This is a Clilstore unit. You can .
Cainteoirí: Áine Ní Chuirreáin (RnaG); Caoimhe Bhreathnach, Róisín Nic Aoidh, Cliodhna Ní Ghallchóir(daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair); Noel Ó Gallchóir (Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair)
Áine: Tá triúr istigh anseo i mo chuideachta agus an príomhoide, Noel Ó Gallchóir, mar go bhfuil an tríú rang, an tríú bliain i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ag déanamh tionscnaimh don Teastas Shóisearach san ábhar Oideachais Sóisialta, Sibhialta agus Polaitíochta, nó CSPE mar a thugann siad air, agus tá sé bunaithe ar bhailiú airgead do charthanachtaí éagsúla. Anois, Caoimhe Breathnach, cá bhfuil tusa, a Chaoimhe?
Caoimhe: Anseo.
Áine: Sin Caoimhe, an bhean a bhfuil an ghruaig ghalánta rua uirthi, as Carraig an tSeascainn.
Caoimhe: Sé.
Áine: Sé, agus ansin tá Róisín Nic Aoidh as Machaire Rabhartaigh. Sin Róisín, ab é?
Róisín: Sé.
Áine: Agus ansin tá Cliodhna Ní Ghallchóir as Mín an Chladaigh, sin an triúr atá liom anseo. Agus tá sibh i mbun an tionscnaimh seo. Tá an príomhoide, Noel Ó Gallchóir, libh fosta. A Noel, tá siad ag obair go crua anseo, an bhfuil?
Noel: Bhal, tá sé toisithe, seo seasca fán gcéad den Teastas Sóisearach san ábhar seo, go ndéanfaidh siad tionscnamh agus seo, tá scór in achan rang agus seo an tionscnamh a phioc siad féin agus tá siad i mbun bailiúchán airgid cheana féin.
Áine: Maith sibh féin. Bhal, Chaoimhe, tosóidh mé leatsa, bean as Carraig an tSeascainn. Tá tusa in rang Dhiarmuid, ab é, is Diarmuid atá ar an rang, an rang a bhfuil tusa ann, ab é? (1:05)
Caoimhe: Sé.
Áine: Diarmuid. Diarmuid agus Gráinne, maram, ab é? Inis dom cad é an togra atá tusa ag obair air.
Caoimhe: Tá muid ag cruinniú airgead do Focus Ireland, sin daoine gan teach agus Donal Walsh - Live Life, sin gasúr a fuair bás de ailse, tá sé as Kerry, agus like tá an carthanacht sin fá choinne áiseanna do dhaoine, do dhéagóirí a bhfuil ailse orthu, agus in éadan féinmharú.
Áine: Sé, so sin, sin cás iontach iontach maith. Bhí Donal Walsh iontach iontach cróga nó labhair sé amach agus bhí sé iontach iontach láidir. So cad é atá tú ag gabháil a dhéanamh, cad é anois atá tusa ag gabháil a dhéanamh le airgead a bhailiú do na heagraíochtaí seo?
Caoimhe: Tá muid ag díol léintí, fá choinne dreapadóireacht urraithe a dhéanamh suas go dtí barr an Earagal, agus tá muid ag gabháil go dtí Siopa Mhicí maidin Dé hAoine, i rith an lae Dé hAoine, ón naoi a chlog go dtí an seacht a chlog tráthnóna, ag cruinniú airgead.
Áine: Sin Siopa Mhicí?
Caoimhe: Yeah.
Áine: Sé, agus ...
Caoimhe: Agus ... (2:01)
Áine: Cártaí urraíochta, ab é?
Caoimhe: Tá cártaí urraithe amuigh againn.
Áine: Sé, so tá sibhse, sin an dóigh a bhfuil tusa agus sibhse ag bailiú airgid. Cá mhéad atá in do ghrúpasa nó cá mhéad atá ann ar fad?
Caoimhe: Tá fiche againn sa rang.
Áine: Tá fiche agaibh! Iontach maith. Agus tá súil agaibh airgead mór a chruinniú, a bhfuil?
Caoimhe: Tá.
