Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Conspóid faoi athnuachan Bhaile an Chraoslaigh

Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Donnchadh Mac Fhionnlaoich (Teachta Dála agus Aire Stáit)

Áine:  Bhí an Feisire Eorpach Pat The Cope Ó Gallchóir ar an chlár inné agus é ag rá go raibh na deacrachtaí maidir le hathnuachan baile an Chraoslaigh réitithe anois, togra athnuachana a chosain thart faoi ceithre chéad míle euro agus más eol daoibh bhí bagairtí déanta ag na conraitheoirí cás ardchúirte a thabhairt i gcoinne an choiste forbartha áitiúil mar nár híocadh iad don obair a rinneadh ar an bhaile. Agus bhí deacrachtaí an maoiniú a fháil don obair ó DLDC mar gheall ar threoracha ó an Roinn Comhshaoil. Bhuel tá an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich liom anois. Dia dhuit, a Aire.

Donnchadh:  Dia is Muire duit ar maidin, a Áine.

Áine:  Sula labhraim leat faoin ábhar sin, chuala tú Máire agus an tAthair Brian Ó Fearraigh ag caint ansin ar an fheachtas mór seo ‘Dearg le Fearg’ atá a ghabháil a bheith i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn an cúigiú lá déag de Feabhra. Cad é an dearcadh atá agat féin air, a Aire?

Donnchadh:  Bhuel, níor chuala mé ach ruball den méid a bhí le rá ag an bheirt acu. Tá mé anseo ag rud eile in Iardheisceart na contae, ach thig liom an oiread seo a rá, tá feachtas (1:00) á chur ar siúl maidir le cearta Gaeilge agus mar sin de, agus tá lá mór eagraithe acu agus thig liom a rá is dócha nách b'é seo an chéad fheachtas a bhí ar siúl ag muintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge agus is cinnte nach b'é an feachtas deireanach. Bhí mise mé féin páirteach in go leor feachtais i m’am. Tá cuimhne agam ar an feachtas mór a bhí againn i lár na seascaidí Let the Language Live nuair a bhí mé mar bhall de chraobh Inse Chóir de Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus shiúil mé féin agus Seosamh Ó Broin agus baill eile den Chraobh sin, cheantar Inse Chóir ó dhoras go doras, cearnóg, ceo agus achan áit agus chruinnigh muid na síniúchán uilig sílim go raibh cúig nó sé chéad de mhílte cruinnithe ar fud na tíre san am sin eagraithe ag Conradh na Gaeilge, Seán Ó Tuama i gCorcaigh, daoine móra le rá mar sin agus bhí mé páirteach ansin.

Áine:  Ach anois, a Aire, abair, abróchaimid an rud cá mhéad bliain eile nuair a bheas muid chun tosaigh? Seo dhá mhíle agus a ceathair déag (2:00) agus caithfidh na daoine a ghabháil go dtí na mórshiúlta seo arís agus na feachtais seo á reáchtáil cad é atá ag gabháil ar aghaidh ó bhí an t-am sin ann. An bhfuil rud ar bith ar chor ar bith tarlaithe agus cad é atá an rialtas ag gabháil a dhéanamh faoi seo?

Donnchadh:  Bhuel tá ar ndóighe agus tá, tá tá tá Straitéis Fiche Bliain againn agus tá an straitéis á chur i bhfeidhm. Tá muid ag obair air anois sna ceantair Ghaeltachta agus ar ndóigh dúirt an Coimisinéir agus ar ndóigh chaithfidh mé féin admháil chomh maith nach bhfuil achan rud mar ba mhaith linn a bheith sa Státchóras, tá sé sin ar eolas againn uilig, nach bhfuil an Ghaeilge na na na nach ndéantar freastal air i gcónaí agus an córas a bhí againn go dtí seo, níor éirigh leis, ní raibh sé níor, níor bhain sé amach na spriocanna a bhí a bhí leagtha síos dó.

