Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Caoirigh na Japs - Cúlra an amhráin faoi chaibidil ag Lochlainn Ó Tuairisc

Seán:  Tá muid ag leanacht de anois den chur síos ar scéal agus ar chúlra cuid de na hamhráin a bhfuil fáil orthu i Leabhar mór na nAmhrán ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge ar an sean-nós ó cheann ceann na tíre atá sa mbailiúchán breá seo agus ar ndóigh is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh í. Rud iontach faoin leabhar seo ná go bhfuil nótaí cuimsitheacha ag gabháil le chuile amhrán a thugann cúlra agus an scéal an amhráin. Seo mar a labhair Máirín: Nic Con Iomaire le Lochlainn Ó Tuairisc, duine eagráin an leabhair  faoi an, faoin t-amhrán ‘Caoirigh na Japs’

Máirín:  Lochlainn, do chéad fáilte isteach arís.

Lochlainn:  Go maire tú.

Máirín:  Tá muid ag gabháil a caint ar cheann eile do na hamhráin sa mbailiúchán breá seo as ‘Leabhar Mór na nAmhrán’ agus b’fhéidir gur ar Chaoirigh na Japs a labhródh muid inniu.  Bí ag inseacht

Lochlainn:  Micilín Sheánín Gabha Ó Cualáin as, as Coill Rua in Indreabhán a chum an t-amhrán seo sna triochaidí.  Faoi chaoirigh a bhí ag dhul i bhfoghail nó a bhí ag briseadh amach agus ag gabháil isteach i dtalamh na na comharsan. Now Caoirigh na Japs anois sin leasainm ar mhuintir Bhaile na mBroghach, ansin ó thuaidh go shiopa an phobail in Indreabhán mar atá a fhios ag daoine é.

Máirín: ‘Na Japs’ ............

Lochlainn:  ‘Na Japs’, a thugtar orthu. Níl mé céad faoin gcéad cinnte cén fáth ar tugadh nó go dtugtar i gcónaí ‘Japs’ orthu ach sin é an leasainm a bhí orthu ar aon nós. Agus a bhí caoirigh acu agus, agus bhí na caoirigh ag gabháil ar strae i dtalamh mhuintir na Céibhe, sin baile fearainn eile cineál ó dheas agus siar beagán.  Agus d’éirigh muintir na Céibhe, an Chéibh Nua atá ar an mbaile i ndáiríre. D’éirigh muintir na Céibhe tuirseach do seo agus a cumadh an t-amhrán. Anois luaitear le, le, le Micheál Ó Cualáin nó Micilín Sheánín Gabha an t-amhrán, ach chuala mé ina dhiaidh sin go raibh baint nó raibh láimh ag daoine eile ann, ina measc Philly Bhaile na mBroghach, Joe Shéamuis Sheáin.  Anois, cineál gur cineál gur comh-iarracht a bhí ann agus tá sé, tá sé, is furasta iad a shamhlú, cineál ag bualadh a chéile bheith ag cumadh an amhráin seo agus ag cur píosaí leis agus ag baint píosaí as de réir mar a d’fheil.  B’fhéidir sa mbaile nó b’fhéidir Tí Tí Mharcais nó Tí Chualáin a an teach tábhairne atá ansin.  Ach, cineál amhrán thar a bheith áitiúil é agus tá go leor áibhéil agus tá go leor grinn ag baint leis an rud uilig go dtéann siad cineál ar, ar, ar, ar fud an domhain beagnach. Ní amháin go, go, go ndeachaigh siad isteach i ngarrantaí go ndearna siad an, an trespass mar a deir siad san amhrán ar, ar, ar mhuintir ar mhuintir na Céibhe ach go ndeachaigh siad ar fud an domhain ag déanamh an rud céanna.  Is léiriú an-deas é sílim ar an gcaoi a bhfuil an, an, an áibhéil agus agus an greann ag teacht le chéile. In amhrán thar a bheith áitiúil go ndéanann siad rud domhanda dó agus feictear dom mura bhfuil an cúlra áitiúil agat nó mura bhfuil an scéal áitiúil agat go bhfuil sé an-deacair meabhair a bhaint as an amhrán.

Máirín:  Aha

Lochlainn:  Now, is é Antaine Ó Faracháin a scríobh an nóta faoin amhrán áirid seo agus d’aimsigh sé roinnt rudaí thar a bheith spéisiúil faoi, faoi stair foilsitheoireachta an amhráin.  Anois tá sé, leaganacha foilsithe faoi dhó sa ‘Stoc’ cineál páipéar a bhí ag, ag Tomás Ó Máille sílim an Ollamh le Gaeilge san ollscoil i nGaillimh i naoi déag fiche naoi. Agus ansin foilsíodh ansin in Ar Aghaidh é i mí Iúil i naoi déag seasca ceathair agus is é Tadhg Ó Sé a chuir isteach an dá leagan. Ach fuair Antaine amach a théis dianstaidéir go raibh difríochtaí suntasacha idir an leagan atá, an leagan a chloisfeas muid ar ball agus an leagan atá i gcló.  Mar atá gur Caoirigh na Laps. 