Áine: Tá sé doiligh, nach bhfuil, airgead a chruinniú na laethanta seo.
Caoimhe: Tá.
Áine: Iontach. Anois, Róisín as Machaire Rabhartaigh, inis dom cad é atá tusa ag cruinniú airgid fá choinne.
Róisín: Tá muidinne ag cruinniú airgead fá choinne Ospís Laura Lynn fá choinne daoine óga a bhfuil ailse orthu.
Áine: Sé. Agus cad é an dóigh a bhfuil tusa ag gabháil a dhéanamh seo, a bhfuil sibhse ag gabháil a dhéanamh seo?
Róisín: Tá muid ag eagrú tráth na gceist boird sa scoil fá choinne na scoláirí agus tá cártaí urraíochta amuigh againn fosta.
Áine: Sé. Dearn tú rud ar bith mar seo riamh cheana?
Róisín: Ní dhearn.
Áine: So bhfuil a fhios agat cad é an sórt atá amach romhat, cuid mhór oibre amach romhat, an bhfuil?
Róisín: Tá, tá léar obair le déanamh ...
Áine: Socruithe le déanamh, cártaí le déanamh amach agus a leithéidí sin.
Róisín: Yeah
Áine: Sé. Agus bhfuil fiche in do rangsa fosta?
Róisín: Tá fiche is a haon sa rang.
Áine: Fiche is a haon. Agus bhfuil siad ag tabhairt cuidiú duit?
Róisín: Tá. Tá léar grúpaí againn agus tá muid uilig déanamh rudaí difriúil. (3:00)
Áine: So tá a job féin, mar a déarfá, ag achan nduine, an bhfuil?
Róisín: Tá.
Áine: Agus ansin Cliodhna Ní Ghallchóir as Mín an Chladaigh. Chliodhna, inis dom cad é atá sibhse a dhéanamh.
Cliodhna: Tá muidinne ag cruinniú airgead do Cumann Cathaoir Rothaí na hÉireann in Ionad Naomh Pádraig i nDobhar, agus tá muid ag déanamh dreapadóireacht urraithe go barr na hEaragla fosta.
Áine: Agus tá cártaí amuigh agaibhse fosta, a bhfuil?
Cliodhna: Tá cártaí urraithe amuigh againn fosta, tá.
Áine: Sé. Iontach maith, bhal. Agus bhfuil, bhfuil sé an dóigh chéanna ansin? An bhfuil, mar a déarfá, grúpaí faoi leith insan ...
Cliodhna: Tá, tá grúpaí difriúil againn, like tá grúpaí amháin dúinn ag déanamh fógraíocht agus grúpaí eile i ndiaidh - ag amharc i ndiaidh an airgead agus grúpaí eile ag déanamh amach cártaí agus rudaí mar sin.
Áine: So is cineál do gnó atá ann, ab é, an bhfuil a fhios agat ... ag comhoibriú lena chéile.
Cliodhna: Sé.
Áine: Bhal, a Noel, tá mé cinnte go bhfuil tú iontach bródúil astu, bhfuil?
Noel: Bhal, sílim gur rud iontach maith atá ann, seasca fán gcéad den ábhar seo fá choinne an Teastas Sóisearach; tá sé bunaithe ar tionscnamh a chaithfidh siad a dhéanamh, agus sílim go bhfoghlaimíonn siad, tá meascán deas acu; tá a fhios agam féin go bhfuil sé deacair airgead a chruinniú sna laetha seo i ndiaidh na Nollag, tús bliana úire, géarchéim ann agus ansin an scannal uilig atá fá eagraíochtaí, (4:00) ach na heagraíochtaí atá pioctha acu, rudaí náisiúnta agus rudaí áitiúla, rudaí - eagraíochtaí iontach maithe atá iontu a bhfuil airgead a dhíobháil go crua orthu; mar shampla bhí aoichainteoir istigh, bhí beirt aoichainteoir istigh ag rang Donal inné ó Ionad Pádraig i nDobhar, Andy, Andy Campbell, bhí beirt acu istigh agus d'fhoghlaim siad cuid mhór fá agus an géarghá atá le airgead fá choinne Cumann Chathaoir Rothaí na hÉireann agus tchíthear domh gur rud iontach maith atá ann go mbeadh a fhios, go dtuigfeadh scoláirí, an bhfuil a fhios agat, go bhfuil ganntanas ansin ar dhaoine agus go bhfuil siad féin ábalta; agus caithfidh mé, tá siad ag fáil, rinne mise suirbhé beag sa rang an tseachtain seo a chuaigh thart anois agus tá ag éirí iontach iontach maith leo agus cuid acu ag déanamh iarracht mhór, agus iad ag fáil tacaíocht iontach mhaith cé go bhfuil sé deacair airgead a chruinniú.
