Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cosán Ros a' Mhíl

Peadar Pléadh an cor is deireanaí i scéal an chosáin i Ros a’ Mhíl, ag Cruinniú Cinn Bhliana choiste pobail Ros a’ Mhíl a bhí ar bun ansin aréir agus liom ar maidin tá Cathaoirleach an choiste Barry Ó Fátharta. Do chéad fáilte a {Bharry}

 

Barry Go raibh maith agat a Pheadair.

 

Peadar Is dóigh gurb é an cosán an rud is mó a tharraing caint aréir agus mar a déarfá a laghad dul chun cinn atá déanta air ó cuireadh tús leis céard <sshh> mí Mheán Fómhair seo caite ab ea?

 

Barry Sea go deimhin agus is é is mó tharraingne mar a deir an ceann eile, tá tarraingt cainte agus shíl muid go raibh sé, go raibh chuile shórt socraithe, go raibh rudaí ag dul ar aghaidh mí na Nollag ach breathnaíonn sé nach dearnadh tada ó shin agus bhí muid ag cur brú ar an gComhairle Contae ón am sin céard a bhí ag tarlú agus ní raibh muid, bhí muid, bhí siad a rá linn go raibh siad go b’iad an scéim FÁS a bheadh ag plé leis is méid a bhí le déanamh sa seachtaineachaí amach romhainn. Ach eh is é is mó a chuir as dhúinn go cheart go mbeadh, mbeadh sé seo pléite idir an Comhairle Contae agus agus an scéim FÁS. Ba cheart go mbeadh sé seo pléite i mí Eanáir b’fhéidir nó am eicínt mar sin, mar a déarfá ach breathnaíonn sé anois nach bhfuil aon chead ag, ag scéim FÁS mar gheall ar chúrsaí sábháilteachta tada eile a dhéanamh leis seo.

 

Peadar Nach gceapfá mar a déarfá nós <nó> ‘ nós an diabhail go gceapfá go mbeadh go mbeadh fhios acub é sin sul má tosaíodh cuireadh sluasaid ar bith i dtalamh, shílfeá.

Barry Sin sin é an rud a Pheadair, ach tá a fhios agam gur dearnadh obair ar an gCeathrú Rua mar a déarfá agus rinne siad an-obair ansin níl a fhios agam bhfuil rialachaí athraithe ó shin nó céard a tharla ach tá sé ráite linne ar aon nós nach nach mbeidh aon chead acu. Anois tá sé tití idir dhá stól an tóiméad seo ach shocraigh an coiste ansin aréir go go gcuirfidís litir chuig an gComhairle Condae go gcuirfí litir chuig an innealtóir ar an gCeathrú Rua, Kevin Flynn, agus ag <Evan> Molloy i nGaillimh. Agus is éard a shocraigh siad dáiríre go, go dtabharaidís coicís dhóibh a thíocht arais ag an gcoiste, ní.. tá muid ag iarraidh ar an gComhairle Condae a thíocht ar ais ag an gcoiste agus é a chur i scríbhinn againn cén uair atá siad ag dul a tosú air seo. Caithfear anois é a dhéanamh, caithfear é a chríochnú, caithfear é a scaoileadh amach ar conraitheoir a fháil agus é.. an chuid eile don obair a chríochnú agus mar, mura bhfáighe muid scéal nó toradh taobh istigh de choicís ní bheidh aon [choice] againn ach cruinniú poiblí a tharraingt faoin rud seo uilig arís agus muintir an cheantair a thabhairt le chéile.

 

Peadar Sea agus agus mar a deir tú ar bhealach amháin is dóigh gur cuma le coiste pobail, leis an gcoiste pobail ná go deimhin aon choiste eile cé a dhéanfas an obair ach í a dhéanamh agus í a dhéanamh, í a dhéanamh mar a déarfá go sciopthaí agus bhí go leor oibre le déanamh agaíbhse i dtús aimsire féachaint le, le cead a fháil ó dhaoine mar a déarfá go ngabhfadh an cosán seo os comhair a gcuid tithe agus is dóigh chuir sé as go dhaoine ach ar a laghad ar a laghad ar bith gur <réit> réitíodh an chuid sin dó nó an chuid is mó dó ar aon nós le go bhféadfaí an cosán a chur ann.

 

Barry Réitíodh agus is éard é féin mar a déarfá, mar a deir tú ansin, rinne an coiste, chuaigh siad thart ag na tithe ag iarraidh saighneáil leo agus ní rud éasca é sin mar a déarfá agus bhí… an obair is deacra cineál déanta don, don chomhairle Chontae agus dúirt siad féin é sin mar a déarfá, bhí siad an-bhuíoch ach tá muid dírithe isteach anois a Pheadair air go scaoilfí amach é seo ar chonradh. Sin é atá muid ag iarraidh.

