Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Turas tacsaí conspóideach i nGlaschú

Cainteoirí: ÁNC - Áine Ní Chuirreáin (RnaG); ÁNB - Áine Ní Bhreisleáin (RNAG)

ÁNC:  Tá cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach Ghlaschú tréimhse fionraíochta a chur ar thiománaí tacsaí sa chathair a d’ordaigh do bheirt as Gaeltacht Dhún na nGall gan a bheith ag labhairt Gaeilge ina thacsaí i mí na Nollag seo chuaigh thart. D’ordaigh an tiománaí tacsaí do na deartháireacha as Gaoth Dobhair Béarla a labhairt nuair a bhí siad sa Bhreatain agus más mian leo Gaeilge a labhairt go mbeadh orthu imeacht amach ón tacsaí. Tharla seo Dé Luain an seisiú lá déag den Nollaig. Anois tá Áine Ní Bhreisleáin ó Nuacht RTÉ. Bhí sí ag fiosrú an scéil is tá sí liom ar líne teileafóin. Dia dhuit a Áine.

ÁNB:  Dia is Muire dhuit, a Áine.

ÁNC:  Anois tharla seo ar an seisiú lá déag de Nollaig agus bhí na gasúraí ag caint Gaeilge agus ní raibh an tiománaí tacsaí de réir chosúlachta sásta. Ab é sin, ab é sin cúlra an scéil?

ÁNB:  Sé, sin cúlra an scéil. Tharlaigh an t-eachtra seo thart ar a dó a chlog ar maidin i gceantar na Shawlands, ceantar mór Éireannach i nGlaschú. Bhí na gasúraí, col ceathair leo Kathleen Mc Aleer agus cara léise istigh sa tacsaí. Bhí siad ag gabháil chun an bhaile i ndiaidh a bheith amuigh i nGlaschú. Maíonn siadsan gur labhair siad Gaeilge eatarthu sa tacsaí agus gur iarr fear an tacsaí de chuid Hampden Cabs orthu (1:00) stad de labhairt i nGaeilge agus gur dhúirt sé leo gur Béarla a labhraítear sa Bhreatain agus gur sin an áit a raibh siad. Nuair a dhiúltaigh siad sin a dhéanamh dúradh gur caitheadh amach iad ar thaobh an bhealaigh i lár na hoíche agus ansin rinneadh gearán leis an chomhairle tacsaí agus comhairle na cathrach i nGlaschú ar an hochtú lá déag den Nollaig agus d’fhiosraigh siadsan an ghearán ar bhonn gur líomhain a bhí ann a fuair siad faoi Acht Ciníoch i dTacsaí.

ÁNC:  So dúradh gur ciníochas a bhí i gceist?

ÁNB:  Sin an rud a bhí maíte sa líomhain a cuireadh isteach agus is ar an bhonn sin a rinne an, an chomhairle cathrach agus an coiste ceadúnais tacsaí fiosrúchán faoi.

ÁNC:  Sé ach ní sin an chúis ar cuireadh an ceadúnas ar fionraí ar feadh míosa ab é a Áine?

ÁNB:  Ní hé. Bhí an cás seo á éisteacht inné mar chuid de choiste ceadúnais na dtacsaí i gcomhairle cathrach Ghlaschú agus an cinneadh a rinne siad ná gur baineadh ceadúnas den tiománaí Alan Mc Kinnon ar feadh míosa ar an bhonn nár chomhlíon sé an turas tacsaí mar is gceart, gur chuir sé deireadh leis an turas tacsaí gan chúis mhaith agus nár iompair sé é féin ar bhealach a bhí béasach agus múinte agus rinne siad rialú eile (2:00) go gcaithfidh seisean anois freastal ar chúrsa faoin dóigh cheart le caitheamh le paisinéirí nó le custaiméirí agus níor dearnadh rialú faoi aon rud ciníoch níor, níor luaíodh eachtra ciníoch ar chor ar bith sa chinneadh a rinneadh.

ÁNC:  Sé, bhí tú lorg ráiteas in ó chomhairle cathrach Ghlaschú faoin eachtra seo, an bhfuair tú ráiteas ar bith Áine ná an dtáinig siad ar ais chugat?

ÁNB:  Fuair, fuair mé ráiteas iontach cuimsitheach. Chuir siad ráiteas chugam maidir leis an chinneadh a tháinig siad air inné agus fosta leis an ráiteas sin bhí cur síos agus scríbhinní den fhianaise ar fad a fuair siad ó na taobhanna ar fad sa chás seo agus ráiteas ón tiománaí é féin agus ráiteas ag rá go bhfuil naoi mbliana déag de thaithí aige go raibh sé ag obair le Hampden Cabs ar feadh trí bliana déag agus nár dearnadh gearán ar bith ina éadan go dtí seo. Ráiteas ansin ó Chaitlín Mc Aleer agus óna col ceathaireacha Joseph agus Anthony de Blárach agus iadsan ag déanamh cur síos mion ar an rud a tharlaigh ar an oíche.

ÁNC:  Sé bhal tá sé ag fáil fionraí anois ar feadh míosa beidh sé beidh air a phost ar a laghad níl a phost caillte go hiomlán aige agus beidh air an cúrsa seo a dhéanamh agus beidh sé ar ais i mbun oibre ansin is dóiche. (3:02)

ÁNB:  Sin é, bhí sé ráite mar chuid den fhianaise ag Caitlín Mc Aleer agus ag na deartháireacha de Blárach nár mhaith leo go gcaillfeadh an tiománaí a job. Bhí siad ar ag iarraidh go mbeadh smacht de chineál inteacht curtha air agus go n-aithneóchadh sé nach raibh sé ceart a bheith ag rá le daoine nach dtiocfadh leo a dteanga féin a labhairt agus ina chuid fianaise féin dúradh go nglacann an tiománaí Mc Kinnon leis go ndeachaigh sé thar fóir ar an oíche agus nár chóir dó rá leo gan a bheith ag caint i nGaeilge ach gur dhúirt siadsan seisean gur shíl sé gur ag caint faoi i nGaeilge a bhí siad agus go dtearn sin iontach míchompordach agus gur thosaigh sé a smaointiú b’fhéidir go raibh siad chun é a ionsaí agus go raibh siad a phleanáil sin i nGaeilge. Ach dúradh fosta i bhfianaise fear an tacsaí dúirt sé go raibh an grúpa ceoil ag ceol sa tacsaí "There’s only one Glasgow Celtic" agus gur chuir sin isteach air agus gur iarr sé orthu stopadh ach gur dhúirt duine sa tacsaí leis "ó caithfidh gur hun tusa" agus d’fhreagair seisean "Is hun mé agus mar sin stopaigí".

ÁNC:  Sé.

ÁNB:  Ach dúradh nár dúradh an focal hun a d'fhéadfadh bheith ciníoch nó seicteach ar bhealach a bhí bagarthach.

ÁNC:  Sé, iontach suimiúil. Maith go leor a Áine go raibh míle maith againn.

ÁNB:  Go raibh maith agat féin.

ÁNC:  Ádh mór. Sin Áine Ní Bhreisleáin ansin.

                                

Clilstore Tastáil do thuiscint ar an phíosa

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8296