Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Conspóid i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Cainteoirí: Michelle Nic Grianna (RnaG); Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig (Comhairleoir Contae)

Michelle:  Tá imní ar an chomhairleoir contae, Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig faoi thuairiscí go bhfuil sé beartaithe ag bainistíocht Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha príobháidiú a dhéanamh ar an tseirbhís bus atá á reáchtáil acu agus tá sé liom anois ar maidin. Fáilte romhat ar an chlár, a Mhicheál.

Micheál:  Maidin mhaith duit, a Mhichelle.

Michelle:  A Mhicheál, bhí caint air seo sna meáin roimhe. Cad é an scéal is deireanaí atá agat féin maidir leis seo?

Micheál:  Bhal an tuige go bhfuil a fhios agam ná bhí mé istigh ansin ag Gleann Bheatha an lá eile is bhí mé ag labh.. bhí mé ag caint le graidhin de na oibreannaí agus bhí siad ag insint dom go bhfuil bainisteoir ansin anois cad é mar a déarfá ag cur amach tá a fhios agat idir, idir chuaigh sé isteach go Gleann Bheatha ar tús go dtí an centre ansin go dtí síos go dtí an caisleán faigheann tú bus so an rud a bhí siad ag insint ná nach bhfuil siad ag iarraidh sin a privatasáil.

Michelle: Ok

MicheálSo rud, bheinnse in éadan sin mar tá daoine tig siad isteach ansin achan tséasúr téann isteach ag obair tiománóirí agus creidim go bhfuil aithne ag mhórchuid againn orthu, tá siad ansin le blianta so tá an Gleann Bheatha bainisteoir ag iarraidh sin a chur amach fá choinne tender mar dúirt mé agus mar sin an dóigh atá ag gabháil a bheith tá comhlacht bus a gabháil a theacht isteach agus caithfidh siad na buses agus na oibreannaí bheith leofa, sin an tuigbheáil atá agam dó agus bheinn in éadan sin mar sílim féin an fear a d'fhág an caisleán ag an Státa againne McElhinney, chan sin an smaointiú a bhí aigesean comhlachtaí airgead a dhéanamh amach as, bheadh sé againn le sult a bhaint amach as so bheinnse in éadan sin anois so.

Michelle:  Agus, a Mhicheál an an síleann tú gur seo b’fhéidir tús ó thaobh rudaí a phríobháidiú go dtoiseochaidh b’fhéidir rudaí eile in in nGleann Bheatha á gcur isteach in lámha daoine príobháideacha?

Micheál:  Bhal si sin an dóigh atá sé len, len rialtas atá ansin go bhfuil siad ag díol go bhfuil siad ag cur achan rud amach fá choinne tender cosúil le t-uisce rud atá mé ag troid le mise is cuid mhór eile ag troid le blianta fada, tá siad ag iarraidh sin a privatasáil. Tchíonn muid anois le bhí sé san Irish Times ansin ar na mallaibh fá dtaobh den feamnach ar chósta s’againn go bhfuil siad ag iarraidh sin a dhíol fosta so, sin rud atá an rialtas ag iarraidh a dhéanamh achan rud a dhíol fá choinne comhlachtaí státchomhlachtaí móra airgead a dhéanamh amach as seo agus ní fheicim ar chor ar bith cad tuige a ndéanfadh go ndíolfadh siad cuid mar a an route síos go dtí an caisleán cad é an chéad rud eile a bhfuil siad ag dul a dhíol, an caisleán é féin? So bímse ag cur ceist anseo an bhfuil seo ag teacht ón Roinn or an bhfuil an bhfuil seo ag teacht ó Ghleann Bheatha iad féin agus bheadh sé deas liomsa cluinstin cad chuige cad chuige uatha féin cad chuige a bhfuil siad á déanamh sin.                        

Michelle:  Mar sin an bhfuil sé beartaithe agatsa an t-ábhar a thógáil leis an Aire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta?

Micheál:  Ó tá tá tá mé a scríobh amach inniu chucu, tá a fhios agam go bhfuil Tomas Pringle Teachta Dála go bhfuil sé ag cur ceist sa Dáil fá dtaobh dó agus seo rud a mbímse, a bheinnse tá a fhios ag achan duine mar Sóisialach, Socialist atá ionam bheadh an bhfuil muid in éadan privitisation de any shape or form.

Michelle:  Mar sin beidh tú ag tógáil na ceiste amach anseo agus beidh tú coinneáil súil ghéar air sin, a Mhicheáil?

Micheál:  Beidh, sin rud a chaithfidh mé a dhéanamh, amharc i ndiaidh cad é is fearr fá choinne an eastát in Gleann Bheatha féin agus na oibreannaí agus níl seo maith fá choinne na hoibreannaí i nGleann Bheatha.

Michelle:  Ceart go leor, a Mhicheál, tá a fhios agam go bhfuil brú ort ar maidin mar sin.

Micheál:  Tá.

Michelle: Fágfaidh muid ansin é is go raibh míle maith agat as bheith linn ar an chlár.

Micheál:  Go raibh míle maith agat féin.

Michelle:  Sin agaibh an comhairleoir contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig ag caint linn ansin fá na tuairiscí agus an scéal is deireanaí atá cloiste aigesean, go bhfuil an bhainistíocht i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ag iarraidh príobháidiú ar an tseirbhís bus. Chuala muid roimhe sna meáin go raibh caint air seo agus is cosúil go bhfuil an chaint sin go fóill ar siúl.

Foirmeacha nach mbeidh teacht orthu sna foclóirí:

oibreannaí - oibrithe

privatasáil - príobháidiú

Tiománaithe- Fuaimniú

leofa - leo

Státa - Stát

toiseochaidh - tosóidh

len - leis an

feamnach - feamainn

tiománóirí - tiománaithe

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8255