Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Mír Sláinte: Fearg

PEADAR:  Tá sé in am anois dho mhír rialta faoi chúrsaí sláinte, a bhíonns a’inn chuile choicís agus tá eh an Dochtúir Séamus Ó Beirn tagtha isteach anseo sa stiúideo. Agus má tá aon cheist agaibh le cur ar a’ dochtúir, bígí ag glaoch ar Winnie. Agus tá fhios agaibh fhéin na huimhreachaí. Ansin <do bhí> -táimid eh ag goil ag caint inniu ar a’ tionchar atá ag eh fearg agus olc ar do shláinte. Is dóichí nach gcuimhníonn duine, go minic, mar a déarfá, <bh- c-> uh cé- a dhochtúir, g-go bhfuil tionchar ag a’ bhfearg, ar, ar do shláinte sa méid agus <g-> -airíonn tú daoine a’ caint, ceart go leor- dhearg sé, ceart go leor, agus d’iompaigh sé, shílfeá- ba ghearr le coileach turcaí é agus mar sin, agus is dóichí gur cosúlacht é sin go bhfuil an brú fola –g- ag ardú, ab é a dhochtúir?

SÉAMUS: [yeah] is, is mothúchán an-láidir é, nuair a thagann sé aníos. Agus go hiondúil tagann sé aníos mar gheall go bhfuil brú éicínt orainn. Go hiondúil b’fhéidir go, go, eh , go bhfuil tú théis eh aimsiú gur deineadh faillí ort nó go bhfuil drochmheas éicínt, nó go bhfuil gortú ar chaoi éicínt thú. Eh agus ehm, is, is, is ansin atá an trioblóid, mar eh, ansin, eh tá dhá ph- de- má dhéanann tú deighilt, tá dhá pháirt sa bhfearg. Tá tú ag iarraidh rud éicint nach bhfuil tú á fháil. Agus nuair nach bhfuil tú á fháil ansin, spréachann tú lena fháil.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Agus, eh, agus se- sa gcultúr seo eh níl eh- tá drochmheas ar, ar, ar olc agus fearg, eh seachas b’fhéidir cultúr eile, in áiteachaí sa, sa domhan, agus ceapann siad gur uh, gur paisiún é.

PEADAR: Sea.

SÉAMUS: Agus seasfaidh siad siar uait agus déarfaidh siad ‘nach aige atá an paisiún?’ ach, ach, is-

PEADAR: <Sea>

SÉAMUS: Sa gcultúr a bhfuil muid ann sa gcéad domhan, eh, níl- tá drochmheas air. Agus sin é, sin- tá eireaball ar a’ bhfearg-

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: -sa méid eh go mbeidh caitheamh ina dhiaidh ina dhiaidh a’t, agus go mbeidh damáiste déanta, dho chineál éicínt.

PEADAR: Mmhm, mmhm. Ach ansin arís mar a déarfá le bheith a’ breathnú ar an taobh eile dhon scéal, nach mbeifí ag ceapadh scaití, nach fearr dhuit é a scaoileadh amach ná b’fhéidir é a choinneáil istigh, mar a déarfá agus é a choinneáil a’t fhéin agus b’fhéidir- b’fhéidir go ndéarfá, go ndéarf-, go ndéarfaidh sé tá an dochtúir Ó Beirn sin- is ionta- is iontach go deo an duine é- ach ‘gus ansin nuair a bheadh sé gaibhte amach a’ doras, beidh, beidh ar, beidh, b-beidh ar, beidh- bheadh lán mála cantail ort a’ goil abhaile chuig do bhean, nó do chlann, bhuel cibé cén duine, an té a <bheadh> tú a’ caint leis ina dhiaidh. Meas tú nach measa é sin ar bhealach? Ar meas- nó ar measa?

