This is a Clilstore unit. You can .
Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Éamonn Mac Giolla Bhríde (Ceantálaí)
Áine: Tá Eamonn Mac Giolla Bhríde liom anseo ar an chlár agus achan am mbím ag caint leat Eamonn le bhal le cúpla bliain anuas bhí muid ag caint fá luath na tithe na dtithe a bheith ag titim anois tá cumann na suibhéirí cairte na chartered surveyors a rá go bhfuil ardú ar luach tithe, an bhfuil sé amhlaidh sa taobh seo?
Éamonn: Tá an ceart agat, Áine, tá muid, tá sé bliana cainte déanta againn caint ar, ar luach tithe ag titim bliain i ndiaidh bliana céatadáin éagsúla so creidim gur seo an chéad bhliain a bhfaca muid athrú mar is ceart nó athrú suntasach san méadú in luach tithe. Deir an suirbhé seo tá suas le dhá mhíle ceantálaithe istigh faoi an SCCI ciallaíonn sin Chartered Surveyors tá ceantálaí agus suirbhéithigh istigh sa, sa, sa ghrúpa sin agus creidim gur seo an méadú is mó a chonaic muid le sé bliana i mBaile Átha Cliath.
Áine: Cá huair a thosaigh sé ab é ab é tús na bliana a thosaigh seo nó?
Éamonn: Tús na bliana anuraidh?
Áine: Sé na bliana, bliana seo an bhfuil a fhios agat a thosaigh an t-ardú?
Éamonn: No, no, seo. seo, seo anuraidh, seo iad ag déanamh suirbhé ar an bhliain a chuaigh thart (1:00)
Áine: Thart
Éamonn: Thart so dhá mhíle is a trí déag. Bhí a fhios agam go raibh seo ag tarlú ach bhí sé cineál de bheadh ardú beag ann agus ardú mór agus b’fhéidir titim istigh in bhliana ach go ginearálta sé an meánardú a bhí i mBaile Átha Cliath ná cúig déag faoin gcéad agus sin ardú iontach ach caithfidh muid a smaointiú gur sin ardú má má bhí titim de caoga agus caoga cúig faoin gcéad in áiteacha ar luach tithe ní ardú mór atá ann, má má bhí teach agat ab, ab fhiú céad míle agus má, má thit sé caoga faoin gcéad ciallaíonn sé sin go bhfuil sé b’fhéidir anois thuas ag caoga is a seacht go leith fán gcéad so méadú atá ann, caithfidh tú sin a ghlacadh isteach. Fríd an tír uilig tá siad a rá gur thart faoi sé, seacht faoin gcéad agus an suirbhé a rinne siad ar, tá muidinne istigh le cuidiú chun, tá mise mar bhall den eagras seo mé féin agus nuair a bíonn muid ag déanamh na suirbhéithe ar an idirlíon tá Connacht agus Ulaibh istigh le chéile sothiocfadh leat a rá, tá siad a rá go bhfuil go bhfuil méadú de ar, taobh amuigh de, de Bhaile Átha Cliath ar, ar cúig de cúig phointe a seacht faoin gcéad agus i nDún na nGall tá siad a rá gur thart faoi trí faoin gcéad. (2:03)
Áine: So méadú de trí faoin gcéad atá sa chontae seo?
Éamonn: Sa chontae seo. So nuair a luaíonn nuair a luaíonn siadsan meánluach i gCúige Uladh agus Connacht ar, mar shampla deireann siad seomra teach trí sheomra céad agus a cúig déag míle tá luacha Dhún na nGall síos go maith uaidh sin tá siad faoin chéad go fóill, an mhórchuid acu nuair a ghlacaimis na bailte móra agus faoin tuath an áit a bhfuil farasbarr tithe go fóill níl an méadú ceart ann so cineál de meánluach atá ghlactha ansin.
Áine: Sé, is í, an bhfuil sé mar an gcéanna anseo san iarthuaiscirt?
