lá céanna leis an vótáil ar an tír mór.  Anois, mar is eol dúinn, tá an vótáil in oileán Árainn Mhór agus na hoileáin eile amach ó chósta na contae seo ann dhá lá roimh dáta an toghcháin áitiúil agus tá an Comhairleoir Contae, Daithí Alcorn liom anois.  Dia dhuit a David.

Daithí:  Cad é mar atá tú Ánne?

Áine:  Bhal, is dócha David go bhfuil sé rómhall anois i mbliana rud ar bith a dhéanamh faoi seo.  Beidh an vótáil ar siúl is dócha ar Árainn Mór dhá lá roimh an toghchán áitiúil.  Ach go díreach thóg tú an cheist cá bith agus, cad é an sórt aisfhreagairt a fuair tú nó cad é an sort mar a déarfá plé a rinneadh faoi?

Daithí:  Tá seacht seachtaine le gabháil go fóill Anne, is dóigh liom b’fhéidir thart faoi seacht seachtaine ón lá inniu féin a bheadh muid ag caint air, go dtí go mbeidh na toghcháin áitiúla ann. Agus, sílim go bhfuil am go leor go fóill le rud mar sin a phlé.  Agus chomh maith leis sin mar dhuine atá ag seasamh do toghcháin le thar fiche bliain ón chéad uair ar an údaras (1:00), agus mar duine a chaith fiche bliain eile ag tabhairt bocsaí isteach chun an oileáin go Árainn Mór agus Inis Fraoich, sílimse go bhfuil níos mó taithí agamsa ar an obair sin b’fhéidir ná an lear lear mór daoine eile sa chontae seo.  Agus le linn plé ó thaobh an cur amach cártaí vótála, caitheann sin a ghabháil fríd an chomhairle contae i gcónaí do toghchán na Comhairle Contae ag teacht aníos anois, agus moladh of course go gcuirfeas muid amach cartaí chuig na daoine, ach tharla cúpla rud eile ansin you see ó thaobh an vótála dó.  Agus ghlac mise an deis agus le bheith fírinneach lig an mayor dom theacht isteach agus thóg mé an cheist because ní inniu ná inné atá mise á plé seo.  Is fada fada siar ór dhúirt mé ar tús nach bhfeicthear dom cén fáth nach dtiocfadh linn na, na toghcháin a bheith ar an lá céanna, go háirithe i lár an tsamhraidh agus muid teacht isteach in deireadh Mí Bealt....  Ní dhéanann sé ciall de chineál ar bith.  Aontaíodh d’aonghuth, agus tá sin iontach tábhachtach chomh maith leis sin do na comhairleoirí uilig a bhí istigh sa sa chamber (2:00) ar an t-am a phléigh muid an rud sin. 

Bhí cúig bhomaite de phlé ann.  Ina dhiadh sin chuaigh mise chun cainte le Brian Ó Baoill.  Tá seisean mar stiúrthóir na contae seo don comhairle contae because bíonn duine faoi leith roghnaithe ag an chomhairle contae le amharc i ndiaidh na toghcheantar uilig agus is é Brian atá ag déanamh sin.  Ach,  you see sé, sé an rud a mhínigh sé dom ansin, mar go bhfuil toghchán na hEorpa ar an lá céanna, sé an cláraitheoir contae, Geraldine O’Connor atá i gceannas don rud go hiomlán, cé gur gur toghchán an comhairle contae you know go mbeadh i bhfad bhfad níos mó páirteach ansin mar a déarfá.  But ar scor ar bith, sé an rud a gheall siad dom gur cinnte go labharfadh sé léi, agus nach gcuirfeadh sé i scríbhinn ná cad é a bhí ann, agus  dúirt mé go raibh sé iontach tábhachtach because is cuma cad é atá tú ag plé, tá sé iontach doiligh céad faoin gcéad tacaíocht a fháil dó. Ó thaobh mo chuid féin dó, bheinn breá sásta fianaise a thabhairt in am ar bith go bhfuil bádaí farantóireachta ag gabháil go Árainn Mór, ag gabháil go Toraigh agus achan áit eile (3:00) agus nach bhfeicthear domsa ye know go bhfuil ciall ar bith ag déanamh seo dhá lá roimhe ré. 

