Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Deontais na scoláirí Gaeltachta laghdaithe

Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Donnchadh Mac Fhionnghaile (Aire Stáit)

Áine:  Ceist duit, a Aire, a tháinig isteach.  Bean tí as Gort an Choirce a bhíos ag coinneáilt scoláirí Gaeilge ag gearán mar go bhfuil líon na scoláirí Gaeilge a bhíos á íoc ag Roinn na Gaeltachta laghdaithe ar an bhliain seo chugainn go dó dhéag.  Anois ní bheidh an Roinn sásta deontaisí a íoc do níos mó ná dhá scoláire dhéag do gach teach ó seo amach.

Donnchadh:  Bhal, bhí uair amháin agus chóir a bheith nach raibh teora ar bith leis an méid scoláirí a d’fhéadfadh a bheith istigh i dteach sa Ghaeltacht.  Ach, le blianta anuas anois tháinig laghdú de réir a chéile ar an uimhir agus bhí sé sé déag, tháinig sé anuas go dtí ceathair déag agus anois tá sé anuas go dtí dó dhéag.  Agus, an chéad rud a thig liom a rá, ní rachaidh sé níos ísle ná sin mar bhí tuairiscí agus suirbhéanna déanta amach agus sé an dearcadh a bhí ann gur dhá chloigeann déag an uimhir is fearr a bheith istigh i dteach mar go mbíonn teangbháil níos mó idir muintir an tí agus teaghlach an tí agus na daltaí a bhíonn ag stopadh – mar is mó a bhíonn ann mar is lú a bhíonn an teangbháil.  Agus, ar ndóigh, sé an fáth go bhfuil siad ansin ná deis a thabhairt daofa (1:00) bheith i dteangbháil le muintir an tí agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Anois, bhí rogha le déanamh agamsa.  Is dócha go bhfuil cúrsaí airgid ag teacht isteach agus sé an rogha a bhí agamsa le déanamh an gcoinneoinn an ráta laethúil ag naoi caoga mar atá le cúpla bliain.  Cúpla bliain ó shin bhí sé ag haon dhéag caoga.  Tháinig sé anuas go dtí deich caoga agus tháinig sé anuas go dtí naoi caoga. Ach, ó tháinig mise isteach sa Roinn tá éirithe liom é a choinneáilt ag naoi caoga.  Ach, dá n-ísleoinn euro eile an ráta sa lá do na daltaí shábhlóinn ceithe chéad míle.  Now, gearradh mór é sin.  Ach, beidh sábháilt áirithe anseo go mbeidh muid ábalta céad míle sa bhliain a shábháilt.  Sin an meastachán atá istigh ag an Roinn. É sin ráite, gheobhaidh siad deontas ar son dhá chloigeann déag agus má tá teach ar bith ag iarraidh beirt ná thriúr ná ceathrar eile a choinneáilt ar ndóigh tá cead acu é sin a dhéanamh ach ní bheidh deontas le fáil ar a son sin.   

Áine:  Sé.  Agus ab é ag an choláiste a bheas an deontas sin á íoc nó? (2:00)

Donnchadh:  Is ag an choláiste a bheadh sé sin.  Agus tá buntáiste eile, dálta an scéil, le é a bheith íslithe go dtí dhá chloigeann déag.  Tá féidearthachtaí ann anois go bhféadfaí tithe úr…go bhfuil mná tí ansin gur mhaith leo scoláirí a fháil agus go mbeadh chance againn, b’fhéidir, tithe úr agus fuil úr a thabhairt isteach má thig liom é a chur mar sin, le freastal ar na scoláirí Gaeilge seo.  

Áine:  Sé.  Ach, ag an am chéanna mb’fhéidir go dtarlódh sé go mbeadh tithe ann a bhí ag coinneáil scoláirí Gaeilge roimhe seo, a bhí ag coinneáil scaiftí móra ag titim amach as an chóras mar b’fhéidir nach measann siad nárbh fhiú daofa.

Donnchadh:  Bhuel, d’imigh an lá a mbeadh na scaiftí móra agus bhíodh siad againn uilig.  Mar a dúirt mé, tá sé anuas ó go dtí ceithre cloigne déag le cúpla cúpla bliain anuas go dtí dhá chloigeann déag.  Ní rachaidh sé níos sia ná sin.  Agus sílim cuid mhór de na tithe atá sa Ghaeltacht anois, agus ón chomhrá a bhí agam le oifigigh na Roinne na tithe úra anois agus na rialacha úra nach bhfuil tú ag gabháil a fháil tithe feasta a mbeadh scaiftí móra, a mbeadh rangannaí iomlán iontu.  Agus, is figiúr dheas é sin, dhá chloigeann déag, teangbháil le muintir an tí, an deontas a íoc leo uilig agus sílim go rachaidh sé chun tairbhe do na scoláirí, don Ghaeilge agus mar a dúirt mé do na tithe a bheas á gcoinneáilt agus do na tithe úra a thiocfas isteach mar gur páirt thábhachtach de chúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachta na coláistí samhraidh anois.  

Áine:  Sé.  Anois, tá sé ráite go díreach ag an Taoiseach, mar is eol duit féin, go n-athróidh sé a chuid Airí Rialtais sa dara leath den bhliain seo chugainn.  Ciallaíonn sé sin i ndiaidh na dtoghchán Eorpacha agus na dtoghchán áitiúla a bheith thart go mbeidh an t-athrú seo ag teacht i bhfeidhm.  An bhfuil leid ar bith agaibh faoi láthair ar an athrú ná cé a bheas athraithe? 

Donnchadh:  Bhal, chuala mé rud ineacht ar an radio ar maidin, caithfidh sé go bhfuil sé ar cheann de na páipéir.  Níl a fhios againn a dhath faoi dtaobh de sin.  Ach, de ghnáth, nuair a bhíonn rialtais ann i gcónaí de ghnáth bíonn daoine ag imeacht.  B’fhéidir go mbeadh duine ineacht aige sa rialtas ag gabháil go dtí an Eoraip agus go mbeadh cineál de athruithe ansin.  Agus, mar atá ráite agat féin, b’fhéidir i ndiaidh na dtoghchán áitiúla go gcuirfidh sin athrú ar rudaí.  Ach, tarlaíonn sé sin ach níl leideadh faighte ag duine ar bith agus tifidh muid cad é tharlóchas amach anseo ar an bhliain seo chugainn.  Ach, mar a dúirt mé má bhíonn, má bhíonn duine as na hairí ag gabháil go dtí an Eoraip is cinnte go mbeidh athruithe ann agus ar ndóigh braitheann sé sin ar an Taoiseach agus ní shílim go ligeann an Taoiseach a rún, ná Taoiseach ar bith, a rún le duine ar bith faoi rudaí mar sin. Is cinneadh don Taoiseach agus don Taoiseach amháin athruithe a chur sa Rialtas.  

Áine:  Sé.  A Aire Stáit, go raibh míle maith agat.

Donnchadh:  Go raibh maith agat féin.

Áine:  An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile a bhí istigh liom beo anseo sa studio inné agus go díreach sin ceist a d’éirigh i ndiaidh an chláir.  Ach, chuir muid air é agus thug sé freagra ar an cheist sin. 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8340