Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Oifig an Phoist ag An Carn (POOLS3-8)

Niall: A Aoife, tá tusa ag obair anseo in Oifig an Phoist, an dtagann mórán daoine isteach anseo leis an ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, leis na seirbhísí a úsáid?

Aoife: Tagann cinnte, tagann daoine isteach chun airgead a fháil amach, chun stampaí a cheannach, ar son bearta a chur nó rud éigin mar sin, tá Gaeilge ag cuid mhór daoine a thagann isteach.

Niall: Agus tá a fhios agat, an mbíonn, an mbíonn... tá a fhios agat na seirbhísí mar shampla a bhíonn in oifig an phoist go ginearálta, tá a fhios agat seachadadh láithreach ar an lá dar gcionn nó an mbíonn achan seirbhís istigh anseo a bhíonn sna mór oifigí poist.

Aoife: Tá an chuid is mó againn, ach dá mbeifeá ag dul isteach sna móroifigí poist tá níos mó roghanna ann.

Niall: Cinnte, agus cad é faoi... an mbíonn sé, an mbíonn daoine istigh anseo achan lá nó an mbíonn laethanta áirithe ann a mbíonn sé druidte?

Aoife: Tá cúpla lá ann a ndruidimid, tá leathlae ann ar an, ar an Mháirt agus ní bhíonn sé oscailte ar an Chéadaoin ach tá na seirbhísí ar fáil.

Clilstore Aistriúchán

Short url:   https://clilstore.eu/cs/3041