Agus an rud eile, agus seo rud iontach tábhachtach, tá sé iontach doiligh sa lá atá inniu ann because tá daoine ag tabhairt amach, tá géarchéim airgid ann le bliantaí mar sin le roinnt bliantaí anuas.  Tá sé iontach doiligh ar daoine a fháil amach ag vótála. Ach cad é dóigh a thig leat iad a thabhairt amach ag vótála muna bhfuil siad sa bhaile?  Agus glac mar thuairim Oileán Árainn Mór.  Tá leor leor daoine óga ansin, cosúil leis na Rosa i nGaoth Dobhair is ar fud na contae seo ag obair ar shiúl as baile in áiteanna eile d’Éirinn, agus a bhfuil chance mór acu ag teacht ar ais tráthnóna Dé hAoine.  Ach ní fheicthear domsa go mbeadh chance ar bith ann ar chor ar bith iad ag teacht i lár na seachtaine ná ar an Céadaoine.  So ar ais, tá súil agam because is iomaí uair a mhothaigh mé Aodh Mac Ruairí agus urlabhraithe mar sin istigh in Árainn Mór agus ar na hoileáin eile ag tógáil na ceiste seo agus tá sé tógtha, agus muna n-éiríonn leis an t-am seo, agus tá mise ag caint mar dhuine arís nach bheas ag gabháil chun tosaigh agus a bhfuil daoine ag rá go bhfuil leas ar leith agamsa sa rud, ye know, tá súil agam, (4:00) agus muna bhfuilfear ábalta é a fháil an t-am seo, go cinnte go ghlacfaí nóta dó, agus le linn amanna eile a mbeidh toghchán ag teacht ann go gcaithfear iad a chur ar an lá céanna.

Áine:  Sé.  Agus, níl, níl geallstan ar bith tugtha go mbeidh sé athraithe i mbliana, an mbeidh?

Daithí:  Níl geallstan ar bith tugtha agus ar ais, is iomaí duine a bheadh a rá sin agus ní ach ag caint amaidí.  Tá seo déanta agus tá sin déanta agus achan rud eile.  Istigh i bheagán am ní fháigheann tú deis na ceisteanna mar sin a thógáil.  Am ar bith a gheobhaimse chance ó thaobh an Ghaeltacht, Gaeilge ná rud ar bith ag Comhairle Contae Dhún na nGall, ghlacaim leis an deis sin agus tá mé iontach buíoch arís don mhéara a lig isteach mé an lá deireanach, agus tá mé iontach sásta chomh maith le na comhairleoirí eile uilig a labhair go láidir ar son an rud a bhí muid a rá.

Áine:  Sé.  Bhal mar a dúirt tú haontaíodh de aonghuth ach níl cinneadh ar bith déanta agus níl a fhios agam an mbeidh cinneadh ar bith déanta.  Ach cá bith tá sé tógtha agus cífidh muid cad é a tharlóchas.  Daithí go raibh míle maith agat.

Daithí:  Tá an deis le cá hainm atá air le cur san áireamh. Tá an cruinniú curtha ar athló anois go dtí an ceathrú lá déag, sin seachtain ó Dé Luain.  Le cuidiú Dé go mbeidh muid i láthair ansin agus tá mise ábalta ceist a chur ar Brian Ó Baoill ná cad é a tharlóchas san idir-am agus is cinnte go mbeidh mé ar ais agaibhse in Radio na Gaeltachta le inse daoibh ar cad é an cinneadh atá déanta ó thaobh an, an caint a bhí againn.

Áine:  Sé.  Maith go leor a Daithí.  Go raibh míle maith agat. An Comhairleoir Contae Daithí Alcorn ansin.

Daithí:  Go raibh maith agat Anne.  Slán.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8346