Áine: Sé. A Chaoimhe, bhfuil na múinteoirí ag cuidiú libh fosta, an bhfuil a fhios agat, tá a fhios agat tá múinteoir faoi leith i bhfeighil achan rang, is dóiche. An bhfuil tacaíocht á fháil ó na múinteoirí?
Caoimhe: Tá, tá tacaíocht mór le fáil ó na múinteoirí. Tá cúpla múinteoir ag gabháil suas ar an Earagal linne.
Áine: Agus cá huair atá sibh ag gabháil a dhéanamh sin?
Caoimhe: I gceann coicíse ...(5:00)
Áine: Bhal tá súileas agam go mbeidh an aimsir níos fearr. Tá aimsir bhocht ann
Noel: Nuair a bheas biseach ar an aimsir ...
Áine: Bhal, i ndáiríre, dúshlán níos mó atá ann nuair atá an aimsir go holc. Raibh tú ar an Earagail am ar bith roimhe.
Caoimhe: No, ní raibh.
Áine: Ní raibh. Raibh duine ar bith agaibh ar an Earagail roimhe?
Caoimhe: Ní raibh.
Áine: Ní raibh. Bhal tá mise ag inse daoibh, ní an t-am is fearr den bhliain le bheith ag gabháil suas ar an Earagail. Ach na dúshláin seo ... Agus an dóigh chéanna in rang s'agaibhse, an bhfuil a job féin ag achan nduine, a ngnó féin ag achan nduine, mar a déarfá?
Caoimhe: Yeah, tá grúpaí difriúil ann fosta.
Áine: Sé. Bhfuil sibh ag baint sult as an bhliain seo?
Caoimhe: Tá.
Áine: Tá. Bhal caithfidh sibh sin a rá agus an múinteoir istigh
Noel: Bhí mé ag cur ceist orthu ar an bhealach isteach daofa an raibh siad ag gabháil ... cad é a bhí siad ag gabháil a dhéanamh an bhliain seo chugainn
Áine: Sé.
Noel: Sé. Tá seachtar liom anseo, triúr anseo agus ceathrar amuigh ag tabhairt tacaíocht daofa, go an seachtar acu ag dul isteach san idirbhliain, agus gheobhaidh siad chance léar mór rudaí dá mhacasamhail seo, an bhfuil a fhios agat, rudaí a bhéarfas féinmhuinín agus cuidiú daofa a dhéanamh insan idirbhliain an bhliain seo chugainn so bhí an seachtar acu ag rá go bhfuil siad faoi choinne an idirbhliain a dhéanamh an bhliain seo chugainn.
Áine: Sé, agus bhéarfaidh sé seans... bhéarfaidh seo deis maith daoibh, is dóiche, fáil amach cá leis a bhfuil sé cosúil ag déanamh tograí mar seo, mar seo an sórt rud a bheadh sibh a dheánamh san idirbhliain. So an bhfuil an triúr agaibh ag gabháil a dhéanamh an idirbhliain? (6:04)
Na cailíní: Tá.
Áine: Tá, agus ag dúil go mór leis, an bhfuil? Ach ag an am chéanna, an Teastas Sóisearach, tá scrúduithe le déanamh, nach bhfuil?
Na cailíní: Tá. Tá na triailscrúduithe againn in ceithre seachtain ..
Áine: Ceithre seachtain eile. Níl sin i bhfad ar shiúl. So tá brú oraibh ag an am chéanna, an bhfuil, brú mór.
