This is a Clilstore unit. You can .
Máirín: Anois tá muid ag gabháil a caint ar chúrsaí coiste na mbailte slachtmhara, go speisialta ceann na Ceathrúin Rua mar tá súilóid urraithe á dhéanamh acu Dé Domhnaigh seo chugainn agus tá Anna Ní Chualáin ón gcoiste tagtha isteach go dtí mé ar maidin. Do chéad fáilte a Anna.
Anna: Go raibh maith agat a Mháirín
Máirín: An coiste…tá sibh, tá borradh mór faoin gcoiste nach bhfuil, le, le tamall anuas?
Anna: Tá bhuel…thosaigh muid, Samhain dhá mhíle is a haon dhéag agus chuir muid isteach ar an comórtas don cheád uair dhá mhíle is a dó dhéag agus d’eirigh go maith linn nó bhí muid féin an-sásta leis, chuir muid isteach arís air i dhá mhíle is a trí déag agus fuair muid seacht bpointe déag níos mó ná bhí fáighte a chéad bhliain againn agus thug sé sin níos mó borradh fúinn déarfainn coinneáil ag imeacht. Anois an chéad bhliain a thosaigh muide, bhí fadhb mór againn le Japanese Knotweed Tí Frieda. Ní raibh súil ar bith againn leis sin ach bhí muid ag cruinniú thoir, sna Forbacha, san Údarás ansin agus eolas faoin Tidy Towns agus tháinig fear amach don Cheathrú Rua agus sé an chéad phort a bhí aige – caithfidh sibh déileáil leis sin. So, choinnigh sé sin siar an chéad bhliain muid ach ansin ó shin, tá cúpla rud déanta againn, thug muid faoi gáirdín beag a dhéanamh thiar ansin ag… idir an Chemist agus Bia Blasta is chuir muid dhá suíochán cloch ann agus, rinne muid suas an pump, caidéal uisce, an pump uisce, shean-phump uisce a bhí ar an gCeathrú Rua agus phéinteáil leaids FÁS é agus rinneadar garraí beag timpeall air
Máirín: Tá sé taobh amuigh den scoil ansin, nach bhfuil?
Anna: Taobh amuigh den scoil. Tá sé go hálainn.
Máirín: Tá…
Anna: Tá fíor-jab déanta dóibh sin agus rinneadar cúpla gáirdín dúinn le haghaidh bláthanna a chur ann agus tá an bhfuil a fhios agat, de réir a chéile, tá muid anois ag tabhairt faoi gáirdín a dhéanamh ansin ag Halla Éinne díreach taobh thiar don na bottle banks agus an tseachtain seo tá an scéala tiocthaí go bhfuil na bottle banks dhá aistriú siar trasna Seosaimh Ó Loideáin ansin, áit don Chomhairle Contae trasna Óstán an Cheathrú Rua, míle buíochas dó. Agus tádar dá aistriú siar ansin agus tá ceamaraí dá chur air because chuile bhliain a chuireanns muid isteach ar an comórtas, tiocfaidh sé amach…ó tá an áit go deas, ach tá an oiread seo brúscar caite thimpeall ar na bottle banks
Máirín: ar ar na bancanna
Anna: So le cúnamh Dé anois, cuirfidh sé sin deireadh leis sin, sul má thiocfas an ceann, September seo chugainn, ní bheidh sé sin le rá ann…
Máirín: Aha
Anna: Tá súil againn. So, tá cúpla rud mar a deir mé, déanta againn, tá muid ag fáil fíor tacaíocht go deo ón coiste, ón scéim fostaíocht pobail. Marach iad, dáiríre píre, tá sé alright ag ceathrar nó cúigear againne suí
Máirín: Agus an coiste deonach go hiomlán sibhse?
Anna: Sea, tá cúigear, thosaigh muid amach le dhá dhuine dhéag, tá cúigear anois againn
Máirín: So, má tá aon duine ag iarraidh, nó ar fáil, nó a bhfuil suim acu cúnamh a thabhairt
Anna: Tá céad míle fáilte rompu. Tá cúigear againn fanta ach dá rá linn, tá muid ag fáil an-tacaíocht ón phobal ach tá muid ag fáil tacaíocht iontach ón scéim fostaíocht pobail. Marach iad dáiríre, tá sé alright ag cúigear mná suí thimpeall ar bord ag tosú amach
Máirín: Aha…
Anna: ag pleanáil na rudaí seo…ach caithfidh muid an manpower a bheith againn le haghaidh é a dhéanamh agus murach iad dháiríre, ní bheadh an oiread, agus chomh maith leis an obair a dhéanamh tugann siad comhairle dúinn, iarrfaidh muide rud eicínt, déarfaidh na leaids bhuel b’fhéidir go m’fhearr é a dhéanamh an bealach seo. Tádar thar cionn.
