Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Oifig Phoist an Bhuna Bhig: Coiste nua tofa le cur in aghaidh a druidime.

Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Máire Mhic Giolla Chomhaill; Eugene Ó Gallchóir; Sarah Ní Chuirreáin; Muiris Ó Gallchóir; Bella Bean Uí Dhochartaigh; Harold Ó Dochartaigh

Áine: Anois rinne suas le dhá chéad duine freastal ar an chruinniú poiblí a bhí ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar pháirc Gnó Ghaoth Dobhair aréir le brú a chur ar An Post, oifig poist an Bhuna Bhig a choinneáil oscailte. Toghadh coiste de sheachtar le ghabháil i mbun feachtais agus orthu sin tá Máire Mhic Giolla Chóil, Bella Uí Dhochartaigh, Sarah Ní Chuirreáin, Muiris Ó Gallchóir, Breandán Ó Baoill, Harold Ó Dochartaigh agus Eugene Ó Gallchóir, agus i ndiaidh an chruinnithe labhair mé le cuid den choiste sin a roghnaíodh le ghabháil i mbun feachtais. Máire Mhic Giolla Chomhaill, Mháire tá tusa ar an choiste seo fosta. Inis dom cén fáth go bhfuil tú sásta bheith ar an choiste seo agus cad é na tuairimí atá agat faoi oifig phoist an Bhun Bhig.

Máire:  Bhuel, mar a luaigh go leor daoine ansin anocht, is gairid nach mbeidh a dhath againn, i nGaoth Dobhair má choinníonn rudaí a ghabháil agus tá oifig an Bhuna Bhig anois i mbaol agus bhí muid ansin le achainí a fháil sínithe agus chuir muid (1:00) na achainí sin amach ó cheann ceann na paróiste agus tá go leor mar a dúirt Joe ansin anocht, tá go leor sínithe, míle dhá chéad agus seachtó. Rud ar bith atá muid ábalta a dhéanamh fá choinne seo a throid agus an oifig a choinneáil oscailte faoi choinne an mhuintir óga, na seandaoine, daoine míchumasach cá, cá bith cad é, tá an oifig lárnach sa phobal. Bhí scaifte iontach mór anseo anocht agus agus is deas scaifte mar sin a fheiceáil. Tá cuimhne agam tháinig muid le chéile abhus ar an stáitse anseo nuair a bhí siad ag gabháil a dhruid an AIB ansin i nGaoth Dobhair agus níor éirigh linn agus tá eagla orm go gcaithfidh muid troid níos mó an t-am seo.

Áine:  Eugene Ó Gallchóir tá tusa ar an choiste fosta.

Eugene: 

Áine:  Cén fáth gur thoiligh tú ghabháil ar an choiste seo?

Eugene:  Bhuel, tá sé iontach tábhachtach an oifig an phoist a choinneáilt oscailte in Gaoth Dobhair agus faoi choinne na seandaoine is rudaí mar sin. Tá áit iontach mhór in Gaoth Dobhair agus tá tá dhá oifig an phoist ann but tá sé iontach tábhachtach an ceann Bun Bheag a choinneáil oscailte because tá léar mór daoine ag gabháil isteach ann. (2:00)Tá sé iontach tábhachtach do lucht gnó an pharóiste because sin an áit atá siad ag gabháil anois, níl bancanna ar bith againn níos mó.

Áine:  Sara Ní Chuirreáin, tá tú roghnaithe ar an choiste anseo anocht fosta.  Moladh go mbeifeá thusa ar an choiste. Cén fáth a síleann tusa gur cheart oifig phoist, an Bhun Bhig a choinneáil oscailte?