SÉAMUS:                 Bhuel eh tá an, tá an taobh sin, <sea>. Tá tú ceart a Pheadair. Tá, tá, tá iomaí cineál- eh tá iomaí cineál fearg ann, agus iomaí cineál bealach ina dtagann sé amach. Ach em, mar a dúirt tú, cea- cheapfadh daoine gur fearr é a scaoileadh amach ar a’ bpointe ná é a bheith faoi cheilt, agus eh go mbeadh rudaí- abair go mbeadh easaontas faoi cheilt - nó go mbeifeá eh a’ t- a’ troid le duine, agus, agus a bheith á shaighdeadh, uh agus a bheith eh, eh f-faoi chlúdach nó i bhfollach agat <dho chineál> eh ar chaoi éicínt. Em, ach, eh níl aon dabht faoi sin, ach san am céanna, caithfimid smaoineamh go, g-go dta- gurb é an áit a dtagann a’ fearg as uh eh, ar dtús báire, an, mar a thugann siad sa mBéarla air an [flight] nó f- [fight] nó [flight response] agus sin é an [adrenalin] atá againn. Agus eh tá sé sin againn go nádúrach, eh, mar gheall, fadó bhíodh contúirt thart orainn. Eh, agus eh nuair a bheifeá i gcontúirt go mbeadh an [adrenalin] seo a’t a thabharfadh amach as sin thú, agus eh go go <d-> seasfá ‘s go dtroidfeá nó go <n-imeof’ fuadaith’> as a’ gcontúirt.

PEADAR: Mmhm, mmhm.

SÉAMUS: [so] sin é- is as sin a thaganns an, an fearg.

PEADAR: Mmhm. Dh-dhon té a bhfuil a’ fearg seo air, bhfuil sé, bhfuil sé in ann r-rudaí eile a chur, a chu- a chur ann nó- ann nó as, dé-déanamh dhó, abair, tinnis cinn agus rudaí dhon tsórt sin- a’ bhfuil, bhfuil, bhfuil sé sin mar chuid dhon eh- bhfuil sé sin ag <cuidiú eh> -[no] ní <cuidiú> ar chor ar bith, nó b’fhéidir ag déanamh rudaí níos measa dhon té a bhfuil a’ fearg air?

SÉAMUS: Bhuel, is dóichí gurb é an, gurb é an tionchar is mó a fheiceanns muide ná, abair má tá duine, má tá duine atá breoite nó tinn, agus galar éicínt leanúnach air, agus teastaíonn a chuid fuinnimh uaidh, uh, lena throid, agus deireann muid i gcónaí leis eh, leis an duine sin má tá fearg nó bagáiste dh’aon chineál i do shaol, faigh réidh leis mar tá sé, uh tá sé a’ baint do chuid fuinnimh uait. Eh, ach chomh maith leis sin ar ndóigh, eh, sa gcultúr, nuair atá drochmheas ar fearg, nuair a, nuair a, nuair a, nuair a spréachann tú, eh, cuireann tú droch-cháil ort fhéin, agus cailleann daoine trust. Agus, ar ndóigh, déanfaidh tú praiseach dho chaidreamh. Eh [so] agus ansin beidh caitheamh ina dhiaidh a’t agus beidh tú buartha faoi sin. Agus ar ndóigh goillfidh sé in ort. Eh agus ar ndóigh is drochshampla é dho do chlann agus dho do chuid <mm> gasúir. [So] tá <g->, tá go leor ehm drochrudaí ag baint leis.

PEADAR: Mmhm hmm. Agus mar a deir tú, cuireann- cuireann sé as ní hamháin <go> gcuireann sé as duit fhéin, ach cuireann sé as dho dhaoine thi- eh, timpeall ort, ar bhealach.

SÉAMUS: Timpeall, sea.

PEADAR: Agus chomh maith leis sin, is dóichí, go gcothaíonn sé deacrachtaí sa méíd is go bhfuil sé deacair- fiú amháin más ó thaobh cúrsaí oibre atá i gceist, mar a déarfá- bhfuil sé deacair déileáil leis an té atá feargach i gcónaí agus a g- g- bhfuil fhios a’t, go bhfuil sé ag cur brú ar dhaoine, ní hamháin ar na daoine atá timpeall air, ach go bhfuil sé ag <goil> cur brú ar eh comhghleacaithe ar fad atá aige nó aici <f…> san am céanna.

SÉAMUS: Sea. Tá. Agus ar ndóigh, eh is é an, is é an tuairim a bheadh ag duine faoin duine a bhíonn feargach i gcónaí nach bhfuil aon stuaim aige. Mar, eh ‘áiríre nuair atá tú – deir na saineolaith’ – nuair atá tú a’ déileáil le, le fearg, séard a cheart duit a dhéanamh, má tá rud éicínt ag goilliúint ort ná gur cheart duit é a bhriseadh ina dhá leath, agus eh a rá leat fhéin [ok] níl me ag fáil an rud atá mé á iarraidh. Eh ach eh bhfuil mé in ann é a fháil ar chaoin éicínt nach ngortóidh mé mé fhéin. [So] déanann tú an deighilt, agus déarfaidh tú leat fhéin ‘tá mé sách glic, agus tá mé sách ehm críonna, go bhfuil mé in ann an rud atá mé á iarraidh a fháil, gan mé fhéin a ghortú’.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Eh.