Éamonn: Bhal, tá muidinne ag bogadh anois, tá pócaí beaga atá ag teacht chucu féin agus áiteacha eile ann, áit a bhfuil barraíocht tithe tá siad, tá siad ma níos moille so bhí a fhios againn go raibh seo ag gabháil a tharlú go raibh Baile Átha Cliath ag tús ag gabháil a ghlacadh tús áite agus go ardú mór ag gabháil ansin agus mar a déarfá tá an taoide anois ag tiompú, níl dabht ar bith fá dtaobh dó agus stad luach tithe a thitim.
Áine: Sé agus cad é fá morgáistí? An bhfuil daoine ag fáil morgáistí an t anois nó bé fadhb atá ann morgáistí a fháil ó na bancanna go fóill? (3:01)
Éamonn: Bhal tá, tá sé, tá athrú tagtha ansin, níl dabht ar bith fá sin agus chí, chíonn muid níos mó daoine a bhíonn ag cuartú tithe go bhfuil siad ábalta morgáiste a fháil so tá siad mar a déarfá, ní, níl siad chomh daingean ó thaobh an criteria a bhí leagtha síos acu na bancanna agus creidim go bhfuil airgead á thabhairt isteach acu. Tá a fhios agam nuair a bíonn ísliú eacnamaíochta i dtír ar bith go dtosaíonn daoine a shábháil airgead in áit a bheith á chaitheamh agus mar sin de tá níos mó airgead ag na bancanna anois anois le tabhairt amach agus mar atá a fhios againn tá siad ábalta a chur ar an mhargadh agus airgead a fháil saor, níos saoire ná mar a bhí siocair go bhfuil economaíocht na tíre ag athrú.
Áine: Sé, mar cheantálaí tú féin an bhfuil tú níos dóchasaí anois don bhliain atá amach romhainn go mbeidh tithe ag bogadh go mbeidh tithe á ndíol agus go mbeidh daoine ar lorg níos mó tithe?
Éamonn: Bhal níl dabht ar bith, tá níos, i bhfad níos mó fiosrúchán agamsa mar cheantálaí le trí mhí roimh an Nollaig agus tá níos mó daoine ag ceannacht agus tá an rud céanna ag tarlú i gCloich Cheannfhaola agus sna Rosann agus creidim nuair a bhí tá sé níos fusa anois rud eile atá ag tioma… a ag, ag, ag cur brú ar an mhargadh ná ag cur ag cur chun tosaigh ná go bhfuil cíos i bhfad ró-ard (4:00) agus go bhfuil sé níos fusa ag daoine teach a cheannach anois ná bheith ag díol cíos go speisialta i mBaile Átha Cliath. Má ghlacann muid go bhfuil an cíos ansin thart fá míle dhá chéad nócha le teach a chur ar cíos agus anseo deireann siad sé chéad ach tá sé thart fá céad a ceathair agus ceithre chéad sa cheantar seo so an rud is mó agus is suntasaí dúinn féin sílim ná agus bhí seo fíor i gcónaí iarthuaisceart agus i nDún na nGall agus an taobh seo tíre ná luach an Sterling. Tá an punt Sterling anois, d’éirigh sé iontach láidir le cúpla seachtain ó bhí tús na bliana ann agus is fiú Euro agus fiche haon go leith cent an punt Sterling ar maidin inniu so ciallaíonn sin go bhfuil go bhfuil muintir an Tuaisceart agus Sasain agus Albain, go bhfuil níos mó cumhacht ceannaithe acu.
Áine: Sé, iontach maith maith go leor Éamonn, Éamonn Mac Giolla Bhríde ansin an ceantálaí.
Roinnt foirmeacha nach mbeidh le fáil san fhoclóir:
suirbhéithigh - suirbhéirí
Ulaibh - Ultaibh/Ulaidh
tiompú - tiontú/iompú
Short url: https://clilstore.eu/cs/8294