This is a Clilstore unit. You can .
Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Donnchadh Mac Fhionnghaile (Teachta Dála agus Aire Stáit)
Áine: Go díreach scéal eile ó thaobh na coláistí Gaeilge de. Bhí díomá mar atá a fhios agat féin ar dhaoine anseo san iarthuaisceart mar nach raibh scoláirí ar bith sa Ghaeltacht anseo ó na coláistí tríú leibhéal an Cháisc seo caite san iomlán mar a déarfá. D’fhreastail míle trí chéad agus a trí déag ábhar oidí ar chúrsaí sa Ghaeltacht agus go díreach tá dea-scéal agat, an bhfuil, dúinn inniu?
Donnchadh: Bhuel, bhuel tá agus níl. Mar a dúirt tú agus aontaím ar fad leat tá, tá scéim úra anois idir na coláistí oiliúna sé sin an áit a bhfuil na múinteoirí agus na coláistí Gaeilge go mbíonn ar ábhar múinteoirí anois dhá thréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, dhá thréimhse coicíse agus tháinig sé sin isteach i mbliana le iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chumas Gaeilge múinteoirí atá ag dul amach a theagasc páistí nuair a bhíonn an cúrsa réidh acu. Agus anois chonaic mé féin faoi deara rith i rith na Cásca bhí mé i gcuid do na Gaeltachtaí eile go raibh an oiread sin acu ann, mar a dúirt tú go raibh corradh le trí chéad déag ar fad (1:00) agus chuir sé bhuel, ba ábhar iontais dom nach raibh aon duine acu ann in inár gceantar féin nó i dTír Chonaill ar chor ar bith. Agus anois tá sé sé an dóigh an ndéantar an socrú seo nó go mbíonn comhráití ag gabháil ar aghaidh idir na coláistí Gaeilge agus údaráis na gcoláistí oiliúna agus ansin go mbíonn cead ag na coláistí Gaeilge a bhfuil suim acu daltaí mar seo a thabhairt chun na Gaeltachta a ghabháil isteach agus an lá eolais a bheith acu sna coláistí oiliúna. Agus tuigim go bhfuil cúpla coláiste thuas againn féin, go bhfuil coláiste Dhún Lúiche agus coláiste Bhun an Inbhir, sin coláiste Chú Chulainn agus coláiste an Phiarsaigh go bhfuil siadsan i dteagmháil leis na coláistí oiliúna agus níl a fhios agam cad é mar atá rudaí ag dul ar aghaidh nó an bhfuil aon chinneadh déanta go fóill. Sé an t-aon bhaint eile atá ag an Roinn leis a Anne, nó go gcaithfidh na cúrsaí a chuireann na coláistí seo ar fáil a bheith aitheanta ag an Roinn sé sin go bhfuil siad, bhuel gur cúrsaí fiúntacha atá iontu (2:00) agus gur cúrsaí éifeachtacha atá iontu agus gur cúrsaí iad go mbeidh na coláistí nó na daltaí ábalta tairbhe a bhaint astu agus buntáiste a bhaint astu. Sin uimhir a haon. Agus uimhir a dó, ar ndóigh, cuirimid deontas ar fáil i ndeireadh an lae do na daoine a bhíonn ag freastal ar na cúrsaí.
Áine: Sé, mar sin bheifeá dóchasach, an mbeadh, go mbeadh cúrsaí anois á reáchtáil anseo i nGaeltacht Dhún na nGall?
Donnchadh: Bhuel, tá sé, ar ndóighe mar a dúirt mé, tá sé ag brath ar na comhráití atá ag gabháil idir na coláistí a luaigh mé agus is rud iontach é go mbeadh daoine óga mar sin ábhar múinteoirí a bheas amuigh fríd an tír faoi cheann cúpla bliain go mbeadh eolas acu ar na Gaeltachtaí uilig. Bíonn orthu dhá chúrsa a chaitheamh mar a dúirt mé.
Áine: Sé.
Donnchadh: Ar ndóigh, tá cúrsa eile agus atá ag éirí go maith leis sé sin cúrsa Hibernia a bhíonn thuas san Acadamh ansin achan bhliain agus bhí scaifte mór acu fríd an pharóiste i mbliana agus anuraidh agus mar a dúirt bhí cruinniú agam féin inné, cruinniú idir–Ranna, thig liom é seo a insint duit is dóiche, bhí na Ranna uilig istigh agam, tá mé féin mar chathaoirleach air (3:00) agus bhí an Roinn Oideachais istigh fosta agus caithfidh mé a rá go raibh siad ag tabhairt cuntas iontach maith ar na ar na hiarrachtaí atá á dhéanamh acu anois feabhas a chur ar an chaighdeán Gaeilge, bhuel, na múinteoirí féin atá ag gabháil amach agus insna scoltacha chomh maith tá gach chance anois go mbeidh ardú ar an chaighdeán Gaeilge a bheas riachtanach le fáil isteach insna coláistí oiliúna ó seo amach. Tá scéimeanna eile beifear á bhfógairt amach anseo ach tá rudaí ag tarlú ansin atá a dhíth go atá a dhíth go crua agus a rachas chun sochar do theagasc na Gaeilge.
Áine: Sé, maith go leor, a Aire, go raibh míle maith agat.
Donnchadh: Go raibh maith agat féin, slán go fóill.
Áine: Agus slán go fóill, an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnghaile ansin.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8339