Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comóradh ar láthair Chath Chionn tSáile

User 215884232 · Comóradh an Athar Tomás Ó Murchú ar láthair Chath Chionn tSáile

Helen: Léigh an tAthair Tomás Ó Murchú, sagart paróiste Chluain Téide, Aifreann speisialta aige Crosaire an Mharaithigh Cionn tSáile, an tseachtain seo, an tseachtain seo go deimhin féinig, i gcuimhne orthu súd a maraíodh i gCath Chionn tSáile. Dúirt an tAthair Ó Murchú ina sheanmóin ag an ócáid nár chás gníomhú láithreach agus láthair an chatha a chur os comhair an phobail. Labhair sé liom fén Aifreann a bhí, agus gach a raibh le rá aige mar gheall air sin.

Tomás: Ó bhuel is Aifreann faoi leith a bhí ann mar bhí níos mó ná Aifreann an Stáisiúin ann. Bhí comóradh á dhéanamh againn ar Chath Chionn tSáile, ar na daoine a maraíodh ann agus, chomh fada is is eol dom, níor léadh riamh Aifreann san ionad sin agus bhíos féin a chuimhneamh air sin nuair a chuireadh anso go Cionn tSáile mé le bliain, dosaen bliain ó shin gur chóir an comóradh sin a dhéanamh nó gur chóir Aifreann a rá ar a son ach go háirithe. Iadsan a dhein na híobairtí chomh mór ar son na hÉireann agus gur cath ana-thábhachtach ar fad ab ea é (1:00) mar athraíodh an córas ar fad córas riarachán na tíre agus córas polaíochta, polaitíochta na tíre agus is dócha an creideamh chomh maith

Helen: Sea

Tomás: Ach bhí an creideamh sáite chomh maith, Gaeil is dócha in uachtar go fóill sula dtarla Cath Cionn tSáile

Helen: Agus bhíodar briste ina dhiaidh

Tomás: Agus bhíodar briste

Helen: Agus Teitheadh na nIarlaí ansan

Tomás: Briste ina dhiaidh agus níorbh leo an talamh ná níorbh leo an tír a thuilleadh an dtuigeann tú? As an gcath san a d'éirigh an náisiúnachas mar is dócha gurb é Aodh Ó Néill an céad náisiúnaí lasmuigh de Séamus Mac Muiris Mac Gearailt a tháinig i dtír ansan i Dún an Óir

Helen: Cath ana-thábhachtach nós a deireann tú briseadh na nGael i ndáiríre briseadh, briseadh na dTaoiseach Gaelach agus iad ar a dteitheadh thar lear agus cabhair ag teacht ón Spáinn, ach níor leor é. Agus, dá mbeifeá sa cheantar ina bhfuileann tusa anois a Athair, cén rian athá ann de, go raibh a leithéid de chath chomh tábhachtach chomh fuillteach ann? (2:00) Cad atá le feiscint sa dúthaigh?

Tomás: Bhuel níl faic i ndáiríre agus is é an rud, tá comharthaí bóithre i ngach aon áit mar bhí páirc an catha leathan go leor agus ina theanntasan, an dtuigeann tú? tháinig Ó Néill agus Ó Dónaill tháinig, ar dtús tháinig na Spáinnigh isteach i dtír i dtír i gCionn tSáile. Tháinig Mountjoy, fear ionad an rí timpeall orthu, agus bhí léigear ar siúl aige i Cionn tSáile lorgaigh sé cabhair ós na taoisigh. Ba chóir dó teacht i dtír sa tuaisceart. Níor tháinig. Tháinig siad i dtír i gCionn tSáile

Helen: Agus chaitheadar súd teacht ó dheas chuige ansan

Tomás: Agus chaitheadar, bhí orthu súd teacht ó dheas chun cabhrú leis siúd. Agus pé airm agus lón a bhí aige dóibh a thabhairt dóibh. Bhí timpeall trí míle fear aige istigh i gCionn tSáile ach mar a deirim tharla... cuireadh Ó Néill láithreach bonn (3:00) chomh tapa agus a b'fhéidir leis, Ó Dónaill ó dheas chun, chun cabhrú    