Máirín:  Laps seachas Japs – L  seachas J

Lochlainn:  Caoirigh na Laps atá atá san, sa dá leagan foilsithe agus le muintir Ginéive – sé sin Geneva na na na hÉilbhéise seachas muintir na Céibhe atá atá luaite síos thríd chomh maith.  Anois rinne sé tréan-iarracht cuid den – b’fhéidir go léifinn amach an an nóta beag seo

Máirín:  Déan, déan déan déan

Lochlainn:  As an rud a bhí sa, sa, sa Stoc. ‘Anois bhí Caoirigh na Laps ag gabháil i mbradaíl ar mhuintir Ginéive, anois tá ‘Laps’ agus ‘Ginéive’ idir uaschamóga. Bhíodh muintir Ginéive á ruaigeadh in aghaidh an lae ach sin a raibh go maith á dhéanamh.  Thagadh an tréad bradach arís agus arís eile ag déanamh millteanais. Cé go bhfuil ainm na síochána ar mhuintir Ginéive bhris ar a bhfoighead acu sa deireadh.   Maidin amháin shaighdeadh siad a raibh do ghadhair sa gCathair a d’fháiltigh na Laps sa gcaoi gur cuireadh scaipeadh  is scaoileadh orthu soir agus siar agus go raibh muintir Lapland á gcuartú ar feadh i bhfad.  Tá cur síos ag an bhfile ar eachra  agus teann imeacht na gcaorach is an lucht tóraíochta san amhrán seo. Ach cá bhfuil Ginéive arsa thusa nó cé hiad na Laps. Níl do fhreagra agam le tabhairt ar an gceist sin ach an freagra a thug an file orm féin,  “beir ar do ghraiméar beag agus cuirfidh sí ar an eolas thú”’.

Máirín:  ‘Do ghraiméar beag’ agus céard é sin a Lochlainn meas tú?  Shílfeá gur leabhar tíreolaíochta a theastódh uait mar ní bheadh Ginéiv agus Lapland, ní bheidís i bhfoisceacht scread asail dá chéile!

Lochlainn:  Ní bheadh, ní bheadh sé, ní bheadh sé sa tíreolas ach an oiread!  Ach, bhí rinne arís rinne arís fair play do Antaine rinne sé, thriáil sé chuile bhíthin a ghabháil air. Bhí sé ag ceapadh i dtosach gur b’fhéidir gurb é an focal an litir J ar Japs agus an litir L go raibh go raibh an J iompaithe droim ar ais agus go ndearnadh L dó.  Bhí sé sin togha ach go háirid sa seanchló.  Ach ní níor mhínigh sé sin muintir Ginéive. Agus is dóigh nach raibh Tadhg Ó Sé a chuir in eagar an t-amhrán ag iarraidh briseadh amach le muintir Bhaile na mBroghach nó le muintir na Céibhe nó le muintir an Choill Rua fré chéile.  Sé sin b’fhéidir go raibh sé ró-ghar don chnáimh Japs agus muintir na Céibhe a lua.  Nó b’fhéidir nach é Tadhg Ó Sé a rinne chorr ar bith é, b’fhéidir gurb ea an tAthair Eric Mag Fhinn nuair a bhí, an té bhíodh ag cur Ar Aghaidh le chéile, nó go deimhin Tomás Ó Máille freisin.  Ach is dóigh gurb ea, mar gurb ea na Laps agus Ginéiv atá sa dá leagan. An Stoc agus Ar Aghaidh.  Is dóigh gurb shin é an fáth gur athraíodh an, na litreacha agus na hainmneacha.

Máirín:  Agus ar ndóigh ní, ní is dóigh nach nach scéal nua é seo a Lochlainn go mbeadh drogall leagan do amhrán a chur i gcló seachas an leagan a bheadh i mbéal na ndaoine.  Rud bródach í dáiríre, ab ea ?

Lochlainn:  Bhí, bhí, bhí, bhí cineál amhrán é nach, bródach a bhí ann, nach raibh amhránaithe áirid sásta a rá i gcomhluadar áirid.  Bhí amhráin mar sin ann agus go deimhin bhí leaganacha do amhráin ann a bhí feiliúnach do chomhluadar áirid seachas a chéile agus do aoisghrúpaí áirid seachas a chéile.  Níl a fhios agam duine ar bith a chuala ‘Óra mhíle grá’ abair, bíonn leagan amháin is dóigh suas go dtí an naoi a chlog, agus ansin leagan eile suas b’fhéidir go dtí an haon dhéag agus ansin an leagan is fearr uilig ní chloisfidh ach an dream a d’fhan na suí é. Arís agus braitheann sé ar cé atá, cé atá sa gcomhluadar arís is dóigh liom nach bhfuil, rinne muid beagánín iarracht sa leabhar seo ach ní dóigh liom gur éirigh go hiondúil linn go, go, go hiomlán linn a i gcuid de na hamhráin gháirsiúla mar tá, tá, is iontach na hamhráin iad ach bíonn an-drogall ar dhaoine iad a thabhairt duit! 

Máirín:  Ná iad iad a chur i gcló is dóigh! 

Lochlainn: Ná, ach go háirid iad a chur i gcló.

Máirín: Yeah

Clilstore Leabhar Mór na nAmhrán

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8043