Máirín: Hem…
Anna: Tá an oiread, cuireann siad an oiread obair agus baineann siad an oiread bród as, an bhfuil a fhios agat, ní sé déanta,…tá sé déanta an bhfuil a fhios agat, thar cionn uilig is uilig acu.
Máirín: Agus déanann sé an-difríocht don bhaile, nach ndéanann?
Anna: Ó déanann sé, déanann…
Máirín: Is tá sé, tá, tá bealach an Atlantaigh Fhiáin anseo, feiceann muid na comharthaí nua, beidh i bhfad níos mó turasóirí
Anna: Beidh le cúnamh Dé
Máirín: Le cúnamh Dé, dhá dtreoiriú isteach trí bhaile na Ceathrúin Rua….
Anna: Le cúnamh Dé, so
Máirín: Agus tá sé tábhachtach go mbeadh cuma slachtmhar ar, ar an mbaile
Anna: Cinnte, cinnte, tá a fhios agat féin…
Máirín: Sea….
Anna: Má théann tú i n-áit eicínt, bhfuil a fhios agat
Máirín: Tabharfaidh tú caidéis, tabharfaidh tú suntas dó má tá sé salach nó má tá brúscar caite thart nó má tá bláthanna crochta nó potaí agus rudaí deasa mar sin
Anna: Cinnte, cinnte, so de réir a chéile, mar a deir an ceann eile
Máirín: Anois an, an siúlóid seo atá tarlú, inis dúinn faoi sin anois
Anna: Tá muid ag gabháil, tá…muid ag gabháil a dhéanamh siúlóid urraíochta Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá Peadar Óg fair play dó, tá sé ag cur bus ar fáil dúinn saor in aisce. Tá sé sin ag fágáil Halla Éinne tuairim is fiche nóiméad don dó dhéag. Tá muid ag tosú ar an siúl thoir ag TG4 ag a dó dhéag. Tá cártaí urraíochta sna siopaí ar fad, má tá aon duine ag iarraidh cúpla Euro a chaitheamh ina, ina mbealach
Máirín: Tá siad feicthe agam, tá siad Tigh Mhicí, tá siad Tigh Sheáinín Tommy
Anna: tádar sa
Máirín: sna siopaí ar fad
Anna: Chemist, tádar chuile áit, tigh Mhary Joe, chuile áit, so, má tá sibh, éinne ag iarraidh cúpla Euro, beidh míle fáilte rompu é sin a dhéanamh. Beidh buicéid againn ar an mbóthar, an bóthar an lá sin agus beidh muid ag siúl ó TG4 go dtí an Cheathrú Rua. Agus beidh teacht le chéile ansin againn Tigh an Táilliúra ina dhiaidh sin.
Máirín: Agus an bhfuil mórán ag gabháil ar siúlóid an bhfuil a fhios agaibh?
Anna: Bhuel, faoi láthair tá suas le scór
Máirín: Ach má tá fonn siúil ar aon duine
Anna: Ach má tá fonn siúl ar éinne, tá míle fáilte rompu.
Máirín: a bheith, cé, cén áit arís, a mbeidh an bus
Anna: Tá Peadar Óg ag fágáil Halla Éinne tuairim is fiche nóiméad don dó dhéag.
Máirín: Halla Éinne, so bí ann ag leathuair tar théis a haon ndéag i ndáiríre.
Anna: Yeah, yeah. Agus ansin má tá éinne ag ag iarraidh siúl iad féin, bealach féin a dhéanamh soir ann, tá muid ag fágáil TG4 ag a dó dhéag.
Máirín: Ag a dó dhéag..
Anna: Ag a dó dhéag..
Máirín: Thar cionn. Agus an t-airgead seo ag gabháil i dtreo obair an choiste?
Anna: Chuile phingin dó ag gabháil i dtreo obair an choiste.
Máirín: An-mhaith. Bhuel Anna go raibh míle maith agat
Anna: Go raibh míle maith agat féin a Mháirín
Máirín: Go n-eirí go geal leis an tsiúlóid
Anna: Go raibh míle maith agat a stór, go raibh míle maith agat.
Máirín: Agus beidh muid ag caint libh arís
Anna: Le Cúnamh Dé
Máirín: Lá níos faide anonn.
Short url: https://clilstore.eu/cs/8019