 

Peadar Sea.

 

Barry Agus go ndéanfaí an obair sciopthaí mar tá trácht tosaithe anois tíocht síos go calafort Ros a’ Mhíl ag dul go hÁrainn, tá an turasóireacht uaidh seo amach, an aimsir go breá agus fágfaidh sé rudaí contúirteach agus an chaoi a bhfuil sé faoi láthair, tá sé contúirteach.

 

Peadar Sea agus is stráice uafásach contúirteach é an píosa bóthair sin mar atá a fhios ag an saol mór go deimhin agus is cuma cén bealach a dtiocfaidh tú ann tá tá contúirt ag baint leis ó thaobh mar a déarfá chomh casta agus atá an bóthar agus chuile shórt eile. An mbeidh an mbeidh [now] nuair, más.. sampla maith is dóigh an, an píosa, an píosa do chosán a deárnadh thoir ansin idir An Tulaigh agus Baile na hAbhann agus mar a déarfá go déanadh dea-obair ansin, in achar….gearr go maith freisin mar a déarfá, nuair, nuair b’fhéidir gur thóg sé deich mbliana fichead nó tuilleadh go gur cuireadh tús leis ach nuair a cuireadh m’anam gur déanadh, gur déanadh faoi dheifir é.

 

Barry Déanadh, déanadh obair slachtmhar ann dáiríre.

 

Peadar Slachtmhar

 

Barry An-slachtmhar go deo agus <sh> rud eigínt mar sin atá teastáil uainne, go ndéanfaí an balla ann, go dtabharfaí isteach mar a deir mé conraitheoir ansin agus go ndéanfaí an obair breá sciopthaí agus go mbeidís amach sciopthaí as sul a mbeidh an Samhradh linn, mar Dia linn is Muire, tá beagnach tá, ó, ó, ó, tá, tá is gaire do sé mí atá caite ansin anois mar a déarfá is gan tada tarlú ann agus tá an bhunchloch thíos ann [alright] ach…

 

Peadar Sea

 

Barry Ní níl aon mhaith leath dó a bheith críochnaithe.

 

Peadar Agus <ma> agus ní hé amháin is dóigh leath dó a bheith críochnaithe ach is dóigh go raibh an chuide dó atá déanta go bhfuil sé cineál fágtha cineál béal in airde freisin is go bhfuil sé sin ag cur as do dhaoine chomh maith le chuile shórt eile.

 

Barry Tá sé mar mar tá <[sins]> bhfuil a fhios agat ar tá ar na, na talamh na daoine an talamh leo agus ní, ní rud maith <[sins]>, tá <[sins]> in ann titim lá ar bith mar a déarfá, ní sé ach go bhfuil sé leagtha ann cuirfidh mé ar an gcaoi sin é

 

Peadar Sea…

 

Barry ..ach go bhfuil sé sách maith an tóiméad seo ach d'fheilfeadh an rud mar a déarfá dul ar aghaidh agus tá súil le Dia agam go mbeidh rud eigínt tosaithe ansin nó go mbeidh focal againne b’fhéidir sula mbeadh an tseachtain seo chugainn amuigh uaidh an gcomhairle Condae. Tá muid ag iarraidh focal uathu dearfa go mbeidh an rud seo tosaithe agus go <mait> má tá sé tosaithe, críochnófar é.

 

Peadar Sea. Anois ní hé amháin gur,..ní hé an cosán amháin an t-aon ábhar amháin a tarraingníodh anuas ag cruinniú na hoíche aréir a {Bharry}, bhí sibh ag caint freisin ar, ar, ar tuilleadh do na bóithrí, <sclaigeannaí a bheith iontu> agus an feachtas Pioc Suas É agus glantachán agus mar sin.

 

Barry Bhí, bhí <maol> cainte, tarraingníodh anuas na bóithrí, na bóithrí, bóithrí bailte agus an bóthair, an bóthar an chósta anoir ón Tulaigh, is mór an náire é, tá sé tite as a chéile. Breathnaíonn sé nach bhfuil suim ag duine ar bith caoi a chur air. Teastaíonn cóta <tearan> uilig uaidh. Chuir an Comhairle Contae [hose] trasna an bhóthair ansin tá cúpla seachtain ó shin isteach ag teach mar a déarfá agus tá an, tá an áit réabtha aníos agus bhrisfeadh sé carr ar bith mar a déarfá [so] beidh muid ag iarraidh orthu, an bhfuil a fhios agat, rud eigínt ceart a dhéanamh don bhóthar agus <á> dhá dtiocfadh duine thart b’fhéidir uair sa gcoicís, trí seachtainí ag na bóithrí seo agus breathnú orthu, Dia linn is Muire ní tá, tá, caithfidh tú iad a fheiceáil chomh dona is tá siad agus dhá ndéanfaí na [pot holes] féin ach níl sé sin féin ag tarlú an tóiméad seo.

