Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Johnny Kilbane - Agallamh le hÁine Ní Éalaí

PÓC:  Thug clár faisnéise a choimisiúnaigh TG4 agus a chraol an cainéal trí seachtaine ó shin duais leis ag Féile na Meán Ceilteach dhá mhíle is a ceathair déag a bhí ar bun i gCorn na Breataine le gairid. Bronnadh an Torc don Chlár Spóirt is Fearr ar an gclár 'Croí Trodach'. Tugann an clár léargas ar shaol agus ar éachtaí Johnny Kilbane, dornálaí de bhunadh Acla, a rugadh i Cleveland sna Stáit Aontaithe in ocht déag ochtó naoi. Bhí Áine Ní Éalaí as Indreabhán ag obair ar an scannán agus tá sí linn anois ar an líne teileafóin. Do chéad fáilte, a Áine.

Áine:  Go raibh maith agat, cén chaoi a bhfuil tú ar maidin?         

PÓC:  Tá mé go maith, slán a bheas tú, cén chaoi a bhfuil sibh féin?

Áine:  Táimid go maith.

PÓC: Sula dtosóimid ag caint, sula sula ndéarfaidh mé tada anois tá tá blaiseadh beag bídeach againn as an, as an scannán agus, éistfidh muid leis sin i dtosach, a Áine.

Áine: Ó go breá.

Clib ón Scannán:  Nuair a bhuaigh sé craobh an domhain, thuig sé nach maireann an cháil seo i bhfad, ag dá bhrí sin, leag sé an bhéim ar fad ar luacha a bhí buan.(0:59)

PÓC:  Anois, is iontach an t-aitheantas, mar a déarfá, don chlár go deimhin agus don dream a rinne é, an an gradam seo an Torc ab ea don Chlár Spóirt is Fearr a bronnadh ar an, ar an gclár le gairid, a Áine. 

Áine:  Sin é! Is mór againne agus MIDAS Productions agus DesK Productions an t-aitheantas a fháil ach is mór freisin ag Johnny Kilbane agus ag a mhuintir féin agus ag muintir Acla an t-aitheantas a fháil ar scéal Johnny chomh maith.

PÓC:  Sea. Inis beag dúinn, inis beagáinín beag dúinn a Áine faoi Johnny Kilbane féin agus cérbh é féin agus agus mar sin.

Áine:  Dornálaí de bhunadh Acla é Johnny agus bhí an Craobh Cleitmheáchain aige ar feadh aon bhliain dhéag. Sin é an méid is mó ama a raibh an chraobh sin ag aon duine riamh sa domhan. Fear cumasach, gnaíúil, flaithiúil ba ea Johnny agus chuaigh sé le saol na dornálaíochta go luath. Cailleadh a mháthair go óg agus fágadh a athair dall tar éis timpiste oibre so bhí air féin gabháil amach agus cineál bia a chur ar an mbord dá dheartháireachaí agus dá dhriofúracha agus chuaigh sé ag obair ar na hiarnróid. (2:00) Ach bhí cineál cumas aclaíochta, gleacaíochta, damhsa i gcónaí aige agus chuaigh sé le spórt agus leis an siamsaíocht agus is dóigh liom go raibh an cumas aclaíochta agus a bheith cineál éadrom ar na cosa a sheas dhó sa gcró dornálaíochta mar chuaigh sé ansin leis an dornálaíocht agus, is mór an rath a bhí air leis agus i deireadh a shaoil ansin chuaigh sé le saol na pol…, na polaitíochta. Bhí sé ina chléireach cúirte ar chathair Cleveland agus bhí sé ag plé leis sin go dtí gur cailleadh é.

PÓC:  Hmm. Cén áit ar dearnadh an scannán féin, Áine?

Áine:  Rinneadh an scannánaíocht ar an, ar an gclár faisnéise don chuid is mó ar oileán Acla dhá bhliain ó shin. Bhí ceiliúradh céad bliain ag muintir Kilbane in Oileán A..., ar Oileán Acla ar céad bliain ó bhuaigh Johnny an an Chraobh Domhanda Cleitmheáchain agus rinneadh an rinne muid scannánaíocht ansin a tharraingt ar an seachtain iontach sin agus ansin rinne muid scannánaíocht ar chuid eile dó amuigh i gCleveland féin.

PÓC:  Hmm. Feicim gurb é Des Kilbane, fear eile de bhunadh Oileán Acla,(3:00) a bhí ina stiúrthóir ar an scannán. Raibh.. an raibh aon ghaol acu le chéile? Tá go leor leor Kilbanes, bail ó Dhia orthu, in Acaill agus in áit …

Áine:  Tá go leor acu ann, tá cinnte agus tá gaol i bhfad amach ag Des le Johnny chomh maith agus ag an bhféile sin a bhí ar siúl i samhradh na bliana dhá mhíle is a dó dhéag tháinig go leor de mhuintir Kilbane ar ais agus bhí deis acu ar fad casadh lena chéile ceart go leor.