Na cailíní: Tá
Áine: Ag caint ar an Teastas Shóisearach, a Noel, tá a fhios agam go bhfuil sé i gceist leagan amach eile a bheith air anois agus tá cuid mhór trup agus callán déanta fá seo agus tá na ceardchumainn, an ASTI agus an TUI, iontach buartha faoi ... iontach imníoch faoi agus b'fhéidir go bhfuil ábhar acu fosta mar níl an oiread sin ama, a bhfuil Noel, tugtha don athrú seo.
Noel: Níl. Déarfainn gur sin an rud, gur dhá phríomhrud, b'fhéidir, atá ag cur imní ar mhúinteoirí agus ar na ceardchumainn, sin, cineál de, tá cúrsa úr á thabhairt isteach in achan ábhar; Teastas Sóisearach úr atá ann ar fad, tá ainm úr agus deireadh air, agus tá rudaí, b'fhéidir fealsúnacht atá bunúsach atá difriúil; an bhfuil a fhios agat deirtear anois go bhfuil cuid mhór béim ar foghlaim fíricí is rudaí, (7:00) agus anois tá béim ar scileanna eile anseo, agus chaithfinn féin a ráit, sa Teastas Sóisearach atá ann san am i láthair, sílimse gur Teastas Sóisearach iontach iontach maith atá ann, agus sílim go bhfuil eilimintí iontach iontach maith ann. I mean, seo ceann acu, mar shampla, seo, seo ceann in áit... ní seo ag foghlaim fíricí, seo ag gníomhú, seo ag obair, seo ag cothú scileanna eile in scoláirí. Sin an smaoineamh atá ar a chúl ar scor ar bith, go n-imeofaí ó chineál dó foghlaim fíricí, agus ansin le scríobh an scrúdú, agus go mbeadh cuid mhór dó bunaithe ar meastachán in scoltacha, agus taobh amuigh de Ghaeilge, Béarla agus matamaitic, nach mbeadh scrúdú cineál de oifigiúil ag deireadh ó thaobh na Roinne, a bheadh Coimisiún na Scrúduithe Stáit a scrúdú, agus sílim gur sin ceann de na himní is mó atá ar mhúinteoirí, go mbeidh siad ag ceartú ... roimhe seo ar a laghad sa Teastas Sóisearach, bhí achan rud, bhí siad marcáilte ag daoine taobh amuigh den scoil; bhal sa chóras úr seo anois sé an rud atá ag gabháil a tharlú ná tá múinteoirí ag gabháil a bheith ag déanamh meastachán ar a gcuid scoláirí féin. (8:04)
Áine: Agus tá sin ag gabháil a bheith deacair, a Noel, nach bhfuil?
Noel: Tá sin ag gabháil a bheith iontach deacair, anois.
Áine: Now, cá bhfuil an cothromaíocht ag teacht? An bhfuil a fhios agat, bíonn caighdeáin difriúla in achan scoil, tá mé cinnte, ach ar a laghad sa Teastas Shóisearach bíonn caighdeán amháin, nach b'é - bhí agat le leibhéal áirithe a bhaint amach
Noel: Sin rud amháin a thiocfadh leat, an bhfuil a fhios agat, cosúil anois déarfaimid bíonn páipéar le déanamh, abair, in CSP sa Teastas Sóisearach, bhal ar a laghad, an bhfuil a fhios agat, dhéanfaidh scoláirí páipéir, cuirfear ar shiúl iad agus ceartófar iad go neamhspleách sa tsamhradh. An smaoineamh atá anseo anois gur múinteoirí iad féin, gur múinteoirí na scoláirí, so i mo chás-sa gur mise a bheadh ag ceartú seo. Tá athruithe eile ag teacht fosta; i gcuid de na hábhair tá céad faoin gcéad meastachán ag dul a bheith ann, déanta, agus sílim gur sin ceann de na rudaí nach bhfuil muid cleachtaithe leis, agus ghlacfadh sé tamall éirí cleachtaithe leis sin, agus dar ndóigh an rud atá ag dul a tharlú ar feadh an oiread seo blianta go bhfuil léar mór inseirbhís ag dul a bheith ag múinteoirí; tá an Béarla tosaithe cheana féin agus ansin tá ábhair eile ag teacht isteach ar an bhliain seo chugainn (9:01) agus ansin glacfaidh sé seacht nó ocht de bhliana seo uilig a dhéanamh, agus ansin, dar ndóigh, déarfaidh daoine leat fosta, bhal, cad é an mhaith duit seo a dhéanamh fá choinne an Teastas Sóisearach agus na scoláirí atá ag dul a dhéanamh, nuair atá an Teastas Sóisearach déanta acu, tá siad ag dul isteach go dtí an Ardteist leis an seanchóras.
