Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Tábhacht an tsuirbhé tí

Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG);Éamonn Mac Giolla Bhríde (Ceantalaí)

Áine:  Tá suirbhé déanta ag Cumann Suirbhéirí na hÉireann a léiríonn go bhfuil suas le seasca fán gcéad de dhaoine a cheannaíonn tithe nach bhfaigheann cigireacht ar bith déanta orthu. Anois má cheannaíonn tú teach ar ndóigh, ba mhaith leat go mbeadh an teach maith agus go mbeadh achan rud i gceart. Ach go minic ní bhíonn achan uile rud i gceart agus deirtear sa suirbhé seo fosta go mbíonn costas de b’fhéidir fiche faoin gcéad ar dhaoine mar  bíonn orthu tithe a chóiriú i ndiaidh iad a cheannacht mar go mbíonn go leor leor rudaí lochtach. Agus deir siad fosta nár cheart teach a cheannacht gan suirbhéireacht mar is ceart a bheith déanta ar an teach. Anois shílfeá go mbeadh sin déanta ach de réir chosúlachta tá go leor leor daoine nach bhfaigheann an suirbhé seo déanta ar chor ar bith. Labhair mé níba luaithe leis an cheantálaí Éamonn Mac Giolla Bhríde agus rinne sé cur síos dom ar an suirbhé.

Éamonn:  Seo suirbhé a rinne CSI, Chartered Surveyors of Ireland sin an grúpa suirbhé in Éirinn. Rinne siad suirbhé le fáil amach cá mhéad duine a faigheann suirbhé ar a gcuid tithe nuair a cheannaíonn siad é. Cé go ndeir (1:00) nócha sé faoin gcéad de de dhaoine de cheannaitheoir gur, go bhfuil siad a ghabháil a dhéanamh suirbhé nuair a thig na figiúirí amach, níl suirbhé déanta ach suas le seasca fán gcéad de na tithe. So sin difear mór.

Áine: Ach nach gcaithfidh tú b’fhéidir a’ scrúdú a bheith déanta ar do theach, Éamonn, sula ndíolann tú é, nach bhfuil sin de réir an dlí nó an bhfuil a fhios agat de réir an chonradh atá agat leis an cheannaitheoir nó leis an díoltóir.

Éamonn: Bhuel, shílfeá gur rud is siosmaideach choíche é a bheadh ann má tá tú a ghabháil a cheannacht díon os do cheann go bhfaighfeá suirbhé déanta air. Faoi láthair  níl sé mar a déarfá níl sé dleath..., dlisteanach é a dhéanamh ach molann dlíodóirí do cheannaitheoirí é a fháil déanta. Deir siadsan leo molann duit é a dhéanamh go minic, má thiompann an ceannaitheoir thart agus má dheireann siad níl mé a ghabháil a fháil déanta tá anois na dlíodóirí, as siocair go raibh cás cúirte á dtabhairt ina n-éadan mar go raibh cuid mhór rudaí contráil le na tithe nuair a cheannaigh ceannaitheoirí iad, tá na dlíodóirí ag rá, tá mé ag moladh duit suirbhé a fháil déanta,(2:00) muna bhfuil tú, má tá tú ag rá liom nach bhfuil tú a ghabháil é a dhéanamh caithfidh tú cáipéis a shíniú dom á rá go dtug mé an moladh duit. Ach, bheinnse ag moladh go millteanach do dhaoine suirbhé a fháil déanta even nuair a thigeann siad isteach chugam féin agus iad ag amharc ar thithe deirim i gcónaí leofa, faigh suirbhé déanta agus bí cinnte mar ní bheadh a fhios agat cad é a bheadh i bhfolach fá na tithe nó cad é na deacrachtaí atá leis an teach.

Áine: Sé. Agus an bhfuil sé costasach, Éamonn, é a fháil déanta?

