This is a Clilstore unit. You can .
Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Donnchadh Mac Fhionnghaile (Teachta Dála agus Aire Stáit)
Áine: Dea-scéala go bhfuil an rialtas le leanstan lena dtacaíocht do na haerfoirt réigiúnacha, aerfort Dhún na nGall ar an Charraig Fhinn ina measc. Agus bhíothar le deireadh de réir chosúlachta a chur leis an tacaíocht do na haerfoirt réigiúnacha ag deireadh na bliana dhá mhíle agus a ceathair déag ach tá sé socraithe anois leathnú a dhéanamh ar an scéim. Agus tá an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnghaile liom. Dia dhuit, a Aire ar maidin.
Donnchadh: Dia dhuit féin a Anne. Tá maidin chrua agaibh de réir na tuairiscí a bhfuil mé ag éisteacht leo ansin le deich mbomaite ag caint.
Áine: Tá, lá breá cruaidh fuar feánnach againn sa taobh seo tíre.
Donnchadh: Bhuel, tá sé fuar agus feanntach anseo fosta ach níl sneachta ná a dhath mar sin.
Áine: Sé. Anois, a Aire, bhí bagairt ann deireadh a chur leis an tacaíocht do na haerfoirt réigiúnacha ag deireadh na bliana seo. Agus, bhí seo á dhéanamh faoi dhá scéim éagsúil, OPEX agus CAPEX, go díreach inis dom faoin tacaíocht a thugtar faoi na scéimeanna seo.
Donnchadh: Bhuel, tá an ceart agat in dhá mhíle agus a haon dhéag, chinnigh an rialtas ag an am sin go dtabharfadh siad tacaíocht do na haerfoirt réigiúnacha, na ceithre aerfort réigiúnacha (1:00) go dtí deireadh na bliana seo chugainn, sé sin dhá mhíle agus a ceathair déag mar atá ráite agat. Ach tháinig an cheist os comhair an Rialtais maidin Dé Máirt agus tá an Rialtas i ndiaidh cinneadh a dhéanamh anois go leanfaidh siad ag tabhairt tacaíocht do na haerfoirt réigiúnacha ceann, ceann s’againn féin, thuas ar an, ar an Charraig Fhinn, Cnoc Mhuire, Ciarraí agus Port Láirge go dtí dhá mhíle fiche agus a cúig agus sílim gur céim ar aghaidh gur cinneadh iontach tábhachtach é sin agus go dtabharfaidh sé le fios do na haerfoirt féin agus do dhaoine a bhfuil suim acu b’fhéidir infheistíocht a dhéanamh sna haerfoirteanna nó b’fhéidir rúidbhealaí úra a chur a chur ar fáil go bhfuil an tacaíocht sin ag gabháil a bheith acu go dtí dhá mhíle agus fiche agus a cúig agus is é an chiall atá leis an tacaíocht nó tá tú féin i ndiaidh an dea-scéim a lua, an scéim OPEX, sé sin go mbeidh an cead ag an Rialtas le, i gcomhairle le Coimisiún na hEorpa, costaisí reáchtála (2:00) a thabhairt don aerfort agus faoin ceann eile, CAPEX go mbeadh cead acu go mbeadh cead acu infheistíocht capital a dhéanamh insna haerfoirt. So tá sé iontach tábhachtach mar go bhfuil a fhios ag na haerfoirteanna anois go bhfuil an tacaíocht sin le fáil ón Rialtas go dtí dhá mhíle agus fiche agus a cúig.
Áine: Sé. An bhfuil coinníollacha faoi leith ag baint leis an síneadh seo?
Donnchadh: Bhuel, is cá, cá bith coinníollacha a bheas ag baint leis beidh sé idir tá, sé an rud atá ráite ag an Rialtas anois nó go mbeidh siad, go mbeidh siad i gcomhairle le Coimisiún na hEorpa le forbairt a dhéanamh ar cad é an dóigh a gcuirfear na hacmhainní ar fáil, so tá an tá an plé sin le déanamh. Ach go dtí seo is minic le blianta anuas gur fógraíodh go raibh an oiread seo le fáil ag Aerfort Dhún na nGall faoi choinne oibreacha caipitil a dhéanamh go raibh an oiread seo le fáil faoi choinne reáchtáil faoi choinne poiblíocht agus mar sin. Agus sé an chiall atá leis go leanfar ar aghaidh agus go mbeidh cead ag an Rialtas le cead na hEorpa airgead mar sin a chur ar fáil daofa.
Áine: Sé.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8338