Áine: Sé. Agus ar a laghad, an bhfuil a fhios agat, tá mé cinnte go bheir, is dócha an Teastas Sóisearach cineál dó, an bhfuil a fhios agat, blaiseadh duit ar cad é atá amach romhat san Ardteistiméireachta. Cad é bhur mbarúilse, go díreach? Rachaidh mé thart oraibh. Caoimhe, cad é do bharúilse? Ar mhaith leatsa go mbeadh athrú ar an Teastas - tá a fhios agam go bhfuil sé, go bhfuil tú ag déanamh an Teastas Sóisearach; tá mé cinnte go bhfuil eolas agat ar dhaoine a rinne é. Ar mhaith leatsa go mbeadh athrú air?
Caoimhe: Ba mhaith, cause ní bheadh oiread brú orainn ansin.
Áine: Sé, agus ní bheadh oiread rudaí le foghlaim de ghlanmheabhair, fíricí, an mbeadh?
Caoimhe: Ní bheadh.
Áine: Cad é do bharúilse, Róisín?
Róisín: Is maith liomsa an dóigh atá sé anois, agus like, scrúdú mór amháin agus ...
Áine: É a bheith déanta, ab é?
Róisín: Yeah.
Áine: Agus mar sin an rud a bheas le déanamh san Ardteist, nach b'é?
Róisín: Sé.
Áine: Sé. So ba mhaith leatsa é a choinneáil an dóigh a bhful sé. Agus cad é do bharúilse, a Chliodhna?
Cliodhna: Is maith liomsa an dóigh a bhfuil sé fosta. Tabhrann sé deis dúinn, like, an rud atá muid ag dul a fháil san Ardteist, agus bheadh sé giota beag cosúil leis. (10:04)
Áine: Sé, mar tá go leor rudaí le foghlaim le ghlanmheabhair fá choinne an Ardteist fosta. Ab é bac mór atá ann go gcaithfidh tú an oiread sin rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, a Chliodhna, ab é?
Cliodhna: Sé.
Áine: An bhfuil a fhios agat.
Cliodhna: Yeah, tá léar mór ann.
Áine: An bhfuil a fhios agat, in áit bheith cruthaitheach agus theacht aníos le do chuid smaointe féin, go gcaithfidh tú, an bhfuil a fhios agat, an rud atá sa leabhar a ...
Cliodhna: focal ar fhocal
Áine: Sé
Noel: But déarfainn féin go bhfuil cuid mhór de sin cheana féin insa Teastas Sóisearach agus insan Ardteist. Tá cuid mhór fíricí ann, agus mar shampla má tá tusa ag dul a dhéanamh ábhar cosúil le bitheolaíocht, bhal bitheolaíocht sin bitheolaíocht, sin fíricí, caithfidh fíricí a bheith agat le rud inteacht eile a dhéanamh agus sílimse go bhfuil cuid mhór cruthaitheacht ann cheana féin ach an smaoineamh atá ar a chúl seo go mbeadh níos mó cruthaitheacht ann agus go mbeadh níos mó féinfhoghlaim ann agus nach mbeadh an múinteoir, cineál de, ag teagasc níos mó ar dhóigh, go mbeadh an múinteoir ansin mar threoraí agus go mbeadh na páistí ag foghlaim iad féin.
Áine: Sé, ach ansin cad é a tharlaíonn nuair a thig an scrúdú mór chun tosaigh? (11:00)
Noel: Bhal, sin ceist mhór eile, agus ... tá eilimintí maithe ann agus glacfaidh sé tamall éirí cleachtaithe leis.