Éamonn:  Tá, is é an luach faoi láthair gnáthluach nó an meánluach nó, ceithre chéad caoga euro agus tá tá tá an VAT díolta istigh san fhigiúr sin. Anois, cad é a tharlaíonn sa suirbhé? Amuigh faoin tuaith tá sé rud beag difriúil ó na bailte móra. Amuigh anseo faoin tuaith de ghnáth caithfidh tú léarscáil a fháil den talamh agus ceadúnas pleanála a fheiceáilt bíonn an surveyor ag iarraidh sin a fheiceáil agus téann siad ar aghaidh ansin agus bheirim sochar daofa fá choinne an scrúdú a dhéanamh ar an teach. Dhéanann siad scrúdú go bhfeicfeadh siad an bhfuil mar shampla an, an dabhach séarachais taobh istigh (3:00) de na teorainn an tí, gur sin tá sin iontach coigilteach má tá sé taobh amuigh thiocfadh le deacrachtaí a bheith leis. Agus cad é mar le tamall fosta siocair anois go bhfuil  léarscáil digiteach againn táthar ag fáil amach go bhfuil cuid mhór deacrachtaí leo nuair a chuireann siad i gcomparáid leis na seanléarscáil iad, thiocfadh le difear a bheith sna teorainn so tá sin iontach tábhachtach. Le, lena chois sin, ina dhiaidh sin creidim má théann má théann surveyors isteach in teach bíonn siad ag cuar an chéad rud a bíonn siad a chuartú, an bhfeicfeadh siad cad é an bhfuil tais ar bith sa teach. An bhfuil tais ar bith bun na n-urláir, thart faoi bun na mballaí nó faoi na fuinneoga? Sin an áit is mó a bhfeicfidh tú iad. Ansin dhéanann siad scrúdú ar an díon, an bhfeicfeadh siad an bhfuil an bhfuil an t-adhmad lofa nach bhfuil léaman ná a dhath mar sin ann, an bhfuil deacrachtaí leis an díon an bhfuil uisce ar bith teacht isteach áit ar bith fríd an díon. Agus creidim de réir na rialacha fosta tógála a tháinig amach in in naoi gcéad déag nócha dó insa an Roinn Comhshaoil an bhfuil na fuinneoga ag comhlíonadh sábháltas agus a mhacasamhail sin an bhfuil na foscailtí cearta in fuinneoga (4:00) faoi choinne má tá tú, má, má tá teach dhá urlár ann agus b’fhéidir daoine ina gcodladh thuas ar an chéad urlár, an bhfuil siad ábalta éalú go gasta.

Áine:  Sé, so go bhfuil bealach éalaithe ann, ab ea?

Éamonn:  Sé.

Áine:  Sé agus cad é na rudaí is mó a bíonn contráilte an bhfuil a fhios agat nuair a cheannann daoine tithe, an bhfuil a fhios cad é faoi dúshraith an tí? An bhfuil?

Éamonn:  Tá sin iontach tábhachtach, sin iontach, sin a chreidim sin ó thaobh bhí mé ag caint ar tais. Ach dúshraith an tí ó thaobh na rialacha tógála anois sa, sa Roinn Comhshaoil caithfidh seo tháinig seo amach in naoi gcéad déag nócha a dó, caithfidh an dúshraith a bheith méadar ar doimhne agus méadar ar leithne agus iarann istigh ann faoi choinne an dúshraith a dhéanamh breá seasmhach agus an teach na brící a chur ar ina mhullach iad a bheith seasmhach i rith is, a fad is a mhairfeas an teach, agus go dtí seo ní raibh sé de iachall ar dhaoine b’fhéidir dá mbeiféa do thógáil do theach féin agus mur mura raibh morgáiste i gceist ní raibh sé de iachall ort ailtire a fháil le scrúdú a dhéanamh air sin so tá an dúshraith iontach tábhachtach. Sin ceann de na rudaí is tábhachtaí atá ann.