Áine:  Agus cé air a bhfuil an locht, a Aire, an bhfuil a fhios agat?

Donnchadh:  Agus sin an, gabh mo leithscéal

Áine:  But cé air a bhfuil an locht go bhfuil seo ag tarlú?

Donnchadh:  Agus sin an fáth agus sin fáth go bhfuil cur chuige úr anois den chéad uair le daichead bliain, Áine go mbeidh an chéad fheachtas earcaíochta eile sa tSeirbhís Phoiblí (3:00) go mbeidh céatadán áirithe curtha ar fáil do iarrthóirí a bhfuil sár agus ardchumas Gaeilge acu. Tá doras oscailte nach raibh oscailte le daichead bliain, níl mise a rá go bhfuil sin a ghabháil a réiteach na ceiste ach is aitheantas é go bhfuil deacracht ansin is aitheantas é go bhfuil fadhb ansin, is é an chéad chéim é. Chomh maith leis sin, tá coiste idir-ranna ann a bhfuil mé féin in mo chathaoirleach air agus bhí na hArd-Rúnaithe nó Oifigigh Sinsearacha sna Ranna uilig le chéile b’fhéidir ceathair nó cúig de chuarta sa bhliain agus tá gach Roinn ag an am seo i ndiaidh tuairisc a chur ar fáil cad é atá ar intinn acu féin le tabhairt faoi fhuascailt na faidhbe seo, ‘sé sin, le seirbhís sa Ghaeilge a chur ar fáil daofa siúd a éilíonn é, rud atá dlite agus rud a bhfuil daoine i dteideal a fháil, níl duine ar bith ina éadan sin. Tá mise, anois, tá mise istigh anseo le breis agus dhá bhliain agus ní tharla sé seo (4:00) le dhá bhliain, tharla sé seo le daichead bliain thig ní thig liom ach sin a rá, ach tá an oidhreacht sin agamsa anois agus tá mise agus oifigigh mo Roinne féin agus oifigigh Ranna eile ina suí síos le iarracht a thabhairt faoi fuascailt na faidhbe agus na ceisteanna seo a réiteach.

Áine:  Sé, bhuel thiocfadh liom labhairt leat tamall mór eile fán cheist ach fágfaidh mé

Donnchadh:  Bhuel ba mhaith liom labhairt leatsa faoi na feachtais uilig a raibh mise ann, bhí mé san oíche úd i dTeach an Ard-Mhéara ag an LFM nuair a bhí Tomás Mac Giolla agus Dónall Ó Móráin agus iad uilig go ndéana Dia mhaith orthu uilig

Áine: 

Donnchadh:  nuair a chuaigh an stáitse ar thinidh agus muid ag troid ar son cearta teanga

Áine: 

Donnchadh:  bhí cearta sibhialta na Gaeltachta thiar bhí

Áine:  Sé. An bhfuil a fhios agat, a Aire labharfaidh mé leat faoi sin lá inteacht eile. Labharfaidh mé leat faoi dtaobh de lá inteacht eile, mar tá agam le labhairt leat faoin ábhar seo anois.

Donnchadh:  In óstán an Shelbourne nuair a bhí Máirtín Ó Cadhain agus Tomás Ó Fiáin go ndéana Dia trócaire air agus rinne siad amach marcháil ar thigh an Taoisigh ar mhaithe le cearta teanga.

Áine:  Sé.

Donnchadh:  Agus, ach ar ach ar a laghad tá muidinne ag iarraidh (5:00) tabhairt faoi go céimiúil agus próiseas a chur ar siúl leis an cheist seo a fhuascailt.

Áine:  Sé.

Donnchadh:  agus déanamh cinnte go mbeidh seirbhís tré Ghaeilge ar fáil do muintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge.