Helen: Sea

Tomás: Leis na Spáinnigh agus tháinig sé féin aníos ansan coicís ina dhiaidh sin leis an airm iomlán agus thimpeallaíodar na Sasanaigh agus dá bhrí sin bhí léigear ar na Sasanaigh anois i dtreo is ná bhféadaidís bogadh as an áit ina rabhadar

Helen: Sea

Tomás: Bhíodar teanntaithe agus bhí sé ina gheimhreadh agus cheana féin do bhí daoine, bhí saighdiúirí ag fáil bháis de de, den pláigh agus de, de

Helen: Fuacht agus

Tomás: Fuacht agus

Helen: agus ainnise

Tomás: don don aimsir agus ní raibh aon bia ag teacht isteach chucu mar dar ndóigh bhíodar gearrtha amach ón dúthaigh agus ní raibh ar a gcumas na báid a theacht isteach leis an drochaimsir lasmuigh. So sin mar a bhí bhí acu. Now fear (4:00) ciallmhar go raibh taithí aige ar cúrsaí cogaíochta is dócha gurb é an saghas cogaíocht céanna a throideadh sé siúd is an cogaíocht céanna a bhí ar siúl ag Tom Barry...

Helen: Leis na Flying Columns

Tomás: i gCogadh na Saoirse

Helen: Sea

Tomás: An dtuigeann tú? Bhí sé ag brath go mór ar ionsaí a dhéanamh nuair ná bheadh na daoine ag súil leis

Helen: Sea sea

Tomás: Uimhir a haon agus is dócha ní raibh siad éadaithe, ní raibh na fearaibh aige éadaithe mar ba chóir. Ní raibh

Helen: Ní 

Tomás: Bhíodar

Helen: Ní raibh an traenáil orthu is dócha ach an oiread.

Tomás: Ó do bhí. Bhíodar traenáilte aige alright mar do do chuir sé chuige. Bhí sé fadradharcach ón taobh san de. Agus bhí cleas aige ach tá sé rófhada dul isteach ann. Pé scéal é nuair a thánadar ó dheas ansan bhí na taoisigh óga, thuigeadar go raibh na Sasanaigh i sáinn agus theastaigh uathu (5:00) buille a bhuaileadh orthu an dtuigeann tú?

Helen: Sea

Tomás: Agus bhí bhí fonn mór troda orthu ach do chomhairligh Ó Néill dóibh, look fanaigí bog, tóg go bog é. Táid teannta againn ach ní éisteoidis leis. Bhíodar, chomhthionóladar cruinniú ansan bhíodar, bhí sé ana-daonlathach ar fad, agus chaitheadar go léir guth agus caill Ó Néill an cath sin sa mhéid gur gur bheartaíodar na taoisigh óga tabhairt faoi na Sasanaigh. Agus ar an tríú lá fichid de mhí na Nollag istoí.. an oíche sin do thugadar fúthu agus bhí oíche sceirdiúil fuar ab ea é. Agus bhí ceo ann chomh maith agus de réir dealramh chuaigh na Gaeil amú

Helen: Amú sea

Tomás: mar ná raibh aon taithí acu ar an dtimpeallacht

Helen: Sea

Tomás: Agus

Helen: Ní raibh aithne acu ar an áit

Tomás: Nuair a bhí sé ina mhaidin geal (6:00) faoin am gur shroicheadar na Sasanaigh. Agus bhí na Sasanaigh ullamh dóibh, deirtear go raibh spiaraí a thug an scéala chugtha fé mar 

Helen: Bhí i gcónaí, sea.

Tomás: Bhí i gcónaí an dtuigeann tú? Agus bhíodar réidh ullamh dóibh agus ansan nár dhein na Sasnaigh fogha, thugadar fogha faoi Aodh Ó Néill agus do thuig sé siúd ansin likego raibh, nach raibh, go rabhadar ullamh agus nach raibh, nach raibh an rud chomh hoiriúnach dóibh agus

Helen: Sea. Ná rithfeadh leo, sea

Tomás: Bheartaigh sé siúd ar culú an dtuigeann tú?