 

Peadar Sea, sea bhuel <ss>is dóigh gurb shin é an áit a bhfuil an <chon> ba shin é an áit a bhfuil an buille uilig mar a déarfá <an é>, an oiread mar a déarfá daoine atá ag clamhsán faoi chúrsaí bóithrí agus ní hé amháin mar a déarfá na ceanna atá réabtha ach sclaigeannaí sna ceanna atá, atá fanta go bhfóire Dia orainn. Bhí sibh ag caint freisin an raibh ar, ar chomharthaí bóthair agus an chontúirt atá baint le thíos ansin in aice na scoile.

 

Barry Bhí, tarraingníodh anuas é sin freisin, tá, tá mé ag ceapadh ‘ caoga [kilometers] aníos chomh fada ó bhaileos tú suas thar an scoil agus ochtó uaidh sin suas ach ní ní, déan dearmad ar do chaoga ansin mar tá tá luas ag imeacht ann idir ochtó agus céad, agus tá scoil ann, tá casadh géar ag tíocht aníos ansin, nuair a bheas tú ag tíocht aníos taobh Ros a’ Mhíl eh agus go sábhála Dia sinn, dá mbeadh aon ghasúr ag dul trasna an bhóthair agus siúl ag carr tobainn, tá sé contúirteach agus níl ann dáiríre tá muid ag iarraidh go gcuirfí b’fhéidir luas anuas go dtí tríocha [kilometer] ansin go bhfuil a fhios agat, go dtabharfaidh sé sábháilteacht do, do…

 

Peadar Sea

 

Barry dhaoine <agus> mar bíonn…am scoile go mór mór tá sé contúirt..., bíonn [lorries] móra ag dul síos is aníos ann a Pheadair agus breathnaigh, ní, ní, níl aon, ní…cuirfidh mé ar an gcaoi seo é, ní chuimhníonn siad eh nó ní bhreathnaíonn siad ar an.. cé na comharthaí bóthair atá ann mar a déarfá [so]

 

Peadar Sea, is dóigh, is dóigh, sin é an áit a bhfuil an buille agus is dóigh gur deacair mar a déarfá, deacair a chur faoi ndeara <agaibh> go mar mar, mura bhfuil daoine ag comhlíonadh an luais atá ann mar a déarfá ...

 

Barry Bhuel céard eile atá tú in ann a dhéanamh, bhfuil a fhios agat?

 

Peadar Is beag atá tú in ann a dhéanamh is dóigh dáiríre…

 

Barry Ach, ach ach b’fhéidir [just] <rinseáil> agus go ba cheart go smaoineodh chuile dhuine air féin mar a déarfá cé chomh contúirteach is atá tá an spota ann. Chomh maith leis sin a Pheadair, bhí muid ag plé le an.. bíonn sé againn chuile bhliain, an, an glanadh suas seo a bhíonn againn ar na bailte uilig. Iarraidh muid ar chuile dhuine, b’fhéidir triúr as chuile bhaile a thíocht isteach ag an lá deireanach do Mhárta, beidh muid ag glanadh suas taobh na mbóithrí agus beidh muid ag caint leis an gComhairle Contae, beidh siad ag cur, cuirfidh siad stuif ar fáil dhúinn le, le’n glanadh sin a dhéanamh. Anuraidh d’oibrigh sé maith go leor, glanadh an áit ach fós níor, ní dheachaigh an t-uafás daoine amach…

 

Peadar Sea

 

Barry ..agus tá muid ag iarraidh orthu go go dtiocfaidís amach

 

Peadar Ach an é áit a bhfuil an buille a {Bharry} ar nós nós aon áit eile mar a déarfá, gurb iad na daoine céanna atá ag dul amach i gcónaí agus is deacair, is deacair, is deacair daoine nua a mhealladh. Go raibh míle maith agat as ucht a thíocht isteach agus an <mír?> sin a thabhairt dhúinn ar chruinniú na hoíche aréir.

 

Barry <Go raibh míle maith agat fhéin a Pheadair>

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/7712