Áine:  Anois go dtí an ábhar a raibh mé ag gabháil a labhairt leat faoi cá bith ná an fadhb seo agus an scéal seo ar an Chraoslach an áit ar an bhfuil a fhios agat a rabhthar ag bagairt iad a thabhairt chun na hArdchúirte as siocair go raibh fadhb teicniúil ó thaobh na Roinne de. Bhí tú féin ag plé na ceiste seo fosta leis an ghrúpa áitiúil agus leis an Aire Comhshaoil, Phil Hogan.

Donnchadh:  Bhuel, ní rachaidh mé isteach sa scéal óna thús go dtína dheireadh, tá sé craolta ná craobhscaoilte go breá ar Radio na Gaeltachta, tháinig an coiste forbartha le chéile ansin, agus chuir chuir siad plean chun tosaigh fuair siad tacaíochta ó chlár LEADER DLDC mar a deirtear agus rinne siad, fuair siad conraitheoir agus rinneadh sárjab ar an bhaile seo ar an Chraoslaigh. Roimhe seo bhí drochbhail ar an tsráid, tá sráid bhreá ann, tá cosán coise breá ann, tá ballaí ann (6:00), tá, tá, tá slacht agus ar an, ar an bhaile sin nach raibh air riamh roimhe, rinneadh jab iontach.

Áine:  Agus buíochas mór sin don mhuintir sa cheantar a chuir suas an t-airgead agus ansin ar a bhí ag gabháil a bheith fágtha agus iad a ghabháil á thabhairt chun na hArd-Chúirte, buíochas do Dhia tá réiteach ar an fhadhb sin anois.

Donnchadh:  Bhuel buíochas, agus tá moladh mór a ghabháil daofa. Anois, nuair a bhí an obair déanta agus tháinig tháinig an t-iniúchóir amach ón Roinn agus chuaigh sé fríd, agus fuair siad amach go raibh, go raibh easnaimh ar an chóras, ar an chóras tendering má thig liom é a chur mar sin. Agus ar ndóigh dúirt sé nach bhféadfaí an deontas a dhíol mar go raibh, mar, mar, mar nach raibh sé ag cur leis an chaighdeán a bhí á éileamh ag, ag an Eoraip. Agus rinneadh athchúirt agus athchúirt agus chuaigh sé ó cheann go ceann agus dúirt achan duine, dhearbhaigh achan athchúirt go raibh an t-easnamh sin ann. Tháinig iniúchóir anall as na hiniúchóirí anall (7:00) as an Eoraip rinne siad scrúdú speisialta ar chás an Chraoslaigh agus níor chuir siadsan athracha ar bith air. Agus bhí muid i bponc ansin, bhí an obair déanta bhí deacrachtaí ann, níor chuir sé leis na rialacha a bhí leagtha síos ag an Eoraip agus ní fhéadfaí an t-airgead a dhíol mar go dtagann an chuid is mó den airgead as an Eoraip agus bhí muid i bponc. Bhí na cruinnithe thoir ar an Chraoslach, bhí cruinnithe go leor againn leis an choiste ansin agus chuaigh muid ar ais go Baile Átha Cliath ar an seisiú lá déag de mhí Eanáir go raibh seacht gcruinniú, tá mé i ndiaidh amharc fríd mo dhialann anseo, seacht gcruinniú a bhí agam féin agus Joe Mc Hugh an Teachta atá ina chónaí ansin in aice leis an Chraoslach leis an Aire Comhshaoil, Phil Hogan agus bhí muid ag iarraidh theacht ar dhóigh éigin leis an rud a réiteach. Bhí a fhios againn nach raibh an Eoraip sásta nach mbeadh siad sásta an t-airgead a thabhairt dúinn agus dá dtabharfadh muid airgead na hEorpa in éadan na rialacha go gcuirfeadh sé scéimeanna eile amach anseo i mbaol. Agus ansin ar ndóigh (8:00) seachtain nó coicís ó shin bhuel deich lá ó shin tháinig an scéala fríd go raibh an chás ag gabháil go dtí an Ardchúirt mar go raibh an conraitheoir a rinne an obair ag fanacht lena chuid airgid. Agus ar ndóigh bhí iasacht fágtha ag muintir an Chraoslaigh a chuir airgead isteach ann mar mar réamhíocaíocht, mar sin bhí an rud uilig bhí sé, bhí sé in aimhréiteach amach is amach. So shuigh mé féin agus Joe síos leis an Aire mar a dúirt mé bhí seacht gcruinniú againn ach nuair a tháinig sé chun solais go raibh an rud seo a ghabháil go dtí an Ardchúirt agus go raibh na barántais amuigh in éadan an mhuintir an Chraoslaigh, in éadan an Chomhairle Contae, in éadan D...