PEADAR: An córas díleá, bhfuil baint éicínt aige – an fearg leis a’ gcóras díleá, nó a’ gcuireann sé as dhon chóras dlí-díleá, agus céard <go baileodh> atá i gceist leis sin a dhochtúir?

SÉAMUS: Dhon cló- córas dlí?

PEADAR: Dhon córas díleá nó an [digestion] seo mar a thugann siad air-

SÉAMUS: Ó se- ó sea. Bhuel aon, aon mothúchán láidir atá a’t i do chorp, goillfidh sé ort ar chaoi éicínt. Eh m-m-más duine- má tá tú tugtha dhon rud sin, agus má tá tú i gcónaí á dhéanamh, má tá tú feargach seasta, goillfidh sé ar do chroí mar-                                                

PEADAR: Mm.

SÉAMUS: Beidh do chroí ag bualadh níos sciobtha i gcónaí, agus eh agus, sin, sin, cuireann sé sin isteach ar na cuisleacha agus ar an, an fuil ag rith trí do chorp ar fad [so] goillfidh sé ar do chorp go léir.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Agus beidh tú tinn dá bharr.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Níl aon dabht faoi sin.

PEADAR: Agus , mar a deir tú, má tá duine éicint agus é iompaith’ amach ina choileach turcaí, nó í, iompaith’ amach ina choileach turcaí agus é deargtha, deargtha le teann feirge-

SÉAMUS: Sea.

PEADAR: Eh tá an b- do chuid brú fola ardaith’ ag a’ trá sin agus eh is dóichí nach maith an rud é sin ma- nó ar maith, sa méid is go n-ísleoidh sé arís nuair a bhéas, nuair a bhéas an, an ,an <c-cith> caite a’t, nó <…> an t-olc imith’ arís.

SÉAMUS: Sea. Bhuel, eh [o’course] tá fhios a’inn ar fad nuair a- má bhíonn fearg nó olc orainn, nach bhfuil muid in déileáil le rudaí, níl muid in ann theacht ar réiteach chomh héasca ar rudaí, agus go minic, tógfaimid an rogha mícheart.

PEADAR:Mmhm.

SÉAMUS: [So] tá, tá go leor rudaí a tharlaíonns dúinn, agus níl tú, níl tú in ann thú fhéin a thrust nuair atá fearg ort.

PEADAR: Mmhm. Eh bhuel is dóichí gurb in rud eile agus ní hamháin go bhfuil brú, brú ard fola i gceist ach a’ bhfuil galraí cnis, nó galraí craiceann i gceist freisin, a’ bhfuil? Rudaí cosúil le-

SÉAMUS: Tá.

PEADAR: [eczema] nó rudaí dhon tsórt sin a’ bhfuil?

SÉAMUS:Tá. Tá.

PEADAR: Agus a’ bhfuil baint ag- cé chomh mór agus atá baint ag fearg leis sin?

SÉAMUS: Bhuel, tá- go speisialta daoine a bhfuil, a bhfuil eh, a bhfuil galar craicinn leanúnach orthub, eh agus [psoriosis] ceann amháin acub. Déarfaidh daoine sin i gcónaí leat, má- go bhfuil- nuair atá siad suaimhneach is é is fearr atá rudaí faoi smacht.

PEADAR: Sea, sea.

SÉAMUS: Agus eh nuair atá olc orthub, agus má tá aon míshuaimhneas orthub go mbeidh sé, go mbeidh trioblóid leis.