Helen: Sea

Tomás: agus ní cath in aonchor a bhí ann ach saghas cúlú agus bhí meas.. meascán mearaí ar fórsaí Ó Néill agus Ó Dónaill agus na taoisigh eile agus d'imíodar ó pháirc an catha. Maraíodh, ní fheadar cé mhéid a mharaíodh ach bhí cúpla céad díobh ann deirtear cúig céad, deir daoine eile míle duine (7:00). Agus níor buadh glan amach orthu mar is dócha go raibh ionadh ar na Sasanaigh go raibh sé chomh héasca dhóibh

Helen: Sea sea

Tomás: An lámh in uachtar a fháil ar pháirc an chatha ach

Helen: Sea. Cad ina thaobh, cad ina thaobh gur dteitheadar, ní fheadar?

Tomás: Bhuel an dtuigeann tú? Is, bhí capaill láidre ag na Sasanaigh agus níor ní fhéadfaí seasamh in gcoinnibh an dtuigeann tú? Agus go háirithe bhíodar ag teacht anuas taobh an chnoic agus bhí na saighdiúirí Éireannacha fúthu an dtuigeann tú?

Helen: Sea sea

Tomás: agus gan acu ach pící agus ní raibh an oiread san gunnaí acu ach an oiread. Claímhagus pící agus uirlisí den tsaghas sin

Helen: S..tuigim tuigim

Tomás: a bhí acu. So

Helen: Agus agus an, an láthair sin agus na láithreacha san go léir anois a Athair níl aon rian dó, níl aon mharc in aon áit an bhfuil? Níl aon chomharthaí bóthair, níl aon rud le rá leat

Tomás: Tá comharthaí bóthair ann alright. Ach de tá, tá b'fhéidir (8:00) trí nó ceithre de mhíltibh le siúl agat timpeall air. Agus tá cnoic agus is dócha gleannta ann an dtuigeann tú?

Helen: Sea

Tomás: Agus bíonn, do chífeá fógra ansan agus beagáinín scríofa faoina bhun Campa Uí Néill, Campa na Sasanach agus Campa Uí Dhónaill an dtuigeann tú?

Helen: Sea

Tomás: Ach tá sé scaipthe ar fud. Do chuirfeadh sé meascán mearaí ort.

Helen: Tánn tusa den dtuairim go gceart ionad do bheith ann, ionad do chuairteoirí a bheadh ann gur cheart forbairt cheart a dhéanamh ar

Tomás: Ó

Helen: An stair a bhaineann leis an gceantar.

Tomás: Ó ní mór, ní mór é sin a dhéanamh. Do bheifeá ag súil le ionad mhínithe 

Helen: Sea

Tomás: An dtuigeann tú? A bheith tógtha ansan agus do léireodh sé sin le léar léarscáileanna agus le ionad cosúil leis an ceann atá sa Bhlaoscaod Mór, ach an taighde a bheith déanta agus an leagan amach ar an, ar an, (9:00) páirc an catha agus na háiteanna a raibh na saighdiúirí agus mar sin de. D'fhéadfá fógra mór a dhéanamh air sin ach d'fhéadfaí tosnú le ionad mínithe agus ansan tá saghas baile beag Cloch na Coillte taobh linn ansan cúpla míle bhuel, tá sé fé míle slí uainn. Ach tá saghas cad a dhéarfá? Baile beag tógtha amach san don don  

Helen: Sea. Mionbhaile fé mar a deirfeá

Tomás: Mionbhaile

Helen: Sea

Tomás: Tógtha acu b'fhéidir ar ceathrú acra agus is féidir leat dul timpeall agus na háiteanna a fheiscint ann ar traein beag istigh ann. Now dá mbeadh macasamhail do láthair an chatha ní gá go mbeadh traein agat istigh ann. Ach go mbeadh sé lánsoiléir cá raibh an, na hionaid éagsúla agus cad as a dtáinig

Helen: Sea

Tomás: Na, na saighdiúirí ó am go chéile agus go bhféadfaí é sin a fheiscint

Helen: Sea. Ta..

