Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Oscailt Oifigiúil Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn

Cainteoirí: Séamus Mac Géidigh (RnaG); Áine Ní Chuirreáin (RnaG)

Séamus:   Mar a chuala sibh ar a nuaíocht ar maidin ansin dhéanfaidh an Taoiseach Enda Kenny Coláiste Ailigh in Leitir Ceanainn a oscailt go hoifigiúil thart faoin mheánlae inniu.  Ócáid mhór atá ann ar ndóigh, coláiste úr nua ar fad leis na háiseanna is nua-aimseartha acu amuigh ansin i gColáiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus tá Áine ar an láthair.  Fáilte romhat ar maidin, a Áine.

Áine:  Fáilte romhat, a Shéamuis, agus fáilte go Coláiste Ailigh fosta.  Tá achan uile dhuine ar bís anseo ag fanacht leis an Taoiseach. Tá sé go díreach ar a bhealach. Níl sé i bhfad ar shiúl. Tá daoine ag an doras tosaigh ag fanacht leis agus tiocfaidh sé isteach agus dhéanfaidh sé plaque a nochtadh.  Ach, abhus anseo tá an halla mór lán go béal le múinteoirí, tuismitheoirí agus ar ndóigh, na daltaí agus aíonna speisialta agus ionadaithe poiblí an cheantair.  Ócáid iontach stairiúil anseo inniu agus cúlra iontach stairiúil ag an scoil seo. Ní raibh mise riamh istigh i scoil a bhí chomh deas seo atá chomh leagtha amach chomh galánta chomh úr sin.  Ar ndóigh, d’oscail an scoil, Gaelcoláiste Pobail Leitir Ceanainn a bhí ar an scoil ar dtús báire (1:00) an dara lá de Mheán Fómhair dhá mhíle agus bhí sin i seomraí sealadacha san Institute Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus ansin bhog siad go dtí Teach Sprattburn an áit a raibh siad go díreach go dtí an cúigiú lá déag de mhí na Samhna ar an bhliain seo chuaigh thart dhá mhíle agus a trí déag.  An lá sin dhruid siad an doras ar an scoil sin agus teach mór a bhí ann i ndáiríre.  Ach, bhí siad sa scoil sin ar feadh blianta fada agus shiúil siad isteach anseo i scoil ghalánta úr agus tá rudaí ag gabháil go hiontach maith daofa anseo.  Dhruid doras amháin ach d’oscail doirse ar scoil nach bhfaighfeá áit ar bith ar fud na hEorpa ná ar fud na hÉireann.  Tá achan uile rud sa scoil seo.  Mar sin, tá siad ag fanacht anseo agus tá amhrán galánta úr ceol aitheantas na scoile ar a dtugtar Rosc Ailigh cumtha ag Úna Ní Bhriain agus ag Proinsias Mac an Bhaird gurbh as oileán Árainn Mhór dó agus tá an t-amhrán sin an galánta.  Bhí mé ag éisteacht leis ansin ar a bhomaite.  Tá amhrán eile acu i Leitir Ceanainn aistrithe agus cóirithe ag Marie McTeague agus tá sin le cloisteáil fosta (2:00) – muna mbíonn inniu beidh sé againn ar an chlár lá éigin eile.  Ach, san am atá i láthair go díreach tá siad uilig ag fanacht leis an Taoiseach a bhealach a dhéanamh isteach.  Tá sé ar a bhealach aníos agus beidh muid ar ais agaibh amach anseo le theacht an Taoisigh, a Shéamuis. 

Séamus:  Ceart go leor a Áine.  Go raibh míle maith agat agus comhghairdeachas le achan duine amuigh ansin i Leitir Ceanainn agus is cinnte go bhfuil éacht mhillteanach déanta.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8323