Sara:  Sílim go bhfuil sé tábhachtach because tá Gaoth Dobhair é féin tá an mothú agam mé féin go bhfuil achan rud ag druideadh síos, d’imigh an banc is sheas muid suas faoina choinne so sílim ní fiú amháin gur post office an mBun mBeag ní sin even post offices’agamsa but sílim nár cheart dúinn ligean dó druideadh síos. Tá siad i ndiaidh post office úr a oscailt in Leitir Ceanainn ar thaobh go raibh barraíocht daoine ag tarraingt ar an chéad ceann agus beidh an rud ceannann céanna anseo le Doirí Beaga, beidh barraíocht you know daoine ansin agus ní bheidh muid ábalta déileáil leis agus níor cheart dúinn ligean do na rudaí móra sin in ceantar s’againn druideadh síos, ba cheart dúinn go léir seasamh suas agus troid fá choinne ceantar s’againn féin.

Áine:  Sé, an bhfuil díomá ort faoi abair banc druideadh dhá bhanc anseo sa pharóiste, duine óg tusa tá tú i do chónaí anseo sa pharóiste, tá cuid mhór den aos óg imithe, an bhfuil a fhios agat, cad é an tuairim atá agat faoin treo a bhfuil paróiste Ghaoth Dobhair ag ghabháil?

Sara:  Tá mé iontach buartha (3:00) faoi dtaobh de, sin an tuige a tháinig mé amach inniu, sin an tuige a bhí mé amuigh inniu. Sílim go gcaithfidh muid uilig go léir seasamh suas, tá muid ag cur achan rud ar an méar fhada agus níl muid ag déanamh dhath ar bith faoi dtaobh dó agus má ligeann muid dó ní bheidh anseo ach paróiste gan a dhath ar bith so sílim go gcaithfidh muid theacht amach achan duine

Áine:  Sé, an bhfuil tú dóchasach go n-éireochaidh libh é a choinneáil?

Sarah:  Le cuidiú Dé, yeah caithfidh tú dóchas a bheith agat, muna bhfuil dóchas agat níl a dhath ar bith agat sílim féin so beidh mé dóchasach ar scor ar bith.

Áine:  Muiris Ó Gallchóir tá tusa ar an choiste seo fosta, Mhuiris, cén fáth?

Muiris: Bhuel, anois le bheith fírinneach i ndáiríribh shiúil mé isteach ann le mo dhá shúil druidte, bhí mé amuigh ar scairt tinibh agus bhí mé in ainm anseo ar leath i ndiaidh a seacht ach bhí sé leath i ndiaidh a hocht agus níl mé róchinnte cad é a bhí ag gabháil ar aghaidh. Ach cuireadh, cuireadh mo ainm chun tosaigh agus bhí mé breá sásta ghabháil air.

Tógadh mise i Machaire Chlochair agus creidim gur thosaigh mé a ghabháil go dtí oifig an phoist an Bhuna Bhig thart faoi naoi gcéad déag seachtó is a haon, seachtó is a dó. Bhí mo mháthair mhór ina chónaí sa teach linn, máthair mo mháthair agus go déana Dia a mhaith uirthi fuair sí bás anseo i nócha a sé agus ba ghnách liom féin agus Dónall Jack Ned atá thíos i nGaillimh anois ag obair, ba ghnách leis an bheirt againn, bhí máthair mhór aige sin fosta thart faoin aois chéanna creidim agus ba ghnách linn a ghabháil siar achan Dé hAoine (4:00) go hoifig an phoist an Bhuna Bhig faoi choinne an pension a thógáil do mo mháthair mhór agus máthair mhór Éamainn or Dónaill.