PEADAR: Go deimhin, bhí mé ag caint ansin ar dhaoine mar a déarfá a bhfuil br- a bhfuil brú fola ard orthub agus, agus eh eh uh, agus tá éisteoir théis glaoch anseo orm agus ní, ní a’ déanamh, ní a’ déanamh beag agus fiú a bhí mise dho eh dho bhrú fola ná aon duine go deimhin a bhí sé air agus ní údar gáire ar bith é, a láithreoir, atá ráite anseo. Ní coileach turcaí mise agus tá brú fola or agus, thuigim é sin agus tá an té sin míshásta. Agus eh mo leithscéal má chur mé aon múisiam ar an té sin. Ach dho dhuine ar bith a bhfuil brú fola air, ní mar a déarfá gá gur coileach turcaí é, agus tá a fhios ag chuile dhuine gur galra é, gur galra é mar a déarfá a chuireanns as, mar a déarfá dho go leor leor daoine.

SÉAMUS: Eh ní, ní galar, ní galar feirg é, ní galar feirg é.

PEADAR: Ní hé an f- ní hé an fearg mar a déarfá –ní-ní-ní-

SÉAMUS: Ní hé an fearg is chuirfeas brú fola ort

PEADAR: Ní hé.

SÉAMUS:Ach ardóidh sé an brú fola, ar a’ bpointe, nuair a bheidh sé ort, ach-

PEADAR: Mmhm mhmm.

SÉAMUS:Beidh sé, beidh sé titith’ ina dhiadh.

PEADAR: Céard faoi- eh c-céard faoi- a’ bhfuil, bhfuil aon bhaint ag cúrsaí feirge le, nó an bhféadfadh sé tarlú go bhfaighfeá [stroke], go <…> nó tada dhon tsórt ar a’ mbealach sin, nó a bhfuil- an bhféadfadh sé sin tarlú?

SÉAMUS: Ó cinnte, cinnte. D’fhéadfadh sé tarlú, níl aon dabht faoi. Abair anois dá mbeadh brú fola ard ar dhuine, agus go mbeadh sé goilliúnach ar a’ gcaoi sin, eh dá mbeadh- dá dtiocfadh fearg, fearg nó olc dona air, d’fhéadfadh sé, eh d’fhéadfadh sé ehm eh stróc a fháil, d’fhéadfadh go deimhin. An chaoi chéanna leis an mothúchán laidir, abair, má tá tú- duine atá bíogaith’ i ndiaidh spóirt agus má tá siad ar breathnú ar a’ [match] agus t- eh, ehm má, má ehm, má tá, má tá siad bíogaith’ leis agus agus eh an-tóir acub air, agus má tá an [team] ag cailleadh nó ag gnóthachtáil, is féidir leod stróc a fháil mar tá an, tá an mothúchán chomh láidir sin.

PEADAR: Mmhm, mmhm, mmhm, mmhm. Agus is dóichí <m-g-> dhon té a bh- a bh- a bhualann taomanna feirg iad ó am go chéile, a’ bhfuil aon bhealach ar leith le eh- <a bheifeá á mholadh> mar a déarfá le goil i ngleic leis agus tá fhios a’m nach bhfuil sé sin éasca i gcásanna áirithe, is dóichí.

SÉAMUS: Bhuel níl, ach má, abair má thógann tú sampla coitianta a tharlaíonns ó lá go lá: abair má tá tú ag goil chuig an obair agus tá, tá deifir ort, nó tá tú rud beag deireanach. Agus má tá tú sáinnith’ ag tiománaí atá an-mhall, ehm, agus tá cineál [road rage] ag éirí ort, ehm, eh c- caithfidh tú straitéis éicint a bheith a’t, agus tá ceann an-simplí agus má, má, má stopann tú thú fhéin nuair atá an olc ag éirí, ‘s má stopann tú thú fhéin is déarfaidh tú leat fhéin, bhuel, eh tá an- tá an- cén fáth ar cuireadh an fear seo romham ar maidin- agus –agus- ag cur <moill> orm agus déarfaidh tú b'fhéidir eh bhuel b'fhéidir go bhfuil an saol mór a’ breathnú i mo dhiaidh, agus go bhfuil sé mo choinneáil ó thimpiste. [So] ciúnóidh tú thú fhéin sios agus –suaimhneas- cas ar [Radio] na Gaeltachta agus bí ar do shuaimhneas.  