Áine:  Ach nuair atá an teach tógtha (5:00) agus b’fhéidir cónaí déanta ann tá sé iontach doiligh nach bhfuil, le fáil amach cad é an sórt dúshraith atá sa teach muna bhfuil

Éamonn:  Tá sin fíor, chonaic mé féin sin ag tarlú thart faoi nuair a tháinig na na rialacha seo amach go raibh ailtirí ag teacht amach agus ag iarraidh ar na daoine ar leo na tithe píosa talamh a ghlanadh ar shiúl an dúshraith go bhfeicfeadh siad an raibh sé déanta mar is gceart, go raibh na miosúir cheart ann agus go minic ní raibh. Agus chonaic mé daoine ag tógáil tithe agus bhí mé ag moladh daofa gur chóir daofa, daofa ailtire a fháil agus déanamh cinnte gur go raibh sé déanta mar is gceart ach go minic níor tharla sin. Thig le duine moladh a thabhairt do dhuine, ach muna ghlacann siad do chomhairle, cad é a thig leat a dhéanamh? So tá sin iontach iontach tábhachtach agus bheinn go minic tarlaíonn sé nuair a cheannaíonn daoine tithe creidim an dúshraith an rud is mó. Lena chois sin, thiocfadh leat teastas a bheith ag duine go bhfuil an teach tógtha agus ag comhlíonadh na rialacha tógála agus an ceadúnas pleanála ach thiocfadh le b’fhéidir forbairt eile a bheith déanta ina dhiaidh sin nach raibh ceadúnas pleanála ar bith aige agus thiocfadh leat a bheith ag ceannacht teach agus b’fhéidir píosa leis (6:00) nach raibh ceadúnas pleanála aige agus mar sin de dá mbeadh suirbhé déanta thiocfadh leat fáil amach ansin you know go go raibh costas i gceist leis le ceadúnas a fháil ar an píosa a cuireadh leis an teach.

Áine:  Sé, cad é fá plumbáil agus na rudaí sin uilig go léir, an bhfuil a fhios agat?

Éamonn:  Sin cinnte, plumbáil iontach tábhachtach

Áine:  Píopaí agus...

Éamonn:  Píopaí agus creidim agus an bhfuil, an bhfuil an píopaí ceart déanta. Tá a fhios agam gur aroimhe seo go raibh cuid mhór iarainn á úsáid in faoi tithe agus chonaic muid féin gur gur gur phléasc na píopaí seo déanta as saghas speisialta iarainn a bhí ann rud a dtabhrann siad gun barrel a bhí ann sin an cineál píopaí a bhí ag gabháil roimhe seo sula dtáinig an copper isteach tá an copper á úsáid anois agus tá, tá plaistic, ábhar plaisteach á úsáid anois sílim gur Acorn a mbeireann siad air i mBéarla á úsáid. So tá sé i bhfad níos, tá an córas i bhfad níos fearr, ach sin ráite go minic braitheann sé cé atá, an bhfuil na an bhfuil na bosca leictreachas atá ar an bhalla an bhfuil na rudaí seo a dtabhrann siad na PCBs uilig ann, sa dóigh go, má tharlann a dhath nach n-imíonn an tine áit ar bith nó má tá leictreachas ag éalú go go go bhfuil córas sábháltas i gceist.

Áine:  Sé, mar sin is fiú go mór mar a déarfá (7:00) an scrúdú seo a fháil déanta ar an teach?

Éamonn:  Is fiú mór é a fháil déanta, bheinnse ag moladh d’achan duine é a fháil déanta agus anois nuair atá tá mar a déarfá tá na ceannaitheoir agus tithe ag díol arís seo seo rud iontach tábhachtach.

Áine:  Sé agus cén áit a bhfuil ab é, an dtig leat a ghabháil ag ailtire ar bith, Éamonn nó an bhfuil a fhios agat an bhfuil daoine?

Éamonn:  Tá tá, CSI Chartered Surveyors of Ireland.

Áine:  Sé, agus cad é fá thart anseo san Iarthuaiscirt an bhfuil margadh na dtithe ag feabhsú?

