This is a Clilstore unit. You can .
Seo dráma beag eile atá suite i mbialann agus tá triúr carachtar ann, tá Betty Cití Dhubh an freastalaí, aire, an t-aire nua na Gaeltachta agus is mise Jean Pierre an cócaire agus tá mise istigh sa chistineach.
Aire Gaeltachta: Ó...cad é mar? Is mise an t-aire nua faoi choinne na Gaeltachta, is mise Liz cé thusa?
Betty Chití Mary: Ó tá fáilte romhat, is mise Betty Chití Mary, is freastalaí mé anseo, ar mhaith leat suí anseo?
Aire Gaeltachta: Go raibh maith agat a Bhetty Chití Mary, an bialann lán-Ghaeilge é seo?
Betty Chití Mary: Ó, Gaeilge cinnte.
Aire Gaeltachta: An aire nó an t-aire mé, níl mé róchinnte cé acu is ceart dom a rá.
Betty Chití Mary: Bhal, á, deireann muintir na háite anseo, bunadh na háite gur náire, is náire thú.
Aire Gaeltachta: Ó go raibh maith agat, is náire mé, is náire mé, bhal go raibh maith agat as sin. An, an bhfuil Gaeilge sa chistin fosta?
Betty Chití Mary: Ó Gaeilge, cinnte.
Jean Pierre: Bhal, tá gairleog sa chistin!
Aire Gaeltachta: Ach tá cúpla focal agat.
Betty Chití Mary: Seo an...
Jean Pierre: Níl ach focal amháin agamsa le rá leat ‘tabhair deontas dom’
Aire Gaeltachta: Cad é?
Jean Pierre: Deontas le do thoil.
Aire Gaeltachta: Ó!
Betty Chití Mary: Seo an biachlár duitse, agus tá Francach sa chistin fosta.
Aire Gaeltachta: Francach, francach, ó níl an focal sin agamsa go fóill.
Betty Chití Mary: Nach bhfuil?
Aire Gaeltachta: Níl. Fan bomaite, fan bomaite anois, ó Dia ár sábháil, luchóg mhór, luchóg mhór sa chistin?
Betty Chití Mary: Féach, féach thusa air seo beidh mé ar ais arís. A Jean Pierre, seo an náire.
Jean Pierre: An náire, an náire atá ann,
Betty Chití Mary: agus dúirt sí gur rat atá ionatsa.
Jean Pierre: Rat, luchóg, mon diú!
Betty Chití Mary: An bhfuil bia lán-Ghaeilge ann, tá sí ag iarraidh bia lán-Ghaeilge
Jean Pierre: Bia lán-Ghaeilge, tá bia Gaelach agamsa, tá sicín Ghaoth Dobhair agamsa anseo, sicín speisialta.
Betty Chití Mary: Shíl mise nach raibh sicín ar fáil inniu.
Jean Pierre: Frog atá ann.
Betty Chití Mary: Cá háit a bhfuair tú na froganna?
Jean Pierre: Sa phortach ar maidin, beidh siad ceart go leor.
Betty Chití Mary: Tá siad deas úr.
Jean Pierre: Seo frog agus frog eile, sicín le gairleog, sicín na Gaeilge, an bhfuil rud ar bith eile de dhíth?
Betty Chití Mary: An bhfuil sú gairleoige ann?
Jean Pierre: Tá seo.
Betty Chití Mary: Go raibh míle maith agat. Seo duitse a náire, sin an sú gairleoige agus seo sicín Ghaoth Dobhair.
Jean Pierre: Speisialta!
Betty Chití Mary: Speisialta atá ann.
Aire Gaeltachta: Bhal, níl mórán ann, níl mórán ann.
Betty Chití Mary: Níl mórán ann, bhal, á, tá blas sa bheagan.
Jean Pierre: Sin do pholasaí.
Betty Chití Mary: Bhal sin do pholasaí, don Ghaeltacht.
Aire Gaeltachta: Ní thuigim, ach beidh sé agam, beidh sé agam i gceann tamaill.
Betty Chití Mary: Bain sult as ar scor ar bith.
Aire Gaeltachta: Agus, seo an sú, ach ta ciaróg ann.
Betty Chití Mary: Bhal, sure, aithníonn ciaróg ciaróg eile.
Short url: https://clilstore.eu/cs/3052