PÓC:  Agus tuigim gur éirigh libh, sea, a thíocht ar seanphíosaí scannáin, scannáin go mb’fhéidir a bhí ceapthaí a bhí imithe, imithe le sruth ar go leor bealaí, a bhí ag gabháil siar b'fhéidir céad bliain agus Johnny ag troid. An bhfuil cuid acu sin le feiceáil sa, sa, sa, sa gclár faisnéise, an bhfuil?

Áine:  Tá! Tá píosa scannán sa troid idir Johnny agus, agus fear darbh ainm Abe Attell, sin é an chéad uair a bhuaigh Johnny an, an Chraobh Domh... Domhanda, tharla sé sin i Vernon California, sin céad is a haon bliain ó shin agus seo píosa scannán eile leis an troid idir Johnny Kilbane agus Danny Frush, ach, chomh maith leis sin tá grianghrafanna abair ag gabháil siar céad bliain ó shin (4:00) agus abair píosa scannánaíochta de, de Johnny agus agus a chlann agus é, agus é amuigh, amuigh leis leis an bpobal i gCleveland agus troideanna éagsúla a rinne sé, so tá meascán deas de, de ábhar mar sin sa chlár agus chomh maith leis sin tá saghas giotaí as dialann phearsanta Johnny féin, rud a chuireann go mór leis an gclár agus rud is dóigh, a ligeann do Johnny a scéal féin a inseacht ar bhealach.

PÓC:  Hmm, agus ar ndóigh tá trácht mhór ar chúrsaí imirce sa scannán seo chomh maith chéanna nach bhfuil?

Áine:  Tá mar go leor, go leor de na daoine i Cleveland is de bhunadh Acla iad; is dóigh liom, abair, taobh istigh den chóras dlí go bhfuil seacht nó ocht breitheamh i gCleveland gur de bhunadh Acla iad agus thug siad, thug siad a n-aghaidh ar an áit darb ainm ‘The Angle’ i gCleveland. Agus fiú amháin taobh istigh den Angle bhí áit ar a dtugtaí Achill Patch agus anuas ar sin arís tá sráid ainmnithe i ndiaidh Kilbane chomh maith (5:00) i Cleveland, so deir sé sin leat cén tionchar a bhí ag muintir Kilbane ar Cleveland agus cén cén ról a bhí acu sa chathair ag an am agus tá fós go dtí an lá atá inniu ann.

PÓC:  Chomh maith leis sin uilig, Áine, nochtadh dealbh dó ansin anuraidh ab ea in Acaill?

Áine:  Dhá bhliain ó shin a bhí ann

PÓC:  Ó dhá bhliain ó shin, ab ea?

Áine:  Yeah, tá sé ag teach, trasna ó teach ósta Patton má tá fhios ag aon duine cá bhfuil sé. Dealbh álainn de Johnny agus meangadh mór air

PÓC:  Anois, do dhaoine nach bhfaca an scannán nuair a chuaigh sé amach, an mbeidh, an mbeidh meas tú an mbeidh aon deis eile acu é a fheiceáil, a Áine?

Áine:  Beidh, bhuel, Satharn Cásca beidh sé ar siúl ag ceathrú chun a deich ar TG a Ceathair, ceathrú chun a deich san oíche, agus tá sé ar fáil ar player TG a Ceathair go dtí deireadh na míosa seo.

PÓC:  Satharn Cásca ab ea a dúirt tú, a Áine ansin, ab ea?

Áine:  Sin é, yeah agus má tá aon duine as Tucson Arizona ag éisteacht beidh sé, tá féile scannán, scannán idirnáisiúnta ar siúl ansin faoi láthair agus Luan Cásca beidh sé ar siúl in Arizona. So, tá tá tá, beidh fáil ag daoine (6:00) ní amháin anseo ach i Meiriceá chomh maith.

PÓC:  Beidh deis ag daoine breathnú air is cuma cén, is cuma, is cuma cén taobh den fharraige mhór a bhfuil siad air. Beidh deis, beidh deis acu. Bhuel a Áine go raibh míle maith agat as ucht an léargas sin a thabhairt dhúinn ar Johnny, Johnny Kilbane agus comhghairdeas go deimhin leis an gclár agus leis an gclá... leis an an bronn... an Torc dhon Chlár Spóirt ab Fhearr a bronnadh ansin, an ‘Croí Trodach’ thoir ansin ag Féile na Meán Ceilteach, cúpla seachtain ó shin, Go raibh míle maith agat, a Áine.

 

 

 

 

Clilstore Tuilleadh eolais faoi 'Croí Trodach

Short url:   https://clilstore.eu/cs/8001