Éamonn:  Tá sé ag feabhsú cé nach bhfuil na luachanna go fóill má má thit siad caoga fán gcéad agus má tá siad suas cúig fán gcéad cuir i gcás go raibh teach céad míle agus go dtáinig sé anuas go dtí caoga so má chuaigh sé suas arís cúig ná sé fán gcéad níl ansin ach cúpla an bhfuil a fhios agat a dó nó a trí mhílte so beidh sé tamall sula mbeidh an tá farasbarr go fóill ansin ó thaobh tithe faoin tuath, so ghlacfaidh sé bliain nó dhó ar a laghad sula dtiocfaidh muid ar ais go dtí an áit a raibh go dtí go mbeidh an luach seasmhach agus go bhfeicfidh tú fiú méadú siosmaideach ar bith ann.

Áine:  Sé, agus cé atá ag ceannacht tithe san am atá i láthair, Éamonn?

Éamonn:  Bhuel, an gcreidfeá seo go bhfuil daoine a chuaigh ar imirce as an cheantar is tá cuid acu ag ceannacht tithe sa bhaile anois mar chíonn siad go bhfuil, go bhfuil margadh iontach maith le fáil agus go bhfuil sé níos fusa acu (8:00) teach a cheannacht ná ceann a thógáil mar cuid cuid mhór costaisí ag baint le tógáil tithe anois, tá tú ag caint ar suíomh a cheannacht, tá tú ag caint ar cead pleanála, tá tú ag caint ar an chostas forbartha atá ag le díol leis an chomhairle chontae agus tá an ceann úr a tháinig amach le tamall sílim go bhfuil sé dlisteanach anois go, go ag an Roinn Comhshaoil go gcaithfidh tú ghabháil agus ailtire a fháil agus tá VAT i gceist Cáin Breisluacha agus achan rud agus tá sé ag cur costas suas le déarfainn deich go dtí fiche fán gcéad ar luach tithe a tógáil.

Áine:  So tá sé níos costasaí teach a thógáil ón bhun mar a déarfá ná teach a cheannacht san am atá i láthair?

Éamonn:  Tá agus cuid mhór obair leis. Ghlacann sé bliain go leith nó níos mó, sin má fhaigheann tú an cead pleanála taobh istigh de chúpla mí ach cluinim go bhfuil an ceadúnas pleanála i bhfad níos fusa a fháil anois creidim siocair go bhfuil an an a laghad de dhaoine ag cur isteach iarratais.

Áine:  Sé agus an bhfuil tú dóchasach go bhfuil a fhios agat go mbeidh níos mó tithe á gceannacht sna bliantaí ná sna míonnaí fiú atá amach romhainn?

Éamonn:  Tá mé dóchasach. Tá mé dóchasach agus creidim gur rud a ghabháil a tharla agus tarlann sé go minic gheobh, (9:00) gheobhaidh muid rása anois creidim taobh istigh de bhliain. Tá cuid mhór tithe díolta agamsa ó bhí tús na blianta ann, rud nach, níos mó ná b’fhéidir a dhíol mé bliain ar bith le seacht mbliana ó, ó thit an, nó ó tháinig an ísliú sa economaíocht. So déarfainn gur rud a tharlóchas go go mbeidh easnamh ann arís taobh istigh de dhá bhliain agus b’fhéidir go ach creidim

Áine:  Mar sin, ó thús na bliana seo tá bliain níos fearr agatsa ó thaobh díol tithe dó,

Éamonn: 

Áine:  ná a bhí agat le bliantaí roimhe sin.

Éamonn:  ó bhí dhá mhíle is a hocht ann.

Áine:  So tá...

Éamonn:  So sin athrú mór agus tá mé ag caint le ceantálaithe eile sna na paróistí atá ag bualadh isteach liom féin anseo i nGaoth Dobhair tá siadsan ag rá an rud céanna go bhfuil cuid mhór fiosrúcháin agus cuid mhór daoine ag amharc ar thithe agus cé go raibh cuid mhór daoine ag cur tithe ar cíos go dtí seo tá siad ag amharc anois ar cheannacht, ceann a cheannacht mar go bhfuil go bhfuil an cíos cineál is airgead amú atá ann.

 

Foirmeacha nach mbeidh teacht orthu san fhoclóir:

thiompann - iompaíonn

contráil - contráilte

thigeann - thagann

plumbáil - pluiméireacht 

economaíocht - eacnamaíocht

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8288