This is a Clilstore unit. You can .
Maggie Uí Chuaig = Maggie; Séamus Ó Beirm = SÓB
Maggie: Bhuel tá an, tá sé in am againn, don mhír rialta a bhíonns againn faoi chúrsaí sláinte a bhíonns againn chuile choicís, agus tá an dochtúir Séamus Ó Beirn istigh anseo i mo chuideachta anois, agus má tá aon cheist agaibh, bígí ag glaoch ar Winnie, agus tá muid ag gabháil ag caint inniu ar easpa féinmhuinín agus na fadhbanna a bhaineann leis. Bhuel do chéad fáilte, ar an gclár, a dhochtúir.
SÓB: Go raibh maith agat, a Mhaggie.
Maggie: Agus, céard é, céard iad na comharthaí seo go bhfuil easpa féinmhuinín ag duine, cén chaoi a mbeadh a fhios agat?
SÓB: Bhuel, is dóichí gurb é an bealach is fearr a bhíonn ann ná, an téarma seo, úsáideann na síceolaithe seo chun míniú a chur ar an gcaoi, a gcuireann muid, luach orainn féin, agus ní hamháin sin ach an, an creidiúint, agus an chaoi a reachtálaimid an creidiúint sin, agus go mbunaíonn muid é ar na rudaí atá tábhachtach ina saol. Agus rudaí, rudaí an-simplí, fírinneacht agus bheith cneasta agus macánta, agus bheith féaráilte, agus bheith grámhar. Agus, tá, agus a bheith díograiseach i do chuid oibre. Agus, má tá tú sásta leis na rudaí sin, méadóidh do féinmhuinín. Agus, sin é an bunús atá leis, ar ndóigh.
Maggie: Agus an dtósaíonn an mothúchán seo anois an-, an-óg, ag gasúir, mar a déarfá?
SÓB: Yeah, sea.
Maggie: Tá sé suntasach.
SÓB: Spreagann na tuismitheoirí dáiríre, is, is, tá sé an-tábhachtach, mar seo é an bunús atá air, ar an féinmhuinín. Agus braitheann sé go mór ar ndóigh ar an, an grá gan coinníollacha, agus an grá gan teorainn a thuganns tuismitheoirí dona chuid gasúir. Ach ní hé sin amháin é. Ach amháin, ach, chomh maith leis sin, go, go mbeidís in ann éisteacht leis na gasúir, agus moladh a thabhairt dóibh, nuair, nuair a bheadh sé tuillte. Ach, ar ndóigh iad a cheartú freisin, agus treoir a thabhairt dóibh sa saol.
Maggie: Agus cén chaoi ar féidir le easpa féinmhuinín cur isteach ort, a bhfuil fhios agat, cén chaoi, cén chaoi a n-aithneodh tú é ar dhuine?
SÓB: Bhuel, aithneoidh tú ar, bhuel , aithneoidh tú ar an, ar an, ar an gcéad dul síos beidh, bíonn an duine go hiondúil, míshuaimhneach. Agus ní bhíonn siad siúráilte dóibh féin. Agus bíonn caitheamh anuas orthu bíonn caitheamh, caitheamh ina dhiaidh acu go minic ar na rudaí atá déanta sa saol acu. Agus bíonn siad ag caitheamh anuas orthu féin. Agus théis, théis, b’fhéidir gur duine iad, daoine iad a bhfuil
Maggie: Á gcur féin síos, a bheith ag rá nach, níl aon mhaith liom, nó, b’shin é atá i gceist?
SÓB: Sea, sea. Agus, agus, i gcónaí a bheith, a bheith ag breathnú siar is á rá go ndearna siad rudaí mícheart, agus an, an caitheamh ina dhiaidh sin. Agus gan aon bunús a bheith leis ach mar gheall nach bhfuil an, mar gheall go bhfuil an easpa féinmhuinín sin acu, níl siad ní, ní cheapann siad gur daoine, gur daoine maithe iad.
Maggie: Sea. Agus cén chaoi a gcuirfeadh sé sin as do dhaoine, istigh ag a gcuid oibre, nó go pearsanta, nó cén chaoi a n-aithneodh tú?
SÓB: Bhuel, is dóichí gurb é an, gurb é an bunús simplí atá air ná, má tá tú, má tá tú compordach i do chraiceann féin sa saol seo, tá suaimhneas agat. Agus má tá suaimhneas agat, go hiondúil beidh sláinte agat. Agus sin é an, sin í an tsaibhreas. Sin é, sin é saibhreas an tsaoil.
Maggie: Agus beidh suaimhneas ag chuile dhuine thimpeall ort freisin, seans, ag obair leat
SÓB: Sea. Mar má piocann siad suas é, má tá
Maggie: Sea.
SÓB: Má tá duine, má tá féinmhuinín ag duine, agus má tá sé bunaithe, más, má tá sé umhal, agus gan a bheith bréagach.
Maggie: Sea.
SÓB: Tá, tá compord ag daoine thart ort.