Áine:  LDC

Donnchadh:  DCDL b’éigean dom amharc go géar air agus caithfidh mé a rá gur éirigh linn agus oifigigh sinsearacha sa Roinn a bhí páirteach agus leis an Aire é féin, go gcaithfidh é a réiteach. Dá rachadh sé chun na cúirte, nach raibh a gcuid féin íoctha leis na dlíodóirí agus na habhcóidí ní bheifeá ag caint ar ceithre chéad míle (9:00) b’fhéidir go mbeifeá ag caint ar chúpla milliún. Agus tá mé tá muid anois réidh le, tá réiteach ann ná tá cnámharlach an réitigh déanta amach. Uimhir a haon, níl muid ag iarraidh airgead ar bith ón Eoraip, níl baint níl pingin ná bonn ag teacht as an Eoraip faoi choinne an réiteach atá muid a dhéanamh. Tá an réiteach ag gabháil a bheith déanta sa Roinn, idir an Chomhairle Contae agus DCDL agus is é an réiteach atá déanta, ná go bhfuil airgead ag teacht as státchiste na tíre seo amach ón Roinn Comhshaoil seachtó is a cúig fán gcéad den airgead den deontas a dhíol. Caithfidh mé moladh a thabhairt do don Chomhairle Contae agus go fíormhór agus go speisialta don bhainisteoir ansin atá sásta theacht aníos agus go gcuirfeadh siadsan dó dhéag go leith faoin gcéad den airgead ar fáil. Tá dó dhéag go leith eile fágtha ann agus tá sé sin ag díriú isteach ar DCDL agus níl cead acu sin é a bhaint amach as airgead LEADER caithfidh siad a theacht ar foinsí airgid (10:00) dá gcuid féin níl sé déanta amach acu go fóill cén áit a bhfuil siad ag gabháil a fháil an airgead sin ach bhí mé ag caint fiú amháin ar maidin inniu leis an Phríomhfheidhmeannach, Caoimhín Mag Aoidh a bhfuil aithne agus eolas agaibh féin air ar Raidió na Gaeltachta, deir sé liom go bhfuil go bhí bhí cruinniú aige leis le hoifigigh sinsearacha sa Roinn inné thíos i lár na tíre, tá cruinniú a ghabháil a bheith ag an Bhord na Ceann Roinne agus beidh siad ag amharc ar na féidearthachtaí atá acu le theacht aníos leis an dó dhéag go leith faoin gcéad eile. Mar a dúirt mé seo plean a tháinig amach ón Aire Hogan agus tá na píosaí le cur le chéile, tá na píosaí uilig curtha le chéile, tá píosa amháin le cur le chéile go fóill sé sin ag DC DCDL. Anois bhí mise agus Joe Mc Hugh go laethúil, cúpla uair sa lá le tamall anuas, le seachtain anuas i dteagmháil le muintir an Chraoslaigh ag inse daofa cad é na céimeanna a bhí á dtógáil mar bhí siad sin cráite.