Agus úsáidim an oifig an phoist sin ar bhonn rialta, téim ann achan tseachtain agus tá mé i mo oifigeach stáisiún anseo i nGaoth Dobhair fosta agus úsáidim, úsáideann muid é tá sé tábhachtach dúinne é a bheith ansin, úsáideann muid go minic é. Oifig breá ann, tá príobháideas ann agus tá daoine ann, Gaeilgeoirí ann agus daoine múinte.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach, ní amháin oifig an phoist, tá an paróiste bocht agus ag éirí bocht de réir an lae idir bancanna ag imeacht agus tá oifig an phoist i gCroithlí agus thuas i nGaoth Dobhair druidte le cúpla bliain fosta agus sílim go bhfuil an t-am againn seasamh a dhéanamh. Chan é, chan amháin sa phobal seo ach achan phobal tuaithe cosúil leis seo, seasamh suas agus a rá, níl muid ag gabháil a ligean do ár gcuid seirbhísí a bheith tarraingthe as a chéile agus caite amach agus tarraingthe amach agus bheith fulaingt mar phobal mar sin an rud atá ag éirí dúinn, níl aird ar bith orainn, muid caite go díreach mar a chaithfeá seanbhratóg ar an urlár (5:00). Ach tá lúcháir orm go bhfuil mé ar an choiste agus má tá cuidiú ar bith atá mise ábalta a thabhairt don don, don fheachtas seo dhéanfaidh mé é.  

Áine:  Bella Bean Uí Dhochartaigh, tá tusa ar an choiste anois fosta, inis dom cad tuige a raibh tusa toilteanach theacht ar an choiste seo?

Bella:  Bhuel, tá mé ag déanamh go bhfuil sé náireach go bhfuil oifig an phoist ag druid agus uilig ag gabháil siar go Doirí Beaga nó cá bith áit a bhfuil siad a ghabháil. Níl áit faoina choinne daoine in chathaoir rothar, tá triúr ar an as Gaoth Dobhair go Bun Beag a bhfuil an cathaoir rotha agus níl a dhath ar bith faoina gcoinne agus tá siad siad ábalta ghabháil isteach chun an Bhun Bhig san am i láthair but ní bheidh ansin. Cá bhfuil siad a ghabháil nó ní bheidh seandaoine nach bhfuil carranna acu nach bhfuil ábalta siúl even, mé féin agus mar sin, caithfidh tú siúl suas an mhala sin ag teach Francie agus ní níl sé fóirsteanach agus tá sé rófhada ar shiúl cá bith. Bhí i gcónaí oifig an phoist istigh ar an Bhun Bheag. Tá paróiste Ghaoth Dobhair níos mó ar gcúl anois ná a bhí sé i naoi déag caoga a seacht nuair a d’fhág mise anseo, bhí istigh ar thar tríocha siopa.

Áine:  Cá mhéad acu atá oscailte?

Bella:  Níl an oiread sin acu uilig oscailte. Tá náireach, tá náireach an rud atá ag gabháil sa pharóiste seo. Chaill muid na bancanna (6:00), tá ceann amháin againn but cá fhad a mhairfeas sin?

Áine:  An bhfuil tú an bhfuil tú dóchasach go n-éireoidh libh?

Bella:  Bhuel, le cuidiú Dé, caithfidh muidinne a ghabháil ag urnaí tá an urnaí a dhíobháil fosta.

Áine:  Harold Ó Dochartaigh, tá tusa ar an choiste fosta.

Harold:  Bhuel, bhí dóchas orainn theacht anseo anocht agus páirt a ghlacadh sa chruinniú nó bhí suas le dhá chéad ag an chruinniú seo anocht. Mhol duine inteacht mise agus duine, achan duine eile a bhí ar an choiste agus bhí sé iontach tábhachtach a ghabháil ar an choiste agus páirt a ghlacadh agus oifig an poist seo a choinneáil. Tá seirbhísí eile atá caillte anuas fríd na blianta agus níor, ach níor tharraing na pobail le chéile agus b’fhéidir polaiteoirí is achan duine eile but tá iontach tábhachtach seo a choinneáilt ar an Bhun Bheag nó tá anseo le tá siad ag rá le dhá chéad bliain. Má chailleann muidinne an seirbhís sin, oifig an phoist bainfidh sé an croí amach as an pharóiste. Tá rudaí olc go leor mar tá siad ag an bhomaite sa tír seo agus tá an ceantar seo buailte, ceantar tuaithe buailte go holc agus caithfidh muid croí a choinneáil ann agus na daoine a choinneáilt ann agus na seirbhísí a choinneáil ann faoi choinne na daoine sa cheantar.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8324