Maggie: Sea.
SÓB: Thart ar an duine sin. Agus tá sé an-éasca é a mhothú.
Maggie: Ach má tá duine ansin ann a bhfuil an iomarca féinmhuinín acu, agus, ní, ní féidir seasamh chor ar bith leo.
SÓB: Ní féidir, agus, agus, amanta ní thuigeann siad é sin ach, is, is cosaint é
Maggie: Sea.
SÓB: Is, is cosaint é an, an féinmhuinín bréagach sin. Is cosaint é.
Maggie: Sea. B’fhéidir go bhfuil laigeacht éicint acu áit éicint eile.
SÓB: Tá, agus tá siad ag iarraidh, tá siad ag iarraidh é a chur i bhfollach. Agus, agus, tá sé deacair acu, mar tá siad faiteach. Agus níl siad oscailte. Agus
Maggie: Sea.
SÓB: Mar a déarfá, níl siad sa, níl tú, má tá tú ar an gcaoi sin níl tú sa sruth atá sa saol.
Maggie: Sea.
SÓB: Tá tú cineál stadach, agus dodach.
Maggie: Sea.
SÓB: Agus, agus tá tú míchompordach i do chraiceann.
Maggie: Sea. Ní bhíodh ag caint seo chor ar bith fadó. Deirthí tá duine gaisciúil, nó, ní bhíodh an chaint sin ann fadó nuair a bhí muid níos óige. Tá an oiread cainte anois ar, féinmhuinín seo agus rudaí nach bhfuil agat. Ní raibh a fhios againn faoi na mothúcháin seo is dóigh, nuair a bhí muid níos óige.
SÓB: Sea.
Maggie: Tá go leor acu á cloisteáil anois, nach bhfuil?
SÓB: Tá, tá go deimhin.
Maggie: Tá go leor brú, agus tá chuile dhuine ag caint ar an brú seo, agus b’fhéidir an iomarca brú á chur ar ghasúir.
SÓB: Yeah, d’fhéadfá sin a rá, ach san am céanna, b’fhéidir cheana, níor, ní raibh an insight ceart ag baint leis an, an, an cineál suaimhneach, suaimhneas a d’fhéadfadh duine, a bheith ag duine, agus an, an, an dul chun cinn atá déanta sa siceolaíocht psychologyagus go dtuigeann muid i bhfad níos fearr anois gur, go bhfuil sé simplí dáiríre faoi dheireadh.
Maggie: Sea.
SÓB: Agus, agus, nuair a smaoiníonn tú air, chuile, chuile chreideamh, agus chuile reiligiún, tá siad bunaithe ar treoracha, cén chaoi le bheith suaimhneach sa saol.
Maggie: Sea, sea.
SÓB: agus má tá tú suaimneach, tá saibhreas, tá saibhreas an tsaoil agat.
Maggie: Sea. ní…OK nach… bhuel, bhí caint air cúpla bliain ó shin faoi taighde éicint a deineadh i Nua Eabhrac, faoi dhream a bhíodh, ag gabháil chuig an aifreann, agus dream nach raibh ag gabháil chuig an aifreann.
SÓB: Sea.
Maggie: Nó aon creideamh, ag cleachtadh cineálachaí eile creideamh freisin, chomh maith le aifreann caitliceach. Ach fuair siad amach, an dream a bhí ag gabháil ag seirbhís de shórt éicint, go raibh brú fola íslithe acu sin, níos mó ná daoine nach raibh ag gabháil, nach raibh ag cleachtadh aon chreideamh.
SÓB: Sea.
Maggie: So tá sé suimiúil go, nuair a sheas daoine isteach i séipéal nó mosque nó áit ar bith a dtéann siad go, go suaimhníonn sé an corp agus an intinn.
SÓB: Yeah
Maggie: Le haghaidh uair an chloig.
SÓB: Bhuel, bhuel, sin é, sin é an cruthú.
Maggie: Sea.
SÓB: Ach an rud a cheap daoine fadó, cheap na saineolaithe fadó gur, gur rud an-daingean é an, an féinmhuinín, agus go raibh sé agat ó thus do shaoil ach nach agus go raibh sé daingnithe, nach féidir athrú a chur ar.
Maggie: Sea.
SÓB: Ach tá a fhios againn nach b’shin é an cás anois agus mar a dúirt Socrates fadó, dúirt, tá ráiteas amháin i gcónaí a deirtear faoi Socrates, gur dhúirt sé “the unreflected life is not worth living”. So mara ndéanfaidh tú machnamh ort féin ó lá go lá, agus abair, chuile oíche, agus a rá leat féin, bhuel, tá mé sásta faoi na rudaí seo a rinne mé, ach tá mé míshásta faoi na rudaí seo, agus ansin, ceartóidh tú iad, agus triailfidh tú meon nua a chothú. Agus is, is as sin a thaganns an féinmhuinín.
Maggie: As, bhuel now tú féin a dhéanfas é?
