This is a Clilstore unit. You can .
Niall: Tá cuma iontach, tá cuma iontach ar fad air seo, agus an bhfuil sé iontach costasach?
Joe: Ní shílim, measartha réasúnta creidim, go háirithe do ghrúpaí atá ag iarraidh teacht.
Niall: Agus bhí tú a rá ansin faoi chúrsaí ceoil, faoi na ceolchoirmeacha, an bhfuil barúil agaibh an bhfuil smaointe agaibh ar cé a bheas ag teacht, an bhfuil duine ar bith socraithe?
Joe: Bhal, tá muid réidh le cúpla, cúpla grúpa, le clár a chur le chéile, bhí muid ag caint le Boxty agus le Banjo Three agus iad siúd.
Niall: Alright, ok!
Joe: B’fhéidir Andy Irvine.
Niall: Andy Irvine, bhí seisean anseo..
Joe: Áidh, an bhliain seo chugainn, áidh cúpla bliain ó shin bhí sé iontach maith.
Niall: An t-aon rud faoi Andy Irvine tá sé ag iarraidh aosta.
Joe: Tá.
Niall: Tá sé insna seachtóidí, seachtó a trí, seachtó a ceathair faoin am seo.
Joe: Sílim go mbeidh daoine, beidh daoine sásta dul chuig na rudaí sin. Tuigeann siad go bhfuil na daoine seo...
Niall: Bheadh seisean maith, ach is maith an rud go bhfuil a leithéid ann, go bhfuil áis den chineál seo ann.
Joe: Sin é.
Niall: Mar gan é bíonn sé, bíonn an ceantar iontach ciúin, ní mian le daoine dul isteach sna bailte móra an t-am ar fad.
Joe: Sin an rud.
Gráinne: Sin é.
Joe: Agus is deas a fheiceáil nuair atá an áit thall lán le daoine agus ag preabadh.
Gráinne: Bhí Máirtín O Connor againn coicís nó trí seachtaine ó shin agus bhí an áit lán agus bhí sé sin maith a fheiceáil.
Short url: https://clilstore.eu/cs/3038