Áine: An dóigh leatsa an bhfuil go leor ama tugtha do mhúinteoirí dul i ngleic leis seo, a Noel?
Noel: Bhuel, you see, an rud a tharla, maram, an dóigh a raibh aighneas tionsclaíochta ann le traidhfil míonnaí anois, mar shampla, na múinteoirí Béarla, abair i gcás s'againne, abair, tá ceathrar múinteoir Béarla, bhal ní raibh ach, tá mé ag déanamh, duine nó dhó acu ag na cúrsaí mar ní raibh cead ag an mhuintir eile dul, so drochthús a bhí ann.
Áine: Sé, siocair ... na ceardchumainn, nach b'é?
Noel: Sé, siocair go raibh aighneas tionsclaíochta ann, so bhí drochthús air, agus sílim, tá mé ag déanamh gur an socrú atá ann anois go mbeidh níos mó ama, go dtabharfar isteach é thar níos mó bliantaí agus b'fhéidir go mbeadh sin maith, ach is dóiche an fhealsúnacht atá ar a chúl, go bhfuil sé maith mar go bhfuil sé ag ullmhú scoláirí faoi choinne an saol atá rompu agus coláistí tríú leibhéal, in áit a bhfuil, an áit nach bhfuil, mar a deir muidinne go minic anseo, tá spoonfeeding ar siúl, an áit nach bhfuil sin i gcoláistí tríú leibhéal, an áit a gcaithfidh tú féin taighde a dhéanamh agus an áit a gcaithfidh tú féin, cineál dó, do chuid foghlaim a dhéanamh, so sin an cineál rud atá siad ag iarraidh a thabhairt isteach anseo agus é a thabhairt isteach ón chéad bhliain ar aghaidh. (12:04)
Áine: Sé, so tá duine amháin ar mhaithe é a athrú agus tá beirt anseo atá ag iarraidh é a choinneáil an dóigh a raibh sé, mar is dóiche go n-ullmhaíonn sé tú fá choinne an scrúdú mór, scrúdú na hArdteisteistiméireachta, ach an bhfuil barraíocht ábhar ar scoil, an bhfuil, do bharúil? An bhfuil barraíocht ábhar le foghlaim agaibh?
Róisín: Sílimse go bhfuil.
Áine: Róisín. Tá? Cá mhéad ábhar atá tú a dhéanamh ar scoil?
Róisín: Triúr déag.
Áine: Trí déag.
Noel: Anois sa Teastas Sóisearach úr, mar shampla, is é an ... thig le léar mór ... thig leat an oiread sin ábhair a dhéanamh, braitheann sé cén scoil a bhfuil tú ann, ach ní bheidh ach deichniúr acu a bhfaighidh tú teastaisí ar a son, so b'fhéidir gur sin rud amháin ata ag dul a bheith níos fearr, gur deich n-ábhar a bhfaighidh tú teastaisí ar a son.
Áine: Sé. Bhfuil sibh uilig ag déanamh trí ábhar dhéag, an bhfuil? Trí cinn déag.
Na cailíní: Tá
Áine: Tá. Sin cuid mhór, nach b'é? Brú mór. Bhal, an bhfuil a fhios agaibh, tá súileas agam go n-éireoidh go geal libh uilig, tá sibh ag tabhairt faoi dúshlán mór agus tá súileas agam go n-éireoidh go maith libh agus go mbeidh daoine breá fial agus flaithiúil libh - airgead gann ar na laethanta seo ach ar a laghad cibé caidé tá daoine ábalta a thabhairt, sin a bhfuil sibhse a iarraidh, ab é? Agus beidh na cártaí urraíochta libh. Agus go raibh míle míle maith agaibh ar fad, sin í Caoimhe Breathnach as Carraig an tSeascainn, Róisín Nic Aoidh as Machaire Rabhartaigh, Cliodhna Ní Ghallchóir as Mín an Chladaigh agus Noel Ó Gallchóir fosta. A Noel, go raibh míle maith agaibh.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8242