Áine:  Sé, bhal

Donnchadh:  Bhí eagla a mbáis orthu, ní a raibh a fhios acu cad é a bhí i ndán daofa. Chuir siad féin (11:00) airgead isteach ann agus iad ag gabháil chun na cúirte agus agus

Áine:  So tá réiteach anois ar an fhadhb mór

Donnchadh:  Sé an réiteach, sé an réiteach agus sé an réiteach a rinne muidinne le muintir an Chraoslaigh, bhí mé féin ag caint leo mé féin agus Joe agus d’inis muid daofa agus bhí siad sásta leis an dul chun cinn atá déanta ó thug sé faoiseamh daofa agus rinne muid socrú leo sin Dé Céadaoine, mise, mé féin go pearsanta nach ndéarfaí aon rud faoin faoi fá faoin rud atá ag gabháil ar aghaidh nach ndéarfaí a dhath ar bith go poiblí faoi dtaobh dó go dtí go mbeadh achan uile rud i gceart, rud nach bhfuil go fóill ach tá súileas againn go mbeidh Dé Céadaoine agus sin an fáth nach deachaigh mise ar radio ná ar pháipéar ná ar rud ar bith eile. Chuala mé ansin go bhfuil sé ar stáisiún eile inné agus thosaigh daoine eile a chuir ceisteanna orm, agus sin an fáth go dtáinig mé ar an radio inniu le inse cad é mar a fuasclaíodh é seo. An tAire Comhshaoil a chuir an t-airgead isteach, níl pingin ná bonn ag teacht as an Eoraip tá an Comhairle Contae ag cur a cuid féin isteach (12:00) agus deir Caoimhín Magee liom go mbeidh sé ag cur plean agus moltaí os comhair a choiste féin, an Bord Dé Céadaoine seo chugainn agus tá súileas againn i ndiaidh an chruinniú sin go mbeidh réiteach sa deireadh thiar thall ar an chás mór fada fadálach seo maidir le leis an Chraoslach.

Áine:  Sé.

Donnchadh:  Arís tá buíochas mór ag gabháil don choiste áitiúil, bhí siad ar an imeall mar a déarfá

Áine:  Sé.

Donnchadh:  de bharr an bhrú a bhí orthu.

Áine:  Sé.

Donnchadh:  Ach anois, ach anois tá solas ag bun na spéire agus faoi cheann seachtaine tá súileas agam go mbeidh an cás réitithe agus go mbeidh achan uile dhuine sásta.

Áine:  Sé. go díreach chuir an Feisire Eorpach, Pat The Cope Ó Gallchóir glaoch ag rá gur cinneadh an Rialtas Náisiúnta in Éirinn a bhí ann an costas seo de fiche is a cúig fán gcéad de phionós a ghearradh agus ní raibh aon bhaint ag an Eoraip leis.

Donnchadh:  Bhuel, bhuel is é

Áine:  An bhfuil sin fíor?

Donnchadh:  Bhuel, is é an t-aon rud a thig liomsa rá nach bhfuil baint ar bith ag an Eoraip leis go bhfuil an t-airgead

Áine:  Ach ab é Rialtas na hÉireann a ghearr an pionós?

Donnchadh:  go bhfuil airgead an Chraoslaigh ag teacht ag teacht amach as ciste na tíre seo

Áine: Sé, ach Rialtas Náisiúnta na hÉireann (13:00) a dúirt sé a bhí, iadsan a rinne an cinneadh an fiche is a cúig fán gcéad de phionós a ghearradh.

Donnchadh:  Tá beidh, beidh, beidh an t-airgead uilig díolta nuair a Dé Céadaoine seo chugainn tá súileas againn nuair a thiocfas na trí dreamanna le chéile nuair a chuirfear an plean i gcrích. Tá an, tá an, tá an píosa deireanach den jigsaw le cur in áit Dé Céadaoine seo chugainn.

Áine: Sé, maith go leor fágfaidh muid é mar sin go dtí Dé Céadaoine seo chugainn. A Aire, go raibh míle maith agat.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8331