Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Comharthaí Bóthair Charn Tóchair (POOLS3-9)

Seo córas eile atá sa cheantar seo, go bhfuil na leaganacha Gaeilge, na leaganacha cearta de na logainmneacha ar fáil ar na comharthaí. Mar a chí tú anseo tá Bóthar Eireaball an tSionnaigh, is ionann eireaball nó ‘ruball’ agus ‘tail’ agus eireaball an tsionnaigh ‘the tail of the fox’, anois baineann sé seo leis an dóigh a dtiontaíonn an bóthar, de réir mar a théann tú suas ansin téann an bóthar thart agus tá an chuma ar an scéal gur ‘ruball’ nó eireaball sionnaigh atá i gceist, ní bhaineann sé le sionnach a bheith sa cheantar go forleathan. Tá na logainmneacha an-tábhachtach ar fad in Éirinn, mar go dtugann siad, is cineál eochair atá sna logainmneacha a osclaíonn doras na Gaeilge do chuid mhór daoine. Bheadh cuid mhór daoine sa cheantar seo an-eolach ar na logainmneacha ach gan Gaeilge a bheith acu, ach leis an fhírinne a dhéanamh agus iad eolach ar na logainmneacha tá Gaeilge acu. Achan uair a luann siad baile fearainn is i nGaeilge atá sé cé gur leagan truaillithe den Ghaeilge atá ann, so tá an-bhéim ar fad is dóigh liom a cur, mar a deirimse, ar athghabháil na logainmneacha sa cheantar.

Clilstore Aistriúchán

Short url:   https://clilstore.eu/cs/3042