Tomás: go soiléir ann, mar aon leis an t-eolas go léir ansan a bhain leis an cath agus an, na, na (10:00) rudaí a d'éirigh as ina dhiaidh sin ansan.

Helen: Sea. B'fhiú dar leatsa tabhairt fé agus dar leatsa go bhféadfaí é sin a dhéanamh ar bhonn pobail agus go gceart don bpobal bpobal áitiúil ansan teacht le chéile agus tabhairt fé thús a chur leis ach go háirithe.

Tomás: Bhuel, an dtuigeann tú? Níl faic na fríde déanta ag, ag aon rialtas ó bunaíodh an stát a leithéid de, de chomóradh a dhéanamh, bhuel tá sé ana-thábhachtach ó thaobh stair na tíre ach ó thaobh na turasóireachta de, ó thaobh eolas de, ó thaobh tionscalaíochta de, tá pota óir ansan acu ach amháin tochailt agus é a thógaint agus a chur i láthair an phobail. Bheith, measaim féin ós rud é nach bhfuil aon níl aon rud déanta ag an rialtas go mba chóir b'fhéidir don pobal féin teacht le chéile b'fhéidir comharchumann a bhunú, comharchumann pobail a bhunú ina bhféadfaí, abair tosnú le (11:00) b'fhéidir macasamhail nó ionad mhínithe

Helen: Sea

Tomás: Ar an gcath a chur ar fáil do don, don gnáthphobal.

Helen: Sea

Tomás: Agus comóradh bliantúil a bheith ann.

Helen: Ina dhiaidh san

Tomás: Chun é a choinneáilt ós comhair na, súile na ndaoine

Helen: Sea

Tomás: Agus súile muintir na hÉireann.

Helen: An raibh puinn daoine ag an Aifreann anois an oíche eile?

Tomás: Bhí suas le isteach is amach le céad duine.

Helen: Mar sin tá spéis ag an bpobal ann. Seans go mbeadh spéis ag an bpobal tabhairt féna leithéidí seo. Agus is dócha tá, aon duine go bhfuil aithne acu ortsa a Athair, tá a fhios acu gur fear gnímh tú in aon pharóiste go rabhais riamh ann. Mar sin, is dócha, dhéanfá féin ceannródaíocht ar seo arís?   

Tomás: Bhuel do bheinn sásta cabhair a thabhairt ach, an dtuigeann tú? Sa timpeallacht anseo ní fheadar, tá roinnt daoine ansan go bhfuil go bhfuil suim acu ann. Ach ní fheadar an bhfuilid, an bhfuil an tuiscint acu nó an cur amach acu ar Cath Cionn tSáile agus an rud a d'eascair as (12:00) cath Cath Cionn tSáile, an dtuigeann tú?

Helen: Ó thaobh na staire dó, ó thaobh stair na tíre dó. Ach

Tomás: Ó thaobh na tíre de. Agus tá..

Helen: Sea. Ach b'fhéidir ar nó sea, b'fhéidir ar nós a deireann tú dá, go mbeadh tuiscint acu ar thábhacht thionscal na turasóireachta agus go meallfadh sé sin daoine chun tabhairt féna leithéid de thogra.

Tomás: Do mheasfainn go, go mb'fhéidir go mbeadh.

Helen: Sea.

Tomás: Like tá a lán rudaí gur féidir a dhéanamh an dtuigeann tú? D'fhéadfaí scoil Samhraidh a bheith agat ar Cath Chionn tSáile. D'fhéadfaí nó scoil Fómhair a bheith agat nó scoil Geimhridh a bheith agat.

Helen: Sea

Tomás: D'fhéadfaí an ceol a chomóradh, ceol a bhain leis an tréimhse sin. Ceol páirc an chatha, na huirlisí a bhí á sheinnt acu ag an am.

Helen: Sea

Tomás: D'fhéadfaí féachaint air, ó thaobh na drámaíochta de. D'fhéadfaí a leithéid a cumadh d'ya know drámaí a chumadh faoi na daoin.., an cath féin agus

Helen: Sea,

Tomás: na daoine a ghlac páirt

Helen: Nós a deineadh (13:00)

Tomás: Cad é?

Helen: Deineadh anseo i gCorca Dhuibhne Dún an Óir, deineadh an, an dráma mór anso i gCorca Dhuibhne bunaithe air sin.

Tomás: Sea

Helen: Mar sin thá, thá fuílleach deiseanna ann. Cad a tharlóidh anois? Seachas an méid a bhí le rá agat féin ag an Aifreann tráthnóna Dé Luain, a Athair, an bhfuil tú ag súil go gníomhóidh an pobal, go dtiocfaidh daoine chun cinn go dtiocfaidh daoine le chéile agus chun rud éigin a dhéanamh mar gheall air seo?

Tomás: Bhuel an an rud ba mhaith liom a fheachaint, a fheiscint go mb'fhéidir go, go bhféadfadh na meáin cumarsáide cabhrú sa tslí sin. Agus an, an cheist a thógaint.

Helen: Sea

Tomás: Agus é a chur amach ansan i measc an phobail agus dá ndéanfaí a leithéid an dtuigeann tú? Mhúscalófaí b'fhéidir suim an phobail in a leithéid de rud mar ní, ní thuigeann siad féin

Helen: Gan dabht

Tomás: cé chomh tábhachtach is atáid.

Helen: Gan dabht

Tomás: Bíonn, fiú amháin turasóirí ón, ón taobh sin tíre i like, tá an aineolas sin forleathan

Helen: Tá tá

Tomás: Agus tá sé deacair, bheadh sé deacair é a dhéanamh (14:00). Ach dá dá mbeadh roinnt altanna ar pháipéirí agus b'fhéidir roinnt cláracha ar a leithéid do, do mhúsclódh

Helen: Osclódh sé

Tomás: sé suim

Helen: Bhuel

Tomás: na ndaoine ann.

Helen: Bhuel a Athair go raibh míle maith agat as labhairt linn inniubh. Bhís ag rá go raibh tacaíocht na méan ag teastáil agus tá tús curtha againn leis an gcaint anso againn ar An Saol Ó Dheas ach go háirithe agus tú féinig ag ceiliúradh an Aifrinn sin ag Áth an Mharaithe. Is iontach is iontach an ainm é agus bhíos ag féachaint ar liosta na mbailte athá sa Stáisiún ansan agat thíos i bparóiste Chluain Téide agus bailte álainn, Cnoc na hAidhleann, Baile an Bhárdaigh, Cúil Bhaile Fhionnáin, Lios Catháin Beag, Fearann na Maí agus Móin an Chláraigh, nach ea? Bailte álainn.

Tomás: Yeh Móin a' Chláraigh yah

Helen: Bailte álainn ar fad. Ainmneacha, logainmneacha álainn ar fad. Go raibh míle maith agat as labhairt linn inniubh agus le cúnamh Dé go mbeimid ag caint arís mar gheall ar an gcás áirithe seo.

Tomás: Ana-mhaith a Helen. Rath Dé ort agus go raibh míle maith agat.

Helen: Ardfhear! An tAthair Tomás Ó Murchú ansan, sagart paróiste paróiste Chluain Téide (15:00) thíos láimh le Cionn tSáile i gCorcaigh agus is maith é agus thá sé chun gach aon iarracht a dhéanamh, beag an baol pobal na háite sin a ghríosadh chun dul i mbun gnímh agus cuimhneachán a dhéanamh ar Chath Chionn tSáile ansan, cuimhneachán a mheallfaidh daoine agus cuairteoirí chun na dúthaí.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/6267