SÓB: Tú féin a dhéanfas é. Ach caithfidh, caithfidh tú, ní, ní dhéanfaidh tú é mara ndéanann tú machnamh faoi.
Maggie: Sea.
SÓB: Agus, agus a rá leat féin mar, agus caithfidh tú na, na rudaí atá i do shaol a ghortaíonn thú, a chur as an áireamh.
Maggie: Sea.
SÓB: Agus má, so má dhéanann tú an, an, an machnamh seo.
Maggie: Rud atá deacair, go minic.
SÓB: Sea, go deimhin.
Maggie: Rud atá deacair, go minic. Amanntaí nuair atá go mormhór daoine a bhfuil fiacha bainc agus rudaí anois acu, coinníonn sé ina ndúiseacht san oíche iad.
SÓB: Yeah.
Maggie: Agus bíonn sé an-deacair. Ach ní bheadh tusa ag caint anois, abair, ar ghasúir a bheadh, nach mbeadh aon féinmhuinín acu. Céard a d’fhéadfadh tuismitheoir a dhéanamh le cúnamh a thabhairt do ghasúr anois a bheadh mar a déarfá an-chúthail agus nach bheadh ag iarraidh pháirt a ghlacadh i ndráma ná tada poiblí? An bhfuil aon chomhairle a thabharfadh tú do thuismitheoirí?
SÓB: Bhuel, má thosaíonn tú luath, má thosaíonn tú luath, tá, is, is féidir mar a dheireanns na saineolaithe an programming a dhéanamh. Ach mar a dúirt mé, am a thabhairt do ghasúir, agus éisteacht a thabhairt dóibh. Agus iad a mholadh nuair atá sé tuillte.
Maggie: Sea.
SÓB: Ach tá sé an-tábhachtach freisin féinsmacht a mhúineadh dóibh. So ionas nach mbeidh tú ag déanamh chuile shórt dóibh, a d’fhéadfaidís a dhéanamh iad féin agus i gcónaí ag tabhairt an iomarca aire dóibh.
Maggie: Sea.
SÓB: Agus, agus gan iad a cheartú nuair a theastaíonn sé.
Maggie: Sea, d’fhéadfadh sé sin…
SÓB: Mar, ní, ní, ní ghlacfaidh siad buíochas leat ar ball, mar déanfaidh tú amadán dóibh.
Maggie: Sea, sea. Bhuel tá, tá go leor rudaí ar, ar bun anois ag gasúir. Tá siad á na tuismitheoirí á dtiomáint go áit go háit, agus tá ranganna ceoil, agus ranganna damhsa agus ranganna…chuile chineál. Agus peil agus dornalaíocht agus chuile shórt. Ní bhíonn mórán am saor ag gasúir anois le spraoi, an bhfuil a fhios agat? Nós a bhíodh muidne fadó.
SÓB: Sea. Sea.
Maggie: Bheadh tú ag spraoi i gcónaí. Mara bheadh tú ag obair bhí tú, bhí roinnt beag ama agat le bheith ag spraoi.
SÓB: Agus…
Maggie: Tá an saol chomh leagtha amach. Meas tú an bhfuil sé sin folláin?
SÓB: Bhuel, is dóigh, tá, caithfimid glacadh leis go bhfuil an saol ag athrú i gcónaí. Ní fhanann sé riamh mar a bhí sé.
Maggie: Ní fhanann.
SÓB: Agus ar ndóigh sa saol ar fhás muide suas ann, ní raibh mórán carranna agus shiúil tú chuile áit nó chuaigh tú ar bhicycle. Agus ní raibh na áiseanna atá ann, agus atá ann anois. Ach siad na rudaí bunúsacha a bhí ann riamh. Agus siad sin an, an, an, an grá gan teorainn agus gan coinníollacha a thabharfas tú don ghasúr, agus sin é dáiríre a chothaíonns an gasúr sa saol seo.
Maggie: Sea.
Maggie: Sea a sheasfas i gcónaí.
SÓB: Sin a theastóidh. Agus, agus smacht a mhúineadh dóibh, féinsmacht.
Maggie: Sea.
SÓB: Mara, mara, mara bhfuil an féinsmacht agat, deirtear i gcónaí, dhéarfadh na saineolaithe i gcónaí go, go dtagann, go dtagann suaimhneas agus sásamh as, as féinsmacht, agus nach dtagann sé as aon áit eile.
Maggie: Nach dtagann sé as aon, tá sé sin suimiúil, nach bhfuil?
SÓB: Tá, tá really yeah
Maggie: Bhuel fágfaimid aige sin é mar sin inniu, a dhochtúir, agus go raibh míle maith agat faoi theacht isteach agus an t-eolas sin uilig, agus féidir go mbeadh daoine ag cur ceisteanna, agus bheadh-ar ndóigh, tá tú ar fáil i gcónaí le, le labhairt faoi aon ábhar leat. Go raibh mile maith agat, a dhochtúir.
SÓB: Fáilte romhat a Mhaggie:
Short url: https://clilstore.eu/cs/8018