PEADAR: Bhuel is dóichí gur rud é nach gcuimhníonn daoine, ceart go leor, air, eh, nuair a bhíonn siad, mar a deir tú i scuaine trachta nó rud ar bith dhon tsórt sin, agus b'fhéidir cantal a’ teacht orthub, mar gheall ar cibé cad é a’ tarlú ó thaobh cúrsaí tráchta, <a’> cur moill ar dhaoine, ach gur maith an rud mar a déarfá is dóichí, bheith ag breathnú ar a’ taobh dearfach dho na cúrsaí seo <eh ch-> chomh fada agus is féidir, an t-am ar fad.

SÉAMUS: [yeah]

PEADAR: Agus is dóichí nach minic a gcuimhníonn muid, mar a déarfá, go bhfuil taobh dearfach air, is cuma cén mhoill atá á cur ort, mar a déarfá ach go-

SÉAMUS: Sin é go díreach, tá taobh dearfach le chuile shórt faoi dheireadh.

PEADAR: Mmhm. Céard faoi ch-chúrsaí aclaíochta- bhfuil aon- bhfuil, bhfuil aon leas le baint as cúrsaí aclaíochta le <rá>, le ghoil i ngleic le- b'fhéidir eh an té a bhfuil, a bhf- a bhf- an té a bhfuil an chontúirt ann ar a laghad go mbeadh <go m->

SÉAMUS: Sea.

PEADAR: -go mbíonn fearg á mbualadh?

SÉAMUS: Ó níl aon dabht ar domhan. Aon, aon ehm- is, is cineál machnamimh é an an aclaíocht –[y’know] daoine a théanns amach ag rith, agus níl aon dabht ná eh go ndéanfaidh sé maitheas mór dhóib’. Eh ach agus ar ndóigh mach- má dhéanann daoine machnamh agus iad fhéin a chiúiniú síos-

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Cabhraíonn sé sin go mór.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Ach níl aon dabht go bhfuil- tá- tá go leor ehm eh cúrsaí [anger management] agus- eh ar siúl sa domhan thart orainn, agus eh tá bealaí le déileáil leis.

PEADAR: Mmhm. Is minic a chloisimid faoi dhaoine ar chúiseanna <éa-> uh áirithe, ar chúiseannaí- cuid mhaith cúiseanna b’fhéidir i gcuid mhaith uh- nach bhfuil sé <ci-> nach bhfuil siad in ann codladh b'fhéidir an-iontach san oíche nó go bhfuil siad a’ dúiseacht agus mar sin eh, agus nílim a’ rá anois gur fearg, gur fearg uilig mar a déarfá a bheadh á ndúiseacht ach is minic go mbíonn daoine ag dúíseacht mar gheall go bhfuil siad ag cuimhneamh ar b'fhéidir an rud atá rompu, rompu agus eh <go bhf-> nó sin nó go bhfuil fearg orthub faoi rud éicint a tharla dhób agus go bhfuil siad eh <á>-

SÉAMUS: <[yeah]>

PEADAR: Go bhfuil sé sin á gcoinneáil ó <dh-> ó chodladh na hoíche dháiríre. Agus is- meas tú a’ bhfuil aon chomhairle a d'fhéadfá a chur ar a leithéid sin ‘nois dho dhaoine mar a déarfá <a> bhfuil codladh na hoích’ ag goil ó mhaith orthub, abair.

SÉAMUS: Eh t-t-t-tá sé sin fíor eh cuid mhaith dho na daoine a bhfuil deacracht acub codladh san oích’, is mar gheall go bhfuil siad an-intinniúil, eh agus go bhfuil siad eh- nach ndéanann siad go leor machnaimh faoi rudaí i rith an lae. Ach nuair a thaganns eh, nuair a thaganns am codladh, b’in an uair- nuair a bhuaileanns an cloigeann an piliúr- b’in an uair nuair a thosaíonn siad ag smaoineamh ar eachtraí an lae.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Agus má tá tú ró-intinniúil- agus tá sé an-deacair eh codladh má tá tú ag cur rudaí thrí do chloigeann eh nuair a théanns tú a chodladh [so] ba cheart-

PEADAR: Mm.

SÉAMUS: Tugann, tugann na, na saineolaith’ [sleep hygiene] air. G-go, go stopfaidh tú thú fhéin a’ déanamh na rudaí sin b'fhéidir ag an naoi nó an deich a chlog agus déárfaidh tú leat fhéin ina dhiaidh seo nílim a’ goil a ‘smaoineamh ar aon cheo a tharla i rith an lae ná aon cheo a bhaineas le mo shaol faoi láthair.

PEADAR: Mmhm.

SÉAMUS: Eh [so] tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh.

PEADAR: Tá is dóichí, ach is dóichí nach bhfuil sé chomh héasca is a cheapfá san am céanna mar a déarfá, sa méid agus eh uh gur breá an rud mar a déarfá, mbeifeá in ann <a> rá leat fhéin ag a- níl fhios a’m- deich a chlog san oíche <ndéarfá leat> níl tada ‘nois- níl mé a’ goil eh, níl mé a’ goil eh, a’ labhairt faoi a leithéid seo nó a leithéid siúd nó goil ag cuimhneamh ar a leithéid seo nó a leithéid siúd as seo go maidin ach, ag an am céanna b'fhéidir eh uh eh is éas-, is éasca é a rá ach níl sé chomh héasca sin é a dhéanamh, b'fhéidir, <uaireanta>.

SÉAMUS: Níl ach sílim, sílim d-duine ar bith <d->a théanns thríd a’ saol agus a bhfuil críonnacht acub, déarfaidh siad go bhfuil, go bhfuil strus go maith sa méid go guirfidh sé a’ déanamh rudaí thú, ar cheart duit a dhéanamh ach go bhfuil, go bhfuil, go bhfuil staid ann a gcaithfidh tú a rá leat fhéin, tá an oiread déanta a’m faoi sin agus is féidir liom a dhéanamh agus, agus níl mé ag goil ag déanamh aon maith as ina dhiaidh sin.

PEADAR: Mmhm. Mmhm. Mmhm.

SÉAMUS: [so] caithfidh tú é sin a rá leat fhéin ag staid éicint.

PEADAR: Sea. Bhuel mar a déarfá is dóichí gur maith an chomhairle í sin dhon té atá, dhon té atá, dhon té <c-> atá in ann glacadh leis. Go bhfóire Dia orainn- shílfeá, shílfeá- is iomaí duine agus ní, ní fearg amháin, mar a déarfá, a dhúisíonns duine, eh duine nó daoine i lár na hoích’ agus b'fhéidir go bhfuil baint éigin ag aois leis-tá – bíonn, bíonn, is dóigh, an intinn ag imeacht b'fhéidir, eh cuid mhaith dhon am, agus bíonn tú a’ rá leat fhéin b’fhé- rudaí b'fhéidir eh a chur as dhuit agus beidh tú ag cuimhneamh siar ‘s beidh tú a cheapdh go bhfuil siad ligthe i ndearmad a’t ach ag an am céanna-

SÉAMUS: [yeah]

PEADAR: Ó am go chéile, tagann siad, tagann siad chun cinn. <…>

SÉAMUS: [yeah] ach tá deacair, tá sé deacair ghoil tríd a’ saol seo mara mbeidh smacht a’t ort fhéin [y’know], agus baineann sé sin leis sin freisin. Agus uh agus uh is breá an rud é an smacht.

PEADAR: Is cinnte gur breá. Go raibh mile maith a’t a dhochtúir as ucht an léargas sin a thabhairt dhúinn ar maidin. An dochtúir Séamus Ó Beirn ansin, agus mar a deirim, ní ag iarraidh a bheith ag cur, ní ag iarraidh a bheith ag cur chantail ar aon duine a bhí mise eh ar maidin, n-nuair a luaigh mé brú fola agus feirg agus coillea- duine a bheith ina choileach turcaí. D'fhéadfadh duine ar bith a bheith ina choileach turcaí, agus gan, gan, go bhfóire Dia orainn aon, aon eh ao-aon eh, uh bhrú fola ag cur as dhó, ach amháin ag an nóiméad sin. Ach b'fhéidir nach bhfuil ann ach rud gearr, ach an té eh a bhfuil, eh go bhfóire Dia orainn, brú fola ard orthub go leanúnach, is bocht <a sc->, is bocht an cás agus ná ceap, a éisteoir, go raibh mise ag déanamh beag is fiú dho aon duine a bhfuil brú fola ag goil dhób. Agus eh go deimhin, eh eh is, is mór agus is iontach na daoine iad sa méid agus go seasann siad roimh an mbrú fola. <Cloisim eh>, tá cuid mhaith daoine a bhfuil brú fola orthub agus nach bhfuil fhios acub chor ar bith é, agus is dóichí gur measa ná